An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( SCEIDEAL 1 Leasú Iarmhartach ar Achtanna Áirithe ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 3 Cosaintí agus Forálacha Idirthréimhseacha )

22 2007

An tAcht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007

SCEIDEAL 2

Leasú Iarmhartach ar Ionstraimí Reachtúla Áirithe

Alt 4(3).

CUID 1

Leasú ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Bonneagar Teileachumarsáide) 1997 (I.R. Uimh. 338 de 1997)

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Rialachán 2

An mhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (1):

“(2) Sna Rialacháin seo, ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide a bunaíodh le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002.”.

2.

Rialachán 3

Sa mhíniú ar “scéim náisiúnta uimhrithe” i mír (2), “an Coimisiún ina leagtar amach” a chur in ionad “an Stiúrthóir Rialála Teileachumarsáide ina leagtar amach”.

3.

Rialachán 9

An Rialachán a scriosadh.

CUID 2

Leasú ar na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Teileafónaíochta Soghluaiste GSM agus TACS) 1997 (I.R. Uimh. 468 de 1997)

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Rialachán 2

(a) I mír (1), an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Stiúrthóir”:

“ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide a bunaíodh le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002 (Uimh. 20 de 2002);”.

(b) Mír (3) a scriosadh.

2.

Rialachán 3

(a) I míreanna (1) agus (2), an leagan cuí gramadaí de na focail “an Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “an Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil siad.

(b) An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (3):

“(3) Aon duine a dhéanfaidh iarratas chun an Choimisiúin faoi mhír (1) den Rialachán seo, soláthróidh sé nó sí cibé faisnéis a theastóidh le réasún ón gCoimisiún chun a chumasú dó a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh faoi na Rialacháin seo. Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an t-iarratasóir, gan cúis réasúnach, an mhír seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún diúltú leanúint de bheith ag plé leis an iarratas.”.

3.

Rialachán 4

An leagan cuí gramadaí de na focail “an Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “an Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil siad.

4.

Rialachán 5

(a) An leagan cuí gramadaí de na focail “an Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “an Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil siad.

(b) “sé” a chur in ionad “sé nó sí”, gach áit a bhfuil sé.

5.

Rialachán 6

(a) An leagan cuí gramadaí de na focail “an Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “an Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil siad.

(b) I mír (3), “sé” a chur in ionad “sé nó sí”.

6.

Rialachán 7

(a) An leagan cuí gramadaí de na focail “an Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “an Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil siad.

(b) I mír (1), “sé” a chur in ionad “sé nó sí”.

7.

Rialachán 8

(a) An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (3):

“(3) Tá an táille dá dtagraítear i míreanna (1) agus (2) iníoctha leis an gCoimisiún le dréacht baincéara nó ar cibé modh eile agus ar cibé téarmaí a chinnfidh an Coimisiún.”.

(b) I mír (6), “an Coimisiún” a chur in ionad “an Stiúrthóir”.

8.

Sceideal

(a) “I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 5(1) den Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Uimh. 45 de 1926), agus le halt 4 den Acht Teileachumarsáide (Forálacha Ilghnéitheacha) 1996 (Uimh. 34 de 1996), deonaíonn an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide an ceadúnas seo a leanas don duine seo a leanas” a chur in ionad “I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 5(1) den Acht Radio-Thelegrafaíochta 1926 (Uimh. 45 de 1926), agus le halt 4 den Acht Teileachumarsáide (Forálacha Ilghnéitheacha), 1996 (Uimh. 34 de 1996), deonaímse, an Stiúrthóir Rialála Cumarsáide, an Ceadúnas seo a leanas don duine seo a leanas”.

(b) I mír (2), an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Stiúrthóir”:

“ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide a bunaíodh le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002 (Uimh. 20 de 2002);”.

(c) I mír (5), an leagan cuí gramadaí de na focail “an Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “an Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil siad.

(d) I mír (5)(m) agus (n), “sé” a chur in ionad “sé nó sí”.

