|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 5 Fianaise a Sholáthar ) | Ar Aghaidh (Caibidil 3 Fianaise maidir le céannú ) |
TODO
Caibidil 2 Fianaise a Ghlacadh | ||
[EN] |
Fianaise ó dhuine i stát ainmnithe. |
62 .— (1) Más dealraitheach do bhreitheamh ag suí de chuid aon chúirte go bhfuil imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh nó go bhfuil imscrúdú coiriúil á dhéanamh sa Stát, féadfaidh an breitheamh litir a eisiúint (“litir iarrata”) ina n-iarrfar cúnamh i leith cibé fianaise a shonrófar sa litir a fháil ó dhuine i stát ainmnithe lena húsáid sna himeachtaí nó san imscrúdú. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó duine atá arna chúiseamh nó arna cúiseamh in aon imeachtaí den sórt sin atá arna dtionscnamh iarratas a dhéanamh ar litir iarrata. | |
[EN] | (3) Cuirfear an litir iarrata chuig an Údarás Lárnach lena tarchur chuig an údarás cuí. | |
[EN] | (4) D’ainneoin fho-ailt (1) go (3), i gcás imeachtaí a bheith tionscanta, nó imscrúdú coiriúil a bheith á dhéanamh, i leith ciona, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí litir iarrata a eisiúint agus a tharchur go díreach chuig an údarás cuí. | |
[EN] | (5) Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa litir iarrata— | |
[EN] | (a) ráiteas á rá go bhfuil an fhianaise ag teastáil chun críocha imeachtaí coiriúla nó imscrúdaithe choiriúil, | |
[EN] | (b) tuairisc ghearr ar an iompar arb éard é an cion lena mbaineann, agus | |
[EN] | (c) aon fhaisnéis eile atá ar fáil agus a d’fhéadfadh cabhrú leis an údarás cuí an iarraidh a chomhlíonadh. | |
[EN] | (6) Maidir le fianaise a gheofar de bhua an ailt seo, ní dhéanfar, gan toiliú an údaráis chuí a fháil, í a úsáid chun aon chríche seachas an chríoch a cheadaítear leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí nó a shonraítear sa litir iarrata. | |
[EN] | (7) Nuair nach bhfuil aon fhianaise den sórt sin ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin (nó chun aon chríche eile a bhfuarthas an toiliú sin ina leith), déanfar í a thabhairt ar ais don údarás cuí mura rud é go gcuireann an t-údarás in iúl nach gá í a thabhairt ar ais. | |
[EN] | (8) Maidir le ráiteas ar fhianaise ó fhinné, ar ráiteas é— | |
[EN] | (a) a ghlactar de réir litreach iarrata, agus | |
[EN] | (b) atá deimhnithe ag an gcúirt, ag an mbinse nó ag an údarás a ghlac í, nó atá deimhnithe thar ceann an chéanna, mar ráiteas cruinn ar an bhfianaise, | |
[EN] | tá sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, in imeachtaí a bhaineann leis an gcion lena mbaineann, mar fhianaise ar aon fhíoras atá luaite ann ar fíoras é a mbeadh fianaise ó bhéal inghlactha amhlaidh ina leith. | |
[EN] | (9) Le linn do chúirt breithniú a dhéanamh i dtaobh an ceart aon fhianaise a ghlactar ó dhuine de bhun litreach iarrata a eisiamh i bhfeidhmiú a rogha maidir le fianaise atá inghlactha thairis sin a eisiamh, déanfaidh sí, más cuí, aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) nuair a bhí an fhianaise á glacadh, ar ceadaíodh don duine agus d’aon pháirtí eile lena mbaineann, le dlí an stáit lena mbaineann, ionadaíocht dhlíthiúil a bheith aige nó aici agus ar ceadaíodh é nó í a chroscheistiú, agus | |
[EN] | (b) aon rudaí eile ar ina leith a bhí glacadh na fianaise éagsúil le glacadh fianaise inchomparáide sa Stát. | |
