An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( SCEIDEAL 2 Leasú Iarmhartach ar Ionstraimí Reachtúla Áirithe )

22 2007

An tAcht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007

SCEIDEAL 3

Cosaintí agus Forálacha Idirthréimhseacha

Alt 4(4).

Léiriú: Sceideal 3.

1. Sa Sceideal seo—

tá le “ Coimisiún ” an bhrí chéanna atá leis sa Phríomh-Acht;

ciallaíonn “ Stiúrthóir ” an Stiúrthóir Rialála Teileachumarsáide a bhí, díreach roimh thosach feidhme alt 9 den Phríomh-Acht, i seilbh oifige sa cháil sin faoin Acht Teileachumarsáide (Forálacha Ilghnéitheacha) 1996;

ciallaíonn “ lá iomchuí ”—

(a) i ndáil le feidhm a aistrítear chun an Choimisiúin faoi alt 9 den Phríomh-Acht (mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 4 den Acht seo), an lá bunaithe dá dtagraítear san alt sin, nó

(b) i ndáil le haon ní eile, an lá a tháinig alt 4 den Acht seo i ngníomh;

ciallaíonn “ Aire iomchuí ” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta nó aon Aire dár aistríodh feidhmeanna an Aire sin dá éis sin.

Orduithe arna ndéanamh roimh an lá iomchuí.

2. Más rud é—

(a) go raibh ordú a rinne Aire faoi Acht nó ionstraim reachtúil arna leasú ag an Acht seo i bhfeidhm díreach roimh an lá iomchuí, agus

(b) go mbeadh cumhacht ag an gCoimisiún ordú den sórt sin a dhéanamh faoin Acht nó faoin ionstraim reachtúil sin mar a bhí i bhfeidhm an lá sin agus dá éis,

leanann an t-ordú de bheith i bhfeidhm an lá sin agus dá éis, agus féadfaidh an Coimisiún, faoi réir an Achta nó na hionstraime sin, é a chúlghairm.

Ceapacháin arna ndéanamh roimh an lá iomchuí.

3. Más rud é—

(a) maidir le duine a ceapadh chun oifige nó poist faoi Acht nó faoi ionstraim reachtúil arna leasú leis an Acht seo, go raibh sé nó sí i seilbh na hoifige nó an phoist díreach roimh an lá iomchuí, agus

(b) go bhféadfadh an Coimisiún an duine a cheapadh faoin Acht nó faoin ionstraim reachtúil leasaithe mar a bhí i bhfeidhm an lá sin agus dá éis,

leanann an duine de bheith i seilbh na hoifige nó an phoist an lá sin agus dá éis ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse dár ceapadh an duine i gcéaduair agus faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar ar ceapadh é nó í i gcéaduair.

Imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh roimh an lá iomchuí.

4. (1) Más rud é—

(a) maidir le himeachtaí sibhialta a thionscain nó a chosain an Stiúrthóir nó an tAire iomchuí faoi Acht nó faoi ionstraim reachtúil arna leasú leis an Acht seo, go raibh siad ar feitheamh díreach roimh an lá iomchuí, agus

(b) go bhféadfadh an Coimisiún na himeachtaí sin a thionscnamh nó a chosaint faoin Acht nó faoin ionstraim reachtúil sin mar a bhí i bhfeidhm ar an tosach feidhme sin agus dá éis,

ansin, ar an tosach feidhme sin, tagann an Coimisiún chun bheith ina ghearánaí nó ina chosantóir sna himeachtaí sin agus féadfaidh sé leanúint díobh nó iad a chosaint dá réir sin.

(2) Más rud é—

(a) díreach roimh an lá iomchuí, maidir le himeachtaí a thionscain an Stiúrthóir nó aon tAire iomchuí nó a tionscnaíodh faoina údarás nó faoina húdarás, go raibh siad ar feitheamh faoi Acht nó faoi ionstraim reachtúil arna leasú leis an Acht seo, agus

(b) go bhféadfadh an Coimisiún na himeachtaí sin a thionscnamh nó a chosaint faoin Acht nó faoin ionstraim sin mar a bhí i bhfeidhm an lá sin agus dá éis,

ansin, an lá sin, tagann an Coimisiún chun bheith ina ghearánaí nó ina ionchúisitheoir sna himeachtaí sin agus féadfaidh an Coimisiún leanúint de na himeachtaí sin a ionchúiseamh dá réir sin.

Doiciméid arna gcruthú roimh an lá iomchuí.

5. (1) Más rud é—

(a) go raibh, díreach roimh an lá iomchuí, éifeacht le doiciméad (ar nós fógra, taifead, deimhniú nó ceadúnas) arna dheonú nó arna dhéanamh ag an Stiúrthóir nó ag an Aire iomchuí faoi Acht nó faoi ionstraim reachtúil arna leasú leis an Acht seo, agus

(b) go bhféadfadh an Coimisiún an doiciméad a dheonú nó a dhéanamh faoin Acht nó faoin ionstraim reachtúil an lá sin nó dá éis,

leanann an doiciméad d’éifeacht a bheith leis an lá sin agus dá éis ionann is dá mba é an Coimisiún a dheonaigh nó a rinne é.

(2) Más rud é, maidir le doiciméad a leanann d’éifeacht a bheith leis mar gheall ar fhomhír (1), go raibh sé, díreach roimh an lá iomchuí, i seilbh an Stiúrthóra nó an Aire iomchuí agus gur fhan an doiciméad i seilbh duine seachas an Coimisiún an lá sin agus dá éis, déanfaidh an duine an doiciméad a sheachadadh ar an gCoimisiún a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme na míre seo.

Gníomhartha a rinneadh agus nár críochnaíodh roimh an tosach feidhme iomchuí.

6. Gan dochar do mhíreanna 2, 3, agus 4 den Sceideal seo, más rud é—

(a) maidir le gníomh a rinne an Stiúrthóir nó an tAire iomchuí faoi Acht nó faoi ionstraim reachtúil arna leasú leis an Acht seo, nár críochnaíodh an gníomh roimh an lá iomchuí, agus

(b) go bhféadfadh an Coimisiún, nó go bhféadfaí, faoi údarás an Choimisiúin, an gníomh a dhéanamh faoin Acht nó faoin ionstraim reachtúil mar a bhí i bhfeidhm an lá sin nó dá éis,

féadfaidh an Coimisiún leanúint den ghníomh agus é a chríochnú.