An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 6 Feidhmiúlacht chun Cleachtadh )

21 2007

An tAcht um Rialú Foirgníochta 2007

CUID 7

Forálacha Ilghnéitheacha

Clárú sealadach faoi Theideal II den Treoir.

60 .— (1) Más rud é go mbeartaíonn duine, ar iontaoibh Airteagal 5(2) den Treoir, seirbhísí ailtireachta, suirbhéireachta cainníochta nó suirbhéireachta foirgníochta a sholáthar sa Stát ar bhonn sealadach agus ócáideach, tabharfaidh an duine fógra don Bhord Iontrála á rá go mbeartaíonn sé nó sí amhlaidh agus déanfaidh an Bord Iontrála, faoi réir fho-alt (5), tar éis an fógra sin a fhail, an duine a chlárú sa chlár faoi Chuid 3, 45, de réir mar a bheidh, chun na críche sin.

(2) Déanfaidh aon duine a thugann fógra don Bhord Iontrála de bhun fho-alt (1), más é an ócáid a thugtar an fógra an chéad ócáid a mbeartaíonn sé nó sí, ar scór an fhógra sin, seirbhísí ailtireachta, suirbhéireachta cainníochta nó suirbhéireachta foirgníochta, de réir mar a bheidh, a sholáthar sa Stát, na nithe seo a leanas a chur faoi bhráid an Bhoird Iontrála:

(a) dearbhú á rá go mbeartaíonn sé nó sí na seirbhísí a sholáthar de réir Airteagal 7 den Treoir, agus beidh mionsonraí sa dearbhú sin maidir le hárachas nó maidir le modh eile cosanta pearsanta nó cosanta comhchoitinne i dtaca le dliteanas gairmiúil;

(b) cruthúnas ar a náisiúntacht;

(c) fianú ó údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé nó sí bunaithe á rá go bhfuil sé nó sí bunaithe go dlíthiúil sa stát sin chun na gníomhaíochtaí lena mbaineann a sholáthar agus nach bhfuil sé nó sí toirmiscthe ó ailtireacht, suirbhéireacht chainníochta nó suirbhéireacht foirgníochta, de réir mar a bheidh, a chleachtadh, cibé acu go sealadach nó ar shlí eile, tráth seachadta an fhianaithe;

(d) fianaise ar na cáilíochtaí iomchuí gairmiúla; agus

(e) má cheanglaítear amhlaidh leis an Treoir maidir le hiarratasóir a bhog ón mBallstát ina bhfuil sé nó sí bunaithe, fianaise á rá gur chomhlíon sé nó sí feidhmeanna atá ar comhréir le feidhmeanna ailtire, suirbhéara cainníochta nó suirbhéara foirgníochta, de réir mar is cuí, sa Bhallstát sin, ar feadh 2 bhliain ar a laghad as na 10 mbliana roimh an iarratas.

(3) Más rud é nach é ócáid an fhógra faoi fho-alt (1) an chéad ócáid a mbeartaíonn an duine lena mbaineann, ar scór fógra den sórt sin, na seirbhísí iomchuí a sholáthar sa Stát, féadfaidh an Bord Iontrála, má tharla athrú ábhartha ar an staid, agus aon cheann de na doiciméid dá dtagraítear i míreanna (b) go (d) d’fho-alt (2) a bheith ann mar thaca leis sin, a cheangal ar an duine doiciméid úra a chur faoina bhráid ar doiciméid iad den chineál dá dtagraítear sa mhír nó sna míreanna lena mbaineann.

(4) Más rud é go bhfuil tréimhse níos faide ná 12 mhí caite ón tráth a rinneadh duine a chlárú, de bhun an ailt seo, sa chlár faoi Chuid 3, 45 (gan an tréimhse ar ina leith atá an duine cláraithe amhlaidh a bheith caite), féadfaidh an Bord Iontrála, mura rud é nach mbeartaíonn an duine na seirbhísí iomchuí a sholáthar sa Stát sa tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin, a cheangal ar an duine dearbhú úr a dhéanamh á rá go mbeartaíonn sé nó sí na seirbhísí iomchuí a sholáthar de réir Airteagal 7 den Treoir; más rud é nach ndéanfaidh an duine dearbhú den sórt sin, féadfaidh an Bord Iontrála ainm an duine a scriosadh as an gclár iomchuí.

