4 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 2007


ACHT NA gCÚIRTEANNA AGUS NA nOIFIGEACH CÚIRTE (LEASÚ) 2007


[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Méadú ar an líon gnáth-bhreithiúna san Ard-Chúirt.

3 . Méadú ar an líon gnáth-bhreithiúna sa Chúirt Chuarda.

4 . Méadú ar an líon breithiúna sa Chúirt Dúiche.

5 . Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961.

6 . Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004

2004, Uimh. 31

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961

1961, Uimh. 39

Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 go 2003

Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995

1995, Uimh. 31

Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 2002

2002, Uimh. 15

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 2007


ACHT NA gCÚIRTEANNA AGUS NA nOIFIGEACH CÚIRTE (LEASÚ) 2007


[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA gCÚIRTEANNA AGUS NA nOIFIGEACH CÚIRTE 1995 CHUN FORÁIL A DHÉANAMH MAIDIR LE MÉADÚ AR LÍON BREITHIÚNA NA hARD-CHÚIRTE, NA CÚIRTE CUARDA AGUS NA CÚIRTE DÚICHE; DO LEASÚ ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA) 1961; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[5 Márta, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1995” Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995;

ciallaíonn “Acht 2004” an tAcht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004.

Méadú ar an líon gnáth-bhreithiúna san Ard-Chúirt.

2 .— Leasaítear Acht 1995 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 9 (a cuireadh isteach le halt 56(a) d’Acht 2004):

“9.— Ní mó ná 35 an líon gnáth-bhreithiúna san Ard-Chúirt.”.

Méadú ar an líon gnáth-bhreithiúna sa Chúirt Chuarda.

3 .— Leasaítear Acht 1995 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 10 (a cuireadh isteach le halt 56(b) d’Acht 2004):

“10.— Ní mó ná 37 an líon gnáth-bhreithiúna sa Chúirt Chuarda.”.

Méadú ar an líon breithiúna sa Chúirt Dúiche.

4 .— Leasaítear Acht 1995 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 56(c) d’Acht 2004) d’alt 11:

“(1) Ní mó ná 60, de bhreis ar Uachtarán na Cúirte Dúiche, an líon breithiúna sa Chúirt Dúiche.”.

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961.

5 .— Déantar an Séú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 a leasú i mír 2(1) tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (b) (a cuireadh isteach le halt 27(2) d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 2002):

“(b) Más rud é, tráth ceaptha duine mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche, go bhfuil 20 breitheamh den Chúirt Dúiche ann gan iad a bheith buansannta do dhúichí áirithe, déanfaidh an Rialtas an duine sin a bhuansannadh do dhúiche áirithe.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

6 .— (1) Féadfar Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 go 2007 a ghairm d’Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 go 2003 agus den Acht seo le chéile.