|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2 Ilghnéitheach ) | Ar Aghaidh (CUID 4 Dleachtanna stampa ) |
TODO
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID 3 Cáin Bhreisluacha | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Léiriú (Cuid 3). |
82 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “ Príomh-Acht ” an tAcht Cánach Breisluacha 1972. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht. |
83 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2008 leasaítear alt 1 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an mbrí a shanntar do “toradh talmhaíochta”: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “tá le ‘ duine cuntasach ’ an bhrí a shanntar dó le halt 8; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘ bliain chuntasaíochta ’ tréimhse 12 mhí dar críoch an 31 Nollaig, ach más gnách do dhuine inchánach cuntais a dhéanamh suas do thréimhsí 12 mhí dar críoch dáta socraithe eile, ansin, i leith duine den sórt sin, tréimhse 12 mhí dar críoch an dáta socraithe sin;”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gnó”: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “ciallaíonn ‘ gnó ’ gníomhaíocht eacnamaíochta, is cuma cad é críoch nó torthaí na gníomhaíochta sin, agus folaíonn sé aon ghníomhaíocht ag táirgeoirí, trádálaithe nó daoine a sholáthraíonn seirbhísí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí mianadóireachta agus talmhaíochta agus gníomhaíochtaí de chuid na ngairmeacha, agus saothrú maoine inláimhsithe nó doláimhsithe chun ioncam a fháil uaithi ar bhonn leanúnach;”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “gnó”: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “ciallaíonn ‘ earraí caipitiúla ’ earraí dochorraithe forbartha agus folaíonn tagairt d’earra caipitiúil tagairt d’aon chuid de agus forléireofar an téarma earra caipitiúil dá réir sin;”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Comhphobal”: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “tá le ‘ críochnaithe ’, i ndáil le hearraí dochorraithe, an bhrí a shanntar dó le halt 4B;”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) trí “ailt 4(6), 4B(2) agus 4C(2)” a chur in ionad “alt 4(6)” i mír (a) den mhíniú ar “gníomhaíocht dhíolmhaithe”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “saorphort”: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “ciallaíonn ‘leas atá coibhéiseach le ruíleas’ leas in earraí dochorraithe seachas leas ruílse ar soláthar earraí de réir alt 3 é a aistriú;”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (g) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “earraí a allmhairiú”: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “ní fholaíonn ‘ go neamhspleách ’, i ndáil le duine inchánach, duine atá fostaithe nó atá faoi cheangal le fostóir le conradh fostaíochta nó le haon naisc dhlíthiúla eile lena mbunaítear an gaol fostóra agus fostaí maidir le coinníollacha oibre, luach saothair agus dliteanas an fhostóra;”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (h) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “earraí a fháil laistigh den Chomhphobal”: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “tá le ‘ rogha comhpháirteach cánachais ’ an bhrí a shanntar dó le halt 4B; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “tá le ‘ rogha tiarna talún go ngearrfar cáin ’ an bhrí a shanntar dó le halt 7A;”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “imithe in éag” sa mhíniú ar “géilleadh”: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “ach i gcás leas in earraí dochorraithe arna chruthú an 1 Iúil 2008, nó dá éis, ní hionann agus géilleadh léasaí do mhainneachtain aon rogha den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) d’alt 4 a fheidhmiú i ndáil leis an leas sin”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (j) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad an mhínithe ar “duine inchánach”: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “ciallaíonn ‘duine inchánach’ duine a dhéanann, go neamhspleách, aon ghnó a sheoladh sa Stát;”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 2 (cáin bhreisluacha a mhuirearú) den Phríomh-Acht. |
84 .— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht le héifeacht ón 1 Iúil 2008 i bhfo-alt (1) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(a) ar sholáthar earraí agus seirbhísí a dhéanann duine inchánach sa Stát ar chomaoin seachas i gcúrsa nó ag bisiú gníomhaíochta díolmhaithe, ar duine inchánach é nó í atá ag gníomhú sa cháil sin, agus”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 3 (soláthar earraí) den Phríomh-Acht. |
85 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2008 leasaítear alt 3 den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i bhfo-alt (1)(e) trí “is earraí sochorraithe” a chur in ionad “is earraí”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1B): | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(1C) Chun críocha an Achta seo i gcás earraí dochorraithe, measfar go bhfolaíonn ‘soláthar’, i ndáil le hearraí, an méid seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) an ceart chun earraí dochorraithe a dhiúscairt mar úinéir a aistriú ó thaobh substainte nó an ceart chun earraí dochorraithe a dhiúscairt a aistriú ó thaobh substainte, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) idirbhearta i gcás ina ndéanann sealbhóir eastáit nó leasa in earraí dochorraithe conradh nó comhaontú le duine eile maidir le cearta i leith na n-earraí dochorraithe sin, seachas morgáistí, a chruthú, a shuíomh, a athrú, a ghéilleadh, scaradh leis na cearta sin nó iad a fhoirceannadh, agus go mbeidh comaoin nó íocaíochtaí arb é a n-iomlán 50 faoin gcéad nó níos mó de mhargadhluach oscailte na n-earraí dochorraithe tráth déanta an chonartha nó an chomhaontaithe, iníoctha de bhun an chonartha nó an chomhaontaithe nó gaolmhar leis an gcéanna nó ar shlí eile cibé acu roimh an gconradh nó roimh an gcomhaontú a dhéanamh nó laistigh de 5 bliana ó thosach feidhme an chonartha sin nó an chomhaontaithe sin.”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i bhfo-alt (8)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) trí “i gcás ina ndéanfaidh duine nach bhfuil bunaithe sa Stát fáil ar earraí laistigh den Chomhphobal sa Stát agus go ndéanann sé nó sí soláthar dá éis sin de na hearraí sin do dhuine cuntasach sa Stát” a chur in ionad “i gcás ina ndéanfaidh duine inchánach nach mbeidh bunaithe sa Stát fáil ar earraí laistigh den Chomhphobal sa Stát agus go ndéanfaidh sé nó sí soláthar dá éis sin de na hearraí sin do dhuine inchánach sa Stát”, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i mír (a) den choinníoll trí “an duine” a chur in ionad “an duine inchánach”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 4 (forálacha speisialta maidir le hearraí dochorraithe a sholáthar) den Phríomh-Acht. |
86 .— Leasaítear alt 4 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10): | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(11) Faoi réir alt 4C ní bheidh feidhm ag forálacha eile an ailt seo, ar leith ó fho-ailt (9) agus (10), maidir leis na nithe seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) diúscairt leasa in earraí dochorraithe, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) géilleadh ar sheilbh earraí dochorraithe, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | a tharlaíonn tar éis 1 Iúil 2008. Ní bheidh feidhm ag fo-alt (9) ach amháin maidir le leas frithdhílse arna chruthú roimh 1 Iúil 2008. Ní bheidh feidhm ag fo-alt (10) ach amháin maidir le leas arna dhiúscairt roimh 1 Iúil 2008.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 4A (duine a dhlíonn cáin a íoc i ndáil le soláthairtí áirithe earraí dochorraithe) den Phríomh-Acht. |
87 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2008, aisghairtear alt 4A den Phríomh-Acht. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Soláthairtí earraí dochorraithe, etc. |
88 .— Leasaítear an Príomh-Acht le héifeacht ón 1 Iúil 2008 trí na hailt seo a leanas a chur isteach roimh alt 5— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “Soláthairtí earraí dochorraithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 4B.— (1) San alt seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘críochnaithe’, i leith earraí dochorraithe, go bhfuil an oiread sin forbartha déanta ar na hearraí sin go bhfuil siad sa staid, ar leith amháin ó cibé obair bhailchríche nó fheistiúcháin a bheadh déanta de ghnáth ag an duine a úsáidfidh na hearraí, nó thar a cheann nó thar a ceann, gur féidir na hearraí sin a úsáid go héifeachtach chun críocha chun ar dearadh na hearraí sin, agus tá na seirbhísí fóntais is gá chun na gcríoch sin bainteach leis na hearraí sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘ar áitiú’, i leith earraí dochorraithe— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ar áitiú agus á n-úsáid go hiomlán tar éis iad a bheidh críochnaithe i gcás gur úsáid í an úsáid sin ar ina leith a deonaíodh cead pleanála chun na hearraí sin a fhorbairt, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás na hearraí sin a bheith ligthe, ar áitiú agus á n-úsáid go hiomlán amhlaidh ag an tionónta. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Faoi réir fho-ailt (3), (5) agus (7), níl cáin inmhuirearaithe ar sholáthar earraí dochorraithe— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) nach ndearnadh forbairt orthu, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ar earraí críochnaithe dochorraithe iad, agus arb é an tráth is déanaí a críochnaíodh iad breis agus 5 bliana roimh an soláthar sin, agus nach ndearnadh forbairt ar na hearraí sin laistigh den tréimhse 5 bliana sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) ar earraí críochnaithe dochorraithe iad nach ndearnadh forbairt orthu ón tráth is déanaí a críochnaíodh na hearraí sin, más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) go ndéantar an soláthar sin tar éis na hearraí dochorraithe a bheith ar áitiú ar feadh 24 mhí ar a laghad san iomlán i ndiaidh an trátha is déanaí a críochnaíodh na hearraí sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) go dtarlaíonn an soláthar sin tar éis soláthar ar na hearraí sin roimhe sin a raibh cáin inmhuirearaithe air agus gurb amhlaidh maidir leis an soláthar roimhe sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) gur tar éis an trátha is déanaí a críochnaíodh na hearraí sin a tharla sé, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) gur idirbheart é idir daoine inchánach nach raibh bainteach le chéile de réir bhrí alt 7A, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) ar foirgneamh é a críochnaíodh breis agus 5 bliana roimh an soláthar sin agus ar a ndearnadh forbairt sna 5 bliana roimh an soláthar sin, más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) nach ndearnadh leis an bhforbairt sin, agus nár beartaíodh go ndéanfaí leis an bhforbairt sin, an foirgneamh a oiriúnú le haghaidh malairt ábhartha úsáide, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) nár mhó an costas a bhain leis an bhforbairt sin ná 25 faoin gcéad den chomaoin don soláthar sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) ar foirgneamh é a críochnaíodh laistigh de na 5 bliana roimh an soláthar sin, más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) gur áitíodh an foirgneamh ar feadh 24 mhí ar a laghad san iomlán i ndiaidh an chríochnaithe sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) go dtarlaíonn an soláthar sin tar éis soláthar ar an bhfoirgneamh roimhe sin a raibh cáin inmhuirearaithe air agus gurb amhlaidh maidir leis an soláthar roimhe sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) gur tar éis chríochnú sin an fhoirgnimh a tharla sé, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) gur idirbheart é idir daoine inchánach nach raibh bainteach le chéile de réir bhrí alt 7A, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) má rinneadh aon fhorbairt ar an bhfoirgneamh sin tar éis an chríochnaithe sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) nach ndearnadh leis an bhforbairt sin, agus nár beartaíodh go ndéanfaí leis an bhforbairt sin, an foirgneamh a oiriúnú le haghaidh malairt ábhartha úsáide, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) nár mhó an costas a bhain leis an bhforbairt sin ná 25 faoin gcéad den chomaoin don soláthar sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás ina soláthraíonn duine earraí dochorraithe do dhuine eile agus go ndéanann duine inchánach i dtaca leis an soláthar sin comhaontú leis an duine eile sin nó le duine atá bainteach leis an duine eile sin chun forbairt a dhéanamh i dtaca leis na hearraí dochorraithe sin, ansin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) measfar, i ndáil leis an soláthar sin, gur duine inchánach an duine a sholáthraíonn na hearraí sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) measfar gur soláthar na n-earraí sin lena mbaineann alt 2 soláthar na n-earraí dochorraithe sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) níl feidhm ag fo-alt (2) maidir leis an soláthar sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Níl feidhm ag alt 8(3) i ndáil le duine a dhéanann soláthar earraí dochorraithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) I gcás ina soláthraíonn duine inchánach earraí dochorraithe do dhuine inchánach eile in imthosca ina ndéanfaí an soláthar sin a dhíolmhú thairis sin de réir fho-alt (2) ansin, d’ainneoin fho-alt (2), beidh cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin, i gcás ina ndéanann an soláthróir agus an duine inchánach dá ndéantar an soláthar comhaontú i scríbhinn chun a roghnú go mbeidh cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin (dá ngairtear ‘comhrogha cánachais’ san Acht seo). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) I gcás ina ndéantar comhrogha cánachais a fheidhmiú de réir fho-alt (5) ansin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) beidh an duine dá ndéantar an soláthar, i ndáil leis an soláthar sin, ina dhuine cuntasach nó ina duine cuntasach agus beidh sé nó sí faoi dhliteanas an cháin is inmhuirearaithe ar an soláthar sin a íoc amhail is dá mba é nó í an duine sin a sholáthair na hearraí sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ní bheidh an duine a rinne an soláthar cuntasach sa cháin sin ná ní bheidh sé nó sí faoi dhliteanas an cháin sin a íoc. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) (a) I gcás ina soláthraíonn duine inchánach earraí dochorraithe do dhuine eile in imthosca ina mbeadh an soláthar sin díolmhaithe thairis sin faoi fho-alt (2), beidh cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin, d’ainneoin fho-alt (2), más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) gur foirgnimh atá deartha, nó ar féidir iad a úsáid, mar theaghais, atá sna hearraí dochorraithe, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) gur duine a d’fhorbair na hearraí dochorraithe i gcúrsa gnó arb éard é earraí dochorraithe a fhorbairt nó duine atá bainteach leis an duine sin, de réir bhrí alt 7A, an duine a dhéanann an soláthar sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) go raibh an duine a d’fhorbair na hearraí dochorraithe sin i dteideal asbhainte faoi alt 12 i leith cánach is inmhuirearaithe ar an duine sin maidir leis an duine sin d’fháil nó d’fhorbairt na n-earraí dochorraithe sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) I gcás foirgnimh lena mbainfeadh an fo-alt seo dá soláthródh an duine inchánach an foirgneamh aon tráth le linn tréimhse choigeartúcháin na scéime earraí caipitiúla don fhoirgneamh sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) ní bheidh feidhm ag alt 12E(6), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) d’ainneoin alt 12E(4) déileálfar le cion na cánach iomláine arna tabhú is inasbhainte ag an duine sin mar chion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Bearta idirthréimhseacha le haghaidh soláthairtí earraí dochorraithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 4C.— (1) Tá feidhm ag an alt seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) maidir le hearraí dochorraithe a fhaigheann nó a fhorbraíonn duine inchánach roimh an 1 Iúil 2008 agus nach bhfuil diúscartha ag an duine inchánach sin roimh an dáta sin go dtí cibé tráth a dhéanann an duine inchánach sin na hearraí sin a dhiúscairt an dáta sin nó dá éis, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) maidir le leas in earraí dochorraithe de réir bhrí alt 4 seachas leas ruílse nó leas atá coibhéiseach le ruíleas, arna chruthú ag duine inchánach roimh an 1 Iúil 2008 agus arna shealbhú ag duine inchánach an 1 Iúil 2008. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás soláthair earraí dochorraithe lena mbaineann fo-alt (1)(a), ar earraí dochorraithe críochnaithe iad de réir bhrí alt 4B— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) más rud é nach raibh aon cheart ag an duine a sholáthraíonn na hearraí sin chun asbhainte faoi alt 12 i ndáil leis an gcáin is inmhuirearaithe ar na hearraí sin a fháil nó a fhorbairt roimh an 1 Iúil 2008, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) má dhéantar aon fhorbairt ina dhiaidh sin ar na hearraí dochorraithe sin an 1 Iúil 2008 nó dá éis— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) ní dhéantar leis an bhforbairt sin, ná ní bheartaítear go ndéanfar leis an bhforbairt sin, na hearraí dochorraithe a choigeartú le haghaidh malairt ábhartha úsáide, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) ní mó an costas a ghabhann leis an bhforbairt sin ná 25 faoin gcéad den chomaoin i leith an tsoláthair sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ansin, faoi réir alt 4B(3), níl an soláthar sin inmhuirearaithe i leith cánach ach féadfar comhrogha cánachais a fheidhmiú i leith an tsoláthair sin de réir alt 4B(5) agus tá an cháin sin iníoctha de réir alt 4B(6). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Más rud é, maidir le duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go bhfuair sé nó sí nó gur fhorbair sé nó sí leas in earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo, nó go bhfuil leas den sórt sin aige nó aici, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go raibh sé nó sí i dteideal cáin a asbhaint de réir alt 12 ar an duine sin d’fháil nó d’fhorbairt na n-earraí sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) go gcruthaíonn sé nó sí ligean de na hearraí dochorraithe sin lena mbaineann mír (iv) den Chéad Sceideal, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ansin, déanfaidh an duine sin méid a ríomh de réir na foirmle in alt 4(3)(ab) agus beidh an méid sin iníoctha amhail is dá mba cháin í a bheadh dlite den duine sin de réir alt 19 don tréimhse inchánach ina dtarlaíonn an ligean sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Maidir le sannadh nó géilleadh leasa in earraí dochorraithe lena mbaineann fo-alt (1)(b), measfar gur soláthar earraí dochorraithe chun críocha an Achta seo é ar feadh tréimhse 20 bliain ó thráth cruthaithe an leasa nó ón sannadh is déanaí i leith an leasa sin roimh an 1 Iúil 2008, cibé acu is déanaí. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Má dhéanann duine soláthar earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo agus má tá cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin agus mura raibh an duine sin i dteideal an cháin go léir a asbhaint a muirearaíodh ar an duine sin ar na hearraí dochorraithe sin a fháil nó a fhorbairt, beidh an duine sin i dteideal an coigeartú cuí a dhéanamh a mbeadh feidhm aige faoi alt 12E(7)(a) amhail is dá mba rud é go raibh feidhm ag an scéim earraí caipitiúla maidir leis an idirbheart sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) I gcás sannadh nó géilleadh leasa in earraí dochorraithe dá dtagraítear i bhfo-alt (4)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) beidh cáin inmhuirearaithe más rud é go raibh an duine a rinne an sannadh nó an géilleadh i dteideal aon chuid den cháin ab inmhuirearaithe ar an leas sin a fháil nó ar na hearraí dochorraithe sin a fhorbairt, a asbhaint de réir alt 12, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ní bheidh cáin inmhuirearaithe más rud é nach raibh aon cheart ag an duine a rinne an sannadh nó an géilleadh chun asbhaint a dhéanamh faoi alt 12 ar an leas sin a fháil nó ar na hearraí dochorraithe sin a fhorbairt, ach féadfar comhrogha a fheidhmiú i leith cánachais ar an sannadh nó ar an ngéilleadh sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) (a) D’ainneoin alt 10, is é a bheidh sa mhéid ar a mbeidh cáin inmhuirearaithe i ndáil le sannadh nó géilleadh inchánach lena mbaineann fo-alt (6) ná an méid arna ríomh de réir na foirmle i mír (b) arna roinnt ar an ráta a shonraítear in alt 11(1)(d) arna shloinneadh i bhfoirm dheachúil. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Is é a bheidh sa mhéid cánach a bheidh dlite agus iníoctha maidir leis an sannadh inchánach nó leis an ngéilleadh inchánach lena mbaineann fo-alt (6) ná méid a ríomhfar de réir na foirmle seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | T x N | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Y | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | i gcás | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é T an cháin iomlán arna tabhú dá dtagraítear i bhfo-alt (11)(d), | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é N an líon láneatramh móide a haon, a bheidh fós sa tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear i bhfo-alt (11) (c), tráth an tsannta nó an ghéillte, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é Y an líon iomlán eatramh sa tréimhse choigeartúcháin sin don duine a mbeidh an sannadh nó an géilleadh á dhéanamh aige nó aici, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus bainfidh alt 4(8) leis an gcáin sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) (a) I gcás ina ndéanfar leas in earraí dochorraithe dá dtagraítear i bhfo-alt (6) a shannadh nó a ghéilleadh le linn na tréimhse coigeartúcháin agus go bhfuil cáin iníoctha maidir leis an sannadh nó maidir leis an ngéilleadh, ansin déanfaidh an duine a dhéanfaidh an sannadh nó an géilleadh doiciméad a eisiúint chuig an duine dá bhfuil an leas á shannadh nó á ghéilleadh ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) an méid cánach atá dlite nó iníoctha ar an sannadh nó ar an ngéilleadh sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) an líon eatramh atá fágtha sa tréimhse choigeartúcháin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) I gcás ina mbeidh feidhm ag mír (a), beidh an duine ar dó nó di a shanntar nó a ghéilltear an leas, ina úinéir nó ina húinéir ar earraí caipitiúla chun críocha alt 12E maidir leis an earra caipitiúil atá á shannadh nó á ghéilleadh, agus beidh sé nó sí faoi réir fhorálacha an ailt seo, agus chun na críche sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) is í an tréimhse choigeartúcháin a bheidh ann an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (11)(c) mar a shonraítear i gceart sa doiciméad dá dtagraítear i mír (a), | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) is í an cháin iomlán arna tabhú an méid cánach dá dtagraítear i bhfo-alt (11)(d), mar a shonraítear i gceart sa doiciméad dá dtagraítear i mír (a), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) is tréimhse 12 mhí a bheidh san eatramh tosaigh, is eatramh dar tosach dáta an tsannta nó an ghéillte. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (9) (a) I gcás ina gcealaíonn duine rogha chun bheith ina dhuine cuntasach nó ina duine cuntasach de réir alt 8(5A), ansin, maidir leis na hearraí dochorraithe ar baineadh úsáid astu chun na seirbhísí a sholáthar a ndearna an duine sin an rogha sin ina leith, níl feidhm ag alt 12E más ar seilbh ag an duine sin atá na hearraí dochorraithe sin an 1 Iúil 2008, agus más rud é nach bhforbraítear a thuilleadh iad tar éis an dáta sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Níl feidhm ag alt 8(5A) maidir le hearraí dochorraithe arna bhfáil nó arna bhforbairt an 1 Iúil 2008 nó dá éis. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (10) Le linn alt 12E a fheidhmiú maidir le hearraí dochorraithe agus le leasanna in earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo, tabharfar neamhaird ar ailt (4), (5), agus (6) i leith an duine ar leis nó léi na hearraí dochorraithe sin nó a bhfuil leas sna hearraí dochorraithe sin aige nó aici an 1 Iúil 2008. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (11) D’fhonn alt 12E a chur chun feidhme maidir le hearraí dochorraithe, nó maidir le leasanna in earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) déileálfar le haon leas in earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo mar earra caipitiúil, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) déileálfar le haon duine ag a bhfuil leas in earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo mar úinéir earraí caipitiúla, ach ní dhéileálfar leis nó léi amhlaidh a mhéid atá leas frithdhílse sna hearraí dochorraithe sin ag an duine murab é nó í an duine sin a d’fhorbair na hearraí sin nó murar forbraíodh iad thar a cheann nó thar a ceann nó chun a leasa, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) is í an tréimhse a ndéileálfar léi mar an tréimhse choigeartúcháin i leith earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás ina bhfaighfear an leas ruílse, nó leas atá coibhéiseach le ruíleas, sna hearraí dochorraithe sin, 20 bliain ón dáta a gheofar é, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás ina gcruthófar leas sna hearraí dochorraithe sin, 20 bliain nó, má ba leas go ceann tréimhse ba ghiorra ná 20 bliain an leas an tráth a cruthaíodh é, an líon blianta iomlána sa leas sin nuair a cruthaíodh é, cibé acu is giorra, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) i gcás ina sannfar nó go ngéillfear leas in earraí dochorraithe, an tréimhse a bheidh fágtha sa leas sin an tráth a shannfar nó a ghéillfear an leas sin nó 20 bliain, cibé acu is giorra, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ach má forbraíodh na hearraí dochorraithe ón tráth a fuarthas na hearraí dochorraithe sin nó a cruthaíodh an leas sin, 20 bliain ón dáta is déanaí a forbraíodh na hearraí sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) déileálfar leis an méid cánach a mhuirearófar, nó leis an méid cánach a bheadh inmhuirearaithe murach feidhm ailt 3(5)(b)(iii) nó 13A, ar an duine lena ndéileáiltear mar úinéir earraí caipitiúla ar na hearraí caipitiúla a fháil, nó ar an bhforbairt is déanaí ar na hearraí caipitiúla, mar an cháin iomlán arna tabhú, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) déileálfar leis an gcáin iomlán arna tabhú arna roinnt ar an líon blianta sa tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear i mír (c) mar an méid bunchánach, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) déileálfar le gach bliain sa tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear i mír (c) mar eatramh, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (g) déileálfar leis an gcéad 12 mhí den tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear i mír (c) mar an t-eatramh tosaigh, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (h) déileálfar leis an dara bliain den tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear i mír (c) mar an dara heatramh, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) déileálfar le gach bliain i ndiaidh an dara bliain sa tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear i mír (c) mar eatramh dá éis sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (j) is é a bheidh sa mhéid lena ndéileálfar mar an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte ná méid na cánach iomláine arna tabhú de réir mar a fhoráiltear i mír (d) lúide— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) aon mhéid den cháin iomlán arna tabhú agus a muirearaíodh ar an duine lena ndéileáiltear mar úinéir earraí caipitiúla ach nach raibh an t-úinéir sin i dteideal é a asbhaint de réir alt 12, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) aon mhéid a dtugann an duine lena ndéileáiltear mar úinéir earraí caipitiúla cuntas ina leith de réir alt 12D(4) i leith aistriú nan-earraí chuig an úinéir sin roimh an 1 Iúil 2008, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) aon cháin is iníoctha de réir fho-alt (3) nó alt 4(3)(ab) ag an duine lena ndéileáiltear mar an t-úinéir earraí caipitiúla, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (k) déileálfar leis an méid dá dtagraítear i mír (d) lúide an méid dá dtagraítear i mír (j) mar an méid neamh-inasbhainte, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus, chun míreanna (f), (h) agus (i) a chur i bhfeidhm, ciallaíonn ‘bliain’ gach tréimhse 12 mhí sa tréimhse choigeartúcháin, a dtosaíonn gach ceann díobh ar an gcéad lá den eatramh tosaigh dá dtagraítear i mír (g). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (12) I gcás ina bhfaigheann duine inchánach earraí dochorraithe an 1 Iúil 2007 nó dá éis, ansin, d’ainneoin fho-alt (10), beidh feidhm ag alt 12E(4) agus, d’ainneoin fho-alt (11)(j), beidh leis an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte an bhrí a shanntar dó le halt 12E. Ach níl feidhm ag an alt seo i gcás coigeartú a bheith déanta ag duine inchánach de réir alt 12(4)(f) i leith na n-earraí sin.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht. |
89 .— Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht le héifeacht ón 1 Iúil 2008— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i bhfo-alt (3)(a) trí “seachas earraí dochorraithe” a chur isteach i ndiaidh “earraí”, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3A): | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(3B) Maidir le húsáid earraí dochorraithe is cuid de shócmhainní gnó— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) lena n-úsáid go príobháideach ag duine cuntasach nó ag foireann an duine sin, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) chun aon chríche seachas críocha ghnó an duine chuntasaigh, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | is soláthar inchánach seirbhísí í, más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) go dtarlaíonn an úsáid sin le linn tréimhse 20 bliain tar éis na hearraí sin a fháil nó a fhorbairt ag an duine cuntasach, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) go ndéileáiltear leis na hearraí sin chun críocha cánach mar chuid de shócmhainní an ghnó an tráth a fhaightear nó a fhorbraítear iad.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 7 (díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht. |
90 .— Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) trí “nó de réir alt 7B(3)” a chur isteach i ndiaidh “ar dhuine dá iarraidh sin” i bhfo-alt (3), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(5) (a) Ní thosóidh aon tarscaoileadh díolúine ó cháin de réir an ailt seo an 1 Iúil 2008 ná dá éis. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Ní bhainfidh aon tarscaoileadh ó cháin ag a bhfuil feidhm faoin alt seo le haon ligean earraí dochorraithe i gcás ina bhfaightear nó ina bhforbraítear na hearraí sin an 1 Iúil 2008 nó dá éis. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) Chun mír (b) a chur i bhfeidhm, maidir le tarscaoileadh díolúine atá i bhfeidhm an 18 Feabhra 2008 i leith ligin earraí dochorraithe atá á bhforbairt an lá sin ag an duine ag a bhfuil an tarscaoileadh sin, nó thar a cheann nó thar a ceann, féadfaidh an tarscaoileadh sin síneadh chuig ligean na n-earraí dochorraithe sin.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Rogha chun ligin earraí dochorraithe a chur faoi cháin, etc. |
91 .— Leasaítear an Príomh-Acht le héifeacht ón 1 Iúil 2008 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7: | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “Rogha chun ligin earraí dochorraithe a chur faoi cháin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 7A.— (1) (a) Beidh cáin inmhuirearaithe de réir an Achta seo ar sholáthar seirbhíse lena mbaineann mír (iv) den Chéad Sceideal (dá ngairtear ‘ligean’ san alt seo) más rud é, faoi réir fho-ailt (2) agus (4), go roghnóidh an soláthróir (dá ngairtear ‘tiarna talún’ san alt seo) go mbeidh an ligean sin inmhuirearaithe amhlaidh, agus, d’ainneoin alt 8(3), is duine cuntasach tiarna talún a fheidhmíonn an rogha sin (dá ngairtear ‘rogha tiarna talún go ngearrfar cáin’) agus beidh sé nó sí faoi dhliteanas cuntas a thabhairt i dtaobh na cánach ar an ligean sin de réir an Achta seo, agus ní soláthar lena mbaineann alt 6 an ligean sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) I gcás ina mbeidh duine inchánach i dteideal cáin a asbhaint ar earraí dochorraithe a fháil nó a fhorbairt ar an mbonn go n-úsáidfear na hearraí chun críocha ligin nó ligean ar ina leith a bheidh feidhm ag rogha tiarna talún go ngearrfar cáin, ansin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) déileálfar leis an duine sin mar dhuine a d’fheidhmigh rogha an tiarna talún go ngearrfar cáin maidir le haon ligin ar na hearraí dochorraithe sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) measfar go leanann an rogha sin de bheith i bhfeidhm go dtí go ndéanfaidh an duine sin ligean ar ina leith nach gcomhlíontar ceachtar de choinníollacha mhír (c). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) Feidhmítear rogha tiarna talún go ngearrfar cáin maidir le ligean— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) trí fhoráil i scríbhinn i gcomhaontú ligin idir an tiarna talún agus an duine a ndéantar an ligean ina leith (dá ngairtear ‘tionónta’ san alt seo) á rá go bhfuil cáin inmhuirearaithe ar an gcíos, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) tríd an tiarna talún d’eisiúint doiciméid chuig an tionónta ina dtabharfar fógra go bhfuil cáin inmhuirearaithe ar an ligean. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) Foirceanntar rogha tiarna talún go ngearrfar cáin maidir le ligean— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás rogha a fheidhmítear de réir mhír (b), trí ligean a dhéanamh ar na hearraí dochorraithe dá dtagraítear sa mhír sin nach gcomhlíontar ceachtar de choinníollacha mhír (c) ina leith, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás rogha a fheidhmítear de réir mhír (c)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) trí chomhaontú i scríbhinn idir an tiarna talún agus an tionónta á rá go bhfuil an rogha foirceanta agus ina sonraítear an dáta foirceanta, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) trí dhoiciméad ina dtugtar fógra gur foirceannadh an rogha agus ina sonraítear an dáta foirceanta a sheachadadh ar an tionónta, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) nuair a thagann an tiarna talún agus an tionónta chun bheith ina ndaoine bainteacha, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iv) nuair a thosaíonn duine atá bainteach leis an tiarna talún ar na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin a áitiú cibé acu a áitíonn an duine sin na hearraí sin ar mhodh ligin nó ar shlí eile, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (v) nuair a úsáidtear na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin, nó nuair atá na hearraí sin le húsáid, chun críocha cónaithe de réir bhrí fho-alt (4). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Ní ceadmhach do thiarna talún roghnú go ngearrfar cáin ar ligean— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) faoi réir mhír (b), i gcás gur daoine bainteacha i leith an ligin sin an tiarna talún sin agus an tionónta, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás nach bhfuil an tiarna talún bainteach leis an tionónta ach go bhfuil sé nó sí bainteach le haon duine a áitíonn na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin, cibé acu a áitíonn an duine sin na hearraí sin ar mhodh ligin nó ar shlí eile. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Ní bheidh feidhm ag mír (a)(i) i gcás ina n-úsáidtear na hearraí dochorraithe is ábhar don ligean chun críocha soláthairtí nó gníomhaíochtaí a thugann teideal don tionónta 90 faoin gcéad ar a laghad den cháin is inmhuirearaithe ar an ligean a asbhaint de réir alt 12. Más rud é, áfach, gur fheidhmigh tiarna talún rogha tiarna talún go ngearrfar cáin maidir le ligean a mbeadh feidhm ag mír (a)(i) maidir leis murach an mhír seo, beidh feidhm ag mír (a)(i) ó dheireadh na chéad bhliana cuntasaíochta ina n-úsáidtear na hearraí chun críocha soláthairtí nó gníomhaíochtaí a thugann teideal don tionónta méid is lú ná 90 faoin gcéad den cháin sin is inmhuirearaithe a asbhaint. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) (a) Chun críocha an ailt seo déanfar aon cheist i dtaobh duine a bheith bainteach le duine eile a chinneadh de réir an mhéid seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) tá duine bainteach le pearsa aonair más é nó í an duine sin céile na pearsan aonair, nó más gaol de chuid na pearsan aonair nó de chuid céile na pearsan aonair é nó í, nó más céile gaoil de chuid na pearsan aonair nó de chuid céile na pearsan aonair é nó í, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) tá duine bainteach le haon duine lena bhfuil sé nó sí i gcomhpháirtíocht, agus le céile aon phearsan aonair, nó le gaol de chuid aon phearsan aonair, lena bhfuil sé nó sí i gcomhpháirtíocht, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) faoi réir chlásail (IV) agus (V) d’fhomhír (v), tá duine bainteach le duine eile má tá rialú aige nó aici ar an duine eile sin, nó má tá rialú ag an duine eile ar an duine céadluaite, nó má rialaíonn duine nó daoine eile an bheirt duine, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iv) tá comhlacht daoine bainteach le duine eile má tá rialú ag an duine sin nó daoine atá bainteach leis nó léi ar an gcomhlacht sin daoine, nó má tá rialú ag an duine agus na daoine atá bainteach leis nó léi le chéile ar an comhlacht, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (v) tá comhlacht daoine bainteach le comhlacht eile daoine— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) más ag an duine céanna atá rialú ar an dá cheann nó más rud é go bhfuil rialú ag duine ar cheann amháin agus rialú ag daoine atá bainteach leis an duine sin ar an gceann eile, nó go bhfuil rialú ag an duine sin agus daoine atá bainteach leis an duine sin ar an gceann eile, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) má tá rialú ag grúpa 2 dhuine nó níos mó ar gach comhlacht daoine, agus más iad na daoine céanna atá sna grúpaí nó más rud é go bhféadfaí a mheas gurb iad na daoine céanna atá sna grúpaí trí dhéileáil le comhalta de cheachtar grúpa (i gcás amháin nó níos mó) mar dhuine ar cuireadh duine atá bainteach leis nó léi ina ionad nó ina hionad, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (III) má ghníomhaíonn an dá chomhlacht daoine, i dtreo comhchuspóra, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (IV) má tá nó má bhí an chaoi nó an chumhacht, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine nó aon ghrúpa daoine nó grúpaí daoine ag a bhfuil céannacht chomhchoiteann réasúnach chun na gníomhaíochtaí atá á seoladh nó le seoladh ag an dá chomhlacht daoine a chinneadh, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (V) má tá an dá chomhlacht daoine faoi rialú aon duine nó grúpa daoine nó grúpaí daoine ag a bhfuil céannacht chomhchoiteann réasúnach, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (vi) tá baint ag duine atá i gcáil iontaobhaí socraíochta — | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) le haon duine is socraitheoir i ndáil leis an tsocraíocht, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) le haon duine is tairbhí faoin tsocraíocht. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) San fho-alt seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le ‘rialú’, i gcás comhlachta chorpraithe nó i gcás comhpháirtíochta, an bhrí a shanntar dó le halt 8(3B); | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘gaol’ deartháir, deirfiúr, sinsear nó dírshliochtach. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Ní féidir rogha tiarna talún go ngearrfar cáin a fheidhmiú maidir le hiomlán tí nó árasáin nó bunachais eile dá shamhail, nó le cuid de, a mhéid a úsáidtear nó a úsáidfear na hearraí dochorraithe sin chun críocha cónaithe, lena n-áirítear aon ligean den sórt sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) a rialaítear leis an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a rialaítear le Rialacháin na dTithe (Leabhair Chíosa) 1993 (I.R. Uimh. 146 de 1993), | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) a rialaítear le halt 10 d’Acht na dTithe 1988, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) is ligean teaghaise a bhfuil feidhm ag Cuid II d’Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos) 1982 maidir léi, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) is ligean cóiríochta a sholáthraítear mar theaghais shealadach chun críoch cónaithe éigeandála, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus, ar rogha tiarna talún go ngearrfar cáin a bheith feidhmithe, scoirfidh sí láithreach d’éifeacht a bheith léi a mhéid a thiocfaidh na hearraí dochorraithe is ábhar don ligean a bhfuil feidhm ag an rogha maidir leis, chun bheith á n-úsáid chun críche cónaithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Bearta idir-thréimhseacha: díolúine a tharscaoileadh. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 7B.— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine cuntasach a tharscaoil a cheart nó a ceart chun díolúine ó cháin de réir alt 7 agus nár chealaigh an tarscaoileadh sin roimh an 1 Iúil 2008 (dá ngairtear ‘tiarna talún’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Níl feidhm ag alt 12E maidir le tiarna talún a mhéid a cuireadh nó a chuirfí i gcuntas cáin a bhaineann le hearraí dochorraithe a fháil nó a fhorbairt le linn an tsuim, más ann, a bhí dlite den tiarna talún sin mar choinníoll le tarscaoileadh a chealú, a ríomh, de réir alt 7(3). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás ina ndearna tiarna talún ligean agus, murach go raibh an ligean sin faoi réir tarscaoileadh cheana féin, gur ligean é nach mbeadh an tiarna talún, de bharr fhorálacha alt 7A(2), i dteideal rogha tiarna talún go ngearrfar cáin a fheidhmiú ina leith de réir alt 7A, ansin, faoi réir fho-alt (4), scoirfidh tarscaoileadh díolúine an tiarna talún láithreach d’fheidhm a bheith aige maidir leis an ligean sin, agus— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) íocfaidh an tiarna talún an méid, amhail is dá mba cháin é a bheadh dlite den duine sin de réir alt 19 don tréimhse inchánach ina scoireann an tarscaoileadh d’fheidhm a bheith aige maidir leis an ligean sin agus is é a bheidh sa mhéid an tsuim, más ann, ab iníoctha de réir alt 7(3) i leith tarscaoileadh a chealú amhail is nach raibh feidhm ag tarscaoileadh an tiarna talún sin ach amháin maidir leis na hearraí dochorraithe nó maidir leis an leas in earraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin a mbeidh an tarscaoileadh scortha d’fheidhm a bheith aige maidir leis, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) déanfar neamhshuim de na méideanna a chuirfear i gcuntas le linn an tsuim sin a ríomh, más ann, in aon chealú ar an tarscaoileadh sin amach anseo. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) (a) Faoi réir mhír (c), i gcás ina mbeidh ligean ag tiarna talún a mbeadh feidhm ag fo-alt (3) maidir leis thairis sin, ní bheidh feidhm ag forálacha an fho-ailt sin a fhad nach lú, ar bhonn an chomhaontaithe ligin a bheidh i bhfeidhm, an cháin a gceanglófar ar an tiarna talún cuntas a thabhairt inti, i méideanna comhionanna do gach tréimhse inchánach, i leith an ligin le linn an 12 mhí dá éis sin, ná an méid a ríomhfar an tráth sin de réir na foirmle i bhfo-alt (5). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) I gcás ina mainneofar na coinníollacha i mír (a) a chomhlíonadh mar gheall ar athrú ar théarmaí an léasa nó ar shlí eile nó más lú an cháin a íoctar aon tráth i leith an ligin ná an cháin is iníoctha, scoirfidh an fo-alt seo d’fheidhm a bheith aige. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le ligean dá dtagraítear i mír (a)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás tarscaoileadh a bheith i bhfeidhm ag tiarna talún an 18 Feabhra 2008 agus— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) ar an 1 Iúil 2008, i gcás an ligean sin a bheith i bhfeidhm ón 18 Feabhra 2008, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) i gcás na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin a bheith ar úinéireacht ag an tiarna talún sin an 18 Feabhra 2008 agus iad a bheith á bhforbairt an lá sin ag an tiarna talún nó thar a cheann nó thar a ceann, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás ina sealbhaíonn tiarna talún leas, seachas leas frithdhílse nó leas comhionann, sna hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin, ar leas é a fuarthas idir an 18 Feabhra 2008 agus an 30 Meitheamh 2008 ó dhuine nach bhfuil an tiarna talún bainteach leis nó léi, de réir bhrí alt 7A, in idirbheart a ndéileáiltear leis mar sholáthar earraí de réir alt 4. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Is mar a leanas an fhoirmle a úsáidfear chun críocha fho-alt (4): | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | A - B | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 12 - Y | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | inarb é A an méid cánach a chuirfí i gcuntas chun críocha alt 7(3) maidir leis na hearraí dochorraithe a fháil nó a fhorbairt, dá mbeadh an tarscaoileadh á chealú an tráth dá dtagraítear i bhfo-alt (4), | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | inarb é B an méid cánach is inmhuirearaithe ar an gcomaoin ag an tiarna talún maidir leis na hearraí dochorraithe sin a ligean agus a íoctar de réir alt 19 agus a chuirfí i gcuntas chun críocha alt 7(3) dá mbeadh an tarscaoileadh á chealú an tráth sin, agus dá mba é an ligean sin an t-aon ligean amháin a raibh feidhm ag an tarscaoileadh sin maidir leis, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | inarb é Y 11, nó an méid blianta iomlána ón dáta is déanaí acu seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) dáta chéadligean na n-earraí sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) an dáta a tharscaoil an tiarna talún an díolúine, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | i gcás inar lú ná 11 bhliain an méid sin.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht. |
92 .— Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1), le héifeacht ón 1 Iúil 2008: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(1) Is duine cuntasach duine inchánach a ghabhann do sholáthar earraí nó seirbhísí inchánach laistigh den Stát, agus beidh sé nó sí cuntasach sa cháin, agus dlífidh sé nó sí an cháin a íoc, a mhuirearaítear i leith an tsoláthair sin. Ina theannta sin, is daoine cuntasacha na daoine dá dtagraítear in alt 4B(3) agus i bhfo-ailt (1A), (2), (2A) agus (8). Ní duine cuntasach, áfach, duine nach bhfuil bunaithe sa Stát agus nach soláthraíonn earraí sa Stát ach amháin sna himthosca atá leagtha amach i mír (f) nó (g) d’fho-alt (1A) nó nach soláthraíonn seirbhís sa Stát ach amháin sna himthosca atá leagtha amach i bhfo-ailt (1B) agus (2)(aa).”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i mír (f) d’fho-alt (1A), le héifeacht ón 1 Iúil 2008— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) trí fhomhír (iv) a scriosadh, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) trí “is duine cuntasach nó measfar gur duine cuntasach” a chur in ionad “is duine inchánach nó measfar gur duine inchánach”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i mír (g) d’fho-alt (1A), le héifeacht ón 1 Iúil 2008— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) trí “I gcás ina ndéanfaidh duine” a chur in ionad “I gcás ina ndéanfaidh duine inchánach”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) trí fhomhír (iv) a scriosadh, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) trí “is duine cuntasach nó measfar gur duine cuntasach,” a chur in ionad “is duine inchánach nó measfar gur duine inchánach,”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A): | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(1B) (a) Déanfar an fo-alt seo agus ailt 12(1)(vc) agus 17(1C) a fhorléiriú i dteannta Chaibidil 2 de Chuid 18 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2008, más rud é go bhfaigheann príomhaí, seachas príomhaí lena mbaineann fomhíreanna (ii) nó (iii) d’alt 531(1)(b) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, seirbhísí arb éard iad oibríochtaí foirgníochta (mar a mhínítear i míreanna (a) go (f) d’alt 530(1) den Acht sin) ó fhochonraitheoir, ansin is duine cuntasach nó measfar gur duine cuntasach an príomhaí sin i ndáil leis an soláthar sin agus dlífidh sé nó sí an cháin is inmhuirearaithe a íoc amhail is dá mba é nó í an príomhaí sin a sholáthair na seirbhísí sin i gcúrsa nó ag bisiú gnó agus ní bheidh an fochonraitheoir cuntasach sa cháin sin, ná ní dhlífidh sé nó sí an cháin sin a íoc, i leith na soláthairtí sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) Níl feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le seirbhísí ar eisigh an soláthróir sonrasc, nó a raibh an soláthróir faoi cheangal sonrasc a eisiúint, ina leith de réir alt 17 roimh an 1 Meán Fómhair 2008.”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) i bhfo-ailt (3), (3A) agus (9) le héifeacht ón 1 Bealtaine 2008 trí “€37,500” a chur in ionad “€35,000” agus trí “€75,000” a chur in ionad “€70,000” cibé áit a bhfuil siad, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) i bhfo-alt (8)(a) le héifeacht ón 1 Iúil 2008 trí “, ar duine inchánach duine amháin acu ar a laghad” a chur in ionad “agus atá ag gabháil d’earraí nó do sheirbhísí a sholáthar i gcúrsa nó ag bisiú gnó”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirearaithe cáin) den Phríomh-Acht. |
93 .— Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4C) le héifeacht ón 1 Iúil 2008: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(4D) (a) Maidir leis an méid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar seirbhísí dá dtagraítear in alt 5(3B) in aon tréimhse inchánach is méid é atá ar cóimhéid leis an séú cuid den fhichiú cuid de chostas na n-earraí dochorraithe a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) arb é an méid é ar arbh inmhuirearaithe cáin ar an duine a dhéanann an soláthar maidir leis an duine sin d’fháil nó d’fhorbairt na n-earraí dochorraithe dá dtagraítear in alt 5(3B), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás ina raibh feidhm ag alt 3(5)(b)(iii) maidir le fáil na n-earraí dochorraithe, arb é an méid é ar a mbeadh cáin inmhuirearaithe murach feidhm an ailt sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | arna choigeartú chun cion úsáide na n-earraí sa tréimhse sin a léiriú go cruinn. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh ina sonrófar modhanna a fhéadfar a úsáid— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) chun an cion a aithint a léiríonn go cruinn an méid a úsáidtear earraí dochorraithe chun na gcríoch dá dtagraítear in alt 5(3B), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) chun an méid nó na méideanna inchánach iomchuí a ríomh.”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i bhfo-alt (8), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (c) le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2008: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(d) Níl feidhm ag an bhfo-alt seo i leith soláthair seirbhísí lena mbaineann alt 8(1B).”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i bhfo-alt (9)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b): | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(ba) Tá feidhm ag fo-ailt (a) agus (b) i leith idirbheart a tharlaíonn roimh an 1 Iúil 2008.”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) le héifeacht ón 1 Iúil 2008, i mír (c), trí “margadhluach” a chur in ionad “margadhphraghas” sa dá áit ina bhfuil sé. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht. |
94 .— Leasaítear alt 12 den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i bhfo-alt (1)(a)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i mír (iiic), le héifeacht ón 1 Iúil 2008, trí “alt 4B(6)(a) nó 4(8)” a chur in ionad “alt 4(8)”, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2008, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (vb): | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(vc) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse, is cáin a dhlíonn an príomhaí a íoc de bhua alt 8(1B), i leith seirbhísí oibríochtaí foirgníochta a fuair an príomhaí sin; ach ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo ach amháin i gcás ina mbeadh an príomhaí sin i dteideal an cháin sin a asbhaint in áit eile faoin bhfo-alt seo dá mba rud é go ndearna duine cuntasach eile an cháin sin a mhuirearú ar an bpríomhaí sin,”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i bhfo-alt (4) le héifeacht ón 1 Iúil 2008— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i mír (a) trí “sochorraithe” a chur isteach i ndiaidh “earraí” sa chéad áit a bhfuil sé sa mhíniú ar “ionchuir dhé-úsáide” agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i mír (f) trí “don bhliain chuntasaíochta” a chur in ionad “don tréimhse chuntasaíochta”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) le héifeacht ón 1 Iúil 2008 trí fho-alt (5) a scriosadh. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 12B (scéim speisialta i leith córacha iompair arna soláthar ag déileálaithe inchánach) den Phríomh-Acht. |
95 .— Leasaítear alt 12B den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i bhfo-alt (3), le héifeacht ón 1 Iúil 2008, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “déileálaí inchánach”: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “maidir le ‘déileálaí inchánach’— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ciallaíonn sé duine cuntasach a dhéanann, i gcúrsa nó ag bisiú gnó, cibé acu atá sé nó sí ag gníomhú thar ceann an duine sin féin nó thar ceann duine eile de bhun conartha faoina bhfuil coimisiún iníoctha ar cheannach nó ar dhíol, cóir iompair a cheannach nó a fháil mar stoc trádála le hionchas í a athdhíol, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) folaíonn sé duine a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais den chineál a shonraítear i bhfomhír (i)(e) den Chéad Sceideal agus a cheannaíonn nó a fhaigheann cóir iompair chun í a sholáthar mar chuid de chomhaontú den chineál dá dtagraítear in alt 3(1)(b), | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus, chun críche an léirithe seo, measfar gur déileálaí inchánach duine i mBallstát eile más rud é, in imthosca den tsamhail chéanna, gur dhéileálaí inchánach an duine sin sa Stát faoin alt seo;”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i bhfo-alt (11)(a), trí “agus, chun amhras a sheachaint, tá an méid cánach is inmhuirearaithe i leith an tsoláthair sin san áireamh, agus bhí sé san áireamh riamh, sa mhéid is inasbhainte de réir mhír (b) agus, dá réir sin, níl sé san áireamh, agus ní raibh sé san áireamh riamh, in aon mhéid cánach atá an duine inchánach i dteideal a asbhaint de réir alt 12(1)(a)(iii)” a chur isteach i ndiaidh “alt 3(1)(e)” | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 12C (scéim speisialta i leith innealra talmhaíochta) den Phríomh-Acht. |
96 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2008, leasaítear alt 12C den Phríomh-Acht sa mhíniú ar “déileálaí inchánach” i bhfo-alt (5) trí “agus folaíonn sé duine a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais den chineál a shonraítear i bhfomhír (i)(e) den Chéad Sceideal agus a cheannaíonn innealra talmhaíochta chun é a sholáthar mar chuid de chomhaontú den chineál dá dtagraítear in alt 3(1)(b)” a chur isteach i ndiaidh “stoc trádála le hionchas é a athdhíol”. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 12D (cáin atá inasbhainte in imthosca áirithe a choigeartú) den Phríomh-Acht. |
97 .— Leasaítear alt 12D den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(5) Níl feidhm ag an alt seo maidir le haistriú leasa in earraí dochorraithe a tharlaíonn an 1 Iúil 2008 nó dá éis.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Scéim earraí caipitiúla. |
98 .— Leasaítear an Príomh-Acht le héifeacht ón 1 Iúil 2008 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 12D: | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “12E.— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hearraí caipitiúla— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) a raibh cáin inmhuirearaithe ar dhuine inchánach ar iad a sholáthar nó a fhorbairt, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a mbeadh cáin inmhuirearaithe ar dhuine inchánach ar iad a sholáthar murach feidhm alt 3(5)(b)(iii). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) San alt seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘tréimhse choigeartúcháin’, i ndáil le hearra caipitiúil, an tréimhse a chuimsíonn an líon eatramh dá bhforáiltear i bhfo-alt (3)(a) agus a gceanglaítear coigeartuithe a dhéanamh ar asbhaintí i leith earra chaipitiúil lena linn; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘méid bunchánach’, i ndáil le hearra caipitiúil, an méid a ríomhtar tríd an gcáin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin a roinnt ar an líon eatramh sa tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘úinéir earraí caipitiúla’— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (b), duine inchánach a thabhaíonn caiteachas ar earra caipitiúil a fháil nó a fhorbairt, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás duine inchánach is feirmeoir cothrom-ráta, ciallaíonn sé duine inchánach a thabhaíonn caiteachas chun earra caipitiúil a fhorbairt nó a fháil seachas foirgneamh nó déanmhas agus a dheartar agus a úsáidtear d’aon toisc chun críocha gnó feirmeoireachta nó chun talamh a fhálú, a shiltean nó a mhíntíriú agus ar baineadh úsáid as iarbhír sa ghnó sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le ‘soláthairtí nó gníomhaíochtaí inasbhainte’ an bhrí a shanntar dó le halt 12(4); | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘eatramh tosaigh’, i ndáil le hearra caipitiúil, tréimhse 12 mhí dar tosach an dáta a chríochnaítear earra caipitiúil nó, i gcás earra chaipitiúil a sholáthraítear tar éis é a chríochnú, is é an t-eatramh tosaigh d’fhaighteoir an tsoláthair sin an tréimhse 12 mhí dar tosach dáta an tsoláthair sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘cion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte’, i ndáil le hearra caipitiúil, an cion a léiríonn go cruinn an méid a úsáidtear earra caipitiúil le linn na tréimhse tosaigh chun críocha soláthairtí nó gníomhaíochtaí inasbhainte úinéara earraí caipitiúla; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘eatramh’, i ndáil le hearra caipitiúil, an t-eatramh tosaigh, an dara heatramh nó eatramh dá éis sin i dtréimhse choigeartúcháin, cibé acu is iomchuí; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘méid inasbhainte eatraimh’, i ndáil le hearra caipitiúil i leith an dara heatramh agus gach eatraimh dá éis sin, an méid a ríomhtar tríd an méid bunchánach i ndáil leis an earra caipitiúil sin a iolrú ar an gcion den úsáid inasbhainte don earra caipitiúil sin is infheidhme maidir leis an eatramh iomchuí; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘méid neamh-inasbhainte’, i ndáil le hearra caipitiúil, an méid arb é an difríocht idir an cháin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin agus an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘cion den úsáid inasbhainte’, i ndáil le hearra caipitiúil d’eatramh seachas an t-eatramh tosaigh, an cion a léiríonn go cruinn an méid a úsáidtear earra caipitiúil le linn an eatraimh sin chun críocha soláthairtí nó gníomhaíochtaí inasbhainte úinéara earraí caipitiúla; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘méid asbhainte tagartha’, i ndáil le hearra caipitiúil, an méid a ríomhtar tríd an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin a roinnt ar an líon eatramh sa tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘athfheistiú’ forbairt ar fhoirgneamh, ar dhéanmhas nó ar shaothar innealtóireachta a críochnaíodh roimhe sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘an dara heatramh’, i ndáil le hearra caipitiúil, an tréimhse dar tosach an lá tar éis dheireadh an eatraimh tosaigh sa tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin agus dar críoch an lá deiridh den bhliain chuntasaíochta a dtosaíonn an dara heatramh lena linn; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘eatramh dá éis sin’, i ndáil le hearra caipitiúil, gach tréimhse chuntasaíochta de chuid úinéara earraí caipitiúla sa tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin, agus atá tar éis an dara heatramh; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn ‘méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte’, i ndáil le hearra caipitiúil, an méid a ríomhtar tríd an gcáin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil a iolrú ar chion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le ‘cáin iomlán arna tabhú’, i ndáil le hearra caipitiúil, an bhrí a shanntar dó le fo-alt (3)(b). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) (a) I ndáil le hearra caipitiúil is éard é an líon eatramh sa tréimhse choigeartúcháin a gceanglaítear coigeartuithe ar asbhaintí a dhéanamh faoin alt seo lena linn— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás athfheistiú, 10 n-eatramh, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás earra chaipitiúil lena mbaineann mír (c) nó (d) d’fho-alt (6), an líon láneatramh a bheidh fágtha sa tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin móide a haon mar a cheanglaítear a ríomh de réir na foirmle i bhfo-alt (7)(b), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) i ngach cás eile, 20 eatramh. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) San alt seo ciallaíonn ‘cáin iomlán arna tabhú’ i ndáil le hearra caipitiúil— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) an méid cánach a mhuirearaítear ar úinéir earraí caipitiúla maidir leis an úinéir sin d’fháil nó d’fhorbairt earra chaipitiúil, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás aistrí más rud é, maidir le haistriú úinéireachta ar earra caipitiúil lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) i gcás gur sholáthar a bheadh in aistriú den sórt sin murach feidhm alt 3(5)(b)(iii) agus go mbeadh an soláthar sin díolmhaithe de réir alt 4B(2), ansin an cháin iomlán arna tabhú a cheanglaítear a áireamh sa chóip den taifead earra chaipitiúil a cheanglaítear ar an aistreoir a thabhairt de réir fho-alt (10), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) i gcás nach aistriú lena mbaineann clásal (I) aistriú den sórt sin, ansin an méid cánach a bheadh inmhuirearaithe ar an aistriú sin murach feidhm ailt 3(5)(b)(iii) agus 13A, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) an méid cánach a bheadh inmhuirearaithe, murach feidhm alt 13A, ar úinéir earraí caipitiúla ar an úinéir sin d’fháil nó d’fhorbairt earra caipitiúil. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) I gcás ina bhfaigheann úinéir earraí caipitiúla earra caipitiúil— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) ar mhodh aistrithe, ar aistriú é lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii) seachas aistriú lena mbaineann fho-alt (10), agus ar aistriú é a mbeadh cáin inmhuirearaithe air murach feidhm alt 3(5)(b)(iii), nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) a raibh cáin inmhuirearaithe, de réir alt 13A, maidir lena sholáthar nó maidir lena fhorbairt, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ansin, chun críocha an ailt seo, meastar an t-úinéir earraí caipitiúla sin a bheith tar éis asbhaint a éileamh, de réir alt 12, i leith na cánach a bheadh inmhuirearaithe— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) ar aistriú an earra chaipitiúil sin murach feidhm alt 3(5)(b)(iii), lúide aon mhéid a dtugann an t-úinéir sin cuntas air i leith an aistrithe sin de réir fho-alt (7)(d), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) ar sholáthar nó ar fhorbairt an earra chaipitiúil sin murach feidhm alt 13A. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) I gcás ina ndéanann úinéir earraí caipitiúla, ar mhodh aistriú lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii), earra caipitiúil a sholáthar nó a aistriú le linn na tréimhse coigeartúcháin ansin críochnóidh an tréimhse choigeartúcháin don earra caipitiúil sin ar dháta an tsoláthair nó an aistrithe sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) (a) I gcás ina bhfuil difríocht idir cion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte i ndáil le hearra caipitiúil agus an cion den cháin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin a bhí inasbhainte ag an úinéir sin de réir alt 12, ansin déanfaidh an t-úinéir sin, ag deireadh an eatraimh tosaigh, méid a ríomh de réir na foirmle seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | A - B | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é A méid na cánach iomláine arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin a bhí inasbhainte ag an úinéir sin de réir alt 12, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é B an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Más rud é, de réir mhír (a)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) gur mó A ná B, ansin beidh an méid arna ríomh de réir na foirmle i mír (a) iníoctha ag an úinéir sin amhail is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach díreach tar éis dheireadh an eatraimh tosaigh, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) gur mó B ná A, ansin beidh an t-úinéir sin i dteideal méid na cánach is inasbhainte chun críocha alt 12 a mhéadú den mhéid arna ríomh de réir mhír (a) don tréimhse inchánach díreach tar éis dheireadh an eatraimh tosaigh. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) I gcás nach n-úsáidtear earra caipitiúil le linn an eatraimh tosaigh ansin is é cion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte an cion den cháin iomlán arna tabhú atá inasbhainte ag an úinéir earraí caipitiúla de réir alt 12. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) (a) (i) Faoi réir fho-alt (6)(b), más rud é maidir le heatramh, seachas an t-eatramh tosaigh, go bhfuil difríocht idir an cion den úsáid inasbhainte don eatramh sin i ndáil leis an earra caipitiúil sin agus cion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin, ansin déanfaidh an t-úinéir earraí caipitiúla, ag deireadh an eatraimh sin, méid a ríomh de réir na foirmle seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | C - D | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | inarb é C an méid asbhainte tagartha i ndáil leis an earra caipitiúil sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | inarb é D an méid inasbhainte eatraimh i ndáil leis an earra caipitiúil sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) Más rud é, de réir fhomhír (i)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) gur mó C ná D, ansin beidh an méid arna ríomh de réir na foirmle i bhfomhír (i) iníoctha ag an úinéir sin amhail is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach díreach tar éis dheireadh an eatraimh sin, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) gur mó D ná C, ansin beidh an t-úinéir sin i dteideal méid na cánach is inasbhainte chun críocha alt 12 a mhéadú den mhéid arna ríomh de réir na foirmle i bhfomhír (i) don tréimhse inchánach díreach tar éis dheireadh an eatraimh sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Más rud é, don dara heatramh agus d’aon eatramh dá éis sin, nach n-úsáidtear earra caipitiúil le linn an eatraimh sin, is é an cion den úsáid inasbhainte i leith an earra chaipitiúil sin don eatramh sin an cion den úsáid inasbhainte don eatramh roimhe sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) (a) (i) Más rud é, i leith earra chaipitiúil d’eatramh seachas an t-eatramh tosaigh, gur mó ná 50 pointe céatadáin an difríocht idir an cion den úsáid inasbhainte arna shloinneadh mar chéatadán agus cion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte arna shloinneadh mar chéatadán, ansin déanfaidh an t-úinéir earraí caipitiúla, ag deireadh an eatraimh sin, méid a ríomh de réir na foirmle seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (C - D) x N | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | inarb é C an méid asbhainte tagartha i ndáil leis an earra caipitiúil sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | inarb é D an méid inasbhainte eatraimh i ndáil leis an earra caipitiúil sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | inarb é N an líon láneatramh a bheidh fágtha sa tréimhse choigeartúcháin ag deireadh an eatraimh sin móide a haon. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) Más rud é, de réir fhomhír (i)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) gur mó C ná D, ansin beidh an méid arna ríomh de réir na foirmle i bhfomhír (i) iníoctha ag an úinéir sin amhail is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach díreach tar éis dheireadh an eatraimh sin, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) gur mó D ná C, ansin beidh an t-úinéir sin i dteideal an méid cánach is inasbhainte chun críocha alt 12 a mhéadú den mhéid arna ríomh de réir na foirmle i bhfomhír (i) don tréimhse inchánach díreach tar éis dheireadh an eatraimh sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) Ní bheidh feidhm ag forálacha fhomhír (i) maidir le hearra caipitiúil nó cuid de a bhí faoi réir fhorálacha mhíreanna (c) nó (d) le linn an eatraimh lena mbaineann fomhír (i). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iv) I gcás ina mbeidh oibleagáid ar úinéir earraí caipitiúla ríomh dá dtagraítear i bhfomhír (i) a dhéanamh i leith earra chaipitiúil, ansin, chun críocha na n-eatramh atá fágtha sa tréimhse choigeartúcháin, déileálfar leis an gcion den úsáid inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin don eatramh a gceanglaítear an ríomh a dhéanamh ina leith amhail is dá mba é cion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin agus, go dtí go gceanglaítear ríomh breise a dhéanamh faoi fhomhír (i), déanfar gach méid míniúcháin eile a ríomh dá réir sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) I gcás ina mbeidh feidhm ag forálacha mhír (a) maidir le heatramh ansin ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (5) maidir leis an eatramh sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) I gcás ina ndéanann úinéir earraí caipitiúla, ar tiarna talún é i leith earra chaipitiúil go léir nó cuid de, a rogha tiarna talún go ngearrfar cáin de réir alt 7A(1) a fhoirceannadh i leith aon ligin ar an earra caipitiúil sin, ansin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) meastar, chun críocha an ailt seo, go ndearna an t-úinéir sin an t-earra caipitiúil lena mbaineann an ligean sin a sholáthar agus a fháil go comhuaineach, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) measfar gur soláthar nach bhfuil cáin inmhuirearaithe air an soláthar sin agus ní dhéanfar aon rogha go ngearrfar cáin ar an soláthar sin de réir alt 4B(5) a cheadú ar an soláthar sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) déileálfar leis an earra caipitiúil a fuarthas mar earra caipitiúil chun críocha an ailt seo agus déileálfar leis an méid arna ríomh de réir fho-alt (7)(b) ar an soláthar sin mar an cháin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) Más rud é, maidir le ligean earra chaipitiúil, ar ligean é nach bhfuil faoi réir rogha tiarna talún go ngearrfar cáin de réir alt 7A(1), go ndéanfaidh tiarna talún dá éis sin rogha tiarna talún go ngearrfar cáin a fheidhmiú i leith ligean an earra chaipitiúil sin, ansin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) meastar, chun críocha an ailt seo, go ndearna an tiarna talún sin an t-earra caipitiúil sin lena mbaineann an ligean sin a sholáthar agus a fháil go comhuaineach, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) measfar gur soláthar ar arb inmhuirearaithe cáin an soláthar sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) déileálfar leis an earra caipitiúil a fuarthas mar earra caipitiúil chun críocha an ailt seo, agus— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) déileálfar leis an méid arna ríomh de réir fho-alt (7)(a) mar an cháin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) measfar an cháin iomlán arna tabhú a bheith asbhainte de réir alt 12 tráth an tsoláthair sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) (a) I gcás ina ndéanann úinéir earraí caipitiúla earra caipitiúil a sholáthar nó earra caipitiúil a aistriú, is aistriú lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii), seachas aistriú lena mbaineann fo-alt (10), i rith na tréimhse coigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin, agus más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) gurb inmhuirearaithe cáin ar an soláthar sin, nó go mbeadh cáin inmhuirearaithe ar an aistriú sin murach feidhm alt 3(5)(b)(iii), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) gur mó ná nialas an méid neamh-inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin i leith an úinéara sin nó i gcás soláthair nó aistriú le linn an eatraimh tosaigh, nach raibh an t-úinéir sin i dteideal an cháin iomlán go léir arna tabhú de réir alt 12 a asbhaint, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ansin tá an t-úinéir sin i dteideal méid na cánach is inasbhainte ag an úinéir sin chun críocha alt 12 don tréimhse inchánach ina dtarlóidh an soláthar nó an t-aistriú, a mhéadú de mhéid arna ríomh de réir na foirmle seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | E x N | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | T | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | inarb é E an méid neamh-inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin, nó i gcás soláthair roimh dheireadh an eatraimh tosaigh méid na cánach iomláine arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin nach raibh inasbhainte ag an úinéir sin de réir alt 12, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | inarb é N an líon láneatramh a bheidh fágtha sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin tráth an tsoláthair móide a haon, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | inarb é T an líon iomlán eatramh sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) I gcás ina ndéanann úinéir earraí caipitiúla earra caipitiúil a sholáthar le linn na tréimhse coigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin agus más rud é nach bhfuil cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin agus más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) gur mó ná nialas an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás soláthair roimh dheireadh an eatraimh tosaigh más mó ná nialas méid na cánach iomláine arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin ab inasbhainte ag an úinéir sin de réir alt 12, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ansin déanfaidh an t-úinéir sin méid a ríomh a bheidh iníoctha amhail is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach ina ndéantar an soláthar de réir na foirmle seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | B x N | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | T | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é B an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin, nó, i gcás soláthair lena mbaineann fomhír (ii), méid na cánach iomláine arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin a d’éiligh an t-úinéir sin mar asbhaint de réir alt 12, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é N an líon láneatramh a bheidh fágtha sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin tráth an tsoláthair móide a haon, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é T an líon iomlán eatramh sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) I gcás ina ndéanann úinéir earraí caipitiúla cuid d’earra caipitiúil a sholáthar nó a aistriú le linn na tréimhse coigeartúcháin, is aistriú lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii), ansin, ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin, déanfar, maidir leis na nithe seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) an cháin iomlán arna tabhú, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) gach méid míniúcháin eile, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | i ndáil lena bhfuil fágtha den earra caipitiúil sin don úinéir sin, iad a choigeartú dá réir sin ar bhonn cóir, réasúnach. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) I gcás ina dtarlaíonn aistriú ar úinéireacht earra chaipitiúil, is aistriú lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii), ach gan aistriú lena mbaineann fo-alt (10) a áireamh, agus i gcás nach mbeadh an t-aistrí i dteideal an cháin go léir ab inmhuirearaithe ar an aistriú sin a asbhaint murach feidhm a bheith ag alt 3(5)(b)(iii), ansin déanfaidh an t-aistrí sin méid a ríomh mar seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | F - G | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é F an méid cánach ab inmhuirearaithe murach feidhm a bheith ag alt 3(5)(b)(iii), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é G an méid den cháin sin ab inasbhainte de réir alt 12 ag an aistrí sin dá mba rud é nach raibh feidhm ag alt 3(5)(b)(iii) maidir leis an aistriú sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus beidh an méid sin iníoctha ag an aistrí sin amhail is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach ina dtarlaíonn an t-aistriú agus chun críocha an ailt seo measfar gurb é an méid sin méid na cánach iomláine arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin nach raibh an t-aistrí i dteideal a asbhaint de réir alt 12. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) (a) Más rud é, i gcás tionónta ag a bhfuil leas seachas leas atá coibhéiseach le ruílse in earraí dochorraithe, gurb é nó í úinéir na n-earraí caipitiúla maidir le hathfheistiú a dhéantar ar na hearraí dochorraithe sin, agus go ndéanann sé nó sí an leas sin a shannadh nó a ghéilleadh, ansin déanfaidh an tionónta sin méid a ríomh i leith an earra chaipitiúil sin arb é an t-athfheistiú sin de réir na foirmle i bhfo-alt (7)(b), agus beidh an méid sin iníoctha ag an tionónta sin amhail is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach ina dtarlaíonn an sannadh nó an géilleadh. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) go bhfuil an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin comhionann leis an gcáin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin, nó i ndáil le sannadh nó géilleadh a tharlaíonn roimh dheireadh an eatraimh tosaigh i ndáil leis an earra caipitiúil sin go raibh an tionónta i dteideal an cháin iomlán go léir arna tabhú a asbhaint de réir alt 12 i ndáil leis an earra caipitiúil sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) go ndéanann an tionónta comhaontú i scríbhinn leis an duine dá sanntar nó dá ngéilltear an leas, á chomhaontú go mbeidh an duine sin freagrach as na hoibleagáidí go léir faoin alt seo i ndáil leis an earra caipitiúil dá dtagraítear i mír (a) ón dáta a shanntar nó a ghéilltear an leas dá dtagraítear i mír (a), amhail is— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) dá mba é a bhí sa cháin iomlán arna tabhú ag an tionónta sin agus sa mhéid a d’asbhain sé nó sí i ndáil leis an earra caipitiúil sin, an cháin iomlán arna tabhú ag an duine dá sanntar nó dá ngéilltear an leas agus an méid a d’asbhain sé nó sí, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) dá ndéanfaí aon choigeartuithe a cheanglaítear ar an tionónta a dhéanamh faoin alt seo, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) go n-eisíonn an tionónta cóip den taifead earra chaipitiúil i leith an earra chaipitiúil dá dtagraítear i mír (a) chuig an duine dá bhfuil an leas á shannadh nó á ghéilleadh. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) I gcás feidhm a bheith ag mír (b), beidh an duine dá sanntar nó dá ngéilltear an leas freagrach as na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír (b)(ii) agus úsáidfidh sé nó sí an fhaisnéis sa chóip den taifead earra chaipitiúil arna heisiúint ag an tionónta de réir mhír (b)(iii) chun aon cháin a ríomh is inmhuirearaithe nó is inasbhainte de réir an ailt seo i leith an earra chaipitiúil sin ag an duine sin ón dáta a shanntar nó a ghéilltear an leas dá dtagraítear i mír (a). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) Más rud é gur earra caipitiúil lena mbaineann fo-alt (11) an t-earra caipitiúil, ní bheidh feidhm ag míreanna (a), (b) agus (c). | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (9) Más rud é go ndéanann úinéir earraí caipitiúla— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) earra caipitiúil a sholáthar le linn na tréimhse coigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin, agus más rud é go bhfuil cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) earra caipitiúil a aistriú, seachas aistriú lena mbaineann fo-alt (10), le linn na tréimhse coigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin agus go mbeadh cáin inmhuirearaithe ar an aistriú sin murach feidhm a bheith ag alt 3(5)(b)(iii), | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus más rud é, tráth an tsoláthair nó an aistrithe sin, go bhfuil an t-úinéir agus an duine dá soláthraítear nó chun a n-aistrítear an t-earra caipitiúil bainteach lena chéile de réir bhrí alt 7A, agus más rud é, maidir le haon cheann díobh seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) an méid cánach is inmhuirearaithe ar sholáthar an earra chaipitiúil sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) an méid cánach ab inmhuirearaithe ar aistriú an earra chaipitiúil sin murach feidhm a bheith ag alt 3(5)(b)(iii), nó | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) an méid cánach ab inmhuirearaithe ar an soláthar murach feidhm a bheith ag alt 13A, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gur lú é ná an méid, dá ngairtear an “méid coigeartaithe” ina dhiaidh seo, arna ríomh de réir na foirmle seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | H x N | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | T | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é H an cháin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin don úinéir earra chaipitiúil atá ag déanamh an tsoláthair nó an aistrithe, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é N an líon láneatramh a bheidh fágtha sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil móide a haon, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é T an líon iomlán eatramh sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ansin, déanfaidh an t-úinéir sin méid a ríomh a bheidh iníoctha ag an úinéir sin amhail is dá mba cháin é a bheadh dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach ina ndéantar an soláthar nó an t-aistriú, de réir na foirmle seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | I - J | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | i gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é I an méid coigeartaithe, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | gurb é J an méid cánach is inmhuirearaithe ar sholáthar an earra chaipitiúil sin, nó an méid cánach a bheadh inmhuirearaithe ar aistriú an earra chaipitiúil sin murach feidhm a bheith ag alt 3(5)(b)(iii), nó an méid cánach a bheadh inmhuirearaithe ar an soláthar murach feidhm a bheith ag alt 13A. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (10) I gcás ina ndéanann úinéir earraí caipitiúla earra caipitiúil a aistriú, ar aistriú é lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii) agus go mbeadh an t-aistriú sin ina sholáthar murach feidhm a bheith ag alt 3(5)(b)(iii), agus i gcás ina mbeadh an soláthar sin díolmhaithe de réir alt 4B(2) ansin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) eiseoidh an t-aistreoir cóip den taifead earra chaipitiúil chuig an aistrí, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) is é nó is í an t-aistrí an comharba ar an úinéir earraí caipitiúla a aistríonn an t-earra caipitiúil, agus beidh sé nó sí freagrach as oibleagáidí uile an úinéara sin faoin alt seo ón dáta a aistrítear an t-earra caipitiúil sin, amhail is— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) dá mba é an cháin iomlán arna tabhú ag an aistreoir, agus an méid a d’asbhain an t-aistreoir i ndáil leis an earra caipitiúil sin an cháin iomlán arna tabhú ag an aistrí, agus an méid a d’asbhain an t-aistrí, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) dá ndéanfaí aon choigeartuithe a cheanglaítear ar an aistreoir a dhéanamh faoin alt seo, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) úsáidfidh an t-aistrí sin, i gcáil comharba, an fhaisnéis sa chóip den taifead earra chaipitiúil arna heisiúint ag an aistreoir de réir mhír (a) chun cáin a ríomh is inmhuirearaithe nó is inasbhainte ag an gcomharba sin de réir an ailt seo dá mbeidh fágtha den tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin ón dáta aistrítear an t-earra caipitiúil sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (11) Má scriostar earra caipitiúil le linn na tréimhse coigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin, ansin ní dhéanfaidh an t-úinéir earraí caipitiúla aon choigeartú breise faoin alt seo i leith aon eatramh a bheidh fágtha sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (12) Déanfaidh úinéir earraí caipitiúla taifead (dá ngairtear ‘taifead earra chaipitiúil’ san alt seo) a chruthú agus a choimeád i leith gach earra chaipitiúil agus beidh sa taifead sin faisnéis leordhóthanach chun aon choigeartuithe a chinneadh i leith an earra chaipitiúil sin a cheanglaítear de réir an ailt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (13) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh is gá chun críocha oibriú an ailt seo, go háirithe i ndáil le ré eatraimh dá éis sin i gcás ina n-athraíonn bliain chuntasaíochta úinéara earraí caipitiúla.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 14 (an cháin a bheidh dlite a chinneadh faoi threoir fáltas airgid) den Phríomh-Acht. |
