An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( Caibidil 5 Cáin Ghnóchan Caipitiúil ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Cáin Bhreisluacha )

11 2007

An tAcht Airgeadais 2007

CUID 2

Mál

Leasú ar alt 144 (cumhacht chun déileáil le hurghabhálacha, roimh dhaoradh agus dá éis) den Acht Airgeadais 2001.

57 .— Leasaítear alt 144 den Acht Airgeadais 2001 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt 3(b):

“(b) más dóigh leis na Coimisinéirí gur ní de chineál meatach nó guaiseach, nó gur táirgí tobac, atá sa ní a urghabhadh, é a dhíol nó a dhíothú.”.

Aisghairmeacha ilghnéitheacha maidir le mál.

58 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2007 nó cibé dáta is luaithe ná sin a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú, aisghairtear an Liqueur Act 1848 agus an Bonded Warehouses Act 1848

Rátaí cánach ola mianra.

59 .— Leasaítear an tAcht Airgeadais 1999—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin, arna leasú le halt 79(a) den Acht Airgeadais 2006:

“SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Ola Mianra

(Le héifeacht amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2007)

Tuairisc na hOla Mianra

An Ráta Cánach

Ola éadrom:

Peitreal le luaidhe

€553.04 an 1,000 lítear

Peitreal díluaidhe

€442.68 an 1,000 lítear

Sárpheitreal díluaidhe

€547.79 an 1,000 lítear

Gásailín eitlíochta

€276.52 an 1,000 lítear

Ola Throm:

A úsáidtear mar thiomántán ina bhfuil cion uasta sulfair 50 milleagram an cileagram

€368.05 an 1,000 lítear

Ola throm eile a úsáidtear mar thiomántán

€420.44 an 1,000 lítear

Ceirisín á úsáidtear ar shlí seachas mar thiomántán

€00.00

Ola bhreosla

€14.78 an 1,000 lítear

Ola throm eile

€47.36 an 1,000 lítear

Gás Peitriliam Leachtaithe:

A úsáidtear mar thiomántán

€63.59 an 1,000 lítear

Gás peitriliam leachtaithe eile

€00.00

Gual:

Le haghaidh úsáide gnó

€4.18 an tona

Le haghaidh úsáide eile

€8.36 an tona

”.

agus

(b) le héifeacht amhail ar cibé lá, agus ó cibé lá, a cheapfaidh an tAire le hordú, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 (a cuireadh isteach le mír (a)) a ghabhann leis an Acht sin:

“SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Ola Mianra

(Le héifeacht amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2007)

Tuairisc na hOla Mianra

An Ráta Cánach

Ola éadrom:

Peitreal le luaidhe

€553.04 an 1,000 lítear

Peitreal díluaidhe ina bhfuil cion uasta sulfair 10 milleagram an cileagram

€442.68 an 1,000 lítear

Peitreal díluaidhe eile

€484.00 an 1,000 lítear

Sárpheitreal díluaidhe

€547.79 an 1,000 lítear

Gásailín eitlíochta

€276.52 an 1,000 lítear

Ola Throm:

A úsáidtear mar thiomántán ina bhfuil cion uasta sulfair 10 milleagram an cileagram

€368.05 an 1,000 lítear

Ola throm eile a úsáidtear mar thiomántán

€420.44 an 1,000 lítear

Ceirisín á úsáidtear ar shlí seachas mar thiomántán

€00.00

Ola bhreosla

€14.78 an 1,000 lítear

Ola throm eile

€47.36 an 1,000 lítear

Gás Peitriliam Leachtaithe:

A úsáidtear mar thiomántán

€63.59 an 1,000 lítear

Gás peitriliam leachtaithe eile

€00.00

Gual:

Le haghaidh úsáide gnó

€4.18 an tona

Le haghaidh úsáide eile

€8.36 an tona

”.

Rátaí cánach ola mianra do bhreoslaí ionaid.

