An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 3 Cáin Bhreisluacha ) Ar Aghaidh (CUID 5 Cáin Fháltas Caipitiúil )

3 2008

TODO

CUID 4

Dleachtanna stampa

Léiriú (Cuid 4).

110 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “ Príomh-Acht ” an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999.

Ionstraimí a stampáil go leictreonach.

111 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 1—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “dísle”:

“ciallaíonn ‘ tuairisceán leictreonach ’ tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt do na Coimisinéirí tríd an gcóras ríomhstampála;

ciallaíonn ‘córas ríomhstampála’ an córas leictreonach arna bhunú ag na Coimisinéirí trínar féidir tuairisceáin leictreonacha a thabhairt do na Coimisinéirí agus trínar féidir leis na Coimisinéirí deimhnithe stampa a eisiúint;”,

(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c) den mhíniú ar “stampa”:

“(b) aon admháil i cibé foirm arna heisiúint ag na Coimisinéirí nó faoina stiúradh,

(c) stampa greamaitheach arna eisiúint ag na Coimisinéirí nó faoina stiúradh, nó

(d) deimhniú stampa,”,

agus

(iii) trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “stampáilte”:

“ciallaíonn ‘deimhniú stampa’ deimhniú arna eisiúint ag na Coimisinéirí tríd an gcóras ríomhstampála;

tá feidhm ag an mbriathar ‘stampáil’, i ndáil le hionstraim agus le hábhar, maidir le hionstraim a bhfuil deimhniú stampa arna eisiúint i leith na hionstraime ag gabháil léi chomh maith le hionstraim agus ábhar a bhfuil stampa múnlaithe uirthi nó air ar mhodh dísle agus ionstraim agus ábhar a bhfuil stampa greamaitheach greamaithe di nó de;”,

(b) in alt 4 trí “is le stampaí múnlaithe nó tríd an deimhniú stampa arna eisiúint i leith na hionstraime sin a chur ag gabháil leis an ionstraim a bheidh sí le taispeáint” a chur in ionad “is le stampa múnlaithe agus mar sin amháin a bheidh sí le taispeáint”,

(c) in alt 8(2) trí “a fhorordú ó am go ham; ach i gcás ina bhfuil an ionstraim stampáilte tríd an gcóras ríomhstampála agus faoi réir na Coimisinéirí do dhéanamh rialacháin faoi alt 17A i ndáil leis an tráth a cheanglaítear ráiteas a sheachadadh orthu, ansin ní cheanglaítear an ráiteas sin a sheachadadh ach sin sa chás amháin go ndéantar an fhianaise i ndáil leis na fíorais agus na himthosca go léir, a fhearann ar inmhuirearaitheacht na hionstraime i leith dleachta, a choimeád go ceann tréimhse 4 bliana ón dáta a dhéantar an ionstraim a stampáil agus a chur ar fáil do na Coimisinéirí ar sin a iarraidh” a chur in ionad “a fhorordú ó am go ham”,

(d) in alt 12 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i gcás ina ndéantar an t-aistriú nó an léas lena mbaineann le hionstraim atá stampáilte tríd an gcóras ríomhstampála.”,

(e) in alt 14(4) trí “le stampa ar leith nó trína chur ar áireamh in aon deimhniú stampa arna eisiúint maidir leis an ionstraim sin” a chur in ionad “le stampa ar leith”,

(f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 17:

“Rialacháin ríomhstampála.

17A.— Féadfaidh na Coimisinéirí rialacháin a dhéanamh maidir le hoibriú an chórais ríomhstampála agus féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin sin go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) tosach oibriú an chórais ríomhstampála,

(b) a cheangal go ndéanfar ionstraimí, nó aicme shonraithe nó aicmí sonraithe ionstraimí, is inmhuirearaithe le dleacht stampa, a stampáil tríd an gcóras ríomhstampála,

(c) a cheangal go seachadfar faisnéis agus an modh ina seachadfar í i ndáil leis na fíorais agus na himthosca a fhearann ar inmhuirearaitheacht ionstraime i leith dleachta,

(d) tuairisceán leictreonach a thabhairt agus an fhaisnéis a cheanglaítear a bheith ar áireamh sa tuairisceán, lena n-áirítear an modh ina ndéanfar an fhaisnéis a thaifeadadh thairis sin sa chóras ríomhstampála,

(e) an tslí ina n-íocfar dleacht stampa leis na Coimisinéirí i leith ionstraime atá le stampáil tríd an gcóras ríomhstampála,

(f) eisiúint deimhnithe stampa lena dtaispeántar, maidir le hionstraim—

(i) gur íocadh an dleacht stampa is inmhuirearaithe ar an ionstraim (lena n-áirítear aon phionós) de réir an tuairisceáin leictreonaigh,

(ii) gur stampáladh an ionstraim go cuí,

(iii) nach bhfuil aon dleacht stampa inmhuirearaithe ar an ionstraim,

(iv) gur dúblach nó contrapháirt ionstraime bunaidh í an ionstraim, nó

(v) go mbraitheann an dleacht stampa is inmhuirearaithe ar an ionstraim, ar aon slí, ar an dleacht a íoctar ar ionstraim eile,

(g) údaruithe i ndáil le húsáid an chórais ríomhstampála a eisiúint, a leasú nó a tharraingt siar, agus

(h) bearta chun sláine an chórais ríomhstampála a chosaint.”,

agus

(g) in alt 20—

(i) i bhfo-alt (2) trí “arna stampáil agus nár iarr aon duine ar na Coimisinéirí a dtuairim maidir le hinmhuirearaitheacht na hionstraime i leith dleachta a chur in iúl” a chur in ionad “arna seachadadh ar na Coimisinéirí chun go ndéanfar measúnacht dleachta uirthi nó stampaí a mhúnlú uirthi”,

