An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 5 Cáin Fháltas Caipitiúil ) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Leasuithe de dhroim Athruithe ar Chreidmheasanna Cánach Pearsanta)

3 2008

TODO

CUID 6

Ilghnéitheach

Léiriú (Cuid 6).

130 .— Ciallaíonn “an Príomh-Acht” sa Chuid seo, an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Leasú ar alt 1003 (cáin a íoc trí mhíreanna oidhreachta a bhronnadh) den Phríomh-Acht.

131 .— Leasaítear alt 1003 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ab):

“(ac) Ní bheidh feidhm ag mír (ab) i gcás cnuasaigh míreanna, arb éard atá ar fad ann ábhar cartlainne nó lámhscríbhinní—

(i) ar pearsa aonair, teaghlach nó eagraíocht amháin a chruthaigh i gcaitheamh na haimsire, nó

(ii) ar pearsa aonair, teaghlach nó eagraíocht, a thiomsaigh,

agus arb éard atá ann cnuasach d’ábhar cartlainne nó lámhscríbhinní, agus go bhfuil gach mír tar éis a bheith sa chnuasach sin go ceann achair nach lú ná 30 bliain agus ar fiú iad a chaomhnú mar chnuasach.”.

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D’ainneoin fho-alt (2)(c), féadfaidh an coiste roghnóireachta cinneadh a dhéanamh maidir le mír nó cnuasach míreanna, arb éard atá ar fad iontu ábhar cartlainne nó lámhscríbhinní, agus ní bheidh feidhm ag an teorainn margadhluacha maidir le haon mhír ar leith i gcnuasach den sórt sin ar an dáta luachála arna leagan amach i bhfo-alt (2)(c)(i)(II).”.

Leasú ar alt 1003A (cáin a íoc trí mhaoin oidhreachta a dheonú d’Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann) den Phríomh-Acht.

132 .— (1) Leasaítear alt 1003A den Phríomh-Acht i bhfo-alt (11A)(c) (a cuireadh leis an Acht Airgeadais 2007) trí “2008” a chur in ionad “2007”.

(2) Tá feidhm ag alt 1003A den Phríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (1), maidir leis an mbliain mheasúnachta 2008 amhail is dá gcuirfí “€8,000,000” in ionad “€6,000,000” i bhfo-alt (2)(d).

Leasú ar alt 891B (tuairisceáin maidir le híocaíochtaí áirithe arna ndéanamh ag daoine áirithe) den Phríomh-Acht.

133 .— Leasaítear alt 891B den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Ní bheidh feidhm ag alt 4 den Post Office Savings Bank Act 1861 maidir le nochtadh faisnéise a cheanglaítear a chur san áireamh i dtuairisceán arna dhéanamh faoi rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo agus, dá réir sin, beidh feidhm ag an alt seo maidir le faisnéis lena mbeadh feidhm ag an alt sin 4 murach an fo-alt seo.”.

Amhrastaigh i gcoimeád an Gharda Síochána a cheistiú in imthosca áirithe.

134 .— Leasaítear Caibidil 4 de Chuid 38 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 912A—

“912B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim atá údaraithe i scríbhinn acu chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú;

ciallaíonn ‘cion sonraithe’ aon chion—

(a) faoi na hAchtanna Custam, lena n-áirítear aon chion faoi alt 1078 nó 1078A a mhéid a bhaineann na hailt sin le custaim, agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoi aon achtachán eile agus a bhaineann le custaim,

(b) faoi na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin, lena n-áirítear aon chion faoi alt 1078 nó 1078A a mhéid a bhaineann na hailt sin le mál, agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna,

(c) (i) faoi fho-alt (1A) agus míreanna (c), (d) agus (ii) d’fho-alt (2) d’alt 1078, agus

(ii) faoi alt 1078A,

a mhéid gur cion é a bhaineann le Caibidil 2 de Chuid 18 agus le haon ionstraimí arna ndéanamh faoin gCaibidil sin, nó

(d) (i) faoi fho-alt (1A) agus faoi mhíreanna (c) agus (d) d’fho-alt (2) d’alt 1078, agus

(ii) faoi alt 1078A,

a mhéid gur cion é a bhaineann leis an Acht Cánach Breisluacha 1972, agus leis na hachtacháin lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin agus le haon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna,

ar cion inghabhála é de réir bhrí alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil 1997.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin maidir le cion sonraithe.