60 .— Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 1999—

(a) in alt 94(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “breosla ionaid”:

“ciallaíonn ‘breosla ionaid’ aon táirge i bhfoirm leachtach, seachas ola mhianra de thuairisc a bhfuil ráta sonraithe ina leith i Sceideal 2, agus ar táirge é a úsáidtear, atá beartaithe lena úsáid nó atá oiriúnach lena úsáid, mar mhótarbhreosla nó mar bhreosla téimh, agus folaíonn sé bithbhreosla ach ní fholaíonn sé breiseáin;”,

(b) in alt 96, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) Aon bhreosla ionaid a úsáidtear, atá beartaithe lena úsáid, nó atá oiriúnach lena úsáid mar thiomántán le haghaidh mótarfheithicle inar féidir peitreal díluaidhe a úsáid freisin mar thiomántán, dlífear cáin a íoc ina leith de réir an ráta a shonraítear i Sceideal 2 maidir le peitreal díluaidhe.

(b) Aon bhreosla ionaid, seachas breosla ionaid lena mbaineann mír (a), a úsáidtear, atá beartaithe lena úsáid, nó atá oiriúnach lena úsáid mar thiomántán, dlífear cáin a íoc ina leith de réir an ráta a shonraítear i Sceideal 2 maidir le hola throm a úsáidtear mar thiomántán agus a bhfuil cion sulfair uasta ann mar a fhoráiltear sa Sceideal sin.

(c) Aon bhreosla ionaid nach mbaineann míreanna (a) nó (b) leis, dlífear cáin a íoc ina leith de réir an ráta a shonraítear i Sceideal 2 maidir le hola throm eile.

(d) Gan dochar do mhíreanna (a), (b) agus (c), i gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí gur ndearnadh aon chainníocht de bhreosla ionaid, cé go bhfuil sé oiriúnach lena úsáid mar thiomántán, a úsáid chun críoch eile, nó go bhfuil sé beartaithe é a úsáid chun críoch eile, déanfaidh na Coimisinéirí an cháin ola mianra is inmhuirearaithe ar an gcainníocht sin faoi mhíreanna (a) nó (b) a loghadh nó a aisíoc (de réir mar a bheidh), lúide an méid a mhuirearófaí ar an gcainníocht chéanna faoi mhír (c).”.

Cionta cánach ola mianra.

61 .— (1) Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 1999—

(a) in alt 102—

(i) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) aon cheann díobh seo a leanas a úsáid mar thiomántán nó a choimeád in umar breosla—

(i) aon ola mhianra nár íocadh cáin ola mianra de réir an ráta chaighdeánaigh chuí a íoc ina leith,

(ii) aon ola mhianra ina bhfuil marcáil amháin nó níos

mó atá forordaithe le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 104, nó

(iii) aon substaint i gcás ina dtoirmisctear, le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 104, ola mhianra ina bhfuil an tsubstaint sin a allmhairiú,” ,

(ii) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(da) ordú maidir le toirmeasc sealadach ar thrádáil faoi alt 102A a shárú nó mainneachtain a dhéanamh é a chomhlíonadh, nó”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Is cion é faoin bhfo-alt seo—

(a) tairiscint gnóthaíochta a lorg i leith na nithe seo a leanas, iad a thairiscint lena ndíol, iad a choinneáil lena ndíol, nó iad a dhíol, nó

(b) na nithe seo a leanas a sheachadadh, a choinneáil lena seachadadh, nó a bheith i gcúrsa a seachadta, nó a choinneáil,

lena n-úsáid mar thiomántán, is é sin le rá—

(i) aon ola mhianra nár íocadh cáin ola mianra de réir an ráta chaighdeánaigh chuí uirthi,

(ii) aon ola mhianra ina bhfuil marcáil amháin nó níos

mó atá forordaithe le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 104, nó

(iii) aon substaint i gcás ina dtoirmisctear, le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 104, ola mhianra ina bhfuil an tsubstaint sin a allmhairiú.”,

(iv) i bhfo-alt (4), trí “fho-alt (1A) nó (3)” a chur in ionad “fho-alt (3)”,

(v) i bhfo-alt (5), trí “fho-alt (1), (1A) nó (3)” a chur in ionad “fho-alt (1) nó (3)”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 102:

“Forálacha iarmhartacha a bhaineann le cionta.