(ii) i bhfo-alt (4) trí “le stampa ar leith, nó le deimhniú stampa arna eisiúint i leith na hionstraime,” a chur in ionad “le stampa ar leith”,

(iii) i bhfo-alt (5) trí “le stampa ar leith, nó le deimhniú stampa arna eisiúint i leith na hionstraime,” a chur in ionad “le stampa ar leith”, agus

(iv) i bhfo-alt (6) trí “stampáilte de réir fho-alt (4) nó (5)” a chur in ionad “stampáilte leis an stampa ar leith á thaispeáint nach bhfuil aon dleacht inmhuirearaithe uirthi, nó go bhfuil sí stampáilte go cuí”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Leasú ar alt 5 (comhaontú maidir le dleacht stampa a íoc ar ionstraimí) den Phríomh-Acht.

112 .— Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Beidh feidhm ag alt 126B (a chuirtear isteach leis an Acht Airgeadais 2008), fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le cuntas a bhaineann le tréimhse shonraithe de réir bhrí an ailt seo mar atá feidhm aige maidir le ráiteas de réir bhrí an ailt sin.”.

Leasú ar alt 45A (idirbhearta a chomhiomlánú) den Phríomh-Acht.

113 .— (1) Leasaítear alt 45A den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3) trí “ar cóimhéid le luach an tí cónaithe.” a chur in ionad “, nó ab inchurtha amhlaidh dá measfaí gur mhaoin chónaithe inneachar maoine cónaithe, ar cóimhéid le luach an tí cónaithe agus a inneachair.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 5 Samhain 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 75 (faoiseamh d’idirghabhálaithe) den Phríomh-Acht.

114 .— (1) Leasaítear alt 75 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “gnó eisiata”:

“tá le ‘údarás inniúil’ an bhrí a shanntar dó leis an Treoir;

ciallaíonn ‘Treoir’ Treoir 2004/39/CE an 21 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, arna leasú ó am go ham;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Chun críocha fho-alt (2), measfar aistriú urrús a bheith déanta ar mhalartán nó ar mhargadh, i gcás ina dtugann an t-aistriú urrús éifeacht d’idirbheart a gceanglaíonn údarás inniúil, de réir na Treorach, é a thuairisciú go díreach nó go neamhdhíreach don údarás inniúil agus a thuairiscítear amhlaidh de réir an cheanglais sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 1 Samhain 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 79 (maoin a thíolacadh agus a aistriú idir comhlachtaí corpraithe áirithe) den Phríomh-Acht.

115 .— (1) Leasaítear alt 79 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le hionstraim lena ndéantar stoic nó urrúis inmhargaidh a thíolacadh nó a aistriú (dá ngairtear ‘an dara haistriú’ san fho-alt seo) go feadh mhéid na comaoine i leith an díola is inchurtha i leith dhíol na stoc nó na n-urrús inmhargaidh atá á dtíolacadh nó á n-aistriú agus a tíolacadh nó a aistríodh díreach roimh an dara haistriú le hionstraim nó le hionstraimí, de réir mar a bheidh, lenar bhain alt 75, arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2007.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

Leasú ar alt 80 (cuideachtaí a athchóiriú nó a chónascadh) den Phríomh-Acht.

116 .— Leasaítear alt 80 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘ cuideachta fála ’, faoi réir mhír (b), cuideachta faoi dhliteanas teoranta;

folaíonn ‘ scaireanna ’ stoc agus folaíonn tagairtí do ghnóthas sprioc-chuideachta tagairtí do chuid de ghnóthas sprioc-chuideachta.

(b) Maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar an 1 Meitheamh 2005 nó dá éis, forléireofar tagairtí do ‘cuideachta fála’, ‘sprioc-chuideachta’ agus ‘cuideachta’ mar thagairtí a fholaíonn tagairt do chumann arna chlárú faoin Industrial and Provident Societies Act 1893.”.

Leasú ar alt 83A (láithreán a aistriú chuig leanbh) den Phríomh-Acht.

117 .— (1) Leasaítear alt 83A den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3)(b) trí “€500,000” a chur in ionad “€254,000” gach áit a bhfuil sé.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 5 Nollaig 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 85 (caipiteal iasachta áirithe agus urrúis áirithe) den Phríomh-Acht.

118 .— (1) Leasaítear alt 85 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2)—

(a) trí mhír (b)(iii) a scriosadh, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (v) de mhír (b):

“(v) nach ngabhann ceart chun suime leis i leith aisíoca nó úis a bhaineann le gluaiseachtaí áirithe in innéacs nó in innéacsanna (a bhunaítear go hiomlán nó go páirteach agus go díreach nó go neamhdhíreach ar stoic nó ar urrúis inmhargaidh) a shonraítear in aon ionstraim nó in aon doiciméad eile a bhaineann leis an gcaipiteal iasachta,”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haistrithe caipitil iasachta arna ndéanamh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Gnóthais infheistíochta áirithe a athchóiriú nó a chónascadh.

119 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 88C:

“88D.— (1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar ionstraim arna déanamh chun críocha scéime, nó i dtaca le scéim, chun gnóthas infheistíochta lena mbaineann fo-ailt (1), (1A) agus (1B) (a chuirtear isteach leis an Acht Airgeadais 2008) agus (2) d’alt 739H den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 a athchóiriú nó a chónascadh.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le hionstraim arna déanamh chun críocha scéime, nó i dtaca le scéim, chun comhchiste conarthach de réir bhrí alt 739I(1)(a)(ii) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 a athchóiriú nó a chónascadh.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa.

120 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 90:

“90A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘ Treoir ’ Treoir 2003/87/CE an 13 Deireadh Fómhair 2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE an 24 Meán Fómhair 1996 ón gComhairle 24 ;

ciallaíonn ‘ lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa ’—

(a) lamháltas, cead, ceadúnas nó ceart chun méid sonraithe dé-ocsaíde carbóin nó aon gháis ceaptha teasa eile, mar a mhínítear sa Treoir, a astú le linn tréimhse sonraithe, i gcás ina n-eisíonn Stát nó foras idir-rialtasach nó osnáisiúnta an lamháltas, an cead, an ceadúnas nó an ceart sin de bhun scéime—

(i) lena bhforchuirtear teorainneacha ar astú gás ceaptha teasa den sórt sin, agus

(ii) lena gceadaítear lamháltais, ceadanna, ceadúnais nó cearta den sórt sin a aistriú ar luach, nó

(b) aon cheart is inchurtha go díreach i leith aon ní i mír (a).

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe faoi réim nó faoi threoir aon cheannteidil i Sceideal 1 ar ionstraim chun lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhíol, a aistriú nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(3) I gcás ina mbeidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar ionstraim faoi réim nó faoi threoir aon cheannteidil i Sceideal 1 agus inar lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa cuid den mhaoin lena mbaineann—

(a) déanfar an chomaoin a mbeadh dleacht stampa inmhuirearaithe ina leith murach sin a chionroinnt, ar cibé bonn is cóir agus is réasúnach, amhail idir an chuid den mhaoin arb éard í lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa agus an chuid nach ea, agus

(b) ní bheidh an ionstraim inmhuirearaithe ach amháin i leith na comaoine is inchurtha i leith na coda sin den mhaoin nach lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa.

(4) Chun críocha an ráitis dá bhforáiltear i míreanna 7 go 14A den cheannteideal ‘TÍOLACAS nó AISTRIÚ ar dhíol aon mhaoine seachas stoic nó urrúis inmhargaidh nó polasaí árachais nó polasaí árachais saoil’ déanfar neamhshuim de mhéid nó luach na comaoine is inchurtha i leith lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forléireofar dá réir sin aon ráiteas dá dtagraítear sna míreanna sin.

(5) I gcás inar lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa cuid den mhaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d’alt 45, beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin amhail is dá ndéanfaí na focail ‘ar cibé modh is cóir agus is réasúnach’ a chur in ionad ‘ar cibé modh, is cuí leis na páirtithe’.

(6) I gcás inar lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa cuid den mhaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (3) d’alt 45 agus ina bhfuil baint ag an mbeirt duine iomchuí nó, de réir mar a bheidh, ag na daoine iomchuí go léir, lena chéile, beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin amhail is dá ndéanfaí na focail ‘déanfar an chomaoin a chionroinnt ar cibé modh is cóir agus is réasúnach, ionas go mbeidh comaoin ar leith leagtha amach i leith gach coda nó dáileachta ar leithligh sa tíolacas a bhaineann leis an gcuid nó leis an dáileacht ar leithligh sin, agus muirearófar dleacht ad valorem ar an tíolacas sin i leith na comaoine ar leith sin’ a chur in ionad ‘ar chodanna ar leith den chomaoin, ansin muirearófar dleacht ad valorem ar an tíolacas sin i leith gach coda nó dáileachta ar leithligh i leith na coda ar leith sin den chomaoin a bheidh sonraithe sa tíolacas’.

(7) Chun críocha fho-alt (6), is duine iomchuí duine más duine é nó í an duine sin a dhéanann conradh chun an mhaoin a cheannach, nó a ndéantar conradh chun an mhaoin a cheannach thar a cheann nó thar a ceann, agus déanfar an cheist i dtaobh baint a bheith ag daoine le chéile a fhorléiriú de réir alt 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 agus amhail is dá ndéanfaí tagairt don Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 a chur in ionad na tagartha do na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil sa mhíniú ar ‘gaol’ san alt sin.

(8) I gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (5) nó (6), agus ina ndéantar an chomaoin a chionroinnt ar mhodh nach bhfuil cóir agus réasúnach, beidh an tíolacas a bhaineann leis an gcuid nó leis an dáileacht ar leithligh den mhaoin inmhuirearaithe i leith dleachta ad valorem amhail is dá ndéanfaí luach na coda nó na dáileachta ar leithligh den mhaoin a chur in ionad na comaoine ar leith atá leagtha amach sa tíolacas sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 5 Nollaig 2007 nó dá éis.

Údaráis tithíochta agus an Chomhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe.

121 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 106A:

“106B.— Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim lena dtugtar éifeacht do thíolacadh, aistriú nó léasú tí, foirgnimh nó talún—

(a) ag údarás tithíochta nó chuig údarás tithíochta i dtaca le haon cheann dá chuid feidhmeanna faoi na hAchtanna Tithíochta 1966 go 2004, nó

(b) ag an gComhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe, nó chuig an gComhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe, a bunaíodh faoi airteagal 4(1) den Ordú fán gComhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe (Bunú) 2005 (I.R. Uimh. 383 de 2005) i dtaca leis na seirbhísí a shonraítear in airteagal 4(2) den ordú sin, arna leasú leis an Ordú um an Ordú fán gComhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe (Bunú) 2005 (Leasú) 2007 (I.R. Uimh. 293 de 2007).”.

(2) Aisghairtear alt 8 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992.

(3) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Faoisimh d’úinéirí-áititheoirí: leasú ar Chaibidil 2 (ionstraimí eile) de Chuid 7 den Phríomh-Acht.