[EN] | (10) Ní choisceann aon ní san alt seo ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí litir iarrata ar chúnamh a eisiúint chun ráiteas fianaise a fháil nó chun seilbh a ghlacadh ar fhianaise ábhartha i stát ainmnithe chun críocha imeachtaí coiriúla nó imscrúdaithe choiriúil i gcás ina dtabharfaidh an finné nó na finnéithe lena mbaineann fianaise sna himeachtaí sin nó in aon imeachtaí a fhéadfar a thionscnamh tar éis an imscrúdaithe. | |
[EN] | (11) San alt seo, ciallaíonn “údarás iomchuí”, i ndáil leis an áit ina bhfuil an fhianaise le fáil— | |
[EN] | (a) cúirt nó binse a shonraítear sa litir iarrata agus a fheidhmíonn dlínse san áit sin, nó | |
[EN] | (b) aon údarás eile atá aitheanta ag rialtas an stáit lena mbaineann mar an údarás cuí chun an litir a ghlacadh. | |
[EN] |
Fianaise atá le húsáid i stát ainmnithe. |
63 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo, faoi réir alt 64 , i ndáil le hiarraidh ar chúnamh maidir le fianaise a fháil sa Stát ó dhuine (dá ngairtear “finné” san alt seo) chun críche imeachtaí coiriúla, nó imscrúdaithe choiriúil, i stát ainmnithe. |
[EN] | (2) Tar éis iarratas den sórt sin a fháil, féadfaidh an tAire, faoi réir fho-alt (3), má tá sé nó sí den tuairim go bhfuil feidhm ag an alt seo i ndáil leis an iarraidh— | |
[EN] | (a) a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Dúiche breitheamh den Chúirt sin a ainmniú chun an fhianaise lena mbaineann an iarraidh a ghlacadh, agus | |
[EN] | (b) cóip den iarraidh agus d’aon doiciméid a ghabhann léi nó d’aon doiciméid ghaolmhara a chur chuig an mbreitheamh. | |
[EN] | (3) Ní fheidhmeoidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (2) mura rud é go dtabharfaidh an t-údarás iarrthach dearbhú á rá nach ndéanfar, gan toiliú ón mbreitheamh ainmnithe nó ón bhfinné, aon fhianaise a sholáthrófar mar fhreagra ar an iarraidh a úsáid chun aon chríche seachas an chríoch a cheadaítear leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí nó a shonraítear sa litir iarrata. | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo, maidir leis an mbreitheamh ainmnithe— | |
[EN] | (a) tá cumhachtaí na Cúirte Dúiche in imeachtaí coiriúla aige nó aici, lena n-áirítear cumhachtaí na cúirte sin— | |
[EN] | (i) i ndáil le freastal ag finnéithe a áirithiú, doiciméid nó airteagail eile a thabhairt ar aird, fianaise a ghlacadh faoi mhionn, iallach a chur ar fhinnéithe fianaise a thabhairt nó doiciméid nó nithe eile a thabhairt ar aird, agus na himeachtaí maidir le glacadh fianaise a sheoladh i gcoitinne, agus | |
[EN] | (ii) faoi aon achtachán nó riail dlí a bhaineann le finnéithe a chosaint ar imeaglú, | |
[EN] | (b) féadfaidh sé nó sí a ordú go nglacfar an fhianaise, nó aon chuid di ar shlí seachas go poiblí más dóigh leis nó léi gur gá ordú den sórt sin chun cosaint a thabhairt— | |
[EN] | (i) don fhinné nó don duine eile, nó | |
[EN] | (ii) d’fhaisnéis rúnda nó íogair, agus | |
[EN] | (c) cuirfidh sé nó sí a chearta nó a cearta faoi alt 64 in iúl don fhinné. | |
[EN] | (5) Féadfar an fhianaise a thabhairt trí nasc beo teilifíse in aon chás ina bhféadtar í a thabhairt amhlaidh in imeachtaí faoi aon achtachán. | |
[EN] | (6) Aon duine a thoghairtear chun fianaise a thabhairt agus nach ndéanfaidh, gan leithscéal réasúnach, aon cheist a fhreagairt nó ceanglas a chomhlíonadh maidir le haon doiciméad nó rud eile a thabhairt ar aird, tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €2,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (7) Baineann an Bankers’ Books Evidence Act 1879 le himeachtaí faoin alt seo mar a bhaineann sé le himeachtaí eile os comhair cúirte. | |
[EN] | (8) Ní fhéadfar aon ordú a dhéanamh i leith costas sna himeachtaí. | |
[EN] |
Pribhléid finnéithe. |