102A.— (1) I gcás ina ndéantar duine atá ceadúnaithe faoi alt 101 a chiontú i gcion faoi alt 1(A) nó 3(b) d’alt 102 den Acht seo, nó i gcion i ndáil le holaí mianra faoi alt 119 den Acht Airgeadais 2001, ansin déanfaidh an Chúirt, de bhreis ar aon phionós eile a ghearrfar, ordú, dá ngairtear ordú um thoirmeasc sealadadh trádála san alt seo, ar ordú é lena dtoirmiscfear aon ola mhianra a dhíol nó a sholáthar ó aon áitreabh arna cheadúnú i leith an duine sin faoi alt 101 agus a bhfuil baint aici leis an gcion, ar feadh tréimhse—

(a) nach giorra ná aon lá amháin agus nach faide ná 7 lá i gcás céadchiona ag an duine sin,

(b) nach giorra ná 7 lá agus nach faide ná 30 lá i gcás dara cion, nó i gcás ciona iardain, ag an duine sin,

agus féadfaidh an Chúirt freisin, leis an ordú sin, díol nó soláthar aon ola mianra ó aon áitreabh eile arna cheadúnú amhlaidh i leith an duine sin a thoirmeasc.

(2) Le linn fad ordaithe shealadaigh um thoirmeasc ar thrádáil a chinneadh, féadfaidh an Chúirt tuarascáil a iarraidh ar oifigeach atá páirteach san imscrúdú ar an gcion ar tuarascáil í maidir leis na himthosca ina ndearnadh é agus ina mbeidh aon fhaisnéis eile a mheasfaidh an Chúirt a bheith ábhartha.

(3) I gcás ina gciontaítear duine i níos mó ná cion amháin lena mbaineann fo-alt (1), agus go ndearnadh na cionta go léir an tráth céanna, ansin ní fhéadfar ach ordú sealadach amháin um thoirmeasc ar thrádáil a dhéanamh i leith na gcionta sin.

(4) Maidir le tréimhse an toirmisc a shonraítear in ordú sealadach um thoirmeasc ar thrádáil, tosóidh sí—

(a) i gcás nach ndéantar aon achomharc i gcoinne an chiontaithe nó i gcoinne thréimhse an toirmisc, ar an 30ú lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, nó

(b) i gcás ina ndéantar achomharc den sórt sin, agus go ndaingnítear an ciontú nó tréimhse an toirmisc, ar an 30ú lá tar éis an daingnithe sin,

agus críochnóidh sí tráth éagtha na tréimhse a shonraítear san ordú, mura rud é gur athraíodh an tréimhse sin ar achomharc agus sa chás sin críochnóidh sí tráth éagtha na tréimhse arna hathrú amhlaidh.

(5) (a) Más rud é, ar achomharc, go ndéantar ciontú as a leanann ordú sealadach um thoirmeasc ar thrádáil a fhreaschur, scoirfidh an t-ordú sin, air sin, d’éifeacht a bheith leis.

(b) Ar aon achomharc—

(i) i gcoinne ciontaithe as a leanann ordú sealadach um thoirmeasc ar thrádáil, nó

(ii) a bhaineann leis an tréimhse a shonraítear san ordú sin,

féadfaidh an Chúirt an tréimhse a shonraítear san ordú sin a athrú.

(6) Maidir le hordú sealadach um thoirmeasc ar thrádáil i leith aon áitribh, beidh éifeacht leis, chun críocha na Caibidle seo agus aon rialachán arna ndéanamh faoi alt 104, amhail is nach raibh an t-áitreabh sin arna cheadúnú faoi alt 101 ar feadh na tréimhse a shonraítear san ordú sin.

(7) Le linn na tréimhse a shonraítear in ordú sealadach um thoirmeasc ar thrádáil, déanfaidh an duine ar ina leith atá an t-áitreabh ceadúnaithe faoi alt 101 a chinntiú go bhfuil fógra sofheicthe, á rá gur comhlíonadh an ordaithe is cúis leis an dúnadh agus ina sonraítear tréimhse an toirmisc ar thrádáil, arna ghreamú ar an taobh amuigh den áitreabh in áit fheiceálach.