CUID 3

Leasú ar na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Pointe Fhosaithigh Raidió go Rochtain Ilphointeach) 1999 (I.R. Uimh. 287 de 1999)

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Rialachán 2

(a) Sna mínithe ar “gaireas”, “iarratas”, “Córais Raidió Pointe go hIlphointeach” agus “Ceadúnas Teileachumarsáide” i mír (1), an leagan cuí gramadaí den fhocal “Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “Stiúrthóir” gach áit a bhfuil sé.

(b) I mír (1), an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Stiúrthóir”:

“ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide arna bhunú le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002 (Uimh. 20 de 2002);”.

(c) Mír (3) a scriosadh.

2.

Rialachán 4

(a) An leagan cuí gramadaí den fhocal “Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “Stiúrthóir” gach áit a bhfuil sé.

(b) I mír (2), “nó a feidhmeanna” a scriosadh.

3.

Rialacháin 5, 6, 7 agus 9

An leagan cuí gramadaí den fhocal “Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “Stiúrthóir” gach áit a bhfuil sé.

4.

Rialachán 8

(a) An leagan cuí gramadaí den fhocal “Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “Stiúrthóir” gach áit a bhfuil sé.

(b) I mír (2), “nó a feidhmeanna” a scriosadh.

CUID 4

Leasú ar na Rialacháin Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Teileafónaíochta Soghluaiste GSM agus TACS) 1999 (I.R. Uimh. 442 de 1999)

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Rialachán 2

(a) I mír (1), an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Stiúrthóir”:

“ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide arna bhunú le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002 (Uimh. 20 de 2002);”.

(b) Mír (3) a scriosadh.

2.

Rialacháin 3, 4 agus 5

An leagan cuí gramadaí den fhocal “Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil sé.

3.

Rialachán 6

(a) An leagan cuí gramadaí den fhocal “Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil sé.

(b) I mír (3), “féadfaidh sé” a chur in ionad “féadfaidh sé nó sí”.

4.

Rialachán 7

I mír (1)―

(a) An leagan cuí gramadaí den fhocal “Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagróidh den fhocal “Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil sé.

(b) “is dóigh leis” a chur in ionad “is dóigh leis nó léi”.

5.

Rialachán 8

(a) An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (3):

“(3) Tá na táillí a shonraítear i míreanna (1) agus (2) iníoctha leis an gCoimisiún le dréacht baincéara nó ar cibé modh eile agus ar cibé téarmaí a chinnfidh an Coimisiún.”.

(b) I mír (6), “an Coimisiún” a chur in ionad “an Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil sé.

CUID 5

Leasú ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain Choinníollach) 2000 (I.R. Uimh. 357 de 2000)

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Rialachán 2

I mír (1)―

(a) an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “seirbhís ghaolmhar”:

“ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide arna bhunú le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002 (Uimh. 20 de 2002);”,

(b) an míniú ar “Stiúrthóir” a scriosadh.

2.

Rialachán 4

(a) I mír (1), “don Choimisiún” a chur in ionad “don Stiúrthóir”.

(b) An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (3):

“(3) Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is cuí leis, feiste aindleathach a fhorghéillfear faoi mhír (1) a dhíothú nó a dhiúscairt ar shlí eile.”.

3.

Rialachán 5

An méid seo a leanas a chur in ionad mhír (1):

“(1) Féadfaidh an Coimisiún cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe a mheasfaidh sé is gá chun a áirithiú go ndéanfar na Rialacháin seo a chomhlíonadh.”.

4.

Rialachán 6

I mír (2), “an Coimisiún” a chur in ionad “an Stiúrthóir”.

CUID 6

Leasú ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trealamh Raidió agus Trealamh Teirminéil Teileachumarsáide) 2001 (I.R. Uimh. 240 de 2001)

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

1.

Rialachán 2

I mír (1)―

(a) an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Coimisiún”:

“ciallaíonn ‘Coimisiún’ an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide arna bhunú le Cuid 2 den Acht um Rialáil Cumarsáide 2002 (Uimh. 20 de 2002);”,

(b) an míniú ar “Stiúrthóir” a scriosadh,

(c) sa mhíniú ar “comhlacht a dtugtar fógra ina leith”, “don Choimisiún Eorpach” a chur in ionad “don Choimisiún”.

