|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil 3 Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil ) | Ar Aghaidh (Caibidil 5 Cáin Ghnóchan Caipitiúil ) |
TODO
[EN] | |||||||||||||||||
[EN] |
Caibidil 4 Cáin Chorparáide | ||||||||||||||||
[EN] |
Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le díbhinní áirithe, etc. |
43 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||||||||
[EN] | (a) in alt 21A(3) trí “ach faoi réir fho-alt (4) agus alt 21B” a chur in ionad “ach faoi réir fho-alt (4)”, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 21A: | ||||||||||||||||
[EN] | “Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le díbhinní áirithe. | ||||||||||||||||
[EN] | 21B.— (1) (a) San alt seo— | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘brabúis’, i ndáil le cuideachta do thréimhse— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás ina gceanglaítear cuntas sochair agus dochair, nó ráiteas ioncaim, na cuideachta don tréimhse sin a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, an méid brabús, tar éis cánach, mar a thaispeántar sa chuntas sochair agus dochair sin, nó sa ráiteas ioncaim sin, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) in aon chás eile, an méid brabús, tar éis cánach, mar a thaispeántar i gcuntas sochair agus dochair, nó i ráiteas ioncaim, na cuideachta agus a ullmhaítear de réir creata cuntasaíochta a bhfuil, sa chríoch ina bhfuil an chuideachta corpraithe, glacadh leis go ginearálta mar chreat a thugann léargas cóir ar an mbrabús don tréimhse sin; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘críoch iomchuí’— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) Ballstát de na Comhphobail Eorpacha, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) mura Ballstát den sórt sin í, críoch a bhfuil socraithe a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 826(1) déanta lena rialtas; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘brabúis trádála’, i ndáil le cuideachta do thréimhse, comhiomlán an oiread sin de bhrabúis na cuideachta don tréimhse sin atá, ar bhonn cóir réasúnach, inchurtha síos do na nithe seo a leanas— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) seoladh trádála ag an gcuideachta, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) méid na ndíbhinní a fuair an chuideachta a ndéileáiltear leo mar bhrabúis trádála de bhua an ailt seo, | ||||||||||||||||
[EN] | ach ní fholaíonn sé méideanna atá inchurtha i leith brabús, nó i leith díbhinní a fuair cuideachta agus a íoctar as brabúis, ó thrádáil eiscthe (de réir bhrí alt 21A). | ||||||||||||||||
[EN] | (b) Chun críocha an ailt seo— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) ní bhaineann tagairtí do chuideachta a íocann díbhinn ach le cuideachta a bhí, de bhua dlí críche iomchuí, ina cónaí, chun críocha cánach, i gcríoch iomchuí den sórt sin i gcaitheamh na tréimhse ar as na brabúis uaithi a íocadh an díbhinn, agus chun na críche sin ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le críoch iomchuí, aon cháin a fhorchuirtear sa chríoch iomchuí a fhreagraíonn do cháin chorparáide sa Stát, | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) déileálfar le cibé méid de dhíbhinn a fhaigheann cuideachta (dá ngairtear an ‘chuideachta chéadluaite’ san fhomhír seo) agus a íocann cuideachta eile as brabúis trádála, nó méid a ndéileáiltear leis mar bhrabúis trádála de chuid na cuideachta eile leis an alt seo, mar bhrabúis trádála na cuideachta céadluaite, | ||||||||||||||||
[EN] | (iii) faoi réir fhomhír (iv), is é a bheidh sa tréimhse ar as na brabúis uaithi a íocfaidh cuideachta díbhinn— | ||||||||||||||||
[EN] | (I) más rud é go n-íocann an chuideachta an díbhinn i leith tréimhse sonraithe, an tréimhse sin, | ||||||||||||||||
[EN] | (II) más rud é nach i leith tréimhse sonraithe a íoctar an díbhinn ach go n-íoctar í as brabúis shonraithe, an tréimhse ar lena linn a éireoidh na brabúis sin, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (III) más rud é nach i leith tréimhse sonraithe ná as brabúis shonraithe a íocann an chuideachta an díbhinn, an tréimhse is deireanaí dá ndearnadh suas cuntais na cuideachta agus a chríochnaigh sular tháinig an díbhinn chun bheith iníoctha, | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (iv) más rud é, maidir le tréimhse arna sonrú de réir fhomhír (iii) nó na fomhíre seo, gur mó an díbhinn iomlán ná na brabúis atá ar fáil lena ndáileadh don tréimhse sin, ansin déileálfar le cibé oiread den díbhinn atá comhionann leis an mbreis mar dhíbhinn a íocadh as brabúis na tréimhse roimhe sin (seachas brabúis ón tréimhse sin a dáileadh roimhe sin, nó ar déileáladh leis chun críocha na fomhíre seo, mar bhrabúis a dáileadh roimhe sin), agus déileálfar le tréimhse den sórt sin mar thréimhse arna sonrú de réir fhomhír (iii) chun críocha fheidhmiú breise na fomhíre seo. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) faoi réir mhír (b), déileálfar leis an oiread sin de dhíbhinn a íocann cuideachta i leith tréimhse, a mbeidh idir é agus méid na díbhinne sin an chomhréir chéanna atá idir méid bhrabúis trádála na cuideachta don tréimhse sin agus brabúis iomlána na cuideachta don tréimhse sin, mar dhíbhinn a íocadh as brabúis trádála na cuideachta, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) aon díbhinn a fhaigheann cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta glactha’ sa mhír seo) a bheidh laistigh den réim cánach corparáide sa Stát a íocann cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta íoca’ sa mhír seo) as na brabúis ó thréimhse, déileálfar léi mar mhéid a íocadh as brabúis trádála na cuideachta íoca don tréimhse sin más rud é— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) gur brabúis trádála iad méid nach lú ná 75 faoin gcéad de bhrabúis iomlána na cuideachta íoca don tréimhse, | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) nach lú, ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta ina bhfaigheann an chuideachta fála an díbhinn, luach sócmhainní (seachas sócmhainní sonraithe) a úsáideann an chuideachta glactha, agus gach cuideachta ar máthairchuideachta di an chuideachta glactha (de réir bhrí alt 626B), le linn na tréimhse sin chun críocha na cuideachtaí sin do sheoladh trádála nó trádálacha, ná 75 faoin gcéad de luach, i ndeireadh na tréimhse sin, sócmhainní (seachas sócmhainní sonraithe) na gcuideachtaí sin, agus chun na críche sin déileálfar le sócmhainn mar shócmhainn shonraithe más é atá ann— | ||||||||||||||||
[EN] | (I) scaireanna de chuid cuideachta amháin de na cuideachtaí sin, arna sealbhú ag cuideachta eile de na cuideachtaí sin, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (II) iasachtaí arna dtabhairt ag cuideachta amháin de na cuideachtaí sin do chuideachta eile de na cuideachtaí sin. | ||||||||||||||||