64 .— (1) Níl aon iallach ar dhuine fianaise a thabhairt in imeachtaí faoi alt 63 ar fianaise í nach bhféadfaí iallach a chur air nó uirthi í a thabhairt— |
[EN] | (a) in imeachtaí coiriúla sa Stát, nó | |
[EN] | (b) faoi réir fho-alt (2), in imeachtaí coiriúla sa stát lena mbaineann. | |
[EN] | (2) Níl feidhm ag fo-alt (1)(b) mura rud é go ngéilleann an t-údarás iarrthach d’éileamh an duine a bheith díolmhaithe ón bhfianaise a thabhairt. | |
[EN] | (3) I gcás nach ngéilltear don éileamh, féadfar a cheangal ar an duine (faoi réir na bhforálacha eile den alt seo) an fhianaise lena mbaineann an t-éileamh a thabhairt, ach ní dhéanfar an fhianaise a tharchur chuig an údarás iarrthach má sheasann cúirt sa stát lena mbaineann leis an éileamh tar éis an t-ábhar a tharchur chuici. | |
[EN] | (4) Gan dochar d’fho-alt (1), ní fhéadfar iallach a chur ar dhuine faoin alt seo fianaise a thabhairt— | |
[EN] | (a) ina cháil nó ina cáil mar oifigeach nó mar sheirbhíseach don Stát, nó | |
[EN] | (b) dá mbeadh sé dochrach do shlándáil an Stáit déanamh amhlaidh. | |
[EN] | (5) In aon imeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1), beidh deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag an Aire nó thar ceann an Aire á rá go mbeadh sé dochrach do shlándáil an Stáit dá dtabharfadh duine aon fhianaise, inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar an méid sin. | |
[EN] | (6) San alt seo, folaíonn tagairtí d’fhianaise a thabhairt tagairtí d’aon cheisteanna a fhreagairt agus d’aon doiciméad nó ní eile a thabhairt ar aird, agus tá an tagairt i bhfo-alt (3) do tharchur fianaise arna tabhairt ag duine le forléiriú dá réir sin. | |
Fianaise ó phríosúnaigh | ||
[EN] |
Príosúnach a aistriú chun fianaise a thabhairt nó chun cúnamh a thabhairt maidir le himscrúdú coiriúil sa Stát. |
65 .— (1) San alt seo, ciallaíonn “príosúnach” duine atá á choinneáil nó á coinneáil i gcoimeád i stát ainmnithe— |
[EN] | (a) faoi phianbhreith nó faoi ordú ó chúirt a fheidhmíonn dlínse choiriúil sa stát sin, nó | |
[EN] | (b) tar éis é nó í a aistriú chuig an stát sin ón Stát faoi alt 5 (barántais a eisiúint chun príosúnaigh ar cuireadh pianbhreith orthu a aistriú lasmuigh den Stát) den Acht um Aistriú Daoine ar Cuireadh Pianbhreith Orthu 1995. | |
[EN] | (2) Más rud é— | |
[EN] | (a) go bhfuil ordú finné nó toghairm fhinné a eisíodh in imeachtaí coiriúla i leith príosúnaigh arna dhéanamh nó arna déanamh, nó | |
[EN] | (b) gur dealraitheach don Aire gurb inmhianaithe go ndéanfaí príosúnach a shainaithint in imeachtaí den sórt sin nó in imscrúdú coiriúil den sórt sin nó go dtabharfadh sé nó sí cúnamh thairis sin trína bheith i láthair, | |
[EN] | féadfaidh an tAire, tar éis iarraidh a fháil ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó ó dhuine atá arna chúiseamh nó arna cúiseamh in aon imeachtaí den sórt sin, barántas a eisiúint lena bhforáiltear go n-aistreofar an príosúnach chuig an Stát. | |
[EN] | (3) Ní eiseofar barántas mura rud é go soláthróidh an t-údarás cuí sa stát ainmnithe lena mbaineann ráiteas i scríbhinn ón bpríosúnach ar ráiteas é lena dtoilítear le haistriú chun na críche sin. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an tÚdarás Lárnach barántas arna eisiúint faoin alt seo, mar aon le hiarraidh ar phríosúnach a aistriú chuig an Stát, a tharchur chuig an údarás sa stát ainmnithe ar dealraitheach don Údarás Lárnach ina leith gurb é an t-údarás cuí é chun na nithe sin a fháil. | |
[EN] | (5) Is ionann an barántas agus údarás— | |
[EN] | (a) chun an príosúnach a thabhairt chuig an Stát, | |