(3) I gcás go ngabhann comhalta den Gharda Síochána, gan bharántas, cibé acu i stáisiún Garda nó in áit eile, duine a bhfuil drochamhras air nó uirthi ina leith, agus cúis réasúnach leis, go bhfuil cion sonraithe á dhéanamh nó déanta ag an duine agus go ndearnadh an duine a thógáil chuig stáisiún Garda agus a choinneáil ann nó, más rud é gur i stáisiún Garda a ghabhtar an duine, go ndearnadh é nó í a choinneáil sa stáisiún, de bhun alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984, féadfaidh oifigeach údaraithe nó oifigigh údaraithe (ach nach mó líon na n-oifigeach sin ná 2), má tá agus fad atá comhalta den Gharda Síochána i dteannta an oifigigh nó na n-oifigeach, freastal ar cheistiú duine arna choinneáil nó arna coinneáil amhlaidh i dtaca le himscrúdú an chiona shonraithe, agus páirt a ghlacadh ann, ach sin sa chás amháin go n-iarrfaidh an comhalta den Gharda Síochána ar an oifigeach nó na hoifigigh údaraithe déanamh amhlaidh agus gur deimhin leis an gcomhalta gur gá don oifigeach nó do na hoifigigh údaraithe freastal ar an gceistiú sin agus páirt a ghlacadh ann, chun an cion sonraithe lena mbaineann a imscrúdú go cuí.

(4) Aon oifigeach a fhreastalaíonn ar cheistiú duine de réir fho-alt (3) agus a ghlacann páirt ann, ní ceadmhach dó nó di aon ghníomh nó neamhghníomh a dhéanamh a bheadh ina shárú, dá mba chomhalta den Gharda Síochána a dhéanfadh é, ar aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 7 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984.

(5) Aon ghníomh nó neamhghníomh arna dhéanamh ag oifigeach údaraithe a fhreastalaíonn ar cheistiú duine de réir fho-alt (3) agus a ghlacann páirt ann, ar gníomh nó neamhghníomh é a bheadh ina shárú, dá mba chomhalta den Gharda Síochána a dhéanfadh é, ar aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 7 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984, ní fhágfaidh sé, uaidh féin, go ndlífear aon imeachtaí coiriúla nó sibhialta a thionscnamh i gcoinne an oifigigh údaraithe, ná ní dhéanfaidh sé difear, uaidh féin, do dhlíthiúlacht choimeád an duine atá á choinneáil nó á coinneáil ná d’inghlacthacht i bhfianaise aon ráitis arna dhéanamh aige nó aici.”.

Leasú ar alt 818 (léiriú (Cuid 34)) den Phríomh-Acht.

135 .— Leasaítear alt 818 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “oifigeach údaraithe”:

“ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim;”.

Leasú ar alt 888 (tuairisceáin etc. ó léasóirí, ó léasaithe agus ó ghníomhairí) den Phríomh-Acht.

136 .— Leasaítear alt 888 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) San alt seo—

tá le ‘léas’, ‘léasaí agus ‘cíos’ na bríonna céanna faoi seach atá leo i gCaibidil 8 de Chuid 4;

ciallaíonn ‘áitreabh’ aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “Chaibidil 8 de Chuid 4” i bhfo-alt (2):

“lena n-áirítear, i gcás daoine dá dtagraítear i mír (d), sonraí faoi ioncam a bheadh inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás V de Sceideal D dá n-éireodh sé sa Stát,”.

Leasuithe ilghnéitheacha i ndáil le héilimh ar aisíoc cánach.

137 .— Maidir leis na hachtacháin a shonraítear i Sceideal 6

(a) leasaítear iad a mhéid a shonraítear agus ar an modh a shonraítear i míreanna 1 agus 2 den Sceideal sin, agus

(b) tá feidhm acu amhail ar an agus ón 31 Eanáir 2008.

Leasú ar na pionóis a bhaineann le ciontú go hachomair i gcionta ioncaim áirithe.

138 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 531(14) trí “€5,000” a chur in ionad “€1,265”, gach áit a bhfuil sé,

(b) in alt 908C(6) trí “€5,000” a chur in ionad “3,000”,

(c) in alt 908D(8) trí “€5,000” a chur in ionad “€3,000”,

(d) in alt 1078(3)(a) trí “€5,000” a chur in ionad “€3,000”,

(e) in alt 1078A(3)(a) trí “€5,000” a chur in ionad “€3,000”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le cion a dhéantar ar lá tar éis an tAcht seo a rith.

Forálacha a bhaineann le rialacháin chustam áirithe.