2.

Rialachán 4

(a) An leagan cuí gramadaí den abairt “Coimisiún Eorpach” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “Coimisiún”, gach áit a bhfuil sé.

(b) An leagan cuí gramadaí den fhocal “Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil sé.

3.

Rialachán 5

(a) An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (4):

“(4) Cinnteoidh oibritheoir go bhfuil foilsiú faoi oibleagáidí an Rialacháin seo de réir aon cheanglas nó treoracha a shonróidh an Coimisiún ó am go ham.”.

(b) “tabharfaidh an Coimisiún fógra don Choimisiún Eorpach” a chur in ionad “tabharfaidh an Stiúrthóir fógra don Choimisiún”.

4.

Rialachán 6

An leagan cuí gramadaí den fhocal “Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil sé.

5.

Rialachán 7

(a) I mír (2), an leagan cuí gramadaí den fhocal “Coimisiún” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal “Stiúrthóir”, gach áit a bhfuil sé.

(b) Na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (4) agus (5):

“(4) Cuirfidh oibritheoir a dhéanfaidh gaireas a dhínascadh de réir mhír (3) an dínascadh in iúl don Choimisiún láithreach. A luaithe is indéanta tar éis don Choimisiún a iarraidh air déanamh amhlaidh, soláthróidh an t-oibritheoir don Choimisiún cibé faisnéis iomchuí maidir leis an dínascadh a shonróidh an Coimisiún.

(5) A luaithe is indéanta tar éis údarú faoi mhír (2) a eisiúint, déanfaidh an Coimisiún fógra faoin údarú a thabhairt don Choimisiún Eorpach.”.

6.

Rialachán 9

An Rialachán seo a leanas a chur ina ionad:

“9.―(1) Féadfaidh an Coimisiún, ó am go ham, cibé daoine a mheasfaidh sé is gá a cheapadh chun bheith ina gcomhlachtaí a dtugtar fógra ina leith faoi na Rialacháin seo, ag féachaint do na critéir a shonraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir. Le linn ceapachán den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil leis.

(2) Cuirfidh an Coimisiún ainmneacha na gcomhlachtaí a dtugtar fógra ina leith agus a cheapfar faoi mhír (1) in iúl don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit eile.

(3) Féadfaidh ceapachán faoi mhír (1) a bheith ann go ceann tréimhse socraithe nó éiginnte. Maidir leis an gCoimisiún―

(a) féadfaidh sé ceapachán a chúlghairm aon tráth, agus

(b) déanfaidh sé ceapachán a chúlghairm má chreideann sé le réasún nach gcomhlíonann an comhlacht sa Stát a dtugtar fógra ina leith na coinníollacha dá dtagraítear i mír (1) nó go bhfuil sé tar éis scor de na coinníollacha sin a chomhlíonadh.

(4) Féadfaidh an Coimisiún―

(a) aon cheann nó gach ceann de na coinníollacha (más ann) a cuireadh ag gabháil, faoi mhír (1), le ceapachán arna dhéanamh faoin mír sin a leasú nó a chúlghairm, nó

(b) coinníollacha breise a chur ag gabháil leis an gceapachán sin ó am go ham le haghaidh bainistiú éifeachtúil cuí an chomhlachta a bheidh i gceist.

(5) A luaithe is indéanta tar éis ceapachán a chúlghairm faoi mhír (4), déanfaidh an Coimisiún fógra maidir leis an gcúlghairm a thabhairt don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit eile.”.

7.

Rialachán 11

(a) Na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (1) go (4):

“(1) Má tá an Coimisiún den tuairim―

(a) nach gcomhlíonann aon ghaireas lena mbaineann na Rialacháin seo na Rialacháin seo, nó

(b) go raibh nó go bhfuil trealamh raidió ina chúis le trasnaíocht dhochrach,

féadfaidh sé a ordú don duine lena mbaineann gníomh amháin nó níos mó de na gníomhartha a shonraítear i mír (2) a dhéanamh.

