|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Leasú ar an bPríomh-Acht, etc. ) | Ar Aghaidh ( CUID 4 Leasú ar an Acht Iomaíochta 2002 ) |
An tAcht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007
[EN] | ||
[EN] |
CUID 3 Leasú ar an Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000 | |
Leasú ar alt 2 den Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000 (léiriú). |
19 .— Leasaítear alt 2 den Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000 tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “soláthraí seirbhíse deimhniúcháin”: | |
[EN] | “ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide a bunaíodh faoin Acht um Rialáil Cumarsáide 2002;”. | |
Leasú ar alt 4 den Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000 (orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
20 .— Leasaítear alt 4 den Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000 trí “Déanfar gach ordú arna dhéanamh faoin Acht seo (seachas ordú arna dhéanamh faoi alt 1(2)), agus gach rialachán arna dhéanamh faoi alt 3 nó 32” a chur in ionad “Déanfar gach ordú (seachas ordú arna dhéanamh faoi alt 1(2)) nó rialachán arna dhéanamh ag an Aire faoi alt 3”. | |
Cuid nua a chur in ionad Chuid 4 den Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000. |
21 .— Leasaítear an tAcht um Thráchtáil Leictreonach 2000 tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid 4 (alt 31): | |
[EN] | “CUID 4 | |
[EN] | Clárú Ainmneacha Fearainn | |
[EN] | Léiriú: Cuid 4. | |
[EN] | 31.— Sa Chuid seo, ciallaíonn ‘ ainm fearainn “.ie” ’ an leibhéal bairr den chóras ainmneacha fearainn domhanda atá sannta d’Éirinn de réir an chóid dhá litir sa Chaighdeán Idirnáisiúnta ISO 3166-1 (Cóid le haghaidh Léiriú Ainmneacha Tíortha agus a bhForoinnte) de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú. | |
[EN] | Clárú ainmneacha fearainn ‘.ie’. | |
[EN] | 32.— (1) Is é críoch na Coda seo go n-éascófar tuiscint fhurasta, cothroime, trédhearcacht, seachaint meabhlaireachta, cur chun cinn na hiomaíochta córa agus muinín an phobail maidir le hainmneacha fearainn ‘.ie’ a úsáid. | |
[EN] | (2) Ní úsáidfidh duine ainm fearainn ‘.ie’ mura mbeidh an t-ainm cláraithe de réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Coimisiún rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo, ach sin amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus le cibé daoine agus comhlachtaí poiblí eile (más ann) is cuí leis an gCoimisiún. | |
[EN] | (4) Go háirithe, féadfar le rialacháin faoi fho-alt (3) gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh: | |
[EN] | (a) eintiteas a shonrú mar an t-údarás a údaraítear chun ainmneacha fearainn ‘.ie’ a chlárú; | |
[EN] | (b) an fhoirm agus an chaoi a fhorordú ar dá réir a dhéanfar iarratas ar ainm fearainn ‘.ie’ a chlárú nó ar chlárú ainm fearainn ‘.ie’ a athnuachan; | |
[EN] | (c) na himthosca a fhorordú ina bhféadfar, an chaoi a bhféadfar agus na téarmaí ar a bhféadfar ainm fearainn ‘.ie’ a chlárú agus an tréimhse a bhféadfar ainm fearainn ‘.ie’ a chlárú lena haghaidh; | |
[EN] | (d) na himthosca a fhorordú ina bhféadfar, an chaoi a bhféadfar agus na téarmaí ar a bhféadfar clárú ainm fearainn ‘.ie’ a athnuachan agus an tréimhse a bhféadfar clárú ainm fearainn ‘.ie’ a athnuachan lena haghaidh; | |
[EN] | (e) na himthosca a fhorordú ina bhféadfaidh agus an chaoi a bhféadfaidh an t-údarás clárúcháin iarratas ar ainm fearainn ‘.ie’ a chlárú nó iarratas ar chlárú ainm fearainn ‘.ie’ a athnuachan a dhiúltú; | |