(5) (a) Más rud é, maidir le duine a thugann fógra don Bhord Iontrála de bhun fho-alt (1), go mainneoidh sé nó sí fo-alt (2) a chomhlíonadh nó, de réir mar a bheidh, ceanglas faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh ansin, faoi réir mhír (b), cinnfidh an Bord Iontrála gan an duine a chlárú sa chlár.

(b) Féadfaidh an Bord Iontrála, dá rogha féin, an deis a thabhairt don duine an mhainneachtain dá dtagraítear i mír (a) a leigheas, agus má dhéanann an duine amhlaidh laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis an deis a thabhairt dó nó di, cláróidh an Bord Iontrála an duine sa chlár.

(6) I gcás an t-iarratasóir a bheith cláraithe sa chlár de bhun Chuid 3 ar feadh tréimhse sealadaí de bhun an ailt seo, úsáidfidh sé nó sí an teideal ailtire le linn seirbhísí ailtireachta a sholáthar sa Stát go dtí go scoireann a chlárú nó a clárú.

(7) I gcás an t-iarratasóir a bheith cláraithe sa chlár de bhun Chuid 4 nó 5 ar feadh tréimhse sealadaí de bhun an ailt seo agus go bhfuil seirbhísí suirbhéireachta cainníochta nó suirbhéireachta foirgníochta á soláthar aige nó aici sa Stát, déanfaidh sé nó sí—

(a) más rud é go bhfuil teideal gairmiúil ann le haghaidh na gníomhaíochta nó an tsuirbhéara cainníochta nó an tsuirbhéara foirgníochta, de réir mar a bheidh, sa Bhallstát ina bhfuil sé nó sí bunaithe go dlíthiúil, an teideal sin a úsáid, agus taispeánfar an teideal sin i dteanga oifigiúil, nó i gceann de theangacha oifigiúla, an Bhallstáit sin, nó

(b) más rud é nach bhfuil aon teideal gairmiúil den sórt sin ann sa Bhallstát ina bhfuil sé nó sí bunaithe go dlíthiúil, a cháilíocht nó a cáilíocht fhoirmiúil a thaispeáint i dteanga oifigiúil, nó i gceann de theangacha oifigiúla, an Bhallstáit sin,

ar shlí ina seachnaítear mearbhall i dtaca leis an teideal suirbhéir cainníochta nó suirbhéir foirgníochta.

(8) Féadfaidh an Bord Iontrála, de bhun Airteagal 9 den Treoir, a cheangal ar dhuine atá cláraithe sa chlár faoi Chuid 3, 45 ar feadh tréimhse sealadaí de bhun an ailt seo an fhaisnéis go léir nó aon chuid den fhaisnéis a shonraítear san Airteagal sin a thabhairt do dhuine dá soláthraíonn sé nó sí seirbhísí ailtireachta, suirbhéireachta cainníochta nó suirbhéireachta foirgníochta, de réir mar a bheidh.

Féadfaidh comhlacht clárúcháin cúnamh a lorg agus rialacha a dhéanamh.

61 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh comhlacht clárúcháin socrú a dhéanamh le haon duine cabhrú leis, nó le haon bhord nó coiste eile a bhunófar faoin Acht seo, le linn a fheidhmeanna nó a bhfeidhmeanna a urscaoileadh go cuí.

(2) Ní dhéanfaidh comhlacht clárúcháin socrú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) maidir le hurscaoileadh na bhfeidhmeanna faoi alt 20, 3467 nó faoi Chuid 6.

(3) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh comhlacht clárúcháin rialacha a dhéanamh chun a fheidhmeanna agus feidhmeanna de chuid na mbord agus na gcoistí eile, lena n-áirítear an Bord Achomhairc, dá bhforáiltear faoin Acht seo, a éascú agus a chomhall.