(8) I gcás ina gciontaítear duine—

(a) i gcion faoi alt 110(1)(da), nó

(b) i dtríú cion, nó i gcion dá éis sin, lena mbaineann fo-alt (1),

déanfaidh an Chúirt aon cheadúnas arna dheonú don duine sin faoi alt 101 a chúlghairm, agus ní fhéadfar aon cheadúnas den sórt sin a dheonú don duine sin aon tráth dá eis sin.”,

agus

(c) in alt 103, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Más rud é, in aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi fho-alt (1)(b)(i) nó (1A)(i) d’alt 102, go gcruthaítear gur ola throm seachas ola bhreosla nó ceirisín, ina bhfuil cion sulfair is mó ná 50 milleagram an cileagram, an ola mhianra is ábhar don chion, ansin toimhdeofar, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, nach ndearnadh cáin ola mianra a íoc ar an ola mhianra sin de réir an ráta chuí chaighdeánaigh.”.

(2) Níl feidhm ag an alt seo ach amháin maidir le cionta arna ndéanamh ar dháta tar éis dháta rite an Achta Airgeadais 2007.

Rátaí cánach ar tháirgí tobac.

62 .— Leasaítear an tAcht Airgeadais 2005 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin:

“SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach ar Tháirgí Tobac

An Cineál Táirge

An Ráta Cánach

Toitíní

€151.37 an míle mar aon le méid is comhionann le 17.78 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní

Todóga

€217.388 an cileagram

Tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh

€183.443 an cileagram

Tobac eile chun a chaite ina dheatach

€150.815 an cileagram

”.

Leasú ar alt 130 (léiriú) den Acht Airgeadais 1992.

63 .— Leasaítear alt 130 den Acht Airgeadais 1992 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “feithicil inneallghluaiste” (arna leasú le halt 79 den Acht Airgeadais 1998):

“ciallaíonn ‘feithicil inneallghluaiste’ feithicil—

(a) atá deartha agus déanta lena húsáid ar bhóthar,

(b) tráth an dearbhuithe maidir le clárú, a chomhlíonann aon bhearta arna ndéanamh chun éifeacht a thabhairt sa Stát d’aon ionstraim de chuid na gComhphobal Eorpach a bhaineann le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le cineál-cheadú le haghaidh an chineáil feithicle lena mbaineann,

(c) atá ceaptha nó oiriúnaithe lena tiomáint ar mhodh meicniúil, nó ar mhodh leictreach nó go páirteach ar mhodh meicniúil agus go páirteach ar mhodh leictreach, agus

(d) ar cumas di tiomaint feithicle a bhaint amach tráth an chláraithe, chun sástacht na gCoimisinéirí,

lena n-áirítear dhárothach, trírothach nó ceathair-rothach a thiomáintear le hinneall nó le mótar nó le gabhálas chun é a thiomáint le cumhacht mheicniúil, cibé acu atá nó nach bhfuil an gabhálas á úsáid, móipéid, scinneán agus uathrothar, ach gan tram nó feithicil eile a ghluaiseann ar bhuanráillí nó feithicil lena n-áirítear rothar ag a bhfuil gabhálas chun é a thiomáint le cumhacht mheicniúil nach mó ná 400 cileagram a mheáchan neamhualaithe oiriúnaithe agus a úsáidtear le haghaidh easlán a áireamh;”.

Leasú ar alt 135 (díolúine shealadach ó chlárú) den Acht Airgeadais 1992.

64 .— Leasaítear alt 135 den Acht Airgeadais 1992 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (aa):

“(aa) go dtugann pearsa aonair atá bunaithe sa Stát an fheithicil isteach sa Stát chun úsáide príobháidí nó gnó na pearsan aonair sin más rud é, maidir leis an bpearsa aonair sin—

(i) go bhfuil sé nó sí ar fostú ag fostóir atá bunaithe i mBallstát eile agus a sholáthraíonn feithicil mar chuid dá gconradh fostaíochta, i gcás ina bhfuil an fheithicil sin ar úinéireacht nó ar léas ag an bhfostóir, nó

(ii) go bhfuil sé nó sí féinfhostaithe agus go bhfuil gnóthas atá cuntasach go dlíthiúil bunaithe aige nó aici i mBallstát eile, ar gnóthas é a seoltar a ghnó go hiomlán nó go príomha i mBallstát eile,

agus, i gcás inar feithicil earnáil A nó gluaisrothar an fheithicil, go n-úsáidtear í go príomha le haghaidh úsáide gnó i mBallstát eile.”.

