An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 4 Cáin Chorparáide ) Ar Aghaidh (CUID 2 Mál )

6 2006

TODO

Caibidil 5

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar alt 598 (gnó nó feirm a dhiúscairt ar “scor”) den Phríomh-Acht.

70 .— (1) Leasaítear alt 598 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) i mír (a)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “sócmhainn inmhuirearaithe gnó”:

“tá le ‘deimhniú’ an bhrí chéanna atá leis chun críocha Rialachán 8(8)(c)(ii) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuóta Bainne) 2000 (I.R. Uimh. 94 de 2000) arna leasú nó arna leathnú ó am go ham;”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cuideachta shealbhaíochta”:

“tá le ‘comhpháirtíocht táirgthe bainne’ an bhrí a shanntar dó le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuóta Bainne) 2000 (I.R. Uimh. 94 de 2000) arna leasú nó arna leathnú ó am go ham;

tá le ‘teideal chun íocaíochta’ an bhrí chéanna atá leis chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 an 29 Meán Fómhair 2003 ón gComhairle 7 ;”,

agus

(iii) sa mhíniú ar “sócmhainní cáilitheacha” tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iia) teidil chun íocaíochta, i gcás ina ndéanfar na teidil chun íocaíochta agus talamh a dhiúscairt an tráth céanna agus leis an duine céanna a mhéid a bheadh an talamh mar thaca le héileamh ar íocaíocht i leith na dteideal sin chun íocaíochta,”,

agus

(b) i mír (d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iia):

“(iib) tréimhse úsáide talún ag pearsa aonair mar chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht táirgthe bainne amhail is dá mba thréimhse úsáide í freisin ag céile na pearsan aonair más rud é, maidir leis an gcéile—

(I) gur comhúinéir ar an talamh é nó í,

(II) gur úsáid sé nó sí an talamh ar feadh tréimhse dar críoch an dáta a thosaigh an chomhpháirtíocht táirgthe bainne, agus

(III) gur eisigh an tAire Talmhaíochta agus Bia deimhniú chuige nó chuici,”.

(2) Measfar go raibh feidhm ag fo-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2005.

Leasú ar alt 599 (gnó nó feirm a dhiúscairt laistigh de theaghlach) den Phríomh-Acht.

71 .— (1) Leasaítear alt 599 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) San alt seo folaíonn ‘leanbh’, i ndáil le diúscairt an-éilítear faoiseamh ina leith faoin alt seo—

(i) nia nó neacht a d’oibrigh go substainteach go lánaimseartha, ar feadh na tréimhse 5 bliana dar chríoch an diúscairt, ag seoladh, nó ag cabhrú le seoladh, na trádála, an ghnó nó na gairme lena mbaineann nó obair na hoifige nó na fostaíochta lena mbaineann nó na hoibre a ghabhann leis an oifig nó leis an bhfostaíocht lena mbaineann, agus

(ii) pearsa aonair (dá ngairtear ‘an phearsa aonair chéadluaite’ sa mhír seo) a chónaigh leis an bpearsa aonair a bheidh ag déanamh na diúscartha, a bhí faoina chúram nó faoina cúram agus a bhí á chothabháil nó á cothabháil ar a chostas nó a costas—

(I) i gcaitheamh tréimhse 5 bliana, nó

(II) i gcaitheamh tréimhsí arbh ionann iad le chéile agus 5 bliana ar a laghad,

sular shlánaigh an phearsa aonair chéadluaite 18 mbliana d’aois ach sin sa chás amháin nach mbeidh an t-éileamh sin bunaithe ar fhianaise neamh-chomhthacaithe aon fhinné amháin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh dáta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 603A (láithreán a dhiúscairt chuig leanbh) den Phríomh-Acht.

72 .— (1) Leasaítear alt 603A den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) San alt seo folaíonn ‘leanbh tuismitheora’, i ndáil le diúscairt a n-éilítear faoiseamh ina leith faoin alt seo, pearsa aonair a chónaigh leis an duine a bhí ag déanamh na diúscartha, a bhí faoina chúram nó faoina cúram agus a bhí á chothabháil nó á cothabháil ar a chostas nó ar a costas—

(a) i gcaitheamh tréimhse 5 bliana, nó

(b) i gcaitheamh tréimhsí arbh ionann iad le chéile agus 5 bliana ar a laghad,

sular shlánaigh an phearsa aonair chéadluaite 18 mbliana d’aois ach sin sa chás amháin nach mbeidh an t-éileamh sin bunaithe ar fhianaise neamh-chomhthacaithe aon fhinné amháin, agus déanfar diúscairt ag tuismitheoir chuig leanbh tuismitheora a fhorléiriú dá réir sin.

