|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 7 Forálacha a bhaineann le Rialacháin Chustam Áirithe) |
TODO
[EN] | ||
[EN] |
SCEIDEAL 8 Leasuithe Teicniúla Ilghnéitheacha i nDáil le Cáin | |
[EN] | Alt 141 . | |
[EN] | 1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha de réir na bhforálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) sa Tábla a ghabhann le halt 37— | |
[EN] | (i) trí “Urrúis arna n-eisiúint an 2ú lá d’Iúil, 1964, nó dá éis, ag Aer Lingus, Teoranta.” a scriosadh, | |
[EN] | (ii) trí “Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “Aer Rianta, Teoranta”, agus | |
[EN] | (iii) trí “Urrúis arna n-eisiúint an 2ú lá d’Iúil, 1964, nó dá éis, ag Aerlínte Éireann, Teoranta.’’ a scriosadh, | |
[EN] | (b) in alt 247(4A)(e) trí “a ghabhann leis an bPríomh-Acht” a scriosadh, | |
[EN] | (c) in alt 268— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (9)(e) trí “ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “ag Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta”, agus | |
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (10): | |
[EN] | “(10) Chun críocha na Coda seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath’ Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, cuideachta phoiblí theoranta, agus folaíonn sé— | |
[EN] | (a) i gcás go bhfuil lá ceaptha faoi alt 5 den Acht um Aerfoirt Stáit 2004 i leith Údarás Aerfort Chorcaí, cuideachta phoiblí theoranta, an chuideachta sin, agus | |
[EN] | (b) i gcás go bhfuil lá ceaptha faoin alt sin 5 i leith Údarás Aerfort na Sionna, cuideachta phoiblí theoranta, an chuideachta sin; | |
[EN] | ciallaíonn ‘lá dílseacháin’ an lá a cheapfar le hordú faoi alt 9(6) den Acht um Aerfoirt Stáit 2004 i leith Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus cibé lá nó laethanta eile a cheapfar le hordú nó le horduithe faoi alt 5 den Acht um Aerfoirt Stáit 2004 i leith Údarás Aerfort Chorcaí, cuideachta phoiblí theoranta, agus Údarás Aerfort na Sionna, cuideachta phoiblí theoranta.”, | |
[EN] | (d) in alt 272— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (3A) trí “Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta” gach áit a bhfuil sé, | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (3B) trí “d’Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “d’Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta” agus “ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “ag Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta”, agus | |
[EN] | (iii) i bhfo-alt (4)(g)(ii)(I) trí “Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta”, | |
[EN] | (e) in alt 274(1)(b)(vi)(II)(A) trí “Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “Aer Rianta, cuideachta phoiblí theoranta”, | |
[EN] | (f) in alt 284(8) trí “ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “ag Aer Rianta, cuideachta phoiblí theoranta” agus “d’Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “d’Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta”, | |
[EN] | (g) in alt 476— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1) tríd an míniú ar “cleithiúnaí” a scriosadh, agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (2)(a) trí “, thar a cheann féin nó thar a ceann féin, nó thar ceann a chleithiúnaí nó a cleithiúnaí,” a scriosadh, | |
[EN] | (h) in alt 607(1)(d) trí “nó Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath,” a chur in ionad “, Aerlínte Éireann, Teoranta, Aer Lingus, Teoranta nó Aer Rianta, Teoranta,”, | |
[EN] | (i) in alt 671— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1) trí “an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha”, agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (2) trí “an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha,” a chur in ionad “Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha,”, | |
[EN] | (j) in alt 681(1)(a), sa mhíniú ar “an tAire” trí “an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha;” a chur in ionad “Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha;”, | |
[EN] | (k) in alt 682— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1) trí “an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha”, agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (2) trí “leis an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha,” a chur in ionad “le hAire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha,”, | |