(2) Sonraítear na gníomhartha seo a leanas chun críche mhír (1):

(a) an gaireas nó an trealamh a tharraingt siar ón margadh nó as seirbhís;

(b) gan an gaireas nó an trealamh a chur ar an margadh, nó é a chur ar seirbhís;

(c) gan an gaireas nó an trealamh nó aon chuid de a bhogadh;

(d) aon rud eile a dhéanamh nó gan aon rud eile a dhéanamh d’fhonn na Rialacháin seo agus an Treoir a chomhlíonadh.

(3) Féadfaidh an Coimisiún aon bhearta cuí eile a dhéanamh, lena n-áirítear gaireas nó trealamh raidió a urghabháil agus a bhaint den mhargadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na Rialacháin seo agus go seachnófar trasnaíocht dhochrach.

(4) Tabharfaidh an Coimisiún an deis d’aon duine dár thug sé ordachán, nó a ndéanfaidh bearta a dhéanfaidh an Coimisiún faoin Rialachán seo difear dó nó di thairis sin, uiríll a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an ordachán nó maidir leis na bearta. Más rud é, mar gheall ar phráinn an ní, nach dtabharfar an deis sin sula dtabharfar an t-ordachán nó sula ndéanfar bearta eile, tabharfaidh an Coimisiún deis den sórt sin a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

(4A) Is i scríbhinn a bheidh ordachán a thabharfar faoin Rialachán seo agus—

(a) luafar ann na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe, agus

(b) cuirfear an ceart achomhairc faoi Rialachán 13 in iúl don duine ann.

(4B) Féadfaidh an Coimisiún, más dóigh leis gur cuí déanamh amhlaidh, aon ordachán a thabharfar faoin Rialachán seo a tharraingt siar nó a leasú le hordachán eile i scríbhinn.”.

(b) An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (7):

“(7) De réir Airteagal 9 den Treoir, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Choimisiún Eorpach maidir le haon ordachán iomchuí nó maidir le bearta eile a dhéanfar faoin Rialachán seo.”.

(c) I mír (8), “an Coimisiún” a chur in ionad “an Stiúrthóir”.

8.

Rialachán 13

I mír (3), “don Choimisiún” a chur in ionad “don Stiúrthóir”.

9.

Rialachán 14

An Rialachán seo a leanas a chur ina ionad:

“14.―(1) Má tá an Coimisiún den tuairim, maidir le gaireas lena mbaineann na Rialacháin seo—

(a) go bhfuil sé á chur ar an margadh, nó go bhféadfar é a chur ar an margadh, agus

(b) gur dóigh dó a bheith ina chúis le mórdhíobháil nó le damáiste do mhaoin nó le trasnaíocht dhochrach,

féadfaidh an Coimisiún iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú faoi mhír (4). Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas den sórt sin.

(2) Ní ceadmhach don Ard-Chúirt an t-iarratas a éisteacht ach amháin más deimhin léi go ndearnadh cóip den iarratas a sheirbheáil ar an duine a líomhnaítear a bheith freagrach as an ngaireas a chur ar an margadh nó as beartú an gaireas a chur ar an margadh. Ar chóip den sórt sin a sheirbheáil air nó uirthi, is é an duine an freagróir san iarratas.

(3) Féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach is cuí léi a dhéanamh go dtí go gcinnfear iarratas a dhéanfar faoi mhír (1). Ní ceadmhach don Ard-Chúirt faoiseamh eatramhach nó idirbhreitheach a dhiúltú de bhíthin amháin nach bhféadfadh go mbainfeadh damáiste don Choimisiún dá mba rud nach ndeonófaí faoiseamh go dtí go gcinnfí an t-iarratas.