139 .— Beidh feidhm dlí ag na hionstraimí dá dtagraítear i Sceideal 7, d’ainneoin aon achtacháin, amhail is dá mba Acht den Oireachtas gach ionstraim acu sin, ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Leasú ar alt 811A (idirbhearta chun dliteanas cánach a sheachaint: formhuirear, ús agus fógraí cosantacha) den Phríomh-Acht.

140 .— (1) Leasaítear alt 811A den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)—

“(1A) Gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála den alt seo nó d’alt 811, ní dhéanfar ailt 955(2)(a) agus 956(1)(c), mar a fhorléirítear i dteannta alt 950(2), a fhorléiriú mar ailt lena gcoisctear ar oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) aon fhiosrú a dhéanamh, nó

(b) aon ghníomh a dhéanamh,

aon tráth i dtaca leis an alt seo nó le halt 811.

(1B) I gcás ina mbeidh fógra (dá ngairtear ‘fógra cosantach’ i bhfo-ailt (3) agus (6)) faoi mhionsonraí iomlána idirbhirt faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim ó dhuine, nó thar ceann duine, ar an dáta iomchuí (de réir bhrí fho-alt (3)(c)) nó roimhe, ansin ní thiocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart de bhun fho-ailt (2) agus (4) den alt sin tar éis dheireadh na tréimhse 2 bhliain dar tosach—

(a) an dáta iomchuí, nó

(b) más túisce é, an dáta a bhfuair na Coimisinéirí Ioncaim an fógra,

ach ní fhorléireofar an fo-alt seo mar ní lena gcoiscfear ar oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim aon fhiosrú a dhéanamh aon tráth i dtaca leis an alt seo nó le halt 811.

(1C) I gcás nach mbeidh fógra (dá ngairtear ‘fógra cosantach’ i bhfo-ailt (3) agus (6)) faoi mhionsonraí iomlána an idirbhirt faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim ó dhuine, nó thar ceann duine, ar an dáta iomchuí (de réir bhrí fho-alt (3)(c)) nó roimhe, ansin beidh feidhm ag alt 811 maidir leis an idirbheart sin, más idirbheart é a shonraítear nó a thuairiscítear i bhfógra tuairime a thabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, amhail is dá gcuirfí na clásail seo a leanas in ionad chlásail (I) agus (II) d’fho-alt (9)(a)(i):

‘(I) más dóigh leo nó le tromlach díobh go bhfuil forais ann ar dá réir a d’fhéadfaí a mheas le réasún gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, nó aon chuid den idirbheart sin, trína ordú gur bailí don tuairim, nó don tuairim sa mhéid go mbaineann sí leis an gcuid sin,

(II) más dóigh leo nó le tromlach díobh, faoi réir cibé leasú nó breisiú a dhéanamh air sin a mheasfaidh na Coimisinéirí Achomhairc, nó an tromlach díobh, is gá agus a shonróidh nó a thuairisceoidh siad, go bhfuil forais ann ar dá réir a d’fhéadfaí a mheas le réasún gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart, nó aon chuid de, a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, trína ordú go ndéanfar an t-idirbheart, nó an chuid sin de, a leasú nó a bhreisiú amhlaidh agus, faoi réir an leasaithe nó an bhreisithe, gur bailí don tuairim, nó don tuairim sa mhéid go mbaineann sí leis an gcuid sin, nó’

agus forléireofar forálacha alt 811 dá réir sin.”,

(b) i bhfo-alt (2)(a), trí “20 faoin gcéad” a chur in ionad “10 faoin gcéad”,

(c) i bhfo-alt (3)—

(i) i bhfomhír (b)(i), trí “go mbeadh feidhm ag fo-alt (1C) maidir leis an idirbheart lena mbaineann nó” a chur isteach i ndiaidh “d’aon toisc chun aon fhéidearthacht”, agus

(ii) i bhfomhír (c), trí—

(I) “19 Feabhra 2008” a chur in ionad “2 Feabhra 2006”, agus

(II) “19 Bealtaine 2008” a chur in ionad “2 Bealtaine 2006”,

gach áit a bhfuil siad,

(d) i bhfo-alt (6)(b), trí “chun críocha fho-ailt (1B) agus (3)” a chur in ionad “chun críocha fho-alt (3)”, agus

(e) i bhfo-alt (7), trí “19 Feabhra 2008” a chur in ionad “2 Feabhra 2006” gach áit a bhfuil sé.