[EN] | (f) cumhacht a thabhairt don údarás clárúcháin clárú ainm fearainn ‘.ie’ a chúlghairm in imthosca sonraithe; | |
[EN] | (g) ceart a thabhairt achomharc a dhéanamh in aghaidh— | |
[EN] | (i) diúltú iarratais ar ainm fearainn ‘.ie’ a chlárú nó diúltú iarratais ar chlárú ainm fearainn ‘.ie’ a athnuachan, agus | |
[EN] | (ii) clárú ainm den sórt sin a chúlghairm; | |
[EN] | (h) foráil a dhéanamh maidir leis an nós imeachta le haghaidh achomhairc a éisteacht agus a chinneadh; | |
[EN] | (i) na táillí (más ann) a fhorordú a bheidh le híoc ar ainm fearainn ‘.ie’ a chlárú agus ar chlárú ainm fearainn ‘.ie’ a athnuachan agus an tréimhse ar lena linn a dhéanfar na táillí sin a íoc agus an chaoi a ndéanfar sin; | |
[EN] | (j) foráil a dhéanamh maidir le cibé nithe eile a bhaineann le clárúchán agus is dóigh leis an gCoimisiún atá riachtanach nó inmhianaithe chun críocha an ailt seo. | |
[EN] | (5) Forálfar leis na rialacháin go nglacfar leis, maidir le daoine a mbeidh ainmneacha fearainn ‘.ie’ cláraithe acu sular tháinig na rialacháin i ngníomh, gur chláraigh siad na hainmneacha sin de réir na rialachán. | |
[EN] | (6) Aon duine a sháraíonn fo-alt (2), nó a sháraíonn rialachán arna dhéanamh faoin alt seo, dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó na €5,000 a chur air nó uirthi. | |
[EN] | Féadfaidh an Coimisiún tobhach a fhorchur. | |
[EN] | 33.— (1) D’fhonn ciste a sholáthar faoi chomhair na gcaiteachas a thabhóidh an Coimisiún go cuí i gcomhlíonadh a fheidhme i leith úsáid ainmneacha fearainn ‘.ie’ sa Stát, féadfaidh an Coimisiún, le hordú, tobhach a fhorchur ar an eintiteas a bheidh údaraithe chun ainmneacha fearainn ‘.ie’ a chlárú sa Stát. Sonrófar san ordú an sprioc ama a bhainfidh le tobhach den sórt sin a íoc. | |
[EN] | (2) Le linn d’ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a bheith i bhfeidhm, déanfaidh an t-eintiteas an méid tobhaigh a shonrófar amhlaidh a íoc leis an gCoimisiún roimh an sprioc ama a bheidh sonraithe san ordú. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn an t-eintiteas tobhach a íoc faoin sprioc ama a bheidh socraithe lena íoc, féadfaidh an Coimisiún, le himeachtaí arna dtionscnamh i gcúirt dlínse inniúla, méid an tobhaigh a ghnóthú ón eintiteas mar fhiach atá dlite don Choimisiún. | |
[EN] | Rochtain le bheith ag an gCoimisiún ar bhunachar sonraí na bhfearann. | |
[EN] | 34.— Tá an Coimisiún i dteideal rochtain a bheith aige gach tráth ar gach bunachar sonraí idirlín ainmneacha fearainn ‘.ie’ agus ar aon taifid ghaolmhara. | |
[EN] | Cumhacht an Choimisiúin údarás eatramhach clárúcháin a ainmniú. | |
[EN] | 35.— (1) Féadfaidh an Coimisiún, más dóigh leis gur cuí déanamh amhlaidh, duine a ainmniú ar bhonn eatramhach, le toiliú an Aire, mar an t-údarás clárúcháin chun críocha rialachán a bheidh i bhfeidhm faoi alt 32. | |
[EN] | (2) Is go ceann tréimhse nach faide ná 12 mhí a dhéanfar ainmniú faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (3) agus is ar cibé téarmaí a shonrófar san ainmniú a dhéanfar é. | |
[EN] | (3) Féadfar ainmniú faoi fho-alt (1) nó faoin bhfo-alt seo a athnuachan, le toiliú an Aire, go ceann tréimhse breise nach faide na 12 mhí ar cibé téarmaí a shonrófar san athnuachan ar an ainmniú. | |
[EN] | (4) Tá éifeacht leis an alt seo d’ainneoin aon ní dá mhalairt in aon rialacháin a bheidh i bhfeidhm faoi alt 32.”. |