122 .— (1) Leasaítear Caibidil 2 de Chuid 7 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 91 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D’ainneoin fho-alt (2)(b), ní bheidh feidhm ag fo-alt (2)(c) maidir le hionstraim lenar bhain fo-alt (1) sa mhéid go bhfaightear aon chíos nó íocaíocht ar mhodh cíosa le haghaidh úsáid an tí cónaithe nó an árasáin nó le haghaidh úsáid aon chuid den teach cónaithe nó den árasán—

(a) an 5 Nollaig 2007 nó dá éis, agus

(b) tar éis deireadh tréimhse 2 bhliain dar tosach dáta forghníomhaithe na hionstraime lena mbaineann.”,

(b) in alt 91A—

(i) i bhfo-alt (4)(b) trí “2 bhliain” a chur in ionad “5 bliana”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) D’ainneoin fho-alt (4), ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) maidir le hionstraim, ar ionstraim í a forghníomhaíodh roimh an 5 Nollaig 2007, lenar bhain fo-alt (3) sa mhéid go bhfaightear aon chíos nó íocaíocht ar mhodh cíosa le haghaidh úsáid an tí chónaithe nó an árasáin nó le haghaidh úsáid aon chuid den teach cónaithe nó den árasán—

(a) an 5 Nollaig 2007 nó dá éis, agus

(b) tar éis deireadh tréimhse 2 bhliain dar tosach dáta forghníomhaithe na hionstraime lena mbaineann.”,

(c) in alt 92—

(i) i bhfo-alt (1)(b)(ii) trí “2 bhliain” a chur in ionad “5 bliana”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D’ainneoin fho-alt (1)(b), ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le hionstraim, ar ionstraim í a forghníomhaíodh roimh an 5 Nollaig 2007, lenar bhain fo-alt (1)(a) sa mhéid go bhfaightear aon chíos nó íocaíocht ar mhodh cíosa le haghaidh úsáid an tí chónaithe nó an árasáin nó le haghaidh úsáid aon chuid den teach cónaithe nó den árasán—

(a) an 5 Nollaig 2007 nó dá éis, agus

(b) tar éis deireadh tréimhse 2 bhliain dar tosach dáta forghníomhaithe na hionstraime lena mbaineann.”,

agus

(d) in alt 92B—

(i) i bhfo-alt (1)—

(I) trí “San alt seo—” a chur in ionad “San alt seo”,

(II) sa mhíniú ar “ceannaitheoir céaduaire”—

(A) trí “, i ndáil le ceannaitheoir,” a chur isteach i ndiaidh “ciallaíonn ‘ceannaitheoir céaduaire’”, agus

(B) trí “nó dá éis;” a chur in ionad “nó dá éis.” san áit dheireanach a bhfuil sé,

agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ceannaitheoir céaduaire”:

“ciallaíonn ‘ceannaitheoir’ pearsa aonair a cheannaíonn teach cónaithe nó árasán nó leas i dteach cónaithe nó in árasán, i gcás ina bhfaightear an chomaoin i leith an cheannaigh, a cheanglaítear ar an bpearsa aonair a íoc, ó acmhainn na pearsan aonair féin, arb éard í, nó ar cuid di, comaoin a fhaightear—

(a) ó bhronntanas neamhchoinníollach, nó

(b) ó iasacht bona fide arna fianú i scríbhinn,

a tugadh don phearsa aonair chun críocha an cheannaigh lena mbaineann.”,

(ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Chun críocha an mhínithe ar ‘ceannaitheoir’—

(a) measfar nach bronntanas neamhchoinníollach bronntanas más rud é, maidir le deontóir an bhronntanais lena mbaineann—

(i) nach páirtí é nó í san ionstraim lena dtugtar éifeacht do cheannach an tí chónaithe nó an árasáin nó an leasa sa teach cónaithe nó san árasán, agus

(ii) (I) go mbeartaíonn sé nó sí, nó go ndéanann sé nó sí, an teach cónaithe nó an t-árasán a áitiú leis an gceannaitheoir mar aon-áit nó mar phríomháit chónaithe ag gach duine díobh, nó

(II) mar chuid de chomhthuiscint nó de chomhaontú gur féidir leis nó léi a chur faoi deara—

(A) an teach cónaithe nó an t-árasán nó an leas sa teach cónaithe nó san árasán, nó

(B) cuid den teach cónaithe nó den árasán nó cuid den leas sa teach cónaithe nó san árasán,

a aistriú chun an deontóra sin tráth éigin tar éis dháta forghníomhaithe na hionstraime lena mbaineann,

agus

(b) i gcás maidir le cuid den chomaoin nó léi go léir, a gceanglaítear leis an alt seo go n-íocfaidh an ceannaitheoir í chun an teach cónaithe nó an t-árasán nó an leas sa teach cónaithe nó san árasán a cheannach, gur ó iasacht a fhaightear í agus i gcás maidir leis an bpearsa aonair atá ag tabhairt na hiasachta—

(i) nach páirtí é nó í san ionstraim lena dtugtar éifeacht do cheannach an tí chónaithe nó an árasáin nó an leasa sa teach cónaithe nó san árasán, agus

(ii) (I) go bhfuil ar intinn aige nó aici an teach cónaithe nó an t-árasán a áitiú leis an gceannaitheoir mar aon-áit nó mar phríomháit chónaithe ag gach duine díobh, nó

(II) mar chuid de thuiscint nó de chomhaontú gur féidir leis nó léi a chur faoi deara—

(A) an teach cónaithe nó an t-árasán nó an leas sa teach cónaithe nó san árasán, nó

(B) cuid den teach cónaithe nó den árasán nó cuid den leas sa teach cónaithe nó san árasán,

a aistriú chun na pearsan aonair a thug an iasacht tráth éigin tar éis dháta forghníomhaithe na hionstraime lena mbaineann,

ansin ní mheasfar iasacht den sórt sin a bheith ina hiasacht bona fide.