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4), beidh feidhm ag an alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta i gcás ina bhfaigheann cuideachta díbhinn is inmhuirearaithe faoi Chás III de Sceideal D ó chuideachta eile agus go n-íocann an chuideachta eile an díbhinn as brabúis trádála na cuideachta eile. | ||||||||||||||||
[EN] | (4) I gcás ina bhfuil ar áireamh in ioncam cuideachta (dá ngairtear an ‘chuideachta chéadluaite’ san fho-alt seo), is inmhuirearaithe faoi Chás III de Sceideal D i leith tréimhse cuntasaíochta de chuid na cuideachta, díbhinn arna híoc leis an gcuideachta ag cuideachta eile, agus— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) nach leis an gcuideachta chéadluaite, go díreach nó go neamhdhíreach, léi féin nó i dteannta duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an gcuideachta chéadluaite, méid is mó ná 5 faoin gcéad de scairchaipiteal na cuideachta eile, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) nach bhfuil méid is mó ná 5 faoin gcéad de na cearta vótála sa chuideachta eile ar seilbh ag an gcuideachta chéadluaite, | ||||||||||||||||
[EN] | ansin, déileálfar leis an díbhinn chun críocha fho-alt (3) mar dhíbhinn arna fáil ag an gcuideachta chéadluaite ar díbhinn í a íocann an chuideachta eile as brabúis trádála na cuideachta eile. | ||||||||||||||||
[EN] | (5) I gcás ina gcruthaíonn cuideachta go bhfuil feidhm ag an alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta agus go ndéanann sí éileamh ina thaobh sin, ansin ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) d’alt 21A maidir le cibé méid d’aon ioncam de chuid na cuideachta is inmhuirearaithe faoi Chás III de Sceideal D arb éard é díbhinn a fuair an chuideachta ó chuideachta eile más rud é gur díbhinn í a íocann an chuideachta eile as brabúis trádála na cuideachta eile. | ||||||||||||||||
[EN] | (6) Aon éileamh ag cuideachta faoin alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, déanfar é a áireamh sa tuairisceán faoi alt 951 a bheidh le déanamh ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta.”, | ||||||||||||||||
[EN] | (c) in alt 243A(3)— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) i mír (a) trí “agus” a scriosadh agus i mír (b) trí “iomchuí, agus” a chur in ionad “iomchuí,”, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b): | ||||||||||||||||
[EN] | “(c) ioncaim nach mbaineann alt 21A(3) leis de bhua alt 21B,”, | ||||||||||||||||
[EN] | (d) in alt 396A(3)— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) i mír (a) trí “agus” a scriosadh agus i mír (b) trí “iomchuí, agus” a chur in ionad “iomchuí,”, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b): | ||||||||||||||||
[EN] | “(c) ioncaim nach mbaineann alt 21A(3) leis de bhua alt 21B,”, | ||||||||||||||||
[EN] | (e) in alt 420A(3)(a)— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) i bhfomhír (i) trí “agus” a scriosadh agus i bhfomhír (ii) trí “iomchuí, agus” a chur in ionad “iomchuí,”, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii): | ||||||||||||||||
[EN] | “(iii) ioncaim nach mbaineann alt 21A(3) leis de bhua alt 21B,”, | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (f) i Sceideal 24, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (9)E: | ||||||||||||||||
[EN] | “9E. (1) (a) Sa mhír seo— | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘ cuideachta choigríche ’ cuideachta a chónaíonn lasmuigh den Stát; | ||||||||||||||||
[EN] | tá le ‘ cáin choigríche neamhfhaoisimh ’ an bhrí a shanntar dó i bhfomhír (2); | ||||||||||||||||
[EN] | tá le ‘ cáin choigríche neamhfhaoisimh i leith díbhinní sonraithe ’ an bhrí a shanntar dó i bhfomhír (3). | ||||||||||||||||
[EN] | (b) Chun críche na míre seo— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) is díbhinn iomchuí díbhinn más rud é go ndéanann cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta glactha’ sa chlásal seo) í a fháil ó chuideachta nach gcónaíonn sa Stát (dá ngairtear ‘an chuideachta íoca’ sa chlásal seo) agus go bhfuil an chuideachta íoca gaolmhar leis an gcuideachta glactha (de réir bhrí mhír (9)B(5)(b)), agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) ciallaíonn an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta i leith aon díbhinní arna bhfáil ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta ó chuideachtaí coigríche an oiread sin den cháin chorparáide ab iníoctha, ar leith ón mír seo, ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin agus nach mbeadh iníoctha mura mbeadh na díbhinní sin arna bhfáil ag an gcuideachta. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Más rud é, maidir le díbhinn iomchuí arna fáil ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta agus ar a muirearaítear cáin chorparáide de réir alt 21A, nach féidir aon chuid den cháin choigríche, ar leith ón mír seo, a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha agus, dá réir sin, go ndéileáiltear, faoi mhír (7)(3)(c), leis an méid ioncaim atá in ionannas don díbhinn mar mhéid arna laghdú den chuid sin den cháin choigríche, ansin maidir le méid a chinnfear de réir na foirmle— | ||||||||||||||||
[EN] | 100 - R x D | ||||||||||||||||
[EN] | 100 | ||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | ||||||||||||||||
[EN] | gurb é R an ráta faoin gcéad a shonraítear in alt 21A(3), agus | ||||||||||||||||
[EN] | gurb é D an méid den chuid den cháin choigríche a ndéileálfar leis an ioncam faoi mhír (7)(3)(c) mar mhéid arna laghdú de, | ||||||||||||||||
[EN] | déileálfar leis, chun críocha chlásal (b), mar cháin choigríche neamhfhaoisimh de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin. | ||||||||||||||||
[EN] | (b) Déanfar an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta i leith díbhinní iomchuí arna bhfáil ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin ó chuideachtaí coigríche a laghdú den mhéid cánach coigríche neamhfhaoisimh de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin. | ||||||||||||||||
[EN] | (c) I gcás gur mó an cháin choigríche neamhfhaoisimh i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ná comhiomlán an méid cánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta i leith díbhinní iomchuí arna bhfáil ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin ó chuideachtaí coigríche, déanfar an bhreis a thabhairt ar aghaidh, agus déileálfar léi mar cháin choigríche neamhfhaoisimh de chuid na chéad tréimhse cuntasaíochta dá héis sin, agus mar sin de do thréimhsí cuntasaíochta dá héis sin. | ||||||||||||||||
[EN] | (3) (a) San fhomhír seo ciallaíonn ‘díbhinn shonraithe’ díbhinn iomchuí nach muirearaítear cáin chorparáide uirthi de réir alt 21A. | ||||||||||||||||