[EN] | (b) chun an príosúnach a thabhairt go príosún agus é nó í a choinneáil i bpríosún, | |
[EN] | (c) chun an príosúnach a thabhairt chuig an áit, agus ón áit, ina bhfuil fianaise an phríosúnaigh le héisteacht, agus | |
[EN] | (d) chun an príosúnach a chur ar ais faoi choimeád chuig an stát ainmnithe. | |
[EN] | (6) Measfar príosúnach a bheidh faoi choimeád dleathach fad a bheidh sé nó sí sa Stát. | |
[EN] | (7) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána aon phríosúnach a éalaíonn ó choimeád nó atá ar a shaoirse nó ar a saoirse go neamhdhleathach a ghabháil gan bharántas agus a thabhairt faoi choimeád go príosún. | |
[EN] | (8) Aon duine (seachas comhalta den Gharda Síochána) a n-údaraítear dó nó di, le barántas, nó chun críocha barántais, faoin alt seo, príosúnach a bheith ina choimeád nó ina coimeád, meastar gur comhalta den sórt sin é nó í chun críocha an ailt seo. | |
[EN] | (9) Maidir leis an dlí a bhaineann leis na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) rialú a dhéanamh ar neamhnáisiúnaigh (de réir bhrí an Achta Inimirce 1999) do theacht isteach sa Stát, | |
[EN] | (b) ré agus coinníollacha an tseala a fhanfaidh siad sa Stát, | |
[EN] | (c) a n-oibleagáidí le linn dóibh a bheith sa Stát, agus | |
[EN] | (d) iad a aistriú amach as an Stát, | |
[EN] | níl feidhm aige i ndáil le príosúnach is neamhnáisiúnach le linn dó nó di a bheith i láthair sa Stát de bhun barántais faoin alt seo ach, má scoireann an barántas d’éifeacht a bheith leis le linn don phríosúnach a bheith i láthair amhlaidh, beidh feidhm ag an dlí sin air sin, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil leis nó léi. | |
[EN] | (10) Ní fhéadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne príosúnaigh fad atá sé nó sí sa Stát de bhun an bharántais, ná, fad atá sé nó sí sa Stát amhlaidh, ní fhéadfar pianbhreith a ghearradh air nó uirthi, é nó í a choinneáil nó aon srian eile a chur lena shaoirse nó lena saoirse phearsanta, i leith aon chiona a rinneadh roimh theacht isteach sa Stát. | |
[EN] |
Príosúnach a aistriú chun fianaise nó cúnamh a thabhairt in imscrúdú lasmuigh den Stát. |
66 .— (1) Féadfaidh an tAire, tar éis iarraidh chuige sin a fháil, barántas a eisiúint chun duine a bhfuil pianbhreith príosúnachta á cur isteach aige nó aici i bpríosún (“príosúnach”) a aistriú chuig stát ainmnithe— |
[EN] | (a) chun fianaise a thabhairt in imeachtaí coiriúla, nó chun cúnamh a thabhairt in imscrúdú coiriúil, sa stát sin, nó | |
[EN] | (b) chun go sainaithneofar é nó í, nó chun cúnamh a thabhairt thairis sin mar gheall ar é nó í a bheith i láthair, in imeachtaí nó in imscrúdú den sórt sin. | |
[EN] | (2) Ní fhéadfar barántas a eisiúint ach amháin i gcás ina mbeidh ráiteas i scríbhinn déanta ag an bpríosúnach ar ráiteas é lena dtoilítear lena aistriú nó lena haistriú chun na críche sin. | |
[EN] | (3) Más rud é, mar gheall ar óige nó ar staid choirp nó mheabhrach an phríosúnaigh, gur dealraitheach don Aire nach cuí don phríosúnach gníomhú thar a cheann féin nó thar a ceann féin, déanfaidh duine is dealraitheach don Aire a bheith ina dhuine nó ina duine cuí chun gníomhú thar ceann an phríosúnaigh an toiliú a thabhairt. | |
[EN] | (4) Is ionann barántas agus údarás— | |
[EN] | (a) chun an príosúnach a thabhairt ón bpríosún agus é nó í a sheachadadh i gcoimeád duine a dhéanann ionadaíocht don údarás iarrthach lena mbaineann in áit imeachta ón Stát, | |
[EN] | (b) chun an príosúnach a choinneáil sa stát ainmnithe, agus | |
[EN] | (c) chun an príosúnach a thabhairt ar ais chuig an Stát agus é nó í a chur ar ais go dtí an príosún. | |
[EN] | (5) Ní fhéadfar barántas a eisiúint mura rud é go dtabharfaidh an t-údarás iarrthach dearbhú nach ndéanfar imeachtaí a shaothrú i gcoinne an phríosúnaigh, nach ngearrfar pianbhreith air nó uirthi, nach gcoinneofar é nó í ná nach gcuirfear aon srian eile lena shaoirse nó lena saoirse phearsanta i leith aon chiona faoi dhlí an stáit ainmnithe ar cion é a rinneadh sular imigh an príosúnach amach as an Stát. | |
[EN] | (6) Tá an tréimhse a chaitear i gcoimeád faoin mbarántas san áireamh sa tréimhse príosúnachta nó coinneála atá le cur isteach ag an bpríosúnach sa Stát. | |
[EN] | (7) Meastar príosúnach a bheith i gcoimeád dleathach le linn é nó í a bheith á thabhairt nó á tabhairt ó phríosún nó chuig príosún faoin mbarántas. | |
[EN] | (8) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a éalaíonn ó choimeád nó atá ar a shaoirse nó ar a saoirse go neamhdhleathach a ghabháil gan bharántas agus a thabhairt faoi choimeád chuig príosún. | |
[EN] | (9) Aon duine (seachas comhalta den Gharda Síochána) a n-údaraítear dó nó di, le barántas, nó chun críocha barántais, faoin alt seo, príosúnach a bheith ina choimeád nó ina coimeád, meastar gur comhalta den sórt sin é nó í chun críocha an ailt seo. | |
Fianaise trí nasc teilifíse | ||
[EN] |
Fianaise trí nasc teilifíse lena húsáid sa Stát. |
67 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo más rud é— |
[EN] | (a) go bhfuil imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh sa Stát i gcoinne duine, | |
[EN] | (b) go bhfuil finné sna himeachtaí i stát ainmnithe, agus | |
[EN] | (c) nach inmhianaithe don fhinné fianaise a thabhairt i bpearsa nó nach féidir leis nó léi déanamh amhlaidh. | |
[EN] | (2) I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an cúisí iarratas a dhéanamh, nó féadfar iarratas a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann, chuig breitheamh de chúirt na trialach chun litir a eisiúint (“litir iarrata”) á iarraidh go ndéanfar saoráidí a sholáthar sa stát ainmnithe lena mbaineann chun a chumasú don fhinné fianaise a thabhairt sna himeachtaí trí nasc beo teilifíse. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an breitheamh an t-iarratas a dheonú más deimhin leis nó léi nach inmhianaithe go dtabharfaidh an finné fianaise i bpearsa nó nach féidir leis nó léi déanamh amhlaidh. | |
[EN] | (4) Beidh doiciméad arna shíniú ag an mbreitheamh ag gabháil leis an litir iarrata agus luafar an méid seo a leanas inti— | |
[EN] | (a) ainm, seoladh agus, más eol sin, náisiúntacht an fhinné, | |
[EN] | (b) an chúirt a éistfidh an fhianaise, | |
[EN] | (c) ainm an bhreithimh a sheolfaidh an éisteacht, | |
[EN] | (d) cén fáth nach inmhianaithe don fhinné fianaise a thabhairt i bpearsa nó nach féidir leis nó léi déanamh amhlaidh, agus | |
[EN] | (e) dáta dóchúil na héisteachta. | |
[EN] | (5) Cuirfear an iarraidh chuig an Údarás Lárnach lena tarchur— | |
[EN] | (a) i gcásanna práinneacha, chuig an gcúirt nó chuig an mbinse a shonraítear san iarraidh, nó | |
[EN] | (b) in aon chás eile, chuig aon údarás atá aitheanta ag an stát lena mbaineann mar an t-údarás cuí chun iarrataí den sórt sin a ghlacadh. | |
[EN] | (6) Más rud é nach bhfuil ainm an bhreithimh a bheidh ag seoladh na héisteachta ar fáil an tráth a eisítear an litir iarrata, cuirfear chuig an Údarás Lárnach é lena tarchur amhlaidh a luaithe atá sé ar fáil. | |
[EN] | (7) Tabharfar deis don chúisí croscheistiú agus athscrúdú a dhéanