6 2005

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 2005


AN tACHT UM CHOMHAONTÚ NA BREATAINE-NA hÉIREANN (LEASÚ) 2005

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 Mínithe.

2 Leasú ar an bPríomh-Acht.

3 Cosaint.

4 Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999

1999, Uimh. 1

Na hAchtanna um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 agus 2002

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna)(Uimh. 2) 1978

1978, Uimh. 16

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) 1967

1967, Uimh. 3

Reacht na dTréimhsí 1957

1957, Uimh. 6

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 2005


AN tACHT UM CHOMHAONTÚ NA BREATAINE-NA hÉIREANN (LEASÚ) 2005

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOMHAONTÚ NA BREATAINE-NA hÉIREANN 1999 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[6 Bealtaine, 2005]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. — San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) 1967;

ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.

Leasú ar an bPríomh-Acht.

2. — Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 53:

“Feidhm alt 13 de Reacht na dTréimhsí 1957.

53.— Measfar Comhlacht a bheith ina údarás Stáit chun críocha alt 13 de Reacht na dTréimhsí 1957.”,

agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“Feo simplí a fháil ó Chomhlacht.

53A.— (1) Ní chuirfidh Acht 1978 ceangal ar Chomhlacht.

(2) Maidir le duine a bheadh, murach fo-alt (1), i dteideal feo simplí tí cónaithe a fháil faoi Acht 1978 ó Chomhlacht, beidh sé nó sí, d'ainneoin an fho-ailt sin, i dteideal an feo simplí sin a fháil ach amháin i gcás inar deimhin leis an gComhlacht lena mbaineann nach mbeadh an fháil sin chun leas an phobail agus ina ndeimhníonn sé gur deimhin leis amhlaidh.

(3) San alt seo, ciallaíonn ‘Acht 1978’ an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2) 1978.”.

Cosaint.

3. — Ní bheidh feidhm ag an leasú ar an bPríomh-Acht a dhéantar le halt 2(b) den Acht seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) iarratas, arna dhéanamh roimh an Acht seo a rith, chuig Cláraitheoir na dTeideal faoi Chuid III den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2) 1978,

(b) fógra, arna sheirbheáil roimh an Acht seo a rith, á rá go bhfuiltear chun feo simplí a fháil faoi alt 4 d'Acht 1967,

(c) iarratas chuig cláraitheoir contae faoi alt 17 d'Acht 1967, nó eadráin faoin Acht sin, ar iarratas é nó ar eadráin í a bhaineann le fógra a bhfuil feidhm ag mír (b) den alt seo maidir leis,

(d) eadráin faoin gCuid sin III a bhaineann le hiarratas a bhfuil feidhm ag mír (a) den alt seo maidir leis,

(e) achomharc chuig an gCúirt Chuarda in aghaidh cinnidh de chuid cláraitheora contae faoi Acht 1967, ar achomharc é a bhaineann le fógra a bhfuil feidhm ag mír (b) den alt seo maidir leis, nó

(f) achomharc chuig an gCúirt Chuarda in aghaidh cinnidh de chuid Chláraitheoir na dTeideal faoin gCuid sin III, ar achomharc é a bhaineann le hiarratas a bhfuil feidhm ag mír (a) den alt seo maidir leis.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. — (1) Féadfar an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú) 2005 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 go 2005 a ghairm de na hAchtanna um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 agus 2002 agus den Acht seo le chéile.