[EN] | (l) in alt 683(5) trí “ón Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “ó Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha”, | |
[EN] | (m) in alt 684(1)— | |
[EN] | (i) i mír (iii)(II) den mhíniú ar “caiteachas forbartha” trí “leis an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “le hAire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha”, agus | |
[EN] | (ii) i mír (b) den mhíniú ar “caiteachas taiscéalaíochta” trí “leis an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “le hAire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha”, | |
[EN] | (n) in alt 697— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1) trí “an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha”, agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (2) trí “ón Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha,” a chur in ionad “ó Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha,”, | |
[EN] | (o) in alt 730GB trí “den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.” a chur in ionad “den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil 2003.”, | |
[EN] | (p) in alt 838(1)(a), i bhfomhír (ii) den mhíniú ar “urrúis” trí “nó Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath,” a chur in ionad “, Aerlínte Éireann cuideachta phoiblí theoranta, Aer Lingus cpt nó Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta,”, | |
[EN] | (q) in alt 917D(1)— | |
[EN] | (i) i mír (f) den mhíniú ar “na hAchtanna” trí “an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999,” a chur in ionad “an Stamp Act, 1891,”, agus | |
[EN] | (ii) sa mhíniú ar “duine údaraithe” trí “le halt 917G(3)(a);” a chur in ionad “le halt 917G(3)(b);”, | |
[EN] | (r) in alt 1000(a) trí “rialachán 14 de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Iomchuí) 2000 (I.R. Uimh. 71 de 2000),” a chur in ionad “rialachán 12 de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Foirgníochta), 1971 (I.R. Uimh. 1 de 1971 ),”, | |
[EN] | (s) in alt 1077(2) trí “a luaitear in aon cheann de na forálacha nó na hailt sin,” a chur in ionad “atá luaite in aon cheann de na forálacha nó na hailt sin,”, | |
[EN] | (t) in alt 1104(4) trí “i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999,” a chur in ionad “i dteannta an Stamp Act, 1891,”, | |
[EN] | (u) i gCuid 1 de Sceideal 24A tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 5: | |
[EN] | “5A. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na Sile) 2005 (I.R. Uimh. 815 de 2005).”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (v) i Sceideal 25C— | |
[EN] | (i) i mír 1(2), i gclásal (b) den mhíniú ar TR trí “ar ina leith” a scriosadh, agus | |
[EN] | (ii) i mír 2(2), i gclásal (b) den mhíniú ar TA trí “ar ina leith” a scriosadh. | |
[EN] | 2. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 in alt 75A(1), i mír (c) den mhíniú ar “teach imréitigh aitheanta” trí “SIS x-clear Aktiengesellschaft” a chur in ionad “SIS SegaInterSettle AG”. | |
[EN] | 3. Leasaítear an tAcht Cánach Breisluacha 1972 de réir na bhforálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) in alt 1(1)— | |
[EN] | (i) sa mhíniú ar “an t-aerfort neamhchustam” trí “faoin Acht Aerphoirt Neamhchustam 1947” a chur in ionad “faoin Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1941”, | |
[EN] | (ii) trí “tá le ‘ráiteas rialúcháin míosúil’ an bhrí a shanntar dó le halt 17;” a scriosadh, agus | |
[EN] | (iii) i mír (c) den mhíniú ar “déileálaí inchánach” trí “agus i ndáil le soláthairtí innealra talmhaíochta tá leis an bhrí a shanntar dó le halt 12C” a chur isteach i ndiaidh “le halt 12B”, | |
[EN] | (b) in alt 3B— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (1) trí “socrú fionraí” a chur in ionad “socrú fionraí dleachta”, | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (3) trí “agus de réir Chaibidlí 1 agus 2 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2001” a chur in ionad “agus de réir Chaibidil II de Chuid II den Acht Airgeadais, 1992”, | |
[EN] | (iii) i bhfo-alt (4) trí “socrú fionraí” a chur in ionad “socrú fionraí dleachta”, agus | |
[EN] | (iv) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7): | |
[EN] | “(7) San alt seo— | |
[EN] | tá le ‘táirgí alcóil’ an bhrí chéanna atá leis in alt 73(1) den Acht Airgeadais 2003; | |
[EN] | ciallaíonn ‘socrú fionraí’ socrú faoina ndéantar táirgí inmháil a tháirgeadh, a phróiseáil, a shealbhú nó a bhogadh, agus dleacht máil a bheith ar fionraí.”; | |
[EN] | (c) in alt 8(2) trí mhír (ab) a scriosadh, | |
[EN] | (d) in alt 16(3)— | |
[EN] | (i) trí “ráitis rialúcháin mhíosúla,” a scriosadh, | |
[EN] | (ii) trí “ráiteas rialúcháin míosúil,” a scriosadh, agus | |
[EN] | (iii) trí “na ráitis rialúcháin mhíosúla” a scriosadh, | |
[EN] | (e) in alt 17 trí fho-alt (1B) a scriosadh, | |
[EN] | (f) in alt 27 tríd an leagan cuí gramadaí den abairt “ráiteas rialúcháin míosúil,” a scriosadh gach áit a bhfuil sé, | |
[EN] | (g) in alt 28 trí “ráiteas rialúcháin míosúil,” a scriosadh, | |
[EN] | (h) in alt 30(4)(b) trí “ráiteas rialúcháin míosúil,” a scriosadh, | |
[EN] | (i) in alt 32(1)(i) trí “an ráitis rialúcháin mhíosúil,” agus “ráiteas rialúcháin míosúil,” a scriosadh, | |
[EN] | (j) i mír (xia) den Chéad Sceideal trí “ag daoine ainmnithe de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Seirbhísí Poist) 2000 (I.R. Uimh. 310 de 2000)” a chur in ionad “ag daoine atá ceadúnaithe de réir alt 73 nó fho-alt (1) d’alt 111 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 ”, agus | |
[EN] | (k) i mír (i)(d) den Séú Sceideal trí “(de réir bhrí na Rialachán um Cháin Ola Mianra 2001 (I.R. Uimh. 442 de 2001))” a chur in ionad “(de réir bhrí na Rialachán um Ola (Trom) Hidreacarbóin, 1989 (I.R. Uimh. 121 de 1989))”. | |
[EN] | 4. Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2003— | |
[EN] | (a) in alt 73(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “táirge íocshláinte”: | |
[EN] | “ciallaíonn ‘táirge íocshláinte’ táirge íocshláinte tréidliachta mar a mhínítear in Airteagal 1 de Threoir 2001/82/CE an 6 Samhain 2001 25 , nó táirge íocshláinte mar a mhínítear in Airteagal 1 de Threoir 2001/83/CE an 6 Samhain 2001 26 , nó in aon Treoir lena leasaítear nó lena n-ionadaítear na Treoracha sin;”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) in alt 75 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (arna ionadú leis an Acht Airgeadais 2004): | |
[EN] | “(2) I gcás biotáille a tháirgtear sa Stát trí phróiseas driogtha, más rud é gur lú cainníocht na biotáille a tháirgtear ná an chainníocht is féidir a tháirgeadh ón mbraichlis nó ón anallas a úsáidtear sa phróiseas sin, féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal, in ionad muirir ar chainníocht na biotáille a tháirgtear, go muirearófar cáin táirgí alcóil ar an gcainníocht is féidir a tháirgeadh ón mbraichlis nó ón anallas sin ar an toimhde go dtáirgtear, ó gach heictilítear braichlise nó anallais, lítear amháin alcóil ar gach 8.8 céim tanaithe, is é sin le rá, ar gach 8.8 céim de dhifríocht idir an imtharraingt is airde atá ag an mbraichlis agus an imtharraingt is ísle atá ag an anallas roimh dhriogadh.”. | |
[EN] | 5. Leasaítear an tAcht Airgeadais 2007 in alt 96(b) trí “le héifeacht ón 1 Bealtaine 2007” a chur in ionad “le héifeacht ón 1 Iúil 2007”. | |
[EN] | 6. Leasaítear na Rialacháin Chánacha (Aisíocaíochtaí a Fhritháireamh) 2002 (I.R. Uimh. 471 de 2002) de réir na bhforálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) i Rialachán 3(a)(ix) trí “faoin Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 (Uimh. 1 de 2003)” a chur in ionad “faoin Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil 1976 ( Uimh. 8 de 1976 )”, agus | |
[EN] | (b) i Rialachán 4(a)(ix) trí “faoin Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003” a chur in ionad “faoin Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil 1976”. | |
[EN] | 7. (a) Maidir le mír 1— | |
[EN] | (i) tá éifeacht le fomhíreanna (a), (h) agus (p) amhail ar an agus ón 31 Eanáir 2008, | |
[EN] | (ii) tá éifeacht le fomhíreanna (b) go (f), (i) go (o) agus (q) go (v) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo, agus | |
[EN] | (iii) meastar gur tháinig fomhír (g) i bhfeidhm agus in éifeacht maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus le blianta measúnachta dá héis. | |
[EN] | (b) Beidh feidhm ag mír 2 maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 1 Deireadh Fómhair 2007 nó dá éis. | |
[EN] | (c) Tá éifeacht le mír 3 amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo. | |
[EN] | (d) Tá éifeacht le mír 4 amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo. | |
[EN] | (e) Meastar gur tháinig mír 5 i bhfeidhm agus in éifeacht amhail ar an agus ón 2 Aibreán 2007. | |
[EN] | (f) Tá éifeacht le mír 6 amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo. | |