An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 3 Cáin Bhreisluacha ) Ar Aghaidh (CUID 5 Cáin Fháltas Caipitiúil )

6 2006

TODO

CUID 4

Dleachtanna Stampa

Léiriú (Cuid 4).

102 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999.

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

103 .— (1) Leasaítear alt 1 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an léirithe a thugtar do “bille malairte”:

“folaíonn ‘leanbh’, i ndáil le héileamh ar fhaoiseamh ó dhleacht a dhéanfar faoin Acht seo, duine, is aistrí nó léasaí, a bhí, roimh dháta forghníomhaithe na hionstraime a n-éileofar faoiseamh ó dhleacht ina leith, ina chónaí nó ina cónaí leis an aistreoir nó leis an léasóir, a bhí faoina chúram nó faoina cúram agus a bhí á chothabháil nó á cothabháil ar a chostas nó ar a costas—

(a) i gcaitheamh tréimhse 5 bliana, nó

(b) i gcaitheamh tréimhsí arbh ionann iad le chéile agus 5 bliana ar a laghad,

sula slánóidh an duine sin 18 mbliana d’aois, ach sin sa chás amháin nach mbeidh an t-éileamh sin bunaithe ar fhianaise neamh-chomhthacaithe aon fhinné amháin;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an léirithe a thugtar do “ionstraim”:

“folaíonn ‘ dírshliochtach ’, i ndáil le tíolacas nó aistriú (cibé acu ar dhíol nó ar dhiúscairt shaorálach inter vivos), duine atá, mar aistrí, ina leanbh de chuid an aistreora;”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Cuideachtaí árachais a dhí-fhrithpháirtiú.

104 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 80:

“80A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘cuideachta fála’ cuideachta theoranta atá corpraithe sa Stát, i mBallstát eile nó i Stát LEE;

tá le ‘gnó árachais’ an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht Árachais 1936;

ciallaíonn “cuideachta árachais”—

(a) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, nó

(b) duine a shealbhaíonn údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil) 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);

ciallaíonn ‘dí-fhrithpháirtiú’ socrú idir cuideachta árachais, is cuideachta árachais a sheolann gnó saoil fhrithpháirtigh, agus a comhaltaí—

(a) faoina n-aistrítear an gnó árachais nó cuid den ghnó a sheolann an chuideachta árachais chuig cuideachta fála, agus

(b) faoina n-eisítear nó, de réir mar a bheidh, faoina ndeonófar do na comhaltaí scaireanna nó an ceart chun scaireanna sa chuideachta eisiúna;

ciallaíonn ‘Comhaontú LEE’ Comhaontú an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine 1992, arna choigeartú leis an bPrótacal a síníodh sa Bhruiséil an 17 Márta 1993;

ciallaíonn ‘Stát LEE’ stát is páirtí conarthach sa Chomhaontú LEE;

folaíonn ‘fostaí’, i ndáil le cuideachta, aon oifigeach nó stiúrthóir de chuid na cuideachta agus aon duine eile a ghlacann páirt i mbainistiú ghnóthaí na cuideachta;

ciallaíonn ‘cuideachta eisiúna’, i ndáil le dí-fhrithpháirtiú, cuideachta fála nó máthairchuideachta i ndáil le cuideachta fála, lena n-áirítear cuideachta a thagann chun bheith ina máthairchuideachta i ndáil le cuideachta fála mar chuid den dí-fhrithpháirtiú;

folaíonn ‘comhalta’, i ndáil le tagairt do chomhalta de chuideachta árachais, nó do dhuine atá i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chuideachta árachais, tagairt do chomhalta d’aon aicme nó tuairisc áirithe;

ciallaíonn ‘máthairchuideachta’, i ndáil le cuideachta fála, cuideachta theoranta atá corpraithe sa Stát, i mBallstát eile nó i Stát LEE, ar léi go díreach nó go neamhdhíreach 100 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta fála;

ciallaíonn ‘pinsinéir’, i ndáil le cuideachta, duine a bhfuil teideal aige nó aici, cibé acu anois nó sa todhchaí, chun pinsin, cnapshuime, aisce nó sochair eile dá shamhail nó dá samhail is inchurtha i leith seirbhíse aon duine mar fhostaí den chuideachta;

folaíonn ‘scaireanna’ stoc.

(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim arna déanamh chun críocha dí-fhrithpháirtiú nó i dtaca le dí-fhrithpháirtiú i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (3).

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—

(a) nach mór scaireanna sa chuideachta eisiúna a thairiscint do 90 faoin gcéad ar a laghad de na daoine atá ina gcomhaltaí den chuideachta árachais díreach roimh an dí-fhrithpháirtiú, agus

(b) nach mór na scaireanna uile sa chuideachta eisiúna a bheidh ar eisiúint díreach tar éis an dí-fhrithpháirtithe, seachas scaireanna a bheidh le heisiúint nó a bheidh eisithe de bhun tairisceana don phobal, a thairiscint do dhaoine atá, tráth na tairisceana—

(i) ina gcomhaltaí den chuideachta árachais,

(ii) ina ndaoine atá i dteideal teacht chun bheith ina gcomhaltaí den chuideachta árachais, nó

(iii) ina bhfostaithe, ina n-iarfhostaithe nó ina bpinsinéirí de chuid na cuideachta árachais nó de chuideachta is fochuideachta ar lánúinéireacht ag an gcuideachta árachais.

(4) Chun críocha fho-alt (3)(b)(iii), is fochuideachta ar lánúinéireacht ag cuideachta eile (dá ngairtear ‘an mháthair’ san fho-alt seo) cuideachta más rud é nach mbeidh aon chomhaltaí aici seachas an mháthair agus na fochuideachtaí atá ar lánúinéireacht ag an máthair, nó daoine ag gníomhú thar ceann na máthar nó a fochuideachtaí ar lánúinéireacht.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hionstraim mura rud é go ndearnadh, de réir alt 20, í a stampáil le stampa áirithe á chur in iúl nach bhfuil aon dleacht inmhuirearaithe uirthi.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo mura rud é go ndéanfar an dí-fhrithpháirtiú ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nach cuid é de scéim nó de shocrú arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá léi nó leis, dliteanas i leith dleachta stampa, cánach ioncaim, cánach corparáide, cánach gnóchan caipitiúil nó cánach fáltas caipitiúil a sheachaint.

(7) (a) I gcás ina ndéanfar éileamh ar dhíolúine faoin alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal go seachadfar orthu ráiteas i cibé foirm a ordóidh siad, arna dhéanamh ag an duine a éilíonn an díolúine nó thar a cheann nó thar a ceann, mar thacaíocht leis an éileamh sin agus cibé fianaise bhreise (más ann) a éileoidh siad.

(b) Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí le mír (a), is cumhachtaí iad i dteannta, agus ní cumhachtaí iad in ionad, na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 20.

(8) Más rud é, maidir le haon éileamh ar dhíolúine ó dhleacht faoin alt seo a ceadaíodh, go bhfaighfear amach dá éis sin go raibh aon ráiteas nó fianaise eile a tugadh mar thacaíocht leis an éileamh neamhfhírinneach in aon phonc ábhartha, nó nár comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (3) sa fhrithpháirtiú mar a rinneadh é iarbhír, ansin scoirfidh an díolúine d’fheidhm a bheith aici agus beidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar an ionstraim amhail is nár achtaíodh fo-alt (2) mar aon le hús ar an dleacht, ar mhodh pionóis, arna ríomh de réir alt 159D, ó dháta na hionstraime go dtí an dáta a íocfar an dleacht.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 81A (faoiseamh breise ó dhleacht stampa i leith aistrithe go feirmeoirí óga oilte) den Phríomh-Acht.

105 .— (1) Leasaítear alt 81A den Phríomh-Acht i bhfo-alt (14) trí “31 Nollaig 2008” a chur in ionad “31 Nollaig 2005”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar an 1 Eanáir 2006 nó dá éis.

Comhlachtaí ceadaithe.

106 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 82:

“82A.— (1) San alt seo, tá le ‘comhlacht ceadaithe’, ‘urrúis ainmnithe’ agus ‘deonachán iomchuí’, faoi seach, na bríonna a shanntar dóibh in alt 848A (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2006) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim lena n-aistrítear urrúis chuig comhlacht ceadaithe ar urrúis iad atá ina ndeonachán iomchuí nó ina gcuid de dheonachán iomchuí.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le hionstraim mura rud é go mbeidh an ionstraim stampáilte, de réir alt 20, le stampa áirithe á thaispeáint nach bhfuil dleacht stampa inmhuirearaithe uirthi.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhaítear dáta rite an Achta seo nó dá éis.

Cistí áirithe a athchóiriú nó a chónascadh.

107 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 88A—

Cistí: atheagrú

88B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘ciste intíre’ gnóthas infheistíochta de réir bhrí alt 739B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 seachas gnóthas infheistíochta dá dtagraítear in alt 739I(1)(a)(ii) den Acht sin;

ciallaíonn ‘ciste coigríche’ socrú a mbeidh éifeacht leis de bhua dlí críche lasmuigh den Stát, ar socrú é a dhéantar d’aon toisc nó go formhór chun saoráidí a sholáthar, nó arb é is éifeacht dó d’aon toisc nó go formhór saoráidí a sholáthar, le go mbeadh an pobal nó infheisteoirí eile páirteach, mar thairbhithe, i mbrabúis nó in ioncam a thig as urrúis nó aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú, a bhainistiú nó a dhiúscairt;

folaíonn “aonaid” i ndáil le ciste intíre nó, de réir mar a bheidh, ciste coigríche, scaireanna agus aon ionstraimí eile lena ndeonaítear teideal chun scaireanna in infheistíochtaí nó in ioncam ciste intíre nó, de réir mar a bheidh, ciste coigríche, nó chun dáileadh a fháil uaidh.

(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim a dhéanfar chun críocha aon socrú, nó i dtaca le haon socrú, idir ciste coigríche agus ciste intíre, ar socrú é a rinneadh chun críocha scéime athchóiriúcháin nó cónasctha, nó i dtaca leis, faoina n-aistreoidh an ciste coigríche sócmhainní chuig an gciste intíre agus faoina n-eiseoidh an ciste intíre aonaid chuig na daoine a mbeidh aonaid ar seilbh acu sa chiste coigríche i leith agus de réir (nó, a mhéid is féidir, de réir) a sealbhán aonad sa chiste coigríche.

Comhchistí conarthacha áirithe a athchóiriú nó a chónascadh.

88C.— Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim a dhéanfar chun críocha scéime, nó i dtaca le scéim, chun comhchiste conarthach a athchóiriú nó a chónascadh, is scéim lena mbaineann fo-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) d’alt 739H den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

An tSeirbhís Chúirteanna.

108 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 99:

“99A.— Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim faoina bhfaigheann an tSeirbhís Chúirteanna aon talamh, éasúint, cead slí, ceart uisce nó aon cheart thar an talamh nó thar an uisce nó ina leith.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Teideal chun íocaíochta aonair feirme.

109 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 101—

“101A.— (1) San alt seo tá le ‘teideal chun íocaíochta’ an bhrí chéanna atá leis chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 an 29 Meán Fómhair 2003 ón gComhairle 22 .

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe faoi réim nó faoi threoir aon cheannteidil i Sceideal 1 ar ionstraim chun teideal chun íocaíochta a dhíol, a aistriú nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(3) I gcás ina mbeidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar ionstraim faoi réim nó faoi threoir aon cheannteidil i Sceideal 1 agus gurb éard atá i gcuid den mhaoin lena mbaineann teideal chun íocaíochta—

(a) déanfar an chomaoin, a mbeadh dleacht stampa inmhuirearaithe ina leith thairis sin, a chionroinnt de réir cibé bonn a bheidh cóir agus réasúnach, amhail idir an chuid den mhaoin ar teideal chun íocaíochta í agus an chuid nach teideal chun íocaíochta í, agus

(b) ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar an ionstraim ach amháin i leith na comaoine is inchurtha síos don chuid sin den mhaoin nach teideal chun íocaíochta í.

(4) Déanfar neamhshuim de mhéid nó de luach na comaoine is inchurtha síos do theideal chun íocaíochta chun críocha an ráitis dá bhforáiltear i míreanna 7 go 14A den cheannteideal ‘TÍOLACAS nó AISTRIÚ ar dhíol aon mhaoine seachas stoic nó urrúis inmhargaidh nó polasaí árachais nó polasaí árachais saoil’ agus déanfar aon ráiteas dá dtagraítear sna míreanna sin a fhorléiriú dá réir sin.

(5) I gcás inar teideal chun íocaíochta cuid den mhaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d’alt 45, beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin amhail is dá ndéanfaí na focail ‘ar cibé modh is cóir agus is réasúnach’ a chur in ionad ‘ar cibé modh, is cuí leis na páirtithe’.