[EN] | (b) Más rud é, maidir le díbhinn shonraithe arna fáil ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta, nach féidir aon chuid den cháin choigríche, ar leith ón mír seo, a lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, agus dá réir sin, go ndéileáiltear, faoi mhír (7)(3)(c), leis an méid ioncaim atá in ionannas don díbhinn mar mhéid arna laghdú den chuid sin den cháin choigríche, ansin, maidir le méid a chinnfear de réir na foirmle— | ||||||||||||||||
[EN] | 100 - R x D | ||||||||||||||||
[EN] | 100 | ||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | ||||||||||||||||
[EN] | gurb é R an ráta faoin gcéad a shonraítear in alt 21, agus | ||||||||||||||||
[EN] | gurb é D an méid den chuid den cháin choigríche a ndéileálfar leis an ioncam faoi mhír (7)(3)(c) mar mhéid arna laghdú de, | ||||||||||||||||
[EN] | déileálfar leis, chun críocha chlásal (c), mar cháin choigríche neamhfhaoisimh i leith díbhinní sonraithe de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin. | ||||||||||||||||
[EN] | (c) Déanfar an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta i leith díbhinní sonraithe arna bhfáil ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin ó chuideachtaí coigríche a laghdú den mhéid cánach coigríche neamhfhaoisimh i leith díbhinní sonraithe de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin. | ||||||||||||||||
[EN] | (d) I gcás gur mó an cháin choigríche neamhfhaoisimh i leith díbhinní sonraithe i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ná an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta i leith díbhinní sonraithe arna bhfáil ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin ó chuideachtaí coigríche, déanfar an bhreis a thabhairt ar aghaidh agus déileálfar léi mar cháin choigríche neamhfhaoisimh i leith díbhinní sonraithe de chuid na chéad tréimhse cuntasaíochta dá héis sin, agus mar sin de do thréimhsí cuntasaíochta dá héis sin.”. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Measfar feidhm a bheith ag an alt seo maidir le díbhinn arna fáil an 1 Eanáir 2007 nó dá éis. | ||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar Chuid 13 (dlúthchuideachtaí) den Phríomh-Acht. |
44 .— (1) Leasaítear Cuid 13 den Phríomh-Acht— | |||||||||||||||
[EN] | (a) in alt 434— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) i bhfo-alt (2) trí “agus faoi réir fho-alt (3A) measfar gurb éard iad dáiltí cuideachta” a chur in ionad “, measfar gurb éard iad dáiltí cuideachta”, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | ||||||||||||||||
[EN] | “(3A) (a) I gcás ina n-íocann dlúthchuideachta díbhinn le dlúthchuideachta eile nó ina ndéanann sí dáileadh ar dhlúthchuideachta eile, féadfaidh na cuideachtaí comhrogha a dhéanamh trí fhógra a thabhairt don Ard-Bhailitheoir ar cibé slí a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim, nach ndéileálfar leis an díbhinn, nó leis an dáileadh, de réir mar a bheidh, mar dháileadh chun críocha alt 440. | ||||||||||||||||
[EN] | (b) I gcás ina dtabharfar fógra de réir mhír (a), ní dhéileálfar leis an díbhinn nó leis an dáileadh, de réir mar a bheidh— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) chun críocha alt 440, mar dháileadh, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) chun críocha fho-alt (5), mar ioncam infheistíochta frainceáilte. | ||||||||||||||||
[EN] | (c) Déanfar roghnú ag cuideachta faoi mhír (a) maidir le tréimhse chuntasaíochta a áireamh leis an tuairisceán faoi alt 951 atá le déanamh ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta.”. | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) in alt 441(6)(a), trí “fo-ailt (2), (3), (3A), (6) agus (7)” a chur in ionad “fo-ailt (2), (3), (6) agus (7)”. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le díbhinn arna híoc, nó maidir le dáileadh arna dhéanamh, an 31 Eanáir 2008 nó dá éis. | ||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar Chuid 24 (cánachas ar bhrabúis mianach áirithe agus cánachas ar pheitriliam) den Phríomh-Acht. |
45 .— (1) Leasaítear Cuid 24 den Phríomh-Acht— | |||||||||||||||
[EN] | (a) trí alt 697 a athuimhriú mar alt 696A, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 696A (arna athuimhriú le mír (a)): | ||||||||||||||||
[EN] | “Caibidil 3 | ||||||||||||||||
[EN] | Cáin ar Chíos ó Acmhainn Bhrabúis | ||||||||||||||||
[EN] | Léiriú agus feidhm (Caibidil 3). | ||||||||||||||||
[EN] | 696B.— (1) Sa Chaibidil seo— | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘caiteachas réimse carnach’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta i leith réimse inchánach, comhiomlán an chaiteachais réimse charnaigh de chuid na cuideachta i leith an réimse inchánach— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) don tréimhse chuntasaíochta sin, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) d’aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin dar tosach an 1 Eanáir 2007 nó dá éis; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘brabúis réimse charnacha’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta i leith réimse inchánach, comhiomlán na nglanbhrabús réimse inchánach de chuid na cuideachta i leith an réimse inchánach— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) don tréimhse chuntasaíochta sin, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) d’aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin dar tosach an 1 Eanáir 2007 nó dá éis, | ||||||||||||||||
[EN] | tar éis méid aon chaillteanais a tabhaíodh i leith an réimse inchánach d’aon tréimhse den sórt sin a asbhaint; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘glanbhrabúis réimse inchánach’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, brabúis réimse inchánach na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta tar éis an méid cánach corparáide (más ann) a asbhaint a bheadh, ar leith ón gCaibidil seo, iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dá ndéanfaí an cháin a ríomh ar bhonn na mbrabús sin; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘cóimheas brabúis’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta i leith réimse inchánach, méid a chinnfear de réir na foirmle— | ||||||||||||||||
[EN] | A | ||||||||||||||||
[EN] | B | ||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | ||||||||||||||||
[EN] | gurb é A brabúis réimse charnacha na cuideachta i leith an réimse inchánach i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta sin, agus | ||||||||||||||||
[EN] | gurb é B caiteachas réimse carnach na cuideachta i leith an réimse inchánach i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta sin; | ||||||||||||||||