(2) Tá feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le haon idirbheart i gcás ina ndéantar nó ina socraítear an t-idirbheart iomlán, nó aon chuid den idirbheart, an 19 Feabhra 2008 nó dá éis, agus

(b) maidir le haon idirbheart arna dhéanamh nó arna shocrú ina iomláine roimh an dáta sin, sa mhéid go n-eascraíonn, nó, murach alt 811 den Phríomh-Acht, go n-eascródh, dá bharr—

(i) laghdú, seachaint nó iarchur aon mhuirir cánach nó measúnachta cánach, nó cuid den chéanna, i gcás nach n-eascraíonn an muirear nó an mheasúnacht ach amháin de bhua idirbhirt eile nó idirbheart eile arna sheoladh nó arna seoladh ina iomláine nó ina n-iomláine an 19 Feabhra 2008 nó dá éis, nó

(ii) aisíocaíocht nó íocaíocht maidir le méid cánach, nó maidir le méadú ar mhéid cánach, nó cuid den chéanna, is inaisíoctha nó is iníoctha ar shlí eile le duine más rud é, murach alt 811 den Phríomh-Acht, go dtiocfadh an méid sin, nó an méadú sin ar an méid, chun bheith inaisíoctha amhlaidh nó iníoctha amhlaidh thairis sin den chéad uair leis an duine an 19 Feabhra 2008 nó dá éis,

ach más rud é, maidir le haon idirbheart, go mbeidh fógra (dá ngairtear “fógra cosantach” i bhfo-alt (3) agus (6) d’alt 811A den Phríomh-Acht agus a bheidh déanta ar an dáta iomchuí nó roimhe, de réir bhrí fho-alt (3)(c) den alt sin roimh aon leasú arna dhéanamh leis an alt seo) faoi mhionsonraí iomlána an idirbhirt faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim ó dhuine, nó thar ceann duine, roimh an 19 Feabhra 2008, ansin beidh feidhm ag an alt sin 811A maidir leis an idirbheart sin amhail is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

Leasuithe teicniúla ilghnéitheacha i ndáil le cáin.

141 .— Maidir leis na hachtacháin a shonraítear i Sceideal 8

(a) leasaítear iad a mhéid a shonraítear agus ar an modh a shonraítear i míreanna 1 go 6 den Sceideal sin, agus

(b) tá feidhm acu agus tagann siad i ngníomh de réir mhír 7 den Sceideal sin.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

142 .— (1) San alt seo—

tá le “ seirbhísí caipitiúla ” an bhrí chéanna atá leis sa phríomh-alt;

ciallaíonn “ an cúigiú blianacht bhreise is caoga ” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (3);

ciallaíonn “ an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais 1950.

(2) I ndáil leis na hocht mbliana airgeadais is fiche chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2008, beidh éifeacht le fo-alt (3) d’alt 128 den Acht Airgeadais 2006 ach “€00.00” a chur in ionad “€28,037,169”.

(3) D’fhonn iasachtaí i leith seirbhísí caipitiúla, agus d’fhonn ús ar iasachtaí den sórt sin, a fhuascailt, déanfar suim €152,155,307 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó ar thoradh fáis an Chiste sin sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2008.

(4) Déanfar an cúigiú blianacht bhreise is caoga a íoc isteach sa Chuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(5) Féadfar aon mhéid den chúigiú blianacht bhreise is caoga, nach mó ná €116,950,000 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(6) Déanfar iarmhéid an chúigiú blianacht bhreise is caoga a úsáid ar aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

143 .— Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, déanfar na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

144 .— (1) Féadfar an tAcht Airgeadais 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid 1 a fhorléiriú—

(a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide, agus

(c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid 2, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna sin agus le bainistiú na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid 3 a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2007 agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2008 a ghairm díobh le chéile.

(5) Déanfar Cuid 4 a fhorléiriú i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(6) Déanfar Cuid 5 a fhorléiriú i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(7) Déanfar Cuid 6 a fhorléiriú—

(a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide,

(c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(d) a mhéid a bhaineann sí le custaim, i dteannta na nAchtanna Custam,

(e) a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin,

(f) a mhéid a bhaineann sí le cáin bhreisluacha, i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2008,

(g) a mhéid a bhaineann sí le dleacht stampa, i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin,

(h) a mhéid a bhaineann sí le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta, i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(8) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite i gCuid 1, measfar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm agus tá éifeacht léi amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2008.

(9) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite, i gcás ina bhfuil foráil den Acht seo le teacht i ngníomh ar an Aire Airgeadais do dhéanamh ordaithe, tiocfaidh an fhoráil sin i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.