Ar Aghaidh (CUID 1 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil )

5 2005

/images/harp.jpg


Uimhir 5 de 2005


AN tACHT AIRGEADAIS 2005

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil 1

Léiriú

Alt

1. Léiriú (Cuid 1).

Caibidil 2

Cáin Ioncaim

2. Leasú ar alt 15 (ráta muirir) den Phríomh-Acht.

3. Creidmheasanna cánach pearsanta.

4. Díolúine aoise.

5. Leasú ar alt 126 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le sochair áirithe is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh) den Phríomh-Acht.

6. Leasú ar alt 473 (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Phríomh-Acht.

7. Leasú ar alt 116 (léiriú (Caibidil 3)) den Phríomh-Acht.

8. Leasú ar alt 118 (sochair chomhchineáil: foráil mhuirearúcháin ghinearálta) den Phríomh-Acht.

9. Iasachtaí tosaíochta.

10. Costais agus caiteachais i leith sócmhainní agus seirbhísí slándála pearsanta.

11. Íocaíochtaí cúraim altrama etc.

12. Fostaithe Stáit: liúntais seirbhíse coigríche.

13. Creidmheas i leith cánach arna hasbhaint ó dhíolaíochtaí stiúrthóirí áirithe.

14. Leasú ar alt 950 (léiriú (Cuid 41)) den Phríomh-Acht.

15. Leasú ar Chaibidil 1 (íocaíochtaí i leith seirbhísí gairmiúla ag daoine áirithe) de Chuid 18 den Phríomh-Acht agus ar Sceideal 13 a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

16. Leasú ar alt 128 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le stiúrthóirí cuideachtaí agus le fostaithe dá ndeonaítear cearta chun scaireanna nó sócmhainní eile a fháil) den Phríomh-Acht.

17. Srian le hasbhaintí i leith ranníocaí sochair fostaithe.

18. Leasú ar alt 130 (ábhair a ndéileálfar leo mar dháiltí) den Phríomh-Acht.

19. Faoisimh i leith cánach ioncaim a mhuirearaítear ar íocaíochtaí ar scor.

20. An ráta cánach is infheidhme maidir le hús taisce áirithe arna fháil ag pearsana aonair.

21. Sochair scoir.

Caibidil 3

ÍMAT: Cumarsáidí Leictreonacha agus Teileafóin

22. Leasú ar Chaibidil 6 (tuairisceáin ar ioncam, brabúis, etc., agus tuairisceáin eile ar Ioncam a tharchur go leictreonach) de Chuid 38 den Phríomh-Acht.

23. Éilimh leictreonacha.

24. Leasú ar fhorálacha a bhaineann le héilimh ó phearsana aonair.

25. Taifid a choinneáil agus a iniúchadh i ndáil le héilimh ó phearsana aonair.

26. Leasú ar alt 997 (forálacha forlíontacha (Caibidil 4)) den Phríomh-Acht.

Caibidil 4

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

27. Leasú ar alt 18 (leasú ar Chuid 16 (faoiseamh cánach ioncaim i leith infheistíochta i dtrádálacha corpraithe — an scéim um leathnú gnó agus an scéim síolchaipitil) den Phríomh-Acht) den Acht Airgeadais 2004.

28. Leasú ar alt 482 (faoiseamh i leith caiteachais ar fhoirgnimh shuntasacha agus ar ghairdíní suntasacha) den Phríomh-Acht.

29. Leasú ar Chaibidil 1 (léiriú agus ginearálta) de Chuid 23 (feirmeoireacht agus garraíodóireacht mhargaidh) den Phríomh-Acht.

30. Leasú ar alt 659 (feirmeoireacht: liúntais le haghaidh caiteachais chaipitiúil ar fhoirgniú foirgneamh feirme, etc., chun truailliú a rialú) den Phríomh-Acht.