[EN] | tá le ‘cáin ar chíos ó acmhainn bhrabúis’ an bhrí a thugtar dó in alt 696C; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘ceadúnas sonraithe’— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) ceadúnas taiscéalaíochta, nó ceadúnas limistéir chaomhnaithe, a dheonaítear an 1 Eanáir 2007 nó dá éis, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (b) rogha cheadúnúcháin; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘réimse inchánach’ limistéar a bhfuil léas peitriliam i bhfeidhm ina leith a rinneadh mar thoradh ar cheadúnas sonraithe; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘caiteachas réimse inchánach’, i dtaca le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, comhiomlán na méideanna caiteachais chaipitiúil arb éard atá iontu— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) caiteachas ar thréigean, | ||||||||||||||||
[EN] | (b) caiteachas ar fhorbairt, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (c) caiteachas ar thaiscéalaíocht, | ||||||||||||||||
[EN] | arna dtabhú ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta i leith réimse inchánach; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘brabúis réimse inchánach’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, an méid brabús peitriliam de chuid na cuideachta i leith réimse inchánach, tar éis na hasbhaintí go léir a dhéanamh, nó na faoisimh go léir a thabhairt nó a lamháil, ar asbhaintí nó faoisimh iad, chun críocha cánach corparáide, a dhéantar as na nithe seo a leanas, nó a thugtar nó a lamháiltear ina n-aghaidh, nó a ndéileáiltear leo mar asbhaintí nó mar fhaoisimh atá ina laghdú ar na nithe seo a leanas— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) na brabúis sin, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (b) ioncam nó gnóchain inmhuirearaithe, más ann dóibh, atá ar áireamh ar na brabúis sin. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Chun críocha na Caibidle seo— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) beidh feidhm ag na léirithe in alt 684, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le caiteachas agus gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi cheadúnas sonraithe amhail mar a bheadh feidhm acu maidir le caiteachas agus gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi cheadúnas de réir bhrí alt 684 dá mba cheadúnas sonraithe ceadúnas den sórt sin, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 1 Eanáir 2007 nó dá éis ag cuideachta i limistéar nach réimse inchánach ach a thagann chun bheith ina réimse inchánach (nó ina chuid de réimse den sórt sin) dá éis sin, déileálfar leis ionann is dá mba ar an lá a thagann an limistéar chun bheith ina réimse inchánach (nó ina chuid de réimse den sórt sin) i gcéaduair a tabhaíodh é. | ||||||||||||||||
[EN] | (3) (a) I gcás ina seolann cuideachta trádáil peitriliam agus go bhfolaíonn an trádáil peitriliam sin gníomhaíochtaí peitriliam arna seoladh faoi cheadúnas sonraithe, déileálfar leis na gníomhaíochtaí sin, chun críocha na Caibidle seo, i leith gach réimse inchánach mar thrádáil peitriliam leithleach, ar leith ó na gníomhaíochtaí eile go léir a sheolann an chuideachta mar chuid den trádáil. | ||||||||||||||||
[EN] | (b) Chun críocha mhír (a), déanfar aon chionroinnt is gá le linn brabúis réimse inchánach nó caiteachais réimse inchánach de chuid cuideachta a ríomh agus is é an modh cionroinnte a ghlacfar ná cibé modh is dóigh leis an gcigire, nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach. | ||||||||||||||||
[EN] | (c) Faoi réir mhír (d) beidh feidhm ag forálacha ailt 687 go 690 chun críocha na Caibidle seo i ndáil le haon ghníomhaíochtaí a n-ndéileáiltear leo faoi mhír (a) mar thrádáil leithleach amhail mar atá feidhm acu maidir le trádáil peitriliam de réir bhrí na n-alt sin. | ||||||||||||||||
[EN] | (d) Chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta i leith réimse inchánach, ní chuirfear i gcuntas aon mhuirir a íocadh, aon ús is iníoctha ná aon chaillteanas a tabhaíodh— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) ag aon chuideachta eile, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) ag an gcuideachta chéadluaite, | ||||||||||||||||
[EN] | i leith gníomhaíochtaí seachas gníomhaíochtaí i ndáil leis an réimse sin. | ||||||||||||||||
[EN] | Cáin ar chíos ó acmhainn bhrabúis a mhuirearú. | ||||||||||||||||
[EN] | 696C.— (1) Más rud é, do thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, go bhfuil cóimheas brabúis na cuideachta i ndáil le réimse inchánach comhionann le 1.5 nó níos mó, déanfar dleacht bhreise cánach corparáide (dá ngairtear ‘cáin ar chíos ó acmhainn bhrabúis’ sa Chaibidil seo) a mhuirearú ar bhrabúis na cuideachta de réir fhorálacha na Caibidle seo. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar cáin ar chíos ó acmhainn bhrabúis a mhuirearú ar na brabúis lena mbaineann an Chaibidil seo de chuid cuideachta, go ceann tréimhse cuntasaíochta de réir an ráta— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) 5 faoin gcéad, i gcás gur lú ná 3 an cóimheas brabúis, | ||||||||||||||||
[EN] | (b) 10 faoin gcéad, i gcás gurb ionann an cóimheas brabúis agus 3 nó gur mó ná 3 é, agus gur lú ná 4.5 é, | ||||||||||||||||
[EN] | (c) 15 faoin gcéad, i gcás gurb ionann an cóimheas brabúis agus 4.5 nó gur mó ná 4.5 é. | ||||||||||||||||
[EN] | (3) Maidir leis na brabúis lena mbaineann an Chaibidil seo i dtaca le haon réimse inchánach do thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) i leith aon tréimhse cuntasaíochta arb amhlaidh ina leith— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) gurb ionann an cóimheas brabúis agus 1.5 nó gur mó ná 1.5 é, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) gur lú ná an 1.5 sin an cóimheas brabúis don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe sin, | ||||||||||||||||
[EN] | cinnfear iad de réir na foirmle— | ||||||||||||||||
[EN] | {A - (B x 1.5)}x 100 | ||||||||||||||||
[EN] | 100 - R | ||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | ||||||||||||||||
[EN] | gurb é A brabúis réimse charnacha na cuideachta i leith an réimse inchánach i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta, | ||||||||||||||||
[EN] | gurb é B caiteachas réimse carnach na cuideachta i leith an réimse inchánach i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta, agus | ||||||||||||||||
[EN] | gurb é R an ráta faoin gcéad a shonraítear in alt 21A(3), | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) i leith aon tréimhse cuntasaíochta eile de chuid na cuideachta, is é a bheidh iontu brabúis réimse inchánach na cuideachta i leith an réimse inchánach don tréimhse chuntasaíochta. | ||||||||||||||||
[EN] | Forálacha a bhaineann le grúpaí (Caibidil 3). | ||||||||||||||||
[EN] | 696D.— (1) I gcás ina dtabhaíonn cuideachta (dá ngairtear ‘an chéad chuideachta’ san alt seo) caiteachas réimse inchánach i leith réimse inchánach, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (a) go bhfuil cuideachta eile ina fochuideachta ar lánúinéireacht ag an gcéad chuideachta, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (b) go bhfuil an chéad chuideachta, an tráth a thabhaítear an caiteachas réimse inchánach, ina fochuideachta ar lánúinéireacht ag cuideachta eile (dá ngairtear san alt seo ‘an mháthairchuideachta’), | ||||||||||||||||
[EN] | ansin, féadfar an caiteachas nó cibé méid de a shonraíonn an chéad chuideachta, ar rogha na cuideachta sin, a mheas mar chaiteachas réimse inchánach i leith an réimse inchánach arna thabhú— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) sa chás dá dtagraítear i mír (a), ag cibé cuideachta eile (is fochuideachta ar lánúinéireacht ag an gcéad chuideachta) a shonraíonn an chéad chuideachta, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) sa chás dá dtagraítear i mír (b), ag an máthairchuideachta nó ag cibé cuideachta eile (is fochuideachta ar lánúinéireacht ag an máthairchuideachta) a shonraíonn an chéad chuideachta. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás ina measfar faoi fho-alt (1) caiteachas réimse inchánach arna thabhú ag céad chuideachta a bheith tabhaithe ag cuideachta eile (dá ngairtear san fho-alt seo ‘an chuideachta eile’)— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) measfar gur thabhaigh an chuideachta eile an caiteachas an tráth a thabhaigh an chéad chuideachta an caiteachas iarbhír, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) le linn an Chaibidil seo a chur chun feidhme— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) measfar gur thabhaigh an chuideachta eile an caiteachas chun caiteachas réimse carnach na cuideachta sin a chinneadh, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) measfar nár thabhaigh an chéad chuideachta an caiteachas chun caiteachas carnach réimse na cuideachta sin a chinneadh. | ||||||||||||||||
[EN] | (3) Ní chuirfear an caiteachas céanna i gcuntas i ndáil le caiteachas carnach a chinneadh do bhreis agus réimse inchánach amháin de bhua an ailt seo. | ||||||||||||||||
[EN] | (4) Tá feidhm ag fo-alt (5) d’alt 694 chun críocha fho-alt (1) mar atá feidhm aige chun críocha an fho-ailt sin. | ||||||||||||||||
[EN] | Tuairisceáin (Caibidil 3). | ||||||||||||||||
[EN] | 696E.— (1) San alt seo ciallaíonn ‘foirm fhorordaithe’ foirm atá forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim nó foirm a úsáidtear faoi údarás na gCoimisinéirí Ioncaim agus folaíonn sé foirm arb é atá i gceist léi ráiteas a sheachadadh trí aon phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) I dteannta an tuairisceáin a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt 951, déanfaidh cuideachta a sheolann gníomhaíochtaí peitriliam faoi cheadúnas sonraithe, i gcomhthráth, agus mar aon, leis an tuairisceán a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt 951, ráiteas iomlán fírinneach i bhfoirm fhorordaithe maidir leis na mionsonraí a éilítear san fhoirm i leith na nithe seo a leanas a ullmhú agus a sheachadadh ar an Ard-Bhailitheoir ar an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe nó roimhe— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) na méideanna arb iad comhiomlán an chaiteachais réimse charnaigh do gach réimse, | ||||||||||||||||
[EN] | (b) na méideanna arb iad comhiomlán na mbrabús réimse carnach do gach réimse, | ||||||||||||||||
[EN] | (c) miondealú ar na méideanna a shonraítear i míreanna (a) agus (b), agus | ||||||||||||||||
[EN] | (d) an méid cánach ar chíos ó acmhainn bhrabúis, más ann don cháin sin, is iníoctha i leith gach réimse, | ||||||||||||||||
[EN] | agus maidir le cibé sonraí breise i ndáil leis an gCaibidil seo a éileofar leis an bhfoirm fhorordaithe. | ||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim cibé fiosrúcháin a dhéanamh nó cibé bearta a ghlacadh a thagann faoi réim a chumhachtaí nó a cumhachtaí agus is dóigh leis nó léi is gá chun a chinneadh an mionsonraí nó sonraí cruinne aon mhionsonraí nó sonraí atá sa ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó nach ea. | ||||||||||||||||
[EN] | (4) Beidh feidhm ag fo-ailt (9) agus (10) d’alt 951 maidir le ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh faoin alt seo mar atá feidhm acu maidir le tuairisceán a cheanglaítear a sheachadadh faoin alt sin agus chun na críche sin déanfar tagairt sna fo-ailt sin do thuairisceán, seachas tagairt don dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe, a fhorléiriú mar thagairt do ráiteas faoin alt seo. | ||||||||||||||||
[EN] | (5) Beidh feidhm ag alt 1052 maidir le mainneachtain ag duine ráiteas faoin alt seo nó na mionsonraí nó na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a sheachadadh mar atá feidhm aige maidir le mainneachtain tuairisceán dá dtagraítear in alt 1052 a sheachadadh. | ||||||||||||||||
[EN] | Bailiú agus forálacha ginearálta. | ||||||||||||||||
[EN] | 696F.— (1) Beidh feidhm ag na forálacha de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide a bhaineann leis na nithe seo a leanas— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) measúnachtaí i leith cánach corparáide, | ||||||||||||||||
[EN] | (b) achomhairc i gcoinne measúnachtaí den sórt sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil), agus | ||||||||||||||||
[EN] | (c) cáin chorparáide a bhailiú agus a ghnóthú, | ||||||||||||||||
[EN] | i ndáil le cáin ar chíos ó acmhainn bhrabúis arna muirearú faoi alt 696C mar atá feidhm acu maidir le cáin chorparáide arna muirearú ar shlí seachas faoin gCaibidil seo. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Aon mhéid cánach ar chíos ó acmhainn bhrabúis is iníoctha de réir na Caibidle seo gan measúnacht a dhéanamh, béarfaidh sé ús de réir ráta 0.0273 faoin gcéad in aghaidh gach lae nó gach cuid de lá ón dáta a thiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é. | ||||||||||||||||
[EN] | (b) Beidh feidhm ag alt 1080 i ndáil le hús is iníoctha faoi mhír (a) mar atá feidhm aige i ndáil le hús is iníoctha faoi alt 1080.”. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Measfar go raibh feidhm ag an alt seo i gcás brabús i leith aon léasa peitriliam arna dhéanamh de bharr rogha ceadúnúcháin nó de bharr ceadúnais taiscéalaíochta, nó ceadúnais limistéir chaomhnaithe, a dheonaigh an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha tar éis an 1 Eanáir 2007. | ||||||||||||||||
[EN] |
Liúntas caithimh agus cuimilte a luathú le haghaidh trealaimh áirithe atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. |
46 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||||||||
[EN] | (a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 285: | ||||||||||||||||
