|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil 4 Cáin Chorparáide ) | Ar Aghaidh (CUID 2 Mál ) |
TODO
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil 5 Cáin Ghnóchan Caipitiúil | |
[EN] |
Leasú ar Chaibidil 6 (aistrithe sócmhainní gnó) de Chuid 19 den Phríomh-Acht. |
54 .—(1) Leasaítear an Príomh-Acht— |
[EN] | (a) in alt 598— | |
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |
[EN] | “(3A) I gcás ina bhfuair duine cúiteamh faoin scéim cúitimh i leith árthaí iascaireachta a dhíchoimisiúnú arna cur i ngníomh ag an Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia de réir Rialacháin (CE) Uimh. 1198/2006 an 27 Iúil 2006 ón gComhairle 15 , beidh feidhm ag faoiseamh faoi fho-alt (2) amhail is dá mba thréimhse 6 bliana an tréimhse dá dtagraítear i mír (i) den mhíniú ar ‘sócmhainní cáilitheacha’ i bhfo-alt (1)(a) agus amhail is dá mba 45 bliana an aois dá dtagraítear i bhfo-alt (2).”, agus | |
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7): | |
[EN] | “(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le sócmhainní cáilitheacha a dhiúscairt mura suitear go ndéantar an diúscairt ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nach cuid í d’aon socrú ná scéim arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leis nó léi dliteanas i leith cánach a sheachaint.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 598: | |
[EN] | “Faoiseamh ar chomh-pháirtíochtaí feirmeoireachta a dhíscaoileadh. | |
[EN] | 598A.— (1) San alt seo— | |
[EN] | tá le ‘feirmeoireacht’ agus le ‘trádáil’ na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna Cánach Ioncaim; | |
[EN] | ciallaíonn ‘comhpháirtíocht feirmeoireachta’ comhpháirtíocht a bhfuil pearsana aonair ar áireamh inti agus a sheolann nó a sheol trádáil na feirmeoireachta; | |
[EN] | ciallaíonn ‘sócmhainn iomchuí’ sócmhainn atá ar úinéireacht i gcomhpháirt ag na comhpháirtithe i gcomhpháirtíocht feirmeoireachta; | |
[EN] | ciallaíonn ‘diúscairt iomchuí’ diúscairt a tharlaíonn an tráth a pháirtítear sócmhainn iomchuí. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina raibh sócmhainn iomchuí ar úinéireacht agus á húsáid chun críocha feirmeoireachta ag an gcomhpháirtíocht feirmeoireachta ar feadh tréimhse nach giorra ná 10 mbliana dar chríoch an diúscairt iomchuí. | |
[EN] | (3) D’ainneoin fho-alt (2), i gcás ina bhfuair duine amháin de na comhpháirtithe a scair in acmhainn iomchuí ar mhodh oidhreachta, measfar gur thosaigh tréimhse úinéireachta agus úsáide na sócmhainne sin ar an dáta a chuaigh an duine i gcomhpháirtíocht leis an gcomhpháirtí nó leis na comhpháirtithe eile sa chomhpháirtíocht feirmeoireachta. | |
[EN] | (4) I gcás ina dtarlaíonn diúscairt iomchuí i leith sócmhainne iomchuí, ní dhéileálfar le gnóchan mar ghnóchan a d’fhabhraigh i leith na diúscartha sin agus déileálfar leis an tsócmhainn iomchuí chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil mar ní a fuarthas an tráth céanna a fuair an comhpháirtí i dtosach é, agus ar an gcomaoin chéanna ar a bhfuair an comhpháirtí i dtosach é, arb é an comhpháirtí é nó í a rinne an tsócmhainn sin a dhiúscairt. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo más rud é go raibh an tsócmhainn, go dtí tráth na diúscartha, ina cuid de stoc trádála na trádála feirmeoireachta a bhí á seoladh ag an gcomhpháirtíocht feirmeoireachta nó, más mar stoc trádála a fuarthas an tsócmhainn, chun críocha trádála arna seoladh ag an gcomhpháirtí atá ag fáil na sócmhainne.”. | |
[EN] | (2) (a) Tiocfaidh mír (a)(i) d’fho-alt (1) i ngníomh cibé lá nó laethanta a ainmneoidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a ainmniú le haghaidh críoch éagsúil nó forálacha éagsúla. | |
[EN] | (b) Beidh feidhm ag mír (a)(ii) d’fho-alt (1) maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 31 Eanáir 2008 nó dá éis. | |
[EN] | (c) Beidh feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) maidir le diúscairtí a dhéanfar ar dháta rite an Achta seo, nó dá éis, agus beidh feidhm aici go dtí an 31 Nollaig 2013. | |
[EN] |
Leasú ar alt 603A (láithreán a dhiúscairt chuig leanbh) den Phríomh-Acht. |
55 .— (1) Leasaítear alt 603A den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1A), trí “€500,000” a chur in ionad “€254,000”, agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |
[EN] | “(2A) Chun críocha fho-alt (2), folaíonn ‘diúscairt’ diúscairt chomhuaineach ag an dá thuismitheoir.”. | |
[EN] | (2) (a) Beidh feidhm ag mír (a) d’fho-alt (1) maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 5 Nollaig 2007, nó dá éis. | |
[EN] | (b) Measfar go raibh feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) amhail ón 6 Nollaig 2000. | |
[EN] |
Leasú ar Sceideal 15 (liosta de chomhlachtaí chun críocha alt 610) a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
56 .— (1) Leasaítear Sceideal 15 a ghabhann leis an bPríomh-Acht i gCuid 1 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 40: |
[EN] | “41. An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide. | |
[EN] | 42. An Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach.”. | |
[EN] | (2) (a) Measfar go raibh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide amhail ar agus ón 1 Nollaig 2002. | |
[EN] | (b) Measfar go raibh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an nGníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2008. | |