31. Leasú ar alt 666 (asbhaint i leith méadaithe ar stocluachanna) den Phríomh-Acht.

32. Leasú ar alt 667A (forálacha breise i leith feirmeoirí cáilitheacha) den Phríomh-Acht.

33. Leasú ar alt 843 (liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críoch oideachais tríú leibhéal) den Phríomh-Acht.

34. Liúntais chaipitiúla le haghaidh cóiríochta cláraithe do thurasóirí.

35. Leasú ar alt 372AJ (gan feidhm a bheith ag faoiseamh i gcásanna áirithe agus foráil in aghaidh faoisimh dhúbailte) den Phríomh-Acht.

36. Leasú ar alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Phríomh-Acht.

37. Leasú ar alt 1013 (comhpháirtíochtaí teoranta) den Phríomh-Acht.

38. Leasú ar Sceideal 26A (síntiúis do chomhlachtaí ceadaithe, etc.) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

39. Leasú ar alt 817 (scéimeanna chun dliteanas cánach faoi Sceideal F a sheachaint) den Phríomh-Acht.

40. Cistí cúirte.

41. Sócmhainní cuideachtaí árachais saoil thar lear.

42. Leasú ar Chaibidil 5 (sealbhóirí polasaithe — bonn nua) de Chuid 26 den Phríomh-Acht.

43. Leasú ar alt 747E (leas i gcistí eischósta a dhiúscairt) den Phríomh-Acht.

44. Comhchistí conarthacha.

45. Mar a dhéileálfar le léasú.

46. Mar a dhéileálfar le díbhinní áirithe.

47. Cáin iarchoimeádta díbhinne.

Caibidil 5

Cáin Chorparáide

48. Caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leo.

49. Leasú ar alt 243 (muirir ar ioncam a lamháil) den Phríomh-Acht.

50. Leasú ar Chaibidil 6 (Treoir 2003/49/CE an 3 Meitheamh 2003 ón gComhairle maidir le comhchóras cánachais is infheidhme i gcás íocaíochtaí úis agus ríchíosa a dhéantar idir cuideachtaí comhlachaithe de chuid Ballstát éagsúil, a chur i ngníomh) de Chuid 8 den Phríomh-Acht.

51. Leasú ar Chaibidil 2 (Ilghnéitheach) de Chuid 35 den Phríomh-Acht.

52. Leasú ar alt 410 (grúp-íocaíochtaí) den Phríomh-Acht.

53. Leasú ar alt 448 (faoiseamh ó cháin chorparáide) den Phríomh-Acht.

54. Leasú ar alt 626B (díolúine ó cháin i gcás gnóchan ar dhiúscairtí áirithe scaireanna) den Phríomh-Acht.

55. Alt 686 (laghdú ar cháin chorparáide) den Phríomh-Acht do scor.

Caibidil 6

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

56. Leasú ar alt 980 (asbhaint ón gcomaoin i leith sócmhainní áirithe a dhiúscairt) den Phríomh-Acht.

57. Leasú ar Sceideal 15 (liosta comhlachtaí chun críocha alt 610) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

58. Leasú ar alt 608 (cistí aoisliúntais) den Phríomh-Acht.

CUID 2

Mál

Caibidil 1

Cáin Táirgí Alcóil

59. Leasú ar alt 134 (cumhacht chun feithiclí a stopadh) den Acht Airgeadais 2001.

60. Leasú ar alt 139 (cumhacht gabhála agus daoine a choinneáil) den Acht Airgeadais 2001.

61. Leasú ar alt 73 (léiriú) den Acht Airgeadais 2003.

62. Leasú ar alt 79 (cionta agus pionóis) den Acht Airgeadais 2003.

63. Leasú ar Chaibidil 1 de Chuid 2 (cáin táirgí alcóil) den Acht Airgeadais 2003.

Caibidil 2

Cáin Ola Mianra

64. Na rátaí cánach ola mianra.

65. Leasú ar alt 94 (léiriú) den Acht Airgeadais 1999.

66. Leasú ar alt 95 (cáin a mhuirearú) den Acht Airgeadais 1999.

67. Leasú ar alt 100 (faoisimh ó cháin ola mianra i gcás olaí mianra áirithe) den Acht Airgeadais 1999.

68. Leasú ar alt 103 (toimhdeana in imeachtaí áirithe) den Acht Airgeadais 1999.

69. Leasú ar Chaibidil 1 (cáin ola mianra) de Chuid 2 den Acht Airgeadais 1999.

70. Tosach feidhme.

Caibidil 3

Cáin Táirgí Tobac

71. Léiriú (Caibidil 3).

72. Muirearú agus rátaí.

73. Dliteanas agus íocaíocht.

74. Íocaíocht a chur siar.

75. Praghsanna miondíola táirgí tobac a fhionnadh.

76. Stampaí cánach a ghreamú.

77. Aisíocaíocht nó loghadh.

78. Cionta i ndáil le stampaí cánach.

79. Praghas miondíola (cion agus pionós).

80. Cuntas ar ábhair.

81. Aisghairm, cúlghairm agus cosaint.

82. Forálacha ginearálta agus struchtúr.

83. Rialacháin.

84. Leanúnachas.

85. Cúram agus bainistiú.

86. Tosach feidhme.

Caibidil 4

Mál Ilghnéitheach agus Custaim Ilghnéitheacha

87. Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac) 1977.

88. Leasú ar alt 96 (léiriú) den Acht Airgeadais 2001.

89. Leasú ar alt 97 (táirgí inmháil) den Acht Airgeadais 2001.

90. Leasú ar alt 103 (íocaíocht) den Acht Airgeadais 2001.

91. Leasú ar alt 109 (stórasú) den Acht Airgeadais 2001.

92. Leasú ar alt 110 (scóip (Caibidil 2)) den Acht Airgeadais 2001.

93. Leasú ar Chuid 2 (an dlí ginearálta maidir le mál) den Acht Airgeadais 2001.

94. Leasú ar alt 144 (cumhacht chun déileáil le hurghabháil, roimh dhaoradh agus dá éis) den Acht Airgeadais 2001.

95. Aisghairm ilghnéitheach máil.

96. Leasú ar alt 2 den Acht Custam agus Máil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1988.

97. Leasú ar alt 135C (loghadh nó aisíocaíocht i leith cánach cláraithe feithiclí ar fheithiclí hibrideacha áirithe) den Acht Airgeadais 1992.

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

98. Léiriú (Cuid 3).

99. Leasú ar alt 3 (earraí a sholáthar) den Phríomh-Acht.

100. Leasú ar alt 4 (forálacha speisialta maidir le hearraí do-chorraithe a sholáthar) den Phríomh-Acht.

101. Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht.

102. Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirir cáin) den Phríomh-Acht.

103. Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

104. Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

105. Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

106. Leasú ar alt 19 (cáin atá dlite agus iníoctha) den Phríomh-Acht.

107. Leasú ar alt 19A (ráiteas maidir le soláthairtí laistigh den Chomhphobal) den Phríomh-Acht.

108. Leasú ar alt 24 (cáin a ghnóthú) den Phríomh-Acht.

109. Leasú ar alt 26 (pionóis i gcoitinne) den Phríomh-Acht.

110. Leasú ar alt 27 (tuairisceáin chalaoiseacha, etc.) den Phríomh-Acht.

111. Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

112. Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

113. Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

CUID 4

Dleachtanna Stampa

114. Léiriú (Cuid 4).

115. Leasú ar alt 8 (déanfar fíorais agus imthosca a dhéanann difear do dhleacht a leagan amach in ionstraimí, etc.) den Phríomh-Acht.

116. Leasú ar alt 40 (dleacht ad valorem a ríomh ar stoc agus urrúis) den Phríomh-Acht.

117. Idirbhearta a chomhiomlánú.

118. Leasú ar alt 76 (oibleagáidí comhaltaí córais) den Phríomh-Acht.

119. Leasú ar alt 81 (feirmeoirí óga oilte) den Phríomh-Acht.

120. Leasú ar alt 81A (faoiseamh breise ó dhleacht stampa i leith aistrithe chuig feirmeoirí óga oilte) den Phríomh-Acht.

121. Faoiseamh comhdhlúthúcháin feirme.

122. Leasú ar alt 87 (iasachtaíocht stoic) den Phríomh-Acht.

123. Leasú ar alt 87A (stoc a athcheannach) den Phríomh-Acht.

124. Leasú ar alt 88 (stoic áirithe agus urrúis inmhargaidh) den Phríomh-Acht.

125. Leasú ar alt 90 (ionstraimí seirbhísí airgeadais áirithe) den Phríomh-Acht.

126. Leasú ar alt 92B (faoiseamh ceannaitheora céaduaire maoine cónaithe) den Phríomh-Acht.

127. Leasú ar alt 117 (dleacht stampa le muirearú ar ráiteas) den Phríomh-Acht.

128. Leasú ar Chuid 9 (tobhaigh) den Phríomh-Acht.

129. Leasú ar alt 159C (teorainneacha ama chun fiosrúcháin, etc. a dhéanamh agus le haghaidh measúnachtaí ag na Coimisinéirí) den Phríomh-Acht.

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

130. Léiriú (Cuid 5).

131. Leasú ar alt 48 (mionnscríbhinní agus cuntais) den Phríomh-Acht.

132. Leasú ar alt 58 (pionóis) den Phríomh-Acht.

133. Leasú ar alt 72 (faoiseamh i leith polasaithe árachais áirithe) den Phríomh-Acht.

134. Leasú ar alt 75 (gnóthais chomhinfheistíochta shonraithe a bheith díolmhaithe) den Phríomh-Acht.

135. Leasú ar alt 89 (forálacha a bhaineann le maoin talmhaíochta) den Phríomh-Acht.

136. Leasú ar alt 101 (faoiseamh a tharraingt siar) den Phríomh-Acht.

137. Leasú ar alt 107 (faoiseamh eile ó chánachas dúbailte) den Phríomh-Acht.

CUID 6

Ilghnéitheach

138. Leasú ar alt 903 (cumhacht chun iniúchadh a dhéanamh: ÍMAT) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

139. Leasú ar alt 904 (cumhacht chun iniúchadh a dhéanamh: asbhaint cánach ó íocaíochtaí le fochonraitheoirí áirithe) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

140. Leasú ar Chaibidil 4 (cumhachtaí ioncaim) de Chuid 38 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

141. Leasú ar Chaibidil 1 (pionóis i leith cánach ioncaim agus cánach corparáide) de Chuid 47 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

142. Leasú ar alt 1078 (cionta ioncaim) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

143. Leasú ar alt 1086 (ainmneacha mainnitheoirí cánach a fhoilsiú) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

144. Leasú ar Chaibidil 3A (Treoir 2003/48/CE an 3 Meitheamh 2003 ón gComhairle maidir le Cánachas ar Ioncam ó Choigiltis i bhfoirm Íocaíochtaí Úis agus maidir le Nithe Gaolmhara, a Chur i nGníomh) de Chuid 38 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

145. Ús ar cháin áirithe thar téarma.

146. Leasú ar alt 964 (imeachtaí ar feitheamh a choimeád ar marthain) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

147. Leasuithe teicniúla ilghnéitheacha i ndáil le cáin.

148. An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

149. Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

150. Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

SCEIDEAL 1

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Chreidmheasanna Cánach Pearsanta

SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Táirgí Tobac

SCEIDEAL 3

Aisghairm agus Cúlghairm a Bhaineann le Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac

SCEIDEAL 4

Aisghairm a Bhaineann le Dlí Máil

SCEIDEAL 5

Leasú ar Fhorálacha de Dhroim Alt 145

SCEIDEAL 6

Leasuithe Teicniúla Ilghnéitheacha i nDáil le Cáin


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Féimheachta 1988

1988, Uimh. 28

An tAcht Cumann Foirgníochta 1989

1989, Uimh. 17

An tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil 1976

1976, Uimh. 8

An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003

2003, Uimh. 1

Acht an Bhainc Ceannais 1971

1971, Uimh. 24

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956

1956, Uimh. 46

Acht na gCuideachtaí 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Chomhar Creidmheasa 1997

1997, Uimh. 15

An tAcht Custam agus Máil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1988

1988, Uimh. 10

An tAcht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath 1997

1997, Uimh. 7

An tAcht um Thráchtáil Leictreonach 2000

2000, Uimh. 27

Excise Management Act 1841

4 & 5 Vict., c. 20

Excise Permits Act 1832

2 Will. 4, c. 16

Finance Act 1898

61 & 62 Vict., c. 20

An tAcht Airgid 1924

1924, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais 1962

1962, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais 1971

1971, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais 1975

1975, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais 1978

1978, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais 1980

1980, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais 1983

1983, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais 1984

1984, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais 1985

1985, Uimh. 10

An tAcht Airgeadais 1992

1992, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais 1993

1993, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais 1994

1994, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais 1997

1997, Uimh. 22

An tAcht Airgeadais 1998

1998, Uimh. 3

An tAcht Airgeadais 1999

1999, Uimh. 2

An tAcht Airgeadais 2000

2000, Uimh. 3

An tAcht Airgeadais 2001

2001, Uimh. 7

An tAcht Airgeadais 2002

2002, Uimh. 5

An tAcht Airgeadais 2003

2003, Uimh. 3

An tAcht Airgeadais 2004

2004, Uimh. 8

An tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac) 1977

1977, Uimh. 32

Na hAchtanna Sláinte 1947 go 1996

Na hAchtanna Sláinte 1947 go 2004

An tAcht Cánach Ioncaim 1967

1967, Uimh. 6

An tAcht Árachais 1936

1936, Uimh. 45

An tAcht Deochanna Meisciúla 2003

2003, Uimh. 31

Judgment Mortgage (Ireland) Act 1850

13 & 14 Vict., c. 29

Judgment Mortgage (Ireland) Act 1858

21 & 22 Vict., c. 105

Acht na bPinsean 1990

1990, Uimh. 25

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000

2000, Uimh. 30

Na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist 1861 go 1958

Achtanna Clárú na gClubanna 1904 go 2004

Revenue Act 1898

61 & 62 Vict., c. 46

An tAcht um Iompar ar Bhóithre 1932

1932, Uimh. 2

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1993

1993, Uimh. 27

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2002

2002, Uimh. 8

An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999

1999, Uimh. 31

An tAcht Comharbais 1965

1965, Uimh. 27

Succession Duty Act 1853

16 & 17 Vict., c. 51

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

Na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939 go 2003

An tAcht Iompair 1950

1950, Uimh. 12

An tAcht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001

2001, Uimh. 55

Na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais 1989 agus 2001

An tAcht Cánach Breisluacha 1972

1972, Uimh. 22

An tAcht Cánach Breisluacha (Leasú) 1978

1978, Uimh. 34

Na hAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2004

An tAcht Cánach Rachmais 1975

1975, Uimh. 25

/images/harp.jpg


Uimhir 5 de 2005


AN tACHT AIRGEADAIS 2005

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FORCHUR, AISGHAIRM, LOGHADH, ATHRÚ AGUS RIALÁIL CÁNACHAIS, DLEACHTANNA STAMPA AGUS DLEACHTANNA A BHAINEANN LE MÁL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ EILE THAIRIS SIN I dTAOBH AIRGEADAIS LENA nÁIRÍTEAR RIALÁIL CUSTAM.

[25 Márta, 2005]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: