|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil 5 Cáin Ghnóchan Caipitiúil ) | Ar Aghaidh (Caibidil 2 Ilghnéitheach ) |
TODO
[EN] | ||
[EN] |
CUID 2 Mál | |
[EN] |
Caibidil 1 Cáin Leictreachais | |
[EN] |
Léiriú (Caibidil 1). |
57 .— (1) Sa Chaibidil seo agus i Sceideal 2— |
[EN] | ciallaíonn “ tréimhse chuntasaíochta ” bliain féilire, nó cibé tréimhse eile a fhorordóidh na Coimisinéirí chun críocha íocaíochta agus tuairisceán faoi alt 54 ; | |
[EN] | tá le “ úsáid ghnó ” an bhrí chéanna atá leis in Airteagal 11 den Treoir; | |
[EN] | ciallaíonn “ éilitheoir ” duine atá ag éileamh aisíocaíochta faoi alt 58 ; | |
[EN] | ciallaíonn “ Cód CN ” foroinn Chomhphobail a ghabhann le hainmníocht chónasctha na gComhphobal Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 ón gComhairle 16 arna leasú le Rialachán (CEE) Uimh. 2031/2001 an 6 Lúnasa 2001 ón gComhairle 17 ; | |
[EN] | ciallaíonn “ Coimisinéirí ” na Coimisinéirí Ioncaim; | |
[EN] | ciallaíonn “ tomhaltóir ” duine a fhaigheann leictreachas lena thomhailt; | |
[EN] | ciallaíonn “ Treoir ” Treoir Uimh. 2003/96/CE an 27 Deireadh Fómhair 2003 ón gComhairle 18 ; | |
[EN] | ciallaíonn “ teaghais ” áitreabh nó cuid d’áitreabh a úsáidtear go príomha mar áit chónaithe; | |
[EN] | ciallaíonn “ leictreachas ” leictreachas a thagann faoi réim Chód CN 2716; | |
[EN] | folaíonn “ meán leictreonach ” meán leictreach, digiteach, maighnéadach, optúil, leictreamhaighnéadach, bithmhéadrach, fótónach chun sonraí a tharchur agus cineálacha teicneolaíochta gaolmhara eile trína dtarchuirtear sonraí; | |
[EN] | ciallaíonn “úsáid tís” úsáid i dteaghais, seachas chun críocha aon ghníomhaíochta gnó i dteaghais den sórt sin; | |
[EN] | tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis san Acht Rialtais Áitiúil 2001; | |
[EN] | ciallaíonn “soláthar measctha” soláthar aonair leictreachais do thomhaltóir do bhreis agus úsáid amháin, i gcás nach bhfuil na húsáidí sin uile inmhuirearaithe de réir an ráta chéanna cánach; | |
[EN] | ciallaíonn “úsáid nach úsáid ghnó” aon úsáid seachas úsáid ghnó agus folaíonn sé úsáid tís, agus úsáid ag údarás poiblí nó údarás áitiúil; | |
[EN] | ciallaíonn “oifigeach” oifigeach de chuid na gCoimisinéirí; | |
[EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí faoi alt 66 ; | |
[EN] | tá le “údarás poiblí” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus folaíonn sé aon chomhlacht arna fhorordú ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil de bhun mhír (g) den mhíniú sin; | |
[EN] | ciallaíonn “soláthróir” aon eintiteas a sholáthraíonn leictreachas do thomhaltóir lena thomhailt ag an tomhaltóir sin mar úsáideoir; | |
[EN] | ciallaíonn “soláthar” cainníocht leictreachais arna soláthar do thomhaltóir; | |
[EN] | ciallaíonn “cáin” cáin leictreachais de réir bhrí fho-alt (1) d’alt 58; | |
[EN] | ciallaíonn “aonad” uair meigeavata. | |
[EN] | (2) Tá le focal nó le habairt a úsáidtear sa Chaibidil seo agus a úsáidtear freisin sa Treoir, mura soláthraítear míniú le fo-alt (1) nó mura léir a mhalairt a bheith ar intinn, an bhrí chéanna sa Chaibidil seo agus atá leis nó léi sa Treoir. | |
[EN] |
Muirearú agus rátaí. |
58 .— (1) I dteannta aon dleachta eile is inmhuirearaithe, agus faoi réir fhorálacha na Caibidle seo agus aon rialacháin arna ndéanamh fúithi, muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht máil, dá ngairfear cáin leictreachais, de réir na rátaí a shonraítear i Sceideal 2 ar an leictreachas go léir a sholáthrófar sa Stát do thomhaltóirí. |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an leictreachas go léir a sholáthróidh soláthróir, lena thomhailt ag an soláthróir sin, i gcás gur mó ná 50 aonad an mheánchainníocht arna soláthar amhlaidh i mbliain féilire. | |
