An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Leasuithe ar Acht na bPinsean 1990 ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 Leasuithe ar an Liúntas Leasa Forlíontach )

8 2007

An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007

CUID 4

Leasuithe Ilghnéitheacha ar Achtanna eile

Leasú ar an Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

38 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 1093 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997:

“Faisnéis áirithe a nochtadh don Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, etc.

1093A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘Aire’ an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;

ciallaíonn ‘comhlacht sonraithe’ an comhlacht atá tiomnaithe do chomhlíonadh ceart fostaíochta agus a bhunófar nó atá bunaithe (ar bhonn eatramhach agus reachtúil araon) agus dá dtagraítear in ailt 12.3 agus 13.1 de Chuid a Dó den fhoilseachán dar teideal ‘Creat-Chomhaontú Comhpháirtíochta Sóisialaí Deich mBliana 2006-2015’, arna fhoilsiú thar ceann Roinn an Taoisigh i Meitheamh 2006 ag Oifig an tSoláthair agus ar a dtugtar ‘I dTreo 2016’.

(2) D’ainneoin aon oibleagáide rúndacht a choimeád nó aon sriain eile maidir le faisnéis a nochtadh nó a thabhairt ar aird ar faisnéis í a gheobhaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó a thabharfar dóibh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis atá ina seilbh a aistriú chuig an Aire nó chuig an gcomhlacht sonraithe—

(a) is faisnéis i ndáil leis na fostóirí nó le hioncaim thuillte pearsan aonair, nó

(b) is faisnéis atá i ndearbhuithe arna ndéanamh de réir Rialachán 3 de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Iomchuí) 2000 (I.R. Uimh. 71 de 2000).

agus féadfaidh an tAire nó an comhlacht sonraithe, de réir mar a bheidh, faisnéis den chineál dá dtagraítear i mír (a) atá i seilbh an Aire nó an chomhlachta shonraithe a aistriú chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

(3) Maidir le faisnéis a aistreoidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (2) chuig an Aire nó chuig an gcomhlacht sonraithe, ní fhéadfaidh ach an tAire nó an comhlacht sonraithe, de réir mar a bheidh, í a úsáid, i bhfeidhmiú a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna i ndáil le comhlíonadh ceart fostaíochta agus ní dhéanfaidh an tAire nó an comhlacht sonraithe í a nochtadh d’aon duine eile (seachas dá chéile) chun aon chríche eile ar bith.”.

Freastal os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí — leasuithe ar Achtanna eile.

39 .— (1) Leasaítear an tAcht um Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine 1986 mar a chuirtear in iúl i gCuid 1 de Sceideal 3.

(2) Leasaítear an tAcht fán nGníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh 2001 mar a chuirtear in iúl in gCuid 2 de Sceideal 3.