|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 5 Dleacht Stampa ar Ionstraimí) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL 7 Forálacha a bhaineann le Rialacháin Chustam Áirithe) |
TODO
[EN] | ||
[EN] |
SCEIDEAL 6 Leasuithe Ilghnéitheacha i nDáil le hÉilimh ar Aisíoc Cánach | |
[EN] | Alt 137 . | |
[EN] | 1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997 de réir na bhforálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) in alt 100(2) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | |
[EN] | “(b) d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di— | |
[EN] | (i) féadfaidh an díoltóir, roimh dheireadh 4 bliana tar éis an dáta a dhéantar an t-atíolacadh, a éileamh go n-aisíocfar aon mhéid ar mhó an cháin a measúnaíodh ar an díoltóir sin de bhua an ailt seo ná an méid a mheasúnófaí amhlaidh dá measfaí chun críocha an ailt seo gurb é an dáta sin an dáta a socraíodh le téarmaí an díola, agus | |
[EN] | (ii) ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) méid cánach den sórt sin a aisíoc i gcás go ndearnadh éileamh tráthúil faoin bhfo-alt seo agus gur éileamh bailí de réir bhrí alt 865(1)(b) an t-éileamh sin.”; | |
[EN] | (b) in alt 101 trí “(d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an am a gceanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di)” a chur isteach i ndiaidh “déanfar cibé coigeartú is gá”; | |
[EN] | (c) in alt 438(4) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | |
[EN] | “(b) D’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di, tabharfar faoiseamh faoin bhfo-alt seo ar éileamh a dhéanfar laistigh de 4 bliana ó dheireadh na bliana measúnachta ina n-aisíocfar leis an gcuideachta an iasacht nó an t-airleacan, nó aon chuid den iasacht nó den airleacan, de réir mar a bheidh.”, | |
[EN] | (d) in alt 480A— | |
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |
[EN] | “(3) I gcás go mbeidh feidhm ag an alt seo, beidh an phearsa aonair iomchuí, ar éileamh a dhéanamh chuige sin, laistigh de 4 bliana ó dheireadh na bliana measúnachta ina scoirfidh sé nó sí go buan de bheith ag gabháil don tslí bheatha shonraithe, nó den ghairm shonraithe a sheoladh, de réir mar a bheidh, i dteideal go ndéanfaí asbhaint as a ioncam iomlán nó as a hioncam iomlán go ceann suas le haon 10 mbliana de na blianta measúnachta a luaitear i bhfo-alt (4).”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |
[EN] | “(3A) Beidh feidhm ag fo-alt (3) d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di. Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) méid cánach a aisíoc de dhroim éilimh thráthúil ar fhaoiseamh faoin alt seo i gcás go mbeidh éileamh bailí ar aisíoc cánach (de réir bhrí alt 865(1)(b)) déanta.”; | |
[EN] | (e) in alt 482(2) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | |
[EN] | “(a) Faoi réir an ailt seo, agus d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di, i gcás go gcruthóidh duine (dá ngairtear “an t-éilitheoir” san alt seo), tar éis éileamh a dhéanamh chuige sin, go bhfuil na coinníollacha a shonraítear i mír (b) comhlíonta, ansin, beidh feidhm ag na hAchtanna Cánach amhail is dá mba chaillteanas a bhain dó nó di le linn na tréimhse inmhuirearaithe dá dtagraítear san fhomhír sin i dtrádáil a bhí á seoladh ag an éilitheoir ar leithligh ó aon trádáil a bhí á seoladh iarbhír ag an éilitheoir é méid an chaiteachais cháilithigh dá dtagraítear i bhfomhír (i) de mhír (b). Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) méid cánach a aisíoc de dhroim éilimh arna dhéanamh faoin alt seo, i gcás go mbeidh éileamh bailí déanta ar aisíoc cánach (de réir bhrí alt 865(1)(b)).”; | |
[EN] | (f) in alt 489(5) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e): | |
[EN] | “(f) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di. Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) méid cánach a aisíoc de dhroim rogha arna déanamh faoi fhorálacha mhíreanna (a) nó (b) i gcás go mbeidh éileamh tráthúil ar fhaoiseamh de réir alt 503 agus éileamh bailí ar aisíoc cánach de réir bhrí alt 865(1)(b) déanta ag an bpearsa aonair shonraithe.”; | |
[EN] | >(g) in alt 539 tríd an téacs láithreach a athuimhriú mar fho-alt (1), agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(2) Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le mír (4) ná (6) d’alt 865 méid cánach a aisíoc de dhroim coigeartaithe cánach arna dhéanamh faoin alt seo, i gcás go ndéanfar éileamh ar aon choigeartú den sórt sin laistigh de 4 bliana ó dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321) ina dtarlóidh an foirceannadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1).”; | |
[EN] | (h) in alt 562— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (2), trí “agus go suífear amhlaidh é sin laistigh de 4 bliana ó dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321) ina bhfuil an dliteanas teagmhasach tagtha chun bheith infhorfheidhmithe” a chur isteach i ndiaidh “go bhfuil sé curtha i bhfeidhm,”, agus | |
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |
[EN] | “(3) Beidh feidhm ag fo-alt (2) d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di. Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) méid cánach a aisíoc de dhroim aon choigeartaithe arna dhéanamh de réir fho-alt (2).”; | |
[EN] | (i) in alt 563(1)(b) trí “Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le fo-alt (4) ná (6) d’alt 865 méid cánach a aisíoc de dhroim aon choigeartaithe den sórt sin.” a chur isteach tar éis “is gá sa chás.”; | |
[EN] | (j) in alt 597(7) trí “nó aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di” a chur isteach tar éis “measúnachtaí le déanamh”; | |
[EN] | (k) in alt 600A(5) trí “nó aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di” a chur isteach tar éis “measúnachtaí le déanamh”; | |
[EN] | (l) in alt 605(4) trí “nó aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar aon éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di” a chur isteach tar éis “measúnachtaí le déanamh”; | |
[EN] | (m) in alt 652(5)(b) trí “nó aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar aon éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di” a chur isteach tar éis “measúnachtaí le déanamh”; | |
[EN] | (n) in alt 670(10) trí “(agus d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar aon éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di)” a chur isteach roimh “féadfar éifeacht a thabhairt”; | |
[EN] | >(o) in alt 774 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7); | |
[EN] | “(7A) Oibreoidh fo-alt (7)(b)(ii) d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar aon éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di, i gcás go ndéanfaidh an t-oifigeach nó an fostaí éileamh ar fhaoiseamh i leith ranníoca nach gnáthranníoc bliantúil laistigh de 4 bliana ó dheireadh na bliana measúnachta inar íoc nó inar iompair an t-oifigeach nó an fostaí an ranníoc sin. Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) aisíoc cánach a dhéanamh de dhroim éilimh den sórt sin, i gcás go mbeidh éileamh bailí déanta ar aisíoc cánach (de réir bhrí alt 865(1)(b)) ag an oifigeach nó ag an bhfostaí.”; | |
[EN] | (p) in alt 776 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |
[EN] | “(2A) Oibreoidh fo-alt (2)(b)(ii) d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse a gceanglófar aon éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di, i gcás go ndéanfaidh an t-oifigeach nó an fostaí éileamh ar fhaoiseamh i leith ranníoca nach gnáthranníoc bliantúil laistigh de 4 bliana ó dheireadh na bliana measúnachta inar íoc nó inar iompair an t-oifigeach nó an fostaí an ranníoc sin. Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) aisíoc cánach a dhéanamh de dhroim éilimh den sórt sin, i gcás go mbeidh éileamh bailí déanta ar aisíoc cánach (de réir bhrí alt 865(1)(b)) ag an oifigeach nó ag an bhfostaí.”; | |
[EN] | (q) in alt 804(2)(a) trí “d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di,” a chur isteach i ndiaidh “aisíoctha,”; | |
[EN] | (r) in alt 929(3) trí “d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di,” a chur isteach i ndiaidh “iarratasóir” agus, | |
[EN] | (s) in alt 955(2)(b) trí “(d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di)” a chur isteach i ndiaidh “aisíoctha”. | |
[EN] | 2. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003— | |
[EN] | (a) in alt 28, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5): | |
[EN] | “(5A) D’ainneoin alt 57(3), tabharfar faoiseamh faoi fho-alt (5)(a) ar éileamh a dhéanfar laistigh de 4 bliana tar éis an dliteanas dá dtagraítear sa mhír sin a bheith íoctha.”; | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) in alt 29, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) D’ainneoin alt 57(3), tabharfar faoiseamh faoi fho-alt (1) ar éileamh a dhéanfar laistigh de 4 bliana tar éis scor don teideal dá dtagraítear san fho-alt sin.”. |