(1A) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairt talún ar a mbeidh margadhluach nach mó ná €254,000 dáta na diúscartha.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí a dhéanfar dáta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 606 (saothar ealaíne, etc., a tugadh ar iasacht lena thaispeáint go poiblí, a dhiúscairt) den Phríomh-Acht.

73 .— (1) Leasaítear alt 606 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) i mír (a) trí “a thugtar ar iasacht é don Iontaobhas (de réir bhrí alt 1003A) nó do dhánlann nó do mhúsaem” a chur in ionad “a thugtar ar iasacht é do dhánlann nó do mhúsaem”, agus

(b) i mír (b) trí “nach giorra ná 10 mbliana” a chur in ionad “nach giorra ná 6 bliana”.

(2) Tá feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) maidir le hiasacht arna déanamh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar Sceideal 15 (liosta comhlachtaí chun críocha alt 610) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

74 .— (1) Leasaítear Sceideal 15 den Phríomh-Acht i gCuid 1—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 3:

“3. Ceardchumann cláraithe a mhéid a rinneadh nó a dhéanfar fáltais na diúscartha is bun leis an ngnóchan a chur chun feidhme chun críocha a ghníomhaíochtaí ceardchumainn chláraithe agus chucu sin amháin.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna 37 agus 38:

“37. Comhlacht ceadaithe (de réir bhrí alt 235(1)) a mhéid a rinneadh nó a dhéanfar fáltais na diúscartha is bun leis an ngnóchan a chur chun feidhme chun cluichí nó spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn agus chuige sin amháin.

38. Aon chomhlacht a bunaíodh le reacht agus arb é an príomhchuspóir atá lena bhunú cluichí nó spóirt a chur chun cinn agus aon chomhlacht a bheidh ar lánúinéireacht ag comhlacht den sórt sin, a mhéid a rinneadh nó a dhéanfar fáltais na diúscartha is bun leis an ngnóchan a chur chun feidhme chun na críche sin.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 38:

“39. An tSeirbhís Chúirteanna.

40. Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar Chaibidil 2 (cáin ghnóchan caipitiúil) de Chuid 44 den Phríomh-Acht.

75 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 2 de Chuid 44—

(a) in alt 1028 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (5) i gcás nach bhféadfaí cáin a ghearradh sa Stát ar an gcéile a fuair an tsócmhainn don bhliain mheasúnachta ina bhfuarthas í, i leith gnóchain ar dhiúscairt na sócmhainne sin dá éis sin sa bhliain sin ag an gcéile sin, dá mba rud é go raibh diúscairt den sórt sin déanta ag an gcéile sin agus gur fhabhraigh gnóchan as an diúscairt.”,

(b) in alt 1030 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i gcás nach bhféadfaí cáin a ghearradh sa Stát ar an gcéile a fuair an tsócmhainn don bhliain mheasúnachta ina bhfuarthas í, i leith gnóchain ar dhiúscairt na sócmhainne sin dá éis sin sa bhliain sin ag an gcéile sin, dá mba rud é go raibh diúscairt den sórt sin déanta ag an gcéile sin agus gur fhabhraigh gnóchan as an diúscairt.”,

agus

(c) i bhfo-alt 1031 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i gcás nach bhféadfaí cáin a ghearradh sa Stát ar an gcéile a fuair an tsócmhainn don bhliain mheasúnachta ina bhfuarthas í, i leith gnóchain ar dhiúscairt na sócmhainne sin dá éis sin sa bhliain sin ag an gcéile sin, dá mba rud é go raibh diúscairt den sórt sin déanta ag an gcéile sin agus gur fhabhraigh gnóchan as an diúscairt.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairt sócmhainne arna déanamh ag céile chuig an gcéile eile nó chuig an iarchéile lena mbaineann (de réir mar a bheidh) an 7 Nollaig 2005 nó dá éis.

