Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL )

16 2005

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 2005


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) 2005

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Léiriú.

2 . Líon comhaltaí Dháil Éireann.

3 . Dáilcheantair.

4 . An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

5 . Aisghairm.

6 . Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin 1997.

7 . Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin 1997

1997, Uimh. 25

Na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2004

An tAcht Toghcháin (Leasú) 2001

2001, Uimh. 38

An tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2) 1998

1998, Uimh. 19

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 2005


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) 2005

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN AGUS CHUN DÁILCHEANTAIR A ATHMHEAS, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN AGUS DO LEASÚ AN ACHTA TOGHCHÁIN 1997.

[9 Iúil, 2005]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1 .— (1) San Acht seo ciallaíonn “ Aire” an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

(2) Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) déanfar tagairt do shean-tuathcheantar a fhorléiriú mar thagairt don cheantar sin mar a bhí sé comhdhéanta díreach roimh an 1 Deireadh Fómhair 1925, agus

(b) déanfar tagairt do líne arna tarraingt ar feadh aon mhótarbhealaigh, bóthair, iarnróid nó sráide a fhorléiriú mar thagairt do líne arna tarraingt ar feadh lár an mhótarbhealaigh, an bhóthair, an iarnróid nó na sráide sin.

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2 .— Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, is 166 chomhalta an líon comhaltaí a bheidh i nDáil Éireann.

Dáilcheantair.

3 .— (1) Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar gurb é an limistéar sin é mar a bhí an 28 Márta 2005, ach má éiríonn aon amhras i dtaobh cad é an dáilcheantar ina bhfuil aon toghroinn nó aon chuid de thoghroinn, nó aon bhaile fearainn nó aon chuid de bhaile fearainn, cinnfidh an tAire an t-amhras, ach sin faoi réir alt 1(2)(b) den Acht seo.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

4 .— Toghfar do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sin sa tríú colún den Sceideal sin.

Aisghairm.

5 .— (1) Aisghairtear an tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2) 1998.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh díreach ar an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin 1997.

6 .— Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin 1997 (a cuireadh isteach le halt 50(v) den Acht Toghcháin (Leasú) 2001) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír 2:

“(a) le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i), (iii), (iv) agus (v) d’alt 22(2)(b) nó, i gcás toghcháin uachtaráin, i bhfomhíreanna (i), (iii), (iv) agus (v) d’alt 46(2)(b),”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

7 .— (1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú) 2005 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2005 a ghairm de na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2004 agus den Acht seo le chéile agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.