99 .— Leasaítear alt 14 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(2A) I gcás ina mbeidh údarú eisithe chuig aon duine de réir fho-alt (1) agus go mainníonn an duine sin nóta sochair a eisiúint de réir alt 17(3)(b) i leith aon soláthair i gcás ina laghdaítear an chomaoin mar a bheidh luaite sa sonrasc arna eisiúint ag an duine sin don soláthar sin nó go lamháiltear lascaine, ansin, an tráth ba cheart nóta sochair a eisiúint de réir alt 17(7)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) déileálfar le cibé cáin is inchurtha i leith an laghdaithe nó na lascaine amhail is gur eisíodh í ó fheidhm fho-alt (1), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) dlífidh an duine sin an cháin sin a íoc amhail is dá mba cháin í a bhí dlite de réir alt 19 an tráth sin.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 16 (dualgas taifid a choimeád) den Phríomh-Acht. |
100 .— Leasaítear alt 16 den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), trí “agus lena teideal maidir le hin-asbhainteacht” a chur isteach i ndiaidh “cánach”, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(5) Maidir leis an gceanglas taifid a choimeád de réir an ailt seo, beidh feidhm aige maidir le taifid a bhaineann leis na nithe seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) feidhmiú agus foirceannadh rogha tiarna talún chun cáin a ghearradh, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) taifead ar earra caipitiúil dá dtagraítear in alt 12E, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) comhrogha i leith cánachais.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 17 (sonraisc) den Phríomh-Acht. |
101 .— (1) Leasaítear alt 17 den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh fho-alt (2), le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2008: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(1C) (a) I gcás ina ndéanfaidh fochonraitheoir is duine cuntasach seirbhís lena mbaineann alt 8(1B) a sholáthar, eiseoidh an fochonraitheoir sin doiciméad chuig an bpríomhaí ina léireofar— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) go bhfuil an príomhaí faoi dhliteanas cuntas a thabhairt sa cháin is inmhuirearaithe ar an soláthar sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) cibé sonraí eile a cheanglófaí a áireamh sa doiciméad sin dá mba shonrasc an doiciméad sin a cheanglaítear a eisiúint de réir fho-alt (1) ach gan an méid cánach is iníoctha a áireamh. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) I gcás ina gcomhaontóidh an príomhaí agus an fochonraitheoir amhlaidh, féadfaidh feidhm a bheith ag forálacha fho-alt (14)(a) maidir leis an doiciméad seo amhail is dá mba shonrasc é.”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) trí fho-alt (1AAA) a scriosadh le héifeacht ón 1 Iúil 2008, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i bhfo-alt (1AB), le héifeacht ón 1 Iúil 2008, trí “chun críocha alt 12C(1B)” a chur in ionad “chun críocha fho-alt (1AAA) nó alt 12C(1B)”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3A): | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(3B) Más rud é, tar éis do dhuine sonrasc a eisiúint chun duine eile de réir fho-alt (1) i leith méid a fuarthas ar mhodh éarlaise agus i gcás feidhm a bheith ag alt 19(2B), ansin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) measfar méid na comaoine a bheidh luaite ar an sonrasc sin a bheith laghdaithe go neamhní, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) eiseoidh an duine chun an duine eile sin doiciméad a ndéileálfar leis amhail is dá mba nóta sochair é ina mbeidh sonraí faoin laghdú i cibé foirm, agus ina mbeidh cibé sonraí eile, a cheanglófaí a bheith ar áireamh sa doiciméad sin dá mba nóta sochair an doiciméad sin, agus más duine inchánach an duine eile sin laghdófar an méid a fhéadfaidh an duine eile sin a asbhaint faoi alt 12 den mhéid cánach a thaispeánfar ar an doiciméad amhail is dá mba nóta sochair an doiciméad sin.”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) i bhfo-alt (9)(aa), trí “in aon chás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (3B) nó” a chur isteach i ndiaidh “Ní bheidh feidhm ag mír (a)”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déantar alt 17(3B) (a cuireadh isteach le fo-alt (1)(d)) a leasú tuilleadh le héifeacht ón 1 Iúil 2008 trí “duine cuntasach” a chur in ionad “duine inchánach”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 19 (cáin atá dlite agus iníoctha) den Phríomh-Acht. |
102 .— Leasaítear alt 19 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A): | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(2B) I gcás ina dtabharfaidh duine cuntas de réir fho-alt (3) i gcáin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ar mhéid a fuarthas ar mhodh éarlaise ó chustaiméir roimh sholáthar na n-earraí nó na seirbhísí lena mbaineann sí, agus— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) nach dtarlaíonn an soláthar sin dá éis sin de bharr cealú ag an gcustaiméir, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go ndéantar an cealú a thaifeadadh mar chealú i leabhair agus i dtaifid an duine sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) nach n-aisíoctar an éarlais leis an gcustaiméir, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) nach gcuireann aon duine aon chomaoin, sochar nó soláthar eile ar fáil don chustaiméir in ionad aisíoc an mhéid sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ansin, laghdófar an cháin is inmhuirearaithe faoi alt 2(1)(a) sa tréimhse inchánach ina dtaifeadtar an cealú den mhéid cánach ar tugadh cuntas ina leith ar an éarlais a fháil.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 26 (pionóis i gcoitinne) den Phríomh-Acht. |
103 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2008, leasaítear alt 26 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3AAA) trí “margadhluach oscailte” a chur in ionad “margadhphraghas oscailte”. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 27 (tuairisceáin chalaoiseacha, etc.) den Phríomh-Acht. |
104 .— Leasaítear alt 27 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (9A)— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) sa mhír darb uimhir (1)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) tríd an mír sin a athuimhriú mar mhír (a), | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) trí na fomhíreanna atá ainmnithe mar (a), (b) agus (c) a athuimhriú mar fhomhíreanna (i), (ii) agus (iii), faoi seach, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) trí “nó” a scriosadh i bhfomhír (ii) (arna hathuimhriú amhlaidh) agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na fomhíre sin: | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(iia) go bhfuarthas iad i mBallstát eile agus gur modhanna nua iompair iad na hearraí sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) a ndéanfaidh an faighteoir fáil laistigh den Chomhphobal ina leith sa Stát, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) nach mbeidh an faighteoir i dteideal asbhainte ina leith faoi alt 12 maidir leis an gcáin is inmhuirearaithe ar an bhfáil sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (III) a mainneoidh an faighteoir ina leith cuntas a thabhairt sa cháin a bheidh dlite ar an bhfáil sin de réir alt 19, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | nó”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) sa mhír darb uimhir (2)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) tríd an mír sin a athuimhriú mar mhír (b), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) trí “de réir mhír (a)” a chur in ionad “de réir fho-alt (1)”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) sa mhír darb uimhir (3)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) tríd an mír sin a athuimhriú mar mhír (c), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) trí “ i mír (b)” a chur in ionad “i bhfo-alt (2)”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) sa mhír darb uimhir (4)— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) tríd an mír sin a athuimhriú mar mhír (d), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) trí na fomhíreanna atá ainmnithe mar (a), (b), (bb), (c) agus (d) a athuimhriú mar fhomhíreanna (i), (ii), (iii), (iv) agus (v), faoi seach. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht. |
105 .— Leasaítear alt 32 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) le héifeacht ón 1 Iúil 2008 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ta): | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(tb) oibriú na scéime earraí caipitiúla agus go háirithe fad eatraimh dá éis sin i gcás ina n-athróidh bliain chuntasaíochta úinéara earraí caipitiúla; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (tc) na modhanna a fhéadfar a úsáid chun alt 10(4D) a chur chun feidhme;”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
106 .— Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht le héifeacht ón 1 Iúil 2008 trí “lena mbaineann alt 3 (1)(c) nó 4” a scriosadh i mír (xxiv). | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
107 .— Leasaítear an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) le héifeacht ón 1 Bealtaine 2008, trí “€37,500” a chur in ionad “€35,000”, i míreanna (viib) agus (viic), | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) le héifeacht ón 1 Márta 2008, tríd an méid seo a leanas a chur i isteach i ndiaidh mhír (xid): | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(xie) riosóim miscanthus, síolta, bleibíní, fréamhacha agus earraí dá samhail a úsáidtear i gcomhair táirgeadh talmhaíochta bithbhreosla;”, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xix): | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(xixa) táirgí frithghiniúna neamh-bhéil;”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar phionóis (Cuid 3). |
108 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), i ngach foráil a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo déanfar an méid atá leagtha amach ag an iontráil i gcolún (3) den Tábla sin a chur in ionad an mhéid atá leagtha amach i gcolún (2) den Tábla sin ag an iontráil chomhréire. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le cion a dhéanfar aon lá tar éis an tAcht seo a rith. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | AN TÁBLA | |||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasuithe ilghnéitheacha a bhaineann leis an míniú ar dhuine inchánach a leasú. |
109 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2008 i ngach foráil den Phríomh-Acht a shonraítear sa chéad cholún de Sceideal 4 déantar na focail atá leagtha amach ag an iontráil sa tríú colún den Sceideal sin a chur isteach in ionad na bhfocal atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal sin ag an iontráil chomhréire (gach áit a bhfuil na focail sin san fhoráil lena mbaineann). |