[EN] | “285A.— (1) San alt seo— | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘ trealamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de ’ trealamh, atá ainmnithe ar na critéir a luaitear ar an liosta sonraithe agus a chomhlíonann na critéir sin, a sholáthraítear chun críocha trádála agus nach trealamh úsáidte ná réchaite é an tráth a sholáthraítear amhlaidh é; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘ tréimhse iomchuí ’ an tréimhse dar tosach an dáta a dhéantar an chéad ordú faoi fho-alt (4) agus dar críoch 3 bliana tar éis an dáta sin; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘ an liosta sonraithe ’ an liosta de threalamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de ar liosta é— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) a chomhlíonann fo-ailt (3) agus (4), agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) atá á chothabháil ag Fuinneamh Inmharthana Éireann — Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann chun críocha an ailt seo; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘Tábla’ an Tábla i Sceideal 4A. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Faoi réir an ailt seo, i gcás ina bhfuil aon liúntas caithimh agus cuimilte le tabhairt faoi alt 284 d’aon tréimhse inmhuirearaithe do chuideachta a thabhaigh caiteachas caipitiúil ar threalamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a sholáthar chun críocha trádála a sheolann an chuideachta sin, beidh feidhm ag alt 284(2) amhail is dá mba thagairt do 100 faoin gcéad an tagairt i mír (ad) den alt sin do 12.5 faoin gcéad. | ||||||||||||||||
[EN] | (3) Ní bheidh ar an liosta sonraithe ach amháin cibé trealamh— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) atá in aicme teicneolaíochta a shonraítear i gcolún (1) den Tábla, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) is de thuairisc a bhaineann leis an aicme teicneolaíochta sin agus a shonraítear i gcolún (2) den Tábla. | ||||||||||||||||
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus le ceadú an Aire Airgeadais— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) déanfaidh an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, le hordú, an liosta sonraithe agus— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) luafaidh sé nó sí na critéir i dtaobh éifeachtúlachta fuinnimh a bheidh le comhlíonadh do gach aicme teicneolaíochta, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) ainmneoidh sé nó sí na táirgí incháilithe i ngach aicme teicneolaíochta, | ||||||||||||||||
[EN] | a shonraítear i gcolún (1) den Tábla, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) féadfaidh an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, le hordú, an liosta sonraithe a leasú agus— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) luafaidh sé nó sí na critéir i dtaobh éifeachtúlachta fuinnimh a bheidh le comhlíonadh d’aon aicme teicneolaíochta, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) ainmneoidh sé nó sí na táirgí incháilithe in aon aicme teicneolaíochta, | ||||||||||||||||
[EN] | a shonraítear i gcolún (1) den Tábla. | ||||||||||||||||
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2)— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás nach cuideachta an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt de réir alt 284, ná | ||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás ina mbeidh an trealamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de ar léas, ligthe nó ar fruiliú le haon duine. | ||||||||||||||||
[EN] | (6) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le caiteachas a thabhaítear i dtréimhse inmhuirearaithe ar threalamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a sholáthar i ndáil le haicme teicneolaíochta i gcás gur lú an méid caiteachais sin ná an méid íosta a shonraítear i gColún (3) den Tábla i ndáil leis an aicme teicneolaíochta sin. | ||||||||||||||||
[EN] | (7) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le caiteachas a thabhófar ar threalamh a sholáthar i gcás nach dtabhaítear an caiteachas sin sa tréimhse iomchuí. | ||||||||||||||||
[EN] | (b) Más rud é— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) go dtabhaítear caiteachas ar threalamh an 31 Eanáir 2008 nó dá éis ach sula ndéantar an chéad ordú faoi fho-alt (4), agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) go mbeadh an trealamh sin cáilithe mar threalamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de faoin alt seo dá ndéanfaí ordú den sórt sin an tráth a tabhaíodh an caiteachas, | ||||||||||||||||
[EN] | ansin beidh feidhm ag an alt seo amhail is dá mba rud é go ndearnadh an t-ordú an tráth sin. | ||||||||||||||||
[EN] | (8) I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo maidir le caiteachas caipitiúil a thabhóidh cuideachta ar threalamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a sholáthar agus nach ndéileálfaí leis an trealamh sin, ar leith ón alt seo, mar innealra nó gléasra, ansin déileálfar leis an trealamh sin mar innealra nó gléasra chun críocha na Caibidle seo agus Chaibidil 4 den Chuid seo. | ||||||||||||||||
[EN] | (9) Déanfar aon ordú a dhéanfaidh an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha chun críocha an ailt seo a leagan faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.”, | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 4: | ||||||||||||||||
[EN] | “SCEIDEAL 4A | ||||||||||||||||
[EN] | AN TÁBLA | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] | .”. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. | ||||||||||||||||
[EN] |
Réamhcháin. |
47 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht— | |||||||||||||||
[EN] | (a) in alt 958— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) i bhfo-alt (1)(a)— | ||||||||||||||||
[EN] | (I) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an tréimhse inmhuirearaithe roimh an tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin”: | ||||||||||||||||
[EN] | “tá le ‘caighdeáin chuntasaíochta iomchuí’ an bhrí chéanna atá leis i Sceideal 17A ; | ||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘cuideachta iomchuí’ cuideachta ar ina leith a dhéantar brabúis nó gnóchain chun críocha Chás I nó II de Sceideal D a ríomh de réir caighdeán cuntasaíochta iomchuí, arb éard iad, nó ar a n-áirítear, caighdeáin chuntasaíochta iomchuí i ndáil le brabúis nó gnóchain nó caillteanais ar shócmhainní airgeadais nó ar dhliteanais airgeadais;”, | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (II) trí “€200,000” a chur in ionad “€150,000” sa mhíniú ar “teorainn iomchuí”, | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) i bhfo alt (4D)(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “mura mbeadh méid ar bith ar áireamh i mbrabúis an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe i leith gnóchan inmhuirearaithe ar an duine do dhiúscairt sócmhainní sa chuid den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis an dáta faoina mbeidh an chéad tráthchuid don tréimhse inmhuirearaithe iníoctha de réir fho-alt (2A),”: | ||||||||||||||||