(4) Ar iarratas arna dhéanamh faoi mhír (1) a éisteacht, féadfaidh an Ard-Chúirt, más dóigh léi gur cuí déanamh amhlaidh, ceachtar de na horduithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh:

(a) más dealraitheach don Chúirt gur chuir an freagróir an gaireas ar an margadh, ordú á cheangal ar an bhfreagróir an gaireas a bhaint den mhargadh; nó

(b) más dealraitheach don Chúirt go bhfuil beartaithe ag an bhfreagróir an gaireas a chur ar an margadh, nó go bhfuil sé nó sí ag leanúint den ghaireas a chur ar an margadh, ordú á thoirmeasc ar an bhfreagróir déanamh amhlaidh nó leanúint de dhéanamh amhlaidh.

(5) Má dhéanann an Ard-Chúirt ordú faoi mhír (4), féadfaidh sí cibé orduithe coimhdeacha a dhéanamh is cuí léi.”.

10.

Rialachán 15

(a) An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (1):

“(1) Féadfaidh an Coimisiún cibé oifigigh agus cibé líon oifigeach dá chuid nó de chuid Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí nó aon daoine eile is dóigh leis a bheith cáilithe go cuí a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críche na Rialachán seo agus na Treorach.”.

(b) I mír (3), “a chumasú don Choimisiún a fheidhmeanna a chomhlíonadh” a chur in ionad “a chumasú don Stiúrthóir a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú”.

(c) An fhomhír seo a leanas a chur in ionad mhír (3)(c):

“(c) a cheangal ar aon duine atá ar an áitreabh, san áit, san fheithicil, sa soitheach nó san aerárthach, nó atá fostaithe sa chéanna, nó ar dealraitheach gurb é nó í úinéir an chéanna nó go bhfuil sé nó sí i bhfeighil an chéanna―

(i) cibé faisnéis a thabhairt don oifigeach, nó

(ii) cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile atá i seilbh nó faoi rialú an duine a thabhairt ar aird don oifigeach,

a theastóidh le réasún ón oifigeach nó ón gCoimisiún chun feidhmeanna an oifigigh nó an Choimisiúin faoi na Rialacháin seo a chomhlíonadh;”.

11.

Rialachán 17

Na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (1) agus (2):

“(1) A luaithe is indéanta tar éis scrúdú den sórt sin a chríochnú, tabharfaidh an Coimisiún nó an duine ainmnithe an rud ar ais don oifigeach údaraithe lena mbaineann nó d’aon oifigeach údaraithe eile a mbeidh dualgais i ndáil leis an ní lena mbaineann sannta dó nó di de thuras na huaire.

(2) Má chreideann oifigeach údaraithe le réasún gur fianaise ar chion faoi na Rialacháin seo rud dá dtagraítear i mír (1), nó go mbaineann sé le cion faoi na Rialacháin seo (cibé acu mar thoradh ar scrúdú dá dtagraítear sa mhír sin nó nach ea), féadfaidh an t-oifigeach an rud a choinneáil―

(a) go ceann cibé tréimhse is réasúnach ó dháta na hurghabhála, nó

(b) má thosaítear imeachtaí faoi na Rialacháin seo ina mbeidh an rud le húsáid i bhfianaise, go dtí go dtabharfar na himeachtaí sin chun críche.

A luaithe is indéanta tar éis dheireadh na tréimhse sin, nó tar éis na himeachtaí sin a thabhairt chun críche, déanfaidh an t-oifigeach, nó oifigeach údaraithe éigin eile a mbeidh dualgais i ndáil leis an ní sannta dó nó di de thuras na huaire, an rud a sheachadadh ar cibé duine is úinéir an ruda, i dtuairim an oifigigh.”.

12.

Rialachán 18

I mír (3), “an Coimisiún” a chur in ionad “an Stiúrthóir”.

13.

Sceideal 1

(a) An ceannteideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Rialachán 21:

“Sceideal 1”.

(b) In ítim 5 den ní dar ceannteideal “TREALAMH A MHARCÁIL”, “an Coimisiún Eorpach” a chur in ionad “an Coimisiún”.