(4) Sula ndéanfaidh sé rialacha, déanfaidh an comhlacht clárúcháin dréacht de na rialacha a fhoilsiú agus a scaipeadh ar an mbord nó ar an gcoiste dá ndéantar difear lena thráchtanna a fháil.

Féadfaidh comhlacht clárúcháin táillí a shonrú.

62 .— (1) Féadfaidh comhlacht clárúcháin a shonrú go mbeidh táille de mhéid sonraithe iníoctha leis i leith aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh, eadhon:

(a) iarratais ar chlárúchán a phróiseáil;

(b) ainm duine a choimeád sa chlár ar bhonn bliantúil;

(c) ainm duine a chur ar ais sa chlár tar éis é a scriosadh de bhun fhorála den Acht seo;

(d) ainm duine a bhaint den chlár ar iarratas ón duine sin;

(e) cáilíochtaí breise de chuid duine, nach cáilíochtaí is gá chun críche clárúcháin, a thaifeadadh sa chlár;

(f) deimhniú clárúcháin a eisiúint;

(g) aon seirbhís eile a sholáthar a fhéadfaidh an comhlacht clárúcháin a sholáthar.

(2) Féadfaidh comhlacht clárúcháin a chinneadh go mbeidh táille de mhéid éagsúil iníoctha i leith aon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) go (g) a dhéanamh, faoi threoir na n-imthosca éagsúla ina ndéantar é.

(3) Ní dhéanfar táille a shonrú de réir fho-alt (1) gan toiliú a fháil ón Aire.

(4) Maidir le méid aon táille a shonrófar de réir fho-alt (1), ní bheidh sé, in aon chás, níos mó ná iomlán na méideanna seo a leanas—

(a) na costais a ghabhann leis na seirbhísí ar ina leith a íoctar an táille a sholáthar, agus

(b) na costais réasúnacha arna dtabhú ag an gcomhlacht clárúcháin le linn an táille a bhailiú, le linn cuntas a thabhairt ina leith agus le linn í a riaradh.

Cáilíochtaí breise.

63 .— (1) Faoi réir fho-alt (2) agus faoi réir an táille shonraithe a íoc, féadfaidh duine atá cláraithe faoi Chuid 3, 45 iarratas a dhéanamh chuig an gcomhlacht clárúcháin, san fhoirm agus ar an modh a chinnfidh an comhlacht, go mbreacfar cáilíocht bhreise isteach sa chlár.

(2) Is é an comhlacht clárúcháin a chinnfidh céard iad na cáilíochtaí breise, seachas na cáilíochtaí is gá le haghaidh clárúcháin, a fhéadfar a bhreacadh isteach sa chlár.

Rialacháin.

64 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon ní dá dtagraítear san Acht seo a fhorordú mar ní atá forordaithe nó le forordú, nó i ndáil le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní is ábhar do rialacháin.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach a bheith i rialacháin faoin Acht seo.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

An clár a cheartú.

65 .— (1) Chun clár dá bhforáiltear faoin Acht seo a choinneáil, déanfaidh Cláraitheoir an chláir gach earráid fhoclaíochta nó cléireachais sa chlár sin a cheartú, gach taifead ann a tugadh chun críche trí chalaois nó trí mhífhaisnéis a bhaint de, gach athrú a thiocfaidh ar iúl an Chláraitheora ar sheoltaí gairmithe cláraithe, agus ainmneacha na ndaoine go léir ar cuireadh i bhfios don Bhord Iontrála nó ar tháinig sé ar iúl an Bhoird Iontrála go bhfuil siad tar éis bháis a bhaint den chlár.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Cláraitheoir aon bheart faoi fho-alt (1), déanfaidh an Cláraitheoir láithreach fógra a a thabhairt don duine lena mbaineann nó dá neasghaol, de réir mar a bheidh, más féidir an duine sin a shainaithint, i dtaobh an bhirt a rinneadh agus na gcúiseanna a bhí leis sin.