Loghadh nó aisíoc i leith cánach cláraithe feithiclí ar fheithiclí leictreacha hibrideacha áirithe, nó ar fheithiclí breosla sholúbtha áirithe, nó ar fheithiclí leictreacha áirithe.

65 .— Leasaítear Caibidil IV de Chuid II den Acht Airgeadais 1992 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 135C (arna ionadú le halt 88 den Acht Airgeadais 2006):

“135C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘feithicil leictreach hibrideach’ feithicil a fhaigheann a cumhacht ghluaiste ó theaglaim de mhótar leictreach agus d’inneall dóchain inmheánaigh agus is féidir a thiomáint le leictreachas amháin ar feadh cuid ábhartha dá gnáth-thimthriall tiomána;

ciallaíonn ‘feithicil breosla sholúbtha’ feithicil a fhaigheann a cumhacht ghluaiste ó inneall dóchain inmheánaigh atá in ann cumasc d’eatanól agus de pheitreal a úsáid, i gcás íosmhéid 85 faoin gcéad d’eatanól a bheith sa chumasc sin;

ciallaíonn ‘feithicil leictreach’ feithicil a fhaigheann a cumhacht ghluaiste go heisiach ó mhótar leictreach.

(2) I gcás ina ndéanann duine feithicil earnáil A nó feithicil earnáil B a chlárú den chéad uair i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2007 agus gur deimhin leis na Coimisinéirí maidir leis an bhfeithicil—

(a) gur feithicil leictreach hibrideach í arna táirgeadh mar chuid de shraith, nó

(b) gur feithicil bhreosla sholúbtha í arna táirgeadh mar chuid de shraith, nó

(c) gur feithicil leictreach í arna táirgeadh mar chuid de shraith,

ansin féadfaidh na Coimisinéirí 50 faoin gcéad den cháin cláraithe feithiclí is iníoctha nó a íocadh de réir mhíreanna (a), (aa), (b) nó (c) d’alt 132(3) a loghadh nó a aisíoc leis an duine sin.”.

Leasú ar alt 21 (uaireanta gnó in áitreabh cláraithe) den Acht um Gheall-Chur 1931.

66 .— Leasaítear alt 21 (a cuireadh isteach le halt 85 den Acht Airgeadais 1998) den Acht um Gheall-Chur 1931 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) San alt seo, tá le ‘ráschruinniú’ agus ‘ráschúrsa údaraithe’ na bríonna céanna, faoi seach, atá leo in alt 2(1) den Acht um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann 1994.

(1A) Ní dhéanfar áitreabh cláraithe a oscailt nó a choimeád ar oscailt chun gnó a dhéanamh aon uair aon Lá Nollag, Aoine an Chéasta nó Domhnach Cásca, nó aon lá eile—

(a) aon uair roimh 7 a chlog ar maidin agus tar éis 6.30 a chlog tráthnóna le linn na tréimhse ón 1 Meán Fómhair in aon bhliain go dtí an 31 Márta an bhliain dár gcionn, agus

(b) aon uair roimh 7 a chlog ar maidin agus tar éis 10 a chlog tráthnóna:

(i) le linn na tréimhse ón 1 Aibreán in aon bhliain go dtí an 31 Lúnasa an bhliain sin, agus

(ii) le linn na tréimhse ón 1 Meán Fómhair in aon bhliain go dtí an 31 Márta an bhliain dár gcionn, aon lá a bhíonn ráschruinniú ar siúl ag ráschúrsa údaraithe ar 6.30 p.m. nó dá éis tráthnóna an lae sin.”.

Dleacht máil ar chlárú déileálaithe arm tine.

67 .— (1) San alt seo ciallaíonn “clár de dhéileálaithe arm tine” an clár atá le bunú agus le coinneáil faoi alt 9 d’Acht na nArm Teine 1925.

(2) Déanfar an dleacht máil arna fhorchur le halt 41(1) den Acht Airgid 1925 ar chlárú duine sa chlár de dhéileálaithe arm tine a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta €340 in ionad an ráta a shonraítear in alt 159(1) den Acht Airgeadais 1992.

(3) Déanfar an dleacht máil arna forchur le halt 41(3) (a cuireadh isteach le halt 52(c) den Acht Airgeadais 1971) den Acht Airgid 1925 ar chlárú duine sa chlár de dhéileálaithe arm tine a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta €55 in ionad an ráta a shonraítear in alt 159(2) den Acht Airgeadais 1992.

(4) Tagann an t-alt seo in éifeacht an 31 Nollaig 2007.

Dleacht máil ar dheimhniú airm tine.

68 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘deimhniú airm tine’ deimhniú airm tine de réir bhrí alt 1(1) (a cuireadh isteach le halt 26 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) d’Acht na nArm Teine 1925 agus lena mbaineann alt 3 (a cuireadh isteach leis an Acht um Cheartas Coiriúil 2006) d’Acht na nArm Teine 1925 agus déanfar tagairt do “arm tine” a léamh dá réir sin;

tá le “deimhniú teoranta” an bhrí chéanna atá leis in alt 3(11) (a cuireadh isteach le halt 30 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) d’Acht na nArm Teine 1925.

(2) Maidir le gach deimhniú airm tine a dheonófar nó a athnuafar an 31 Nollaig 2007 nó dá éis—

(a) déanfar dleacht máil de réir na rátaí a shonraítear sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gach deimhniú airm tine de thuairisc atá leagtha amach sa chéad cholún den Tábla os coinne an ráta atá leagtha amach sa dara colún, agus

(b) ní bheidh éifeacht le fo-ailt (2) agus (3) d’alt 18 den Acht Airgeadais 1964.

AN TÁBLA

An Cineál Deimhnithe Airm Tine

An Ráta Dleachta

Deimhniú i leith piostail, gunnáin nó raidhfil

€170

Deimhniú teoranta i leith gunna gráin

€30

I gcás ina ndeonófar 2 dheimhniú theoranta nó níos mó i leith gunnaí gráin don duine céanna agus ina rachaidh siad in éag an tráth céanna:

An chéad deimhniú

€30

An dara deimhniú agus gach deimhniú ina dhiaidh sin

€30

Deimhniú i leith gunna gráin seachas deimhniú teoranta

€115

I gcás ina ndeonófar 2 dheimhniú nó níos mó don duine céanna i leith gunnaí gráin seachas deimhnithe teoranta agus ina rachaidh siad in éag an tráth céanna:

An chéad deimhniú

An dara deimhniú agus gach deimhniú ina dhiaidh sin

€115

€30

Deimhniú i leith crosbhogha

€115

I gcás ina ndeonófar 2 dheimhniú nó níos mó i leith crosbhoghanna don duine céanna agus ina rachaidh siad in éag an tráth céanna:

An chéad deimhniú

An dara deimhniú agus gach deimhniú ina dhiaidh sin

€115

€30

Deimhniú i leith airm thoirmiscthe

€30

Dleacht máil ar dheimhniú airm tine do neamhchónaitheoir.

69 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn “deimhniú airm tine” deimhniú airm tine lena mbaineann alt 2 d’Acht na nArm Tine (Deimhnithe Airm Tine do Neamhchónaitheoirí) 2000 agus déanfar tagairt do “arm tine” a léamh dá réir sin.

tá le “deimhniú teoranta” an bhrí chéanna atá leis in alt 3(11) (a cuireadh isteach le halt 30 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) d’Acht na nArm Teine 1925.

(2) Maidir le gach deimhniú airm tine a dheonófar an 31 Nollaig 2007 nó dá éis—

(a) déanfar dleacht máil de réir na rátaí a shonraítear sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gach deimhniú airm tine de thuairisc atá leagtha amach sa chéad cholún den Tábla os coinne an ráta atá leagtha amach sa dara colún, agus

(b) ní bheidh éifeacht le fo-ailt (2) agus (3) d’alt 18 den Acht Airgeadais 1964.

AN TÁBLA

An Cineál Deimhnithe Airm Tine

An Ráta Dleachta

Deimhniú i leith piostail, gunnáin nó raidhfil

€57

Deimhniú teoranta i leith gunna gráin

€10

I gcás ina ndeonófar 2 dheimhniú theoranta nó níos mó i leith gunnaí gráin don duine céanna agus ina rachaidh siad in éag an tráth céanna:

An chéad deimhniú

An dara deimhniú agus gach deimhniú ina dhiaidh sin

€10

€10

Deimhniú i leith gunna gráin seachas deimhniú teoranta

€38

I gcás ina ndeonófar 2 dheimhniú nó níos mó i leith gunnaí gráin seachas deimhnithe teoranta don duine céanna agus ina rachaidh siad in éag an tráth céanna:

An chéad deimhniú

An dara deimhniú agus gach deimhniú ina dhiaidh sin

€38

€10

Deimhniú i leith crosbhogha

€38

I gcás ina ndeonófar 2 dheimhniú nó níos mó i leith crosbhoghanna don duine céanna agus ina rachaidh siad in éag ar an tráth céanna:

An chéad deimhniú

An dara deimhniú agus gach deimhniú ina dhiaidh sin

€38

€10

Deimhniú i leith airm thoirmiscthe

€10

Dleacht máil ar chlub raidhfilí nó chlub piostal nó raon lámhaigh a údarú.

70 .— (1) San alt seo ciallaíonn “údarú club raidhfil nó piostail nó raoin lámhaigh” údarú faoi alt 4A (a cuireadh isteach le halt 33 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) d’Acht na nArm Teine 1925.

(2) Déanfar dleacht máil €1,000 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gach údarú club raidhfil nó piostail nó raoin lámhaigh arna dheonú nó arna athnuachan an 31 Nollaig 2007 nó dá éis.

Dleacht máil ar dheimhniú oiliúna arm tine.

71 .— (1) San alt seo tá le “deimhniú oiliúna arm tine” an bhrí chéanna atá leis in alt 2A (a cuireadh isteach le halt 28 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) d’Acht na nArm Teine 1925.

(2) Maidir le gach deimhniú oiliúna arm tine arna eisiúint an 31 Nollaig 2007 nó dá éis, déanfar dleacht máil de réir na rátaí a shonraítear sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gach deimhniú oiliúna arm tine de thuairisc atá leagtha amach sa chéad cholún den Tábla os coinne an ráta atá leagtha amach sa dara colún.

AN TÁBLA

An Cineál Deimhnithe Oiliúna Arm Tine

An Ráta Dleachta

Deimhniú i leith gunna gráin

€115

Deimhniú i leith piostail, gunnáin nó raidhfil

€170

Dleacht máil ar cheadúnas chun amuinisean a athlódáil.

72 .— (1) San alt seo ciallaíonn “ceadúnas chun amuinisean a athlódáil” ceadúnas faoi alt 10A (a cuireadh isteach le halt 40 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) d’Acht na nArm Teine 1925.

(2) Déanfar dleacht máil €90 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gach ceadúnas chun amuinisean a athlódáil arna eisiúint nó arna athnuachan an 31 Nollaig 2007 nó dá éis.

Dleacht máil ar údarú chun arm tine srianta a shealbhú, a úsáid, a iompar, a dhíol nó a thaispeáint lena dhíol.

73 .— (1) San alt seo ciallaíonn “údarú chun arm tine srianta a shealbhú, a úsáid, a iompar, a dhíol nó a thaispeáint lena dhíol” údarú faoi alt 10 d’Acht na nArm Teine 1925 agus lena mbaineann fo-ailt (4A) go (4G) (a cuireadh isteach le halt 39 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) d’Acht na nArm Teine 1925.

(2) Déanfar dleacht máil €405 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gach údarú chun arm tine srianta arna dheonú nó arna athnuachan an 31 Nollaig 2007, nó dá éis, a shealbhú, a úsáid, a iompar, a dhíol nó a thaispeáint lena dhíol.

Mál: áitreabh daingean a ainmniú chun earraí coinnithe nó urghafa a choimeád.

74 .— Leasaítear an tAcht Airgeadais 2001 tríd an t-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 139:

“139A.— Féadfar aon ní a choinnítear nó a urghabhtar faoin dlí a bhaineann le mál, i dteannta oifigeach dá choimeád go cuí, a choimeád freisin in aon áitreabh daingean nó áit dhaingean a ainmneoidh na Coimisinéirí chuige sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí áitreabh nó áit atá faoi rialú duine a bhfuil conradh déanta acu leis nó léi a ainmniú chuige sin.”.