(1B) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1A) maidir le ceannaitheoir, i gcás gur tuismitheoir de chuid an cheannaitheora deontóir an bhronntanais nó an phearsa aonair atá ag tabhairt na hiasachta.”,

(iii) i bhfo-alt (2), trí “míreanna (2) go (4)” a chur in ionad “míreanna (2) go (6A)” agus “clásail (ii) go (iv)” a chur in ionad “clásail (ii) go (vii)”,

(iv) i bhfo-alt (3)(b)(ii), trí “2 bhliain” a chur in ionad “5 bliana”, agus

(v) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) D’ainneoin fho-alt (3), ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) maidir le hionstraim, is ionstraim a forghníomhaíodh roimh an 5 Nollaig 2007, lenar bhain fo-alt (2) a mhéid go bhfaightear aon chíos nó íocaíocht ar mhodh cíosa le haghaidh úsáid an tí cónaithe nó an árasáin nó aon chuid den teach cónaithe nó den árasán—

(a) an 5 Nollaig 2007 nó dá éis, agus

(b) tar éis tréimhse 2 bhliain dar tosach dáta forghníomhaithe na hionstraime lena mbaineann a bheith caite.”.

(2) (a) Measfar feidhm a bheith ag míreanna (a), (b)(ii), (c)(ii) agus (d)(v) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 5 Nollaig 2007.

(b) Tá feidhm ag míreanna (b)(i), (c)(i) agus (d)(iv) d’fho-alt (1) maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 5 Nollaig 2007 nó dá éis.

(c) Tá feidhm ag fomhíreanna (i) agus (ii) d’fho-alt (1)(d) maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

(d) Tá feidhm ag mír (d)(iii) d’fho-alt (1) maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 5 Samhain 2007 nó dá éis.

Leasú ar Chuid 9 (tobhaigh) den Phríomh-Acht

123 .— (1) Leasaítear Cuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 123B—

(i) i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cárta airgid”:

“ciallaíonn ‘bliain inmhuirearaithe’ an bhliain 2008 agus gach bliain ina dhiaidh sin;”,

(ii) i bhfo-alt (4)—

(I) i míreanna (a) agus (b) trí “€5” a chur in ionad “€10”, agus

(II) i mír (c) trí “€10” a chur in ionad “€20”, agus

(iii) i bhfo-alt (5) trí na focail “, lúide aon réamhdhleacht a mhuirearaítear ar ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh de réir alt 123C i leith na tréimhse inmhuirearaithe céanna,” a chur isteach roimh na focail “íocfaidh an tionscnóir í”,

(b) in alt 124—

(i) i bhfo-alt (1)(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “banc”:

“ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’ an tréimhse 12 mhí dar críoch 1 Aibreán 2009, agus gach tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin;”,

(ii) i bhfo-alt (1)(c) trí “€30” a chur in ionad “€40”,

(iii) i bhfo-alt (2)—

(I) i mír (a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “sealbhóir cuntais”:

“ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’ an tréimhse 12 mhí dar críoch an 1 Aibreán 2009 agus gach tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin;”,

agus

(II) i mír (c) trí “€30” a chur in ionad “€40”,

(iv) i bhfo-alt (4) i míreanna (a) agus (b) trí “, lúide aon réamhdhleacht a mhuirearaítear ar ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh de réir alt 124A i leith na tréimhse inmhuirearaithe céanna,” a chur isteach roimh “a íoc”,

(v) i bhfo-alt (5)(b) trí “a cheanglaítear a íoc de réir an ailt seo” a chur in ionad “is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin ar an ráiteas sin a sheachadadh”, agus

(vi) i bhfo-alt (7) trí “, i ndeireadh na tréimhse iomchuí nó an tráth a dhúntar an cuntas a choimeádann an banc nó an tionscnóir in ainm an tsealbhóra cuntais i gcás ina dtarlaíonn sé sin le linn na tréimhse iomchuí,” a chur isteach roimh “agus féadfaidh an banc”,

(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 123B:

Réamhdhleacht: airgead tirim, comhchártaí agus cártaí dochair.

123C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘duine cuntasach’ banc nó cumann foirgníochta de réir bhrí alt 123B;

ciallaíonn ‘buntréimhse’ i ndáil le dáta dlite, an bhliain dar críoch dáta díreach roimh an dáta dlite ar ina leith a cheanglaítear ráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí faoi alt 123B;

ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’, i ndáil le dáta dlite, an bhliain dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite ar ina leith a cheanglaítear ráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí faoi alt 123B;

ciallaíonn ‘dáta dlite’—

(a) i leith na bliana 2008, an 15 Nollaig sa bhliain sin, agus

(b) i leith aon bhliana tar éis na bliana 2008, an 15 Nollaig sa bhliain sin;

ciallaíonn ‘réamhdhleacht’, i ndáil le tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis dáta dlite, méid a chinnfear de réir na foirmle—

A x B

i gcás—

gurb é A méid atá comhionann leis an dleacht stampa a mhuirearaítear ar ráiteas sonraithe i leith na buntréimhse dar críoch dáta díreach roimh an dáta dlite, agus

gurb é B 80 faoin gcéad;

ciallaíonn ‘ráiteas sonraithe’ ráiteas de réir bhrí alt 123B.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine cuntasach ar a gceanglaítear ráiteas sonraithe a sheachadadh ar na Coimisinéirí i leith buntréimhse.

(3) Déanfaidh duine cuntasach, sa bhliain 2008 agus gach bliain ina dhiaidh sin, tráth nach déanaí ná an dáta dlite i leith na bliana sin, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí ina dtaispeánfar an dleacht stampa a mhuirearaítear ar an ráiteas sonraithe don duine sin i leith na buntréimhse.

(4) Más rud é tráth ar bith i dtréimhse dar tús dáta tar éis deireadh buntréimhse agus dar críoch dáta díreach roimh an dáta dlite a bhaineann leis an mbuntréimhse—

(a) gur scoir duine cuntasach de ghnó a sheoladh ar ina chúrsa a ceanglaíodh ar an duine ráiteas sonraithe a sheachadadh i leith na buntréimhse, agus

(b) go bhfaigheann duine eile (dá ngairtear ‘an duine is comharba’ san fho-alt seo) iomlán nó mórchuid an ghnó,

ansin seachadfaidh an duine is comharba ráiteas ar an dáta dlite de réir fho-alt (3) ionann is dá mba é an duine is comharba an duine cuntasach.

(5) Muirearófar ar aon ráiteas a sheachadtar de réir fho-alt (3) dleacht stampa atá comhionann le méid na réamhdhleachta.

(6) Maidir leis an dleacht stampa a mhuirearaítear le fo-alt (5) ar ráiteas a dhéanann duine cuntasach a sheachadadh de bhun fho-alt (3), íocfaidh an duine í ar an ráiteas a sheachadadh.

(7) Déanfaidh duine cuntasach cibé sonraí a thabhairt do na Coimisinéirí a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí i ndáil le haon ráiteas a cheanglaítear leis an alt seo ar an duine a sheachadadh.

(8) I gcás go mainneoidh duine cuntasach—

(a) aon ráiteas a sheachadadh a cheanglaítear ar an duine sin a sheachadadh faoi fho-alt (3), nó

(b) an dleacht a mhuirearaítear ar aon ráiteas den sórt sin a íoc,

ar an dáta dlite nó roimhe i leith na bliana lena mbaineann, dlífidh an duine, ón dáta dlite lena mbaineann go dtí an lá a íocfar an dleacht stampa, ús ar an dleacht stampa, arna ríomh de réir alt 159D a íoc mar phionós, i dteannta na dleachta stampa, agus, ina theannta sin, dlífidh sé mar phionós breise ón 15 Nollaig den bhliain ina mbeidh an ráiteas le seachadadh de réir fho-alt (3) suim €380 a íoc in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(9) Féadfaidh na Coimisinéirí seachadadh aon ráitis, a cheanglaítear le fo-alt (3), a fhorfheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act 1853 ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.

(10) Más rud é—

(a) go ndearna duine cuntasach an réamhdhleacht a muirearaíodh ar ráiteas a íoc go hiomlán nó go páirteach i leith an dáta dlite, agus

(b) gur méid í an dleacht, a mhuirearaítear ar ráiteas sonraithe i leith na tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite, is lú ná an réamhdhleacht a mhuirearaítear i leith an dáta dlite,

ansin déanfar an réamhdhleacht, sa mhéid gur mó í ná an dleacht a mhuirearaítear ar an ráiteas sonraithe lena mbaineann, a aisíoc.

(11) Más rud é tráth ar bith i dtréimhse dar tús dáta díreach tar éis dáta dlite agus dar críoch dáta roimh dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite—

(a) gur scoir an duine (dá ngairtear ‘an duine is réamhtheachtaí’ san fho-alt seo) de bheith ag seoladh gnó ar ina chúrsa a ceanglaíodh ar an duine ráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí faoin alt seo i leith an dáta dlite,

(b) go ndearna an duine an ráiteas a sheachadadh agus an dleacht stampa a mhuirearaítear ar an ráiteas sin a íoc, agus

(c) go bhfaigheann duine eile (dá ngairtear ‘an duine is comharba’ san fho-alt seo) iomlán nó mórchuid an ghnó,

ansin beidh an duine is comharba i dteideal an dleacht stampa a mhuirearaítear ar an ráiteas arna sheachadadh ag an duine is réamhtheachtaí i leith an dáta dlite sin a asbhaint as an dleacht a mhuirearaítear ar an ráiteas sonraithe i leith na tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite a cheanglaítear ar an duine is comharba a sheachadadh i leith an ghnó a fuarthas.

(12) Ní dhéanfar an dleacht stampa ná aon phionós is iníoctha faoin alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an duine cuntasach a ríomh.”,

agus

(d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 124:

Réamhdhleacht: cártaí creidmheasa agus cártaí muirir.

124A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘duine cuntasach’ banc nó tionscnóir de réir bhrí alt 124;

ciallaíonn ‘buntréimhse’, i ndáil le dáta dlite, an tréimhse 12 mhí dar críoch 1 Aibreán díreach roimh an dáta dlite ar ina leith a cheanglaítear ráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí faoi alt 124;

ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’, i ndáil le dáta dlite, an tréimhse 12 mhí dar críoch 1 Aibreán díreach tar éis an dáta dlite, dar tosach an tréimhse 12 mhí dar críoch 1 Aibreán 2009 agus gach tréimhse 12 mhí dá héis ar ina leith a cheanglaítear ráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí faoi alt 124;

ciallaíonn ‘dáta dlite’—

(a) i leith na tréimhse 12 mhí dar críoch 1 Aibreán 2009, 15 Nollaig 2008, agus

(b) i leith gach tréimhse 12 mhí dá héis, an 15 Nollaig sa bhliain roimhe sin;

ciallaíonn ‘réamhdhleacht’, i ndáil le tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis dáta dlite, méid a chinnfear de réir na foirmle—

A x B

i gcás—

gurb é A méid atá comhionann leis an dleacht stampa a mhuirearaítear ar ráiteas sonraithe i leith na buntréimhse dar críoch dáta díreach roimh an dáta dlite, agus

gurb é B 80 faoin gcéad;

ciallaíonn ‘ráiteas sonraithe’ ráiteas de réir bhrí fho-alt (1) nó, de réir mar a bheidh, fho-alt (2) d’alt 124.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine cuntasach ar a gceanglaítear ráiteas sonraithe a sheachadadh ar na Coimisinéirí i leith buntréimhse.