[EN] | “mura mbeadh méid ar bith ar áireamh i mbrabúis an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) i leith gnóchan inmhuirearaithe ar an duine do dhiúscairt sócmhainní sa chuid sin den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis an dáta faoina mbeidh, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás cuideachta iomchuí, i leith brabús nó gnóchan nó caillteanas a fhabhraíonn, agus nach bhfuil réadaithe, sa tréimhse inmhuirearaithe ar shócmhainní airgeadais nó ar dhliteanais airgeadais is inchurtha i leith athruithe ar luach na sócmhainní nó na ndliteanas sin sa chuid den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis dheireadh na míosa díreach roimh an mí ina mbeidh, | ||||||||||||||||
[EN] | an chéad tráthchuid don tréimhse inmhuirearaithe iníoctha de réir fho-alt (2A),”, | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (iii) i bhfo-alt (4E), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | ||||||||||||||||
[EN] | “(b) nach lú an réamhcháin a d’íoc an duine inmhuirearaithe amhlaidh don tréimhse inmhuirearaithe ná 90 faoin gcéad den mhéid a bheadh iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe mura mbeadh méid ar bith ar áireamh i mbrabúis an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) i leith gnóchan inmhuirearaithe ar an duine do dhiúscairt sócmhainní sa chuid den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis an dáta faoina mbeidh, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás cuideachta iomchuí, i leith brabús nó gnóchan nó caillteanas a fhabhraíonn, agus nach bhfuil réadaithe, sa tréimhse inmhuirearaithe ar shócmhainní airgeadais nó ar dhliteanais airgeadais is inchurtha i leith athruithe ar luach na sócmhainní nó na ndliteanas sin sa chuid den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis dheireadh na míosa díreach roimh an mí ina mbeidh, | ||||||||||||||||
[EN] | réamhcháin don tréimhse inmhuirearaithe iníoctha de réir fho-alt (2B), agus”, | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) trí fhomhír (6) de mhír 4 de Sceideal 17A a scriosadh. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Faoi réir mhír (b) tá éifeacht leis an alt seo d’aon tréimhse cuntais dar tosach an 1 Eanáir 2005 nó dá éis. | ||||||||||||||||
[EN] | (b) Tá éifeacht le fo-alt (1)(a)(i)(II) maidir le tréimhsí cuntasaíochta a bhfuil réamhcháin iníoctha ina leith tar éis an 5 Nollaig 2007. | ||||||||||||||||
[EN] |
Scaireanna dá cuid féin a cheannach — forlíontach. |
48 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 176: | |||||||||||||||
[EN] | “176A.— (1) Faoi réir fho-alt (2), ní dhéanfar aon suim a asbhaint le linn ríomh a dhéanamh ar mhéid na mbrabús nó na ngnóchan a mhuirearaítear i leith cánach faoi Chás I nó II de Sceideal D maidir le haon íocaíocht nach ndéileáiltear léi mar dháileadh de bhua alt 175 nó 176. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Faoi réir alt 81(2)(n), ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le cibé méid d’aon íocaíocht arb é atá ann caiteachas arna thabhú ag cuideachta go feadh an méid a thabhaítear é ar scaireanna arna bhfáil ag an gcuideachta agus arna dtabhairt aici mar chomaoin i leith earraí nó seirbhísí, nó d’fhostaí nó do stiúrthóir de chuid na cuideachta.”. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 31 Eanáir 2008 nó dá éis. | ||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar Sceideal 24 (faoiseamh ó cháin ioncaim agus ó cháin chorparáide trí bhíthin creidmheasa i leith cánach coigríche) a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
49 .— (1) Leasaítear Sceideal 24 a ghabhann leis an bPríomh-Acht— | |||||||||||||||
[EN] | (a) i mír (4)(2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) trí “le haghaidh cánach coigríche i leith aon ioncaim de chuid cuideachta (dá ngairtear ‘an t-ioncam sin’ san fhomhír seo), ar ioncam é (seachas ioncam ó thrádáil a sheolann an chuideachta trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht i gcríoch seachas an Stát) a chuirtear i gcuntas” a chur in ionad “le haghaidh cánach coigríche i leith aon ioncaim de chuid cuideachta (dá ngairtear ‘an t-ioncam sin’ san fhomhír seo), ar ioncam é a chuirtear i gcuntas”: | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 9G (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006): | ||||||||||||||||
[EN] | “Díbhinní a íoctar as brabúis aistrithe | ||||||||||||||||
[EN] | 9H(1)Tá feidhm ag an mír seo in aon chás— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) ina ndéanann cuideachta a bhfuil cónaí uirthi lasmuigh den Stát (dá ngairtear ‘an chéad chuideachta’ sa mhír seo) cáin a íoc, faoi dhlí críche lasmuigh den Stát i leith aon bhrabús dá cuid, | ||||||||||||||||
[EN] | (b) ina dtagann cuid de na brabúis sin nó na brabúis sin go léir chun bheith ina mbrabúis de chuid cuideachta eile (dá ngairtear ‘an dara cuideachta’ sa mhír seo) a chónaíonn lasmuigh den Stát ar shlí seachas de bhua díbhinn a íoc leis an dara cuideachta, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (c) ina n-íocann an dara cuideachta díbhinn as na brabúis sin le cuideachta eile, cibé áit a gcónaíonn sí. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás feidhm a bheith ag an mír seo, ansin, chun creidmheas a lamháil faoin Sceideal seo i leith cánach coigríche i leith brabús de chuid na chéad chuideachta is inchurtha i leith aon díbhinní arna n-íoc— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) ag aon chuideachta (cibé acu is í an dara cuideachta í nó nach í) a chónaíonn lasmuigh den Stát, | ||||||||||||||||
[EN] | (b) le cuideachta a chónaíonn sa Stát, | ||||||||||||||||
[EN] | beidh feidhm ag an Sceideal seo fara aon mhodhnuithe is gá amhail is dá mba í an dara cuideachta a d’íoc an cháin a d’íoc an chéad chuideachta i leith na mbrabús sin de chuid na chéad chuideachta a tháinig chun bheith ina mbrabúis de chuid an dara cuideachta de réir fhomhír (1)(b). | ||||||||||||||||