Caiteachais de chuid comhlachtaí clárúcháin, bord agus coistí, etc.

66 .— (1) Maidir le caiteachas arna thabhú ag comhlacht clárúcháin le linn dó a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo, íocfaidh an comhlacht clárúcháin é as cistí a bheidh faoina réir aige.

(2) Déanfaidh comhlacht clárúcháin cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an comhlacht clárúcháin a íoc le cathaoirligh agus le comhaltaí eile aon bhoird nó aon choiste arna bhunú faoin Acht seo agus déanfar an luach saothair sin agus na liúntais sin a íoc as cistí a bheidh faoina réir ag an gcomhlacht clárúcháin.

Cionta faoin Acht seo a ionchúiseamh.

67 .— (1) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin imeachtaí achoimre i leith ciona faoi Chuid 3, 4, 5,6 a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) D’ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thosú—

(a) laistigh de 12 mhí ón dáta a rinneadh an cion, nó

(b) laistigh de 6 mhí ón dáta a thagann fianaise ar iúl an duine a thionscnaíonn na himeachtaí ar fianaise í is leor, i dtuairim an duine, leis na himeachtaí a fhírinniú,

cibé acu is déanaí, ar choinníoll nach dtosófar aon imeachtaí den sórt sin tráth is déanaí ná 5 bliana ón dáta a rinneadh an cion lena mbaineann.

(3) Chun críocha an ailt seo, aon deimhniú arna shíniú ag an duine, nó thar ceann an duine, a thionscnaíonn na himeachtaí, ar deimhniú é i dtaobh an dáta a tháinig fianaise dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) ar a iúl nó ar a hiúl, beidh sé ina fhianaise ar an dáta sin agus, in aon imeachtaí dlíthiúla, déanfar doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é faoin alt seo agus a bheith sínithe amhlaidh a ghlacadh mar fhianaise gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurb é nó gurb í a shínigh an deimhniú, mura suífear a mhalairt.

(4) Toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur tionscnaíodh imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo laistigh den tréimhse chuí.

Luach fianaiseach sleachta as an gclár.

68 .— (1) In aon imeachtaí, beidh deimhniú arna shíniú ag an gCláraitheoir ar deimhniú é nach mbeidh ann ach faisnéis a ndearbhaítear ina leith gur tógadh í as na taifid chlárúcháin atá faoi rialú an Chláraitheora ina fhianaise leordhóthanach ar na fíorais atá luaite ann, go dtí go suífear a mhalairt.

(2) In aon imeachtaí, aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é faoi fho-alt (1), measfar gur deimhniú den sórt sin é agus gur shínigh an Cláraitheoir lena mbaineann é, go dtí go suífear a mhalairt.

(3) Aon deimhniú faoin alt seo a airbheartaíonn go bhfuil macasamhail de shíniú an Chláraitheora lena mbaineann nó cóip den síniú sin air ar macasamhail nó cóip í a chuirtear ar an deimhniú le stampa nó a tháirgtear le ríomhaire, measfar, chun críocha an ailt seo, gur shínigh an Cláraitheoir é, go dtí go suífear a mhalairt.

Daoine a ainmniú chuig boird nó coistí agus toghcháin.

69 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar aon duine a ainmneoidh comhlacht clárúcháin lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhlacht clárúcháin chuig coiste nó bord arna bhunú faoi Chuid 3, 45 a roghnú chun críocha an ainmniúcháin sin trí thoghchán de réir fodhlíthe arna ndéanamh ag an gcomhlacht faoin alt seo.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an méid seo a leanas—

(a) ainmniúcháin maidir leis na chéad daoine a cheapann comhlacht clárúcháin chuig coiste nó bord dá dtagraítear san fho-alt sin, nó

(b) comhlacht clárúcháin d’ainmniú duine d’fhonn an comhlacht do cheapadh an duine chun corrfholúntas a líonadh a éiríonn i measc na gcéad daoine a cheaptar amhlaidh.