(3) Déanfaidh duine cuntasach, sa bhliain 2008 agus gach bliain dá héis, tráth nach déanaí ná an dáta dlite i leith na bliana sin, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí ina dtaispeánfar an dleacht stampa a muirearaíodh ar an ráiteas sonraithe don duine sin i leith na buntréimhse.

(4) Más rud é, aon tráth i dtréimhse dar tosach dáta tar éis deireadh buntréimhse agus dar críoch dáta díreach roimh an dáta dlite a bhaineann leis an mbuntréimhse—

(a) gur scoir duine cuntasach de ghnó a sheoladh ar ina chúrsa a ceanglaíodh ar an duine ráiteas sonraithe a sheachadadh i leith na buntréimhse, agus

(b) go bhfaigheann duine eile (dá ngairtear ‘an duine is comharba’ san fho-alt seo) iomlán nó mórchuid an ghnó,

ansin déanfaidh an duine is comharba ráiteas a sheachadadh ar an dáta dlite de réir fho-alt (3) amhail is dá mba é nó í an duine is comharba an duine cuntasach.

(5) Muirearófar ar aon ráiteas arna sheachadadh de réir fho-alt (3) dleacht stampa atá comhionann le méid na réamhdhleachta.

(6) Maidir leis an dleacht stampa a mhuirearaítear le fo-alt (5) ar ráiteas arna sheachadadh ag duine cuntasach de bhun fho-alt (3), is é nó is í an duine a íocfaidh í, ar an ráiteas a sheachadadh.

(7) Tabharfaidh duine cuntasach do na Coimisinéirí cibé sonraí a cheanglóidh na Coimisinéirí i ndáil le haon ráiteas a cheanglaítear leis an alt seo ar an duine a sheachadadh.

(8) I gcás go mainneoidh duine cuntasach—

(a) aon ráiteas a sheachadadh a cheanglaítear faoi fho-alt (3) ar an duine sin a sheachadadh, nó

(b) an dleacht a mhuirearaítear ar aon ráiteas den sórt sin a íoc,

ar an dáta dlite nó roimhe i leith na bliana lena mbaineann, dlífidh an duine, ón dáta dlite lena mbaineann go dtí an lá a íoctar an dleacht stampa, ús ar an dleacht stampa arna ríomh de réir alt 159D a íoc, mar phionós, i dteannta na dleachta stampa agus ina theannta sin ón 15 Nollaig den bhliain ina bhfuil an ráiteas le seachadadh de réir fho-alt (3), mar phionós breise, suim €380 a íoc in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(9) Féadfaidh na Coimisinéirí seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (3) a fhorfheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act 1853 ar gach slí amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.

(10) Más rud é—

(a) go bhfuil an réamhdhleacht a muirearaíodh ar ráiteas íoctha go hiomlán nó go páirteach ag duine cuntasach i leith dáta dlite, agus

(b) gur méid is lú ná an réamhdhleacht a mhuirearaítear i leith an dáta dlite an dleacht a muirearaíodh ar ráiteas sonraithe i leith na tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite,

ansin déanfar an réamhdhleacht atá íoctha, a mhéid gur mó é ná an dleacht a muirearaíodh ar an ráiteas sonraithe lena mbaineann, a aisíoc.

(11) Más rud é, aon tráth i dtréimhse dar tús dáta tar éis dáta dlite agus dar críoch dáta roimh dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite—

(a) gur scoir an duine (dá ngairtear an ‘duine is réamhtheachtaí’ san fho-alt seo) de ghnó a sheoladh ar ina chúrsa a ceanglaíodh ar an duine ráiteas faoin alt seo i leith an dáta dlite a sheachadadh ar na Coimisinéirí,

(b) gur sheachaid an duine an ráiteas agus gur íoc sé nó sí an dleacht stampa a muirearaíodh ar an ráiteas sin, agus

(c) go bhfaigheann duine eile (dá ngairtear an ‘duine is comharba’ san fho-alt seo) iomlán nó mórchuid an ghnó,

ansin beidh an duine is comharba i dteideal an dleacht stampa a muirearaíodh ar an ráiteas a sheachaid an duine is réamhtheachtaí i leith an dáta dlite sin a asbhaint as an dleacht a muirearaíodh ar an ráiteas sonraithe i leith na tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite a cheanglaítear ar an duine is comharba a sheachadadh i leith an ghnó atá faighte.

(12) Maidir leis an dleacht stampa agus aon phionós is iníoctha faoin alt seo ní lamhálfar iad mar asbhaint chun aon cháin nó aon dleacht is iníoctha ag an duine cuntasach a ríomh is cáin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí.”.

(2) (a) Beidh éifeacht le fomhíreanna (i) agus (iii) d’fho-alt (1)(a) maidir le haon ráiteas atá le seachadadh ag banc nó cumann foirgníochta tar éis an 31 Nollaig 2008.

(b) Beidh éifeacht le fo-alt (1)(a)(ii) maidir le haon ráiteas atá le seachadadh ag banc nó cumann foirgníochta tar éis an 31 Nollaig 2007.

(c) Beidh éifeacht le fomhíreanna (i), (iii)(I), (iv), (v) agus (vi) d’fho-alt (1)(b) maidir le haon ráiteas atá le seachadadh ag banc nó tionscnóir tar éis an 1 Aibreán 2009.

(d) Beidh éifeacht le fomhíreanna (ii) agus (iii)(II) d’fho-alt (1)(b) maidir le haon ráiteas atá le seachadadh ag banc nó tionscnóir tar éis an 1 Aibreán 2008.

Dleacht a mhuirearaítear ar ráitis a mheasúnú.