(6) I gcás inar teideal chun íocaíochta cuid den mhaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (3) d’alt 45 agus maidir leis an mbeirt daoine iomchuí nó, de réir mar a bheidh, leis na daoine iomchuí go léir go bhfuil siad bainteach le chéile, beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin amhail is dá ndéanfaí na focail ‘, cionroinnfear an chomaoin ar cibé modh is cóir agus is réasúnach, ionas go ndéanfar comaoin ar leith le haghaidh gach coda nó dáileachta ar leithligh a leagan amach sa tíolacas a bhaineann leis an gcuid nó leis an dáileacht ar leithligh sin, agus muirearófar dleacht ad valorem ar an tíolacas sin i leith na comaoine ar leith sin.’ a chur in ionad ‘ar chodanna ar leith den chomaoin, ansin muirearófar dleacht ad valorem ar thíolacas gach coda nó dáileachta ar leithligh i leith na coda ar leith sin den chomaoin a bheidh sonraithe sa tíolacas.’ .

(7) Chun críocha fho-alt (6), is duine iomchuí duine más duine an duine sin a chonraíonn, nó dá gconraítear, an mhaoin a cheannach agus déanfar an cheist faoi dhaoine a bheith bainteach le chéile a fhorléiriú de réir alt 10 den Acht Comhdhlúite Cánach 1997 agus amhail is dá gcuirfí tagairt don Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 in ionad na tagartha do na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil sa mhíniú ar ‘gaol’ san alt sin.

(8) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (5) nó (6), agus go ndéantar an chomaoin a chionroinnt ar mhodh nach cóir agus réasúnach, beidh dleacht ad valorem inmhuirearaithe ar an tíolacas a bhaineann leis an gcuid nó leis an dáileacht maoine ar leithligh amhail is dá gcuirfí luach na coda nó na dáileachta maoine ar leithligh sin in ionad na comaoine ar leith atá leagtha amach sa tíolacas sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar an 1 Eanáir 2005 nó dá éis.

Leasú ar Chuid 8 (dleacht caipitil cuideachtaí) den Phríomh-Acht.

110 .— Leasaítear Cuid 8 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 117(1) trí “I gcás aon idirbheart tarlú roimh an 7 Nollaig 2005,” a chur in ionad “I gcás aon idirbheart tarlú,”, agus

(b) in alt 119 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) D’ainneoin fho-alt (4), leanfaidh an ráta laghdaithe d’fheidhm a bheith aige má b’éard é an t-aistriú, ar dá thoradh a tharla nár sealbhaíodh na scaireanna áirithe ar feadh tréimhse 5 bliana—

(a) aistriú ba chuid d’idirbheart, a tharla roimh an 7 Nollaig 2005, a cháileodh uaidh féin don ráta laghdaithe de bhun fho-alt (1),

(b) aistriú ba chuid d’idirbheart, a tharla an 7 Nollaig 2005 nó dá éis, a cháileodh uaidh féin amhlaidh dá mba rud é gur tharla an t-idirbheart roimh an 7 Nollaig 2005, nó

(c) aistriú le linn don chuideachta fála a bheith á leachtú.”.

Leasú ar alt 123B (cártaí airgid, comhchártaí agus cártaí dochair) den Phríomh-Acht.

111 .— (1) Leasaítear alt 123B den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “comhchárta”:

“ciallaíonn ‘comhchárta’ cárta, arna eisiúint ag tionscnóir chuig duine a mbeidh seoladh sa Stát aige nó aici, agus a mbeidh 2 fheidhm, eadhon feidhm cárta airgid agus feidhm cárta dochair, ag gabháil leis;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfaidh tionscnóir, laistigh de mhí amháin ó dheireadh gach bliana, ag tosú leis an mbliain 2006, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí ina dtaispeánfar an líon cártaí airgid, comhchártaí agus cártaí dochair a bheidh eisithe aon tráth ag an tionscnóir agus a bheidh bailí an 31 Nollaig sa bhliain sin, agus ina ndéanfar idirdhealú i gcás comhchártaí ó thaobh líon na gcártaí sin ar úsáideadh an dá fheidhm acu i gcaitheamh na bliana agus líon na gcártaí sin nár úsáideadh ach feidhm amháin dá gcuid i gcaitheamh na bliana.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Muirearófar dleacht stampa ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2)—

(a) de réir ráta €10, i gcás gach cárta airgid agus gach cárta dochair,

(b) de réir ráta €10, i gcás gach comhchárta nár úsáideadh ach feidhm amháin dá chuid i gcaitheamh na bliana, agus

(c) de réir ráta €20, i gcás gach comhchárta ar úsáideadh an dá fheidhm aige i gcaitheamh na bliana,

a bheidh ar áireamh ar líon na gcártaí a thaispeánfar sa ráiteas.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ráiteas a bheidh le seachadadh ag tionscnóir tar éis an 31 Nollaig 2006.

22 OJ Uimh. L270 an 21.10.2003, lch. 1