(3) Chun na gcríoch a luaitear i bhfo-alt (1), déanfaidh comhlacht clárúcháin fodhlíthe, le toiliú an Aire, ar fodhlíthe iad lena ndéanfar foráil maidir le daoine de chuid na haicme seo a leanas daoine as measc na haicme sin a thoghadh, eadhon, daoine atá cláraithe nó cáilithe lena gclárú faoi Chuid 3, 45, de réir mar a bheidh, (agus nach bhfuil eisiata ón aicme sin de bhua fodhlíthe faoi fho-alt (4)).

(4) Féadfar, le fodhlíthe arna ndéanamh ag an gcomhlacht clárúcháin, aon duine nach bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát agus nach gcomhlíonann aon choinníoll nó ceanglas sonraithe a measann an comhlacht clárúcháin ina leith gur cuí é a shonrú sna fodhlíthe chun a chinntiú go n-oibríonn na fodhlíthe ar shlí phraiticiúil a eisiamh ón aicme sin roimhe seo.

(5) Forálfar le fodhlíthe faoin alt seo go ndéanfar an toghchán dá dtagraítear i bhfo-alt (3) trí mheán ballóide agus ar shlí a shonrófar sna fodhlíthe.

(6) Féadfar, le fodhlíthe faoin alt seo, foráil a dhéanamh maidir le cibé nithe forlíontacha, teagmhasacha agus iarmhartacha a mheasann an comhlacht clárúcháin a dhéanann na fodhlíthe a bheith riachtanach nó fóirsteanach, lena n-áirítear iarrthóirí a mheas a bheith arna dtoghadh gan toghchán a bheith le déanamh, i gcás ina bhfuil an líon daoine a roghnaítear go bailí mar iarrthóirí sa toghchán atá beartaithe níos lú ná an líon folúntas, nó comhionann leis an líon folúntas, sa bhord nó sa choiste lena mbaineann an toghchán atá beartaithe.

Seilbh oifige ag comhaltaí de chuid bord, etc., arna gceapadh ag comhlacht clárúcháin.

70 .— (1) Aon duine a cheapfaidh comhlacht clárúcháin ina chomhalta nó ina comhalta de bhord nó de choiste arna bhunú ag an gcomhlacht sin faoin Acht seo, beidh sé nó sí i seilbh oifige go ceann tréimhse 3 bliana, mura rud é go n-éagfaidh sé nó sí nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig roimhe sin.

(2) Ní bheidh aon duine a cheapfar de bhun ailt de chuid an Achta seo i seilbh oifige faoin alt sin ar feadh níos mó ná 2 théarma oifige as a chéile.

(3) Féadfaidh comhalta de bhord nó de choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1) éirí as oifig trí fhógra i scríbhinn arna shíniú aige nó aici a thabhairt don chomhlacht clárúcháin agus beidh éifeacht leis an éirí as ag an gcéad chruinniú eile den bhord clárúcháin.

(4) (a) Aon cheanglas (cibé acu i dtaobh comhairle a ghlacadh, i dtaobh ceadú duine eile a fháil nó ar shlí eile) a bhfuil feidhm aige maidir le hainmniú duine lena cheapadh nó lena ceapadh chuig bord nó coiste arna bhunú faoin Acht seo, beidh feidhm aige maidir le duine a ainmniú lena cheapadh nó lena ceapadh chun corrfholúntas i measc chomhaltas an bhoird nó an choiste a líonadh.

(b) Más rud é maidir le téarma oifige comhalta de bhord nó de choiste arna bhunú faoin Acht seo, go dtagann deireadh leis ar shlí seachas le himeacht aimsire, sonrófar, maidir le tréimhse oifige an duine a cheapfar chun an folúntas a tharlaíonn de thoradh an duine eile sin do scor de bheith i seilbh oifige a líonadh, gurb é a bheidh ann ná an chuid de thréimhse oifige an duine eile sin nach bhfuil tar éis dul in éag.