124 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 126A:

“126B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘duine iomchuí’—

(a) banc nó cumann foirgníochta de réir bhrí alt 123, 123A nó 123B,

(b) duine cuntasach de réir bhrí alt 123C (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2008) nó 124A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2008),

(c) banc nó tionscnóir de réir bhrí alt 124, nó

(d) árachóir de réir bhrí alt 125;

tá le ‘Coimisinéirí Achomhairc’ an bhrí a shanntar dó le halt 850 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997;

ciallaíonn ‘alt sonraithe’ alt 123, 123A, 123B, 123C, 124, 124A nó 125.

(2) Más rud é, tráth ar bith, gur dealraitheach do na Coimisinéirí, maidir le duine iomchuí—

(a) gur mhainnigh sé nó sí ráiteas a sheachadadh, nó

(b) nár sheachaid sé nó sí ráiteas iomlán cuí,

a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt sonraithe, féadfaidh na Coimisinéirí measúnacht a dhéanamh ar an duine iomchuí faoin méid, de réir mar is fearr a mheasann siad, arb é an méid dleachta stampa é a mhuirearófaí ar an ráiteas dá mba rud é go ndearnadh é a sheachadadh agus go raibh sé iomlán cuí.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí fógra i scríbhinn faoi mheasúnacht dleachta stampa a sheirbheáil ar aon duine iomchuí.

(4) Faoi réir fho-alt (5), i gcás ina ndéantar measúnacht ar dhuine iomchuí faoi fho-alt (2), dlífear ar an duine iomchuí—

(a) i gcás gur mhainnigh an duine iomchuí ráiteas a sheachadadh, an dleacht stampa arna measúnú, agus aon phionós i ndáil leis an dleacht, a íoc amhail is dá mba rud é gur muirearaíodh an dleacht ar an ráiteas, ach amháin, ar an ráiteas a sheachadadh orthu, go ndéanfaidh na Coimisinéirí measúnacht eile a bheidh le cur in ionad na measúnachta sin, nó

(b) i gcás nach ndearna an duine iomchuí ráiteas iomlán cuí a sheachadadh, an dleacht stampa arna measúnú, agus aon phionós a bhaineann leis an dleacht, a íoc amhail is gur muirearaíodh an dleacht ar an ráiteas,

agus measfar gur fiach atá dlite den duine iomchuí don Aire chun sochair don Phríomh-Chiste an dleacht agus an pionós sin agus beidh siad iníoctha leis na Coimisinéirí agus féadfar agairt ina leith agus iad a ghnóthú trí chaingean amhail is dá mba fhiach de bhua alt 2(4) iad.

(5) Féadfaidh duine iomchuí atá míshásta le measúnacht de chuid na gCoimisinéirí arna déanamh ar an duine faoi fho-alt (2), ar an dleacht a íoc i gcomhréir leis an measúnacht, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne na measúnachta trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí laistigh de 30 lá ó dháta na measúnachta, agus déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc mura rud é go gceanglaítear an t-achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó mura rud é go gceanglaítear cás a shonrú i ndáil leis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí.

(6) Faoi réir an ailt seo, beidh feidhm ag Caibidil 1 de Chuid 40 (Achomhairc) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, fara aon mhodhnuithe is gá, mar atá feidhm aici chun críche cánach ioncaim.

(7) Más dealraitheach aon tráth measúnacht a bheith mícheart ar aon chúis déanfaidh na Coimisinéirí cibé measúnacht eile is cuí leo, ar measúnacht í a chuirfear in ionad na measúnachta céadluaite.

(8) Más dealraitheach aon tráth gur ghearrmheasúnacht a bhí sa mheasúnacht ar aon chúis, déanfaidh na Coimisinéirí cibé measúnacht bhreise is cuí leo.

(9) I gcás go dtiocfaidh measúnacht dá dtagraítear san fho-alt seo chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, beidh an fheidhm chéanna leis an measúnacht agus an éifeacht chéanna aige a bheadh dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina leith, agus beidh feidhm ag fo-alt (4) dá réir sin.

(10) I gcás go mbeidh ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt sonraithe arna sheachadadh ar na Coimisinéirí, beidh an dleacht stampa arna muirearú ar an ráiteas, agus aon phionós i ndáil leis an dleacht, inghnóthaithe ar an modh céanna ar a bhfuil an dleacht ar ionstraim dá dtagraítear in alt 2(4) inghnóthaithe.”.

Leasú ar Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

125 .— (1) Leasaítear Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) sa Cheannteideal “BILLE MALAIRTE” trí “€0.30” a chur in ionad “€0.15”,

(b) trí na míreanna atá leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 5 a chur in ionad mhíreanna (1) go (6A) sa Cheannteideal “TÍOLACAS nó AISTRIÚ ar dhíol aon mhaoine seachas stoic nó urrúis inmhargaidh nó polasaí árachais nó polasaí árachais saoil”,

(c) i mír (1) den Cheannteideal “LÉAS” trí “€30,000” a chur in ionad “€19,050”, agus

(d) tríd an bhfomhír atá leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 5 a chur in ionad fhomhír (a) de mhír (3) den Cheannteideal “LÉAS”.

(2) (a) Tá feidhm ag fo-alt (1)(a) maidir le billí malairte arna dtarraingt an 6 Nollaig 2007 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag míreanna (b) agus (d) d’fho-alt (1) maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 5 Samhain 2007 nó dá éis.

(c) Tá feidhm ag fo-alt (1)(c) maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

22IO Uimh. L 145, 30 Aibreán 2004, lch.1

23IO Uimh. L275, 25 Deireadh Fómhair 2003, lch. 32

24IO Uimh. L 257, 10 Deireadh Fómhair 1996, lch. 26