[EN] |
Dliteanas. |
59 .— (1) Muirearófar cáin an tráth a sholáthróidh an soláthróir an leictreachas don tomhaltóir. |
[EN] | (2) Ach amháin i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (3), (4) nó (5), beidh soláthróir cuntasach sa cháin is inmhuirearaithe ar an leictreachas a sholáthróidh an soláthróir sin agus dlífidh sé nó sí í a íoc. | |
[EN] | (3) Déanfaidh aon soláthróir nach bhfuil bunaithe sa Stát cuideachta a bhunú sa Stát, agus dlífidh an chuideachta sin an cháin a bheidh dlite ar an leictreachas a sholáthróidh an soláthróir sin a íoc, agus déanfaidh sí feidhmeanna agus freagrachtaí uile an tsoláthróra faoin gCaibidil seo agus faoi aon rialacháin faoi alt 66 a ghabháil uirthi féin. | |
[EN] | (4) Ní bheidh soláthróir faoi dhliteanas i leith aon easnaimh sa mhéid cánach a mhuirearófar ar sholáthar leictreachais, i gcás ina mbeidh an méid sin arna ríomh de réir alt 60 . | |
[EN] | (5) Beidh tomhaltóir faoi dhliteanas i leith aon easnaimh sa mhéid cánach a mhuirearófar ar sholáthar leictreachais, i gcás gur tharla an t-easnamh sin de dheasca faisnéise bréagaí nó faisnéise míthreoraí arna tabhairt do sholáthróir ag an tomhaltóir sin. | |
[EN] |
Tuairisceáin agus íocaíocht. |
60 .— (1) Chun críocha alt 59 , déanfaidh soláthróir, roimh dheireadh na míosa i ndiaidh tréimhse cuntasaíochta, tuairisceán a sheachadadh ar oifigeach i cibé foirm a cheanglóidh na Coimisinéirí, maidir leis na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) na haonaid arna soláthar le linn na tréimhse cuntasaíochta sin le haghaidh úsáide gnó agus úsáide nach úsáid ghnó, | |
[EN] | (b) i leith na bhfaoiseamh faoi alt 63 , an líon aonad den sórt sin a mheas an soláthróir a bheith tar éis cáiliú le haghaidh faoisimh faoi gach mír d’fho-alt (1) den alt sin. | |
[EN] | (2) Chun críocha fho-alt (1), déanfaidh an soláthróir, de réir critéar forordaithe, a mheas cé acu an bhfuil soláthar inchánach de réir ráta arna leagan síos i Sceideal 2 nó an bhfuil faoiseamh ó cháin tugtha dó faoi alt 63 . | |
[EN] | (3) Féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal go ndéanfar an tuairisceán faoi fho-alt (1) a sheachadadh orthu trí mheán leictreonach. | |
[EN] | (4) (a) Ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (b), déanfaidh an soláthróir, de réir an tuairisceáin faoi fho-alt (1), an méid cánach atá dlite i leith tréimhse cuntasaíochta a íoc roimh dheireadh na míosa tar éis na tréimhse cuntasaíochta sin, agus cinnteoidh an soláthróir sin go bhfuil na Coimisinéirí údaraithe chun an méid sin a chur chun dochair do chuntas an tsoláthróra sin i bhforas airgeadais. | |
[EN] | (b) Gan dochar do mhír (a), i gcás ina meastar go rachaidh dliteanas cánach soláthróra do thréimhse chuntasaíochta thar €100,000, féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal ar an soláthróir sin an cháin atá dlite i leith tréimhsí eatramhacha, arna gcinneadh acu sin, a íoc le linn na tréimhse cuntasaíochta sin agus ní bheidh aon tréimhse eatramhach den sórt sin níos giorra ná aon mhí amháin ná níos faide ná 6 mhí. | |
[EN] | (c) I gcás ina bhfuil feidhm ag mír (b), íocfaidh an soláthróir an méid cánach atá dlite i leith tréimhse eatramhaí roimh dheireadh na míosa tar éis na tréimhse eatramhaí sin agus cinnteoidh sé go bhfuil na Coimisinéirí údaraithe chun an méid sin a chur chun dochair do chuntas an tsoláthróra sin i bhforas airgeadais. | |
[EN] |
Soláthar measctha. |
61 .— (1) I gcás soláthair mheasctha, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2) nó (3), muirearófar cáin, de réir mar is cuí, ar an gcainníocht leictreachais a sholáthraítear do gach úsáid. |
[EN] | (2) I gcás soláthair mheasctha lena ngabhann úsáid tís, toimhdeofar, maidir le haon chainníocht suas le haonad amháin den soláthar sin, gur don úsáid sin a soláthraíodh é le linn gach míosa féilire i dtréimhse chuntasaíochta. | |
[EN] | (3) I gcás soláthair mheasctha lena ngabhann úsáid ghnó agus úsáid nach úsáid ghnó (seachas úsáid tís), toimhdeofar, maidir le haon chainníocht suas le haonad amháin den soláthar sin, gur d’úsáid ghnó a soláthraíodh é le linn gach míosa féilire i dtréimhse chuntasaíochta. | |
[EN] |
Clárú. |
62 .— Cláróidh gach soláthróir leis na Coimisinéirí de réir cibé nósanna imeachta a dhéanfaidh na Coimisinéirí a fhorordú nó a fhorchur thairis sin. |
[EN] |
Faoisimh. |
63 .— (1) Gan dochar d’aon fhaoiseamh eile ó cháin a mbeidh feidhm aige, agus faoi réir cibé coinníollacha a dhéanfaidh na Coimisinéirí a fhorordú nó a fhorchur thairis sin, deonófar faoiseamh ó cháin ar aon leictreachas a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí gur leictreachas é— |
[EN] | (a) a cuireadh ar fáil chun críocha tís, | |
[EN] | (b) a gineadh ó fhoinsí in-athnuaite, | |
[EN] | (c) a táirgeadh ó chomhghiniúint teasa is cumhachta nach bhfuil díobhálach don chomhshaol, i gcás ina gcomhlíonann an chomhghiniúint sin na ceanglais le haghaidh comhghiniúna ardéifeachtúlachta faoi Threoir 2004/8/CE an 11 Feabhra 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 , | |
[EN] | (d) a úsáideadh le haghaidh dí-ocsaídithe cheimicigh, nó i bpróisis leictrilíteacha nó mhiotalóireachta, | |
[EN] | (e) a úsáideadh le haghaidh comhghiniúna teasa is cumhachta araon, | |
[EN] | (f) a úsáideadh chun leictreachas a tháirgeadh nó i dtaca leis an táirgeadh sin, | |
[EN] | (g) a táirgeadh ar bord báid nó árthaigh eile. | |
[EN] | (2) (a) Maidir leis an bhfaoiseamh faoi mhír (b) d’fho-alt (1), measfar gur gineadh leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite— | |
[EN] | (i) más de bhunadh gréine, gaoithe, toinne nó geoiteirmeach é, | |
[EN] | (ii) más de bhunadh hiodrálach a tháirgtear i suiteáil hidrileictreach é, | |
[EN] | (iii) más ó bhithmhais nó ó tháirgí a tháirgtear ó bhithmhais a ghintear é, | |
[EN] | (iv) más ó chealla breosla a ghintear é. | |
[EN] | (3) Maidir leis an bhfaoiseamh faoi mhír (c) d’fho-alt (1), déanfaidh údarás inniúil arna ainmniú chuige sin ag an Aire Airgeadais cinneadh i dtaobh an gcomhlíonann an chomhghiniúint lena mbaineann na ceanglais ardéifeachtúlachta faoi Threoir 2004/8/CE ón gComhairle. | |
[EN] | (4) (a) Déanfar méid an fhaoisimh faoi mhír (b) d’fho-alt (1) a chinneadh de réir na foirmle— | |
[EN] | A x P 1 x R 1 + A x P 2 x R 2 | |
[EN] | i gcás— | |
[EN] | gurb é A na haonaid go léir ó fhoinsí in-athnuaite, arna soláthar ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta, | |
[EN] | gurb é P 1 céatadán na n-aonad go léir, arna soláthar ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta, a bhí faoi réir cánach de réir an ráta d’úsáid ghnó, | |
[EN] | gurb é P 2 céatadán na n-aonad go léir, arna soláthar ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta, a bhí faoi réir cánach de réir an ráta d’úsáid nach úsáid ghnó, | |
[EN] | gurb é R 1 an ráta d’úsáid ghnó, agus | |
[EN] | gurb é R 2 an ráta d’úsáid nach úsáid ghnó. | |
[EN] | (b) Déanfar méid an fhaoisimh faoi mhír (c) d’fho-alt (1) a chinneadh de réir na foirmle— | |
[EN] | C x P 1 x R 1 + C x P 2 x R 2 | |
[EN] | i gcás— | |
[EN] | gurb é C na haonaid go léir a tháirgtear as comhghiniúint teasa agus cumhachta nach bhfuil díobhálach don chomhshaol, arna soláthar ag an éilitheoir le linn na tréimhse íoca, | |
[EN] | gurb é P 1 céatadán na n-aonad iomlán, arna soláthar ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta, a bhí faoi réir cánach de réir an ráta d’úsáid ghnó, | |
[EN] | gurb é P 2 céatadán na n-aonad iomlán, arna soláthar ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta, a bhí faoi réir cánach de réir an ráta d’úsáid nach úsáid ghnó, | |
[EN] | gurb é R 1 an ráta d’úsáid ghnó, agus | |
[EN] | gurb é R 2 an ráta d’úsáid nach úsáid ghnó. | |
[EN] | (c) (i) Chun críocha mhíreanna (a) agus (b), i gcás nach féidir iomlán na n-aonad a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite nó ó chomhghiniúint teasa is cumhachta nach bhfuil díobhálach don chomhshaol (de réir mar a bheidh) a chinneadh ar shlí eile, déanfar cinneadh faoi threoir na sonraí ar an meascadh breosla maidir leis an soláthróir lena mbaineann, arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh. | |
[EN] | (ii) Chun críocha fhomhír (i), is iad na sonraí ar an meascadh breosla na sonraí sin i leith na bliana is déanaí ar fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh sonraí den sórt sin ina leith. | |
[EN] |
Aisíocaíochtaí. |
64 .— (1) Féadfar éifeacht a thabhairt do na faoisimh faoi mhíreanna (b), (c) agus (d) d’fho-alt (1) d’alt 63 trí aisíocaíocht. |
[EN] | (2) (a) Is i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí a bheidh éilimh ar aisíocaíocht faoin alt seo agus is i leith leictreachais a sholáthraítear le linn tréimhse cuntasaíochta a dhéanfar iad. | |
[EN] | (b) Ach amháin go gceadóidh na Coimisinéirí a mhalairt in aon chás áirithe, ní fhéadfar aisíocaíocht a dhéanamh mura ndéanfar an t-éileamh laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh gach tréimhse cuntasaíochta den sórt sin. | |
[EN] | (3) Déanfar aisíocaíochtaí i leith faoisimh faoi mhíreanna (b) agus (c) d’fho-alt (1) d’alt 63 le soláthróir an leictreachais lena mbaineann. | |
[EN] |
Cion agus pionós. |
65 .— (1) Is cion faoin bhfo-alt seo d’aon duine aon fhoráil den Chaibidil seo, nó aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 66 , nó aon choinníoll a fhorchuirtear faoin gCaibidil seo, nó faoi cibé rialachán i ndáil le foráil den sórt sin, a shárú nó gan é nó í a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Gan dochar d’aon phionós eile a dhlífear a chur ar dhuine, aon duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (1) dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil €5,000 a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanann comhlacht corpraithe cion faoi fho-alt (1) agus go gcruthaítear go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú aon duine ar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó ar chomhalta de choiste bainistíochta an chomhlachta chorpraithe, nó ar chomhalta d'údarás rialaithe eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, é nó í nuair a rinneadh an cion, beidh an duine sin ciontach i gcion freisin agus féadfar imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite. | |
[EN] |
Rialacháin (Caibidil 1). |
66 .— Féadfaidh na Coimisinéirí rialacháin a dhéanamh chun cáin leictreachais a bhainistiú, a áirithiú agus a bhailiú nó chun an t-ioncam ón gcáin sin a chosaint. |
[EN] |
Cúram agus bainistiú (Caibidil 1). |
67 .— Déantar an cháin leictreachais a fhorchuirtear leis an gCaibidil seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí. |
[EN] |
Tosach feidhme (Caibidil 1). |
68 .— Tiocfaidh an Chaibidil seo i ngníomh an 1 Deireadh Fómhair 2008. |
16IO Uimh. L256 an 7 Meán Fómhair, 1987, lch. 1 17IO Uimh. L279 an 23 Deireadh Fómhair, 2001, lch. 1 |