[EN] | (3) Tá fomhíreanna (1) agus (2) faoi réir na dteorainneacha seo a leanas— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) ní mó an creidmheas i gcoinne cánach corparáide is inlamháilte do chuideachta a chónaíonn sa Stát ná an méid ab inlamháilte don chuideachta sin dá mba rud é gur tháinig na brabúis sin chun bheith ina mbrabúis de chuid an dara cuideachta de bhua an chuideachta chéadluaite d’íoc díbhinne leis an dara cuideachta, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) ní chuirfear aon cháin i gcuntas i leith brabús dá dtagraítear i bhfomhír (1) i gcás ina dtagann na brabúis sin chun bheith ina mbrabúis de chuid an dara cuideachta de bhua scéime nó socraithe arb é an cuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá léi nó leis cáin a sheachaint.”. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) (i) Faoi réir fhomhír (ii), tá feidhm ag fo-alt (1)(a) amhail ar an agus ón 31 Eanáir 2008. | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) Measfar feidhm a bheith ag fo-alt (1)(a) maidir le cuideachta amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2006, más rud é go bhfuil rogha chuige sin arna déanamh i scríbhinn ag an gcuideachta chuig na Coimisinéirí Ioncaim. | ||||||||||||||||
(b) Tá feidhm ag fo-alt (1)(b) maidir le díbhinní arna n-íoc an 31 Eanáir 2008 nó dá éis. | |||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 766 (creidmheas cánach le haghaidh caiteachais taighde agus forbartha) den Phríomh-Acht. |
50 .— (1) Leasaítear alt 766 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)(a) sa mhíniú ar “méid tairsí”— | |||||||||||||||
[EN] | (a) i mír (i) trí “1 Eanáir 2014” a chur in ionad “1 Eanáir 2010”, agus” | ||||||||||||||||
[EN] | (b) i mír (ii) trí “10 mbliana” a chur in ionad “3 bliana”. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1 Eanáir 2008 nó dá éis. | ||||||||||||||||
[EN] |
Díbhinní a íoctar i dtaca le diúscairtí scaireanna nó urrús. |
51 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 591— | |||||||||||||||
[EN] | “591A.— (1) Chun críocha an ailt seo, aon díbhinn a íocfaidh cuideachta le duine, nó aon dáileadh a dhéanfaidh cuideachta chuig duine, i leith scaireanna nó urrús de chuid na cuideachta i dtaca le diúscairt scaireanna sa chuideachta, déileálfar léi nó leis mar dhíbhinn nó mar dháileadh neamhghnách más mó méid nó luach na díbhinne, nó de réir mar a bheidh, an dáilte, ná an méid a bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go n-íocfaí, nó de réir mar a bheidh, go ndéanfaí, i leith na scaireanna nó na n-urrús sin de chuid na cuideachta mura mbeadh aon diúscairt den sórt sin ann maidir leis na scaireanna nó na hurrúis. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Más rud é, i dtaca le duine do dhiúscairt aon scaireanna nó urrús de chuid cuideachta, go bhfuil aon scéim, socrú nó tuiscint ann ar dá bua nó dá bhua, go díreach nó go neamhdhíreach, a d’íocfaí díbhinn neamhghnách nó a dhéanfaí dáileadh neamhghnách— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás inar cuideachta an duine, leis an duine sin nó chuig an duine sin, nó le haon cuideachta nó chuig aon chuideachta atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an duine sin, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás nach cuideachta an duine, le haon chuideachta, nó chuig aon chuideachta, atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an duine, | ||||||||||||||||
[EN] | ansin chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, maidir le méid nó luach na díbhinne a íoctar leis an duine, nó maidir le méid nó luadh an dáilte a dhéantar chuig an duine, nó de réir mar a bheidh, a íoctar leis an duine bainteach nó a dhéantar chuig an duine bainteach, déileálfar leis mar chomaoin arna fáil ag an duine as diúscairt na scaireanna nó na n-urrús, agus tabharfar neamhaird air chun críocha na nAchtanna Cánach. | ||||||||||||||||
[EN] | (3) Níl feidhm ag fo-alt (2) má shuitear go bhfuil an scéim, an socrú nó an tuiscint á déanamh nó á dhéanamh chun críocha tráchtála bona fide agus nach aon scéim, socrú nó tuiscint í nó é arb é an príomhchuspóir atá léi nó leis, nó a n-áirítear i measc a príomhchuspóirí nó a phríomhchuspóirí, dliteanas cánach a sheachaint nó nach cuid d’aon scéim, socrú nó tuiscint den sórt sin í nó é.”. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le díbhinn a íoctar, nó maidir le dáileadh a dhéantar, an 19 Feabhra 2008 nó dá éis. | ||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar Sceideal 4 (comhlachtaí stát-tionscanta neamhthráchtála sonraithe a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe cánach) a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
52 .— (1) Leasaítear Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 26: | |||||||||||||||
[EN] | “26A. An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide.”. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Meastar gur tháinig fo-alt (1) i bhfeidhm, agus measfar éifeacht a bheith leis, amhail ar an agus ón 1 Nollaig 2002. | ||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 448 (faoiseamh ó cháin chorparáide) den Phríomh-Acht. |
53 .— (1) Leasaítear alt 448 den Phríomh-Acht— | |||||||||||||||
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d’fho-alt (3): | ||||||||||||||||
[EN] | “(b) aon mhéideanna a lamháiltear faoi ailt 243A, 396A, nó 420A, a asbhaint ansin ón tsuim iomchuí, i gcoinne ioncam na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí as díol na n-earraí sin.”, | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5A): | ||||||||||||||||
[EN] | “(5A) I gcás ina ndéantar cáin chorparáide a mhuirearú ar aon chuid de bhrabúis tréimhse cuntasaíochta cuideachta de réir alt 21A, ansin, chun críocha an ailt seo, déanfar an cháin chorparáide iomchuí a laghdú de mhéid a chinnfear leis an bhfoirmle— | ||||||||||||||||
[EN] | R x S | ||||||||||||||||
[EN] | 100 | ||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | ||||||||||||||||
[EN] | gurb é R an ráta faoin gcéad a shonraítear in alt 21A(3) maidir leis an tréimhse chuntasaíochta, agus | ||||||||||||||||
[EN] | gurb é atá in S ná méid atá comhionann le cibé méid de bhrabúis na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a muirearaítear cáin orthu de réir alt 21A. | ||||||||||||||||
[EN] | (5B) D’ainneoin alt 4(4)(b), is é a bheidh in ioncam cuideachta, dá dtagraítear san abairt ‘an t-ioncam iomlán a thugtar faoi réim cánach corparáide’, in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta chun críocha fho-alt (2), ná an tsuim a chinnfear le halt 4(4)(b) in aghaidh na tréimhse sin arna laghdú— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) d’aon mhéideanna a lamháiltear faoi ailt 243A, 396A, nó 420A, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) de mhéid atá comhionann le cibé méid de bhrabúis na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a muirearaítear cáin orthu de réir alt 21A.”. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Tá éifeacht le fo-alt (1)(a) i gcás tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 18 Feabhra 2008 nó dá éis. | ||||||||||||||||
[EN] | (b) Measfar éifeacht a bheith le fo-alt (1)(b) i gcás tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 31 Eanáir 2007 nó dá éis. |