(5) Féadfaidh an comhlacht clárúcháin rialacha a dhéanamh ina sonrófar forais (amhail a bheith as láthair ó chruinnithe go minic nó iompar gairmiúil neamh-inghlactha) ar a bhféadfar comhalta de bhord nó de choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur as oifig agus an nós imeachta maidir leis an gcur as oifig sin agus, fad a bheidh rialacha faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm, féadfar comhalta den sórt sin a chur as oifig faoi réir agus de réir na rialacha.

Imeachtaí ag cruinnithe de chuid bord nó coistí.

71 .— (1) Déanfaidh bord nó coiste arna bhunú faoin Acht seo ag comhlacht clárúcháin cibé cruinnithe a thionól a mheasann sé is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Beidh vóta amháin ag cathaoirleach boird nó coiste den sórt sin agus ag gach comhalta eile den bhord nó den choiste sin.

(3) Ag cruinniú de bhord nó de choiste den sórt sin, rachaidh an cathaoirleach nó, i gcás ina mbeidh an cathaoirleach as láthair, comhalta a roghnóidh na comhaltaí atá i láthair, i gceannas ar an gcruinniú.

(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus beidh vóta réitigh ag an gcathaoirleach i gcás comhionannas vótaí a bheith ann.

(5) Is mar a leanas an córam do chruinniú den sórt sin—

(a) 6 chomhalta i gcás Coiste Iompair Ghairmiúil, nó

(b) 4 chomhalta in aon chás eile,

agus, faoi réir fho-alt (6), beidh tromlach na gcomhaltaí sin ina gcomhaltaí ar ainmnigh an tAire iad lena gceapadh mar chomhaltaí den bhord nó den choiste, de réir mar a bheidh.

(6) Féadfar cathaoirleach an bhoird nó an choiste, de réir mar a bheidh, má tá sé nó sí i láthair ag an gcruinniú, a áireamh chun críocha an tromlaigh sin.

(7) Féadfaidh Bord Iontrála, Bord Measúnachta Teicniúla, Bord Achomhairc nó Coiste Iompair Ghairmiúil a fheidhmeanna a chomhlíonadh cibé acu atá nó nach bhfuil folúntas ina chomhaltas agus ní chuirfear aon cheann dá imeachtaí ó bhail mar gheall ar aon locht ar cheapachán comhalta chuige.

Feidhmeanna i ndáil le rialacháin nó treoracha ó Chomhairle an AE nó ó Pharlaimint na hEorpa.

72 .— Déanfaidh comhlacht clárúcháin, nó bord nó coiste arna bhunú faoin Acht seo ag comhlacht clárúcháin, cibé feidhmeanna breise a shannfar dó, le rialachán arna dhéanamh ag an Aire, a chomhall i ndáil le cur i ngníomh ionstraime arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail Eorpacha maidir leis an ngairm iomchuí.

Tuarascáil bhliantúil ó chomhlacht clárúcháin.

73 .— (1) Déanfaidh comhlacht clárúcháin, a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana, tuarascáil a ullmhú ar a imeachtaí faoin Acht seo i rith na bliana sin.

(2) Sa tuarascáil sin, beidh cóip de chuntais an chomhlachta don bhliain lena mbaineann a mhéid a bhaineann siad lena ioncam agus lena chaiteachas i leith chomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo le linn na bliana sin agus is é a bheidh sna cuntais sin ná cuntais a bheidh deimhnithe ag iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh chun iniúchadh a dhéanamh orthu don bhliain lena mbaineann.

(3) A luaithe is féidir tar éis tuarascáil den sórt sin a ullmhú, cuirfidh an comhlacht clárúcháin faoi deara—

(a) an tuarascáil, agus cóip de na cuntais sin roimhe seo san áireamh inti, a fhoilsiú, agus

(b) cóipeanna den tuarascáil, agus an deimhniúchán sin roimhe seo i leith na gcuntas sin san áireamh i ngach cóip díobh sin, a chur ar fáil lena gceannach ag daoine den phobal.