Leasú ar alt 588 (cuideachtaí árachais a dhí-fhrithpháirtiú) den Phríomh-Acht.

76 .— Leasaítear alt 588 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Más rud é, i dtaca leis na socruithe, go dtugtar do chomhalta de chuideachta árachais ceart chun scaireanna a fháil i gcuideachta chomharbais, nó ceart chun dáilte sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) de chuid na cuideachta árachais, déanfaidh an chuideachta árachais, laistigh de 30 lá ón dáta a dhéanfar na socruithe nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim ar iarraidh a fháil chuige sin, tuairisceán a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim i cibé formáid leictreonach a éileoidh siad, ina sonrófar, maidir le gach comhalta den sórt sin—

(a) ainm an chomhalta,

(b) seoladh an chomhalta,

(c) líon na scaireanna sa chuideachta chomharbais a bhfuil ceart ag an gcomhalta iad a fháil,

(d) méid na comaoine nua is gá don chomhalta a thabhairt chun na scaireanna sin a fháil,

(e) luach aon sócmhainní de chuid na cuideachta árachais a bhfuil ceart ag an gcomhalta chucu, agus

(f) cibé faisnéis eile a gcuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don chuideachta árachais í a bheith ag teastáil uathu.”.

Leasú ar Sceideal 16 (cumainn fhoirgníochta: athrú stádais) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

77 .— Leasaítear Sceideal 16 a ghabhann leis an bPríomh-Acht i mír 4, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (6):

“(7) (a) San alt seo ciallaíonn ‘Uimhir PSP’, i ndáil le pearsa aonair, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí na pearsan aonair de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005.

(b) Más rud é, i dtaca leis an gcomhshó, go dtugtar do chomhalta den chumann ceart chun scaireanna a fháil i gcuideachta chomharbais, nó ceart chun dáilte sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) de chuid an chumainn, déanfaidh an cumann, laistigh de 30 lá ón dáta a chlárófar an cumann mar chuideachta nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim ar iarraidh a fháil chuige sin, tuairisceán a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim, i cibé formáid leictreonach a éileoidh siad, ina sonrófar, i leith gach comhalta den sórt sin—

(i) ainm an chomhalta,

(ii) seoladh an chomhalta,

(iii) faoi réir chlásal (e), an fhaisnéis dá dtagraítear i gclásal (c),

(iv) an líon scaireanna sa chuideachta chomharbais a bhfuil ceart ag an gcomhalta iad a fháil,

(v) méid na comaoine nua is gá don chomhalta a thabhairt chun na scaireanna sin a fháil,

(vi) luach aon sócmhainní de chuid an chumainn a bhfuil ceart ag an gcomhalta chucu, agus

(vii) cibé faisnéis eile a gcuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don chumann í a bheith ag teastáil uathu.

(c) Aon chumann a bheartóidh comhshó a dhéanamh go cuideachta, déanfaidh sé, i cibé slí a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim, a iarraidh ar gach comhalta is pearsa aonair go dtabharfaidh sé nó sí don chumann—

(i) a uimhir PSP nó a huimhir PSP, nó

(ii) i gcás nach mbeidh uimhir PSP aige nó aici, daingniú sa chéill sin,

ar dháta sonraithe nó roimhe, ar dáta é roimh an tráth a chomhshófaidh an cumann go cuideachta.

(d) Aon phearsa aonair lena mbaineann clásal (c), comhlíonfaidh sé nó sí an iarraidh ar shlí a chumasóidh don chumann an fhaisnéis sin a bheith aige ar an dáta sonraithe nó roimhe.

(e) Más rud é, le linn don chumann tuairisceán a thabhairt chun críocha chlásal (b), nach bhfuil ar chumas an chumainn mar chomhlacht an fhaisnéis a éilítear faoi chlásal (b)(iii) a sholáthar i ndáil le pearsa aonair de bhrí gur mhainnigh sé nó sí an fhaisnéis a thabhairt de réir chlásal (c), ansin, mura bhféadfaidh an chuideachta an fhaisnéis a sholáthar go cuí ar shlí eile, déarfaidh sí nach féidir léi an fhaisnéis a éilítear amhlaidh a sholáthar.”.

7 OJ Uimh. L270 an 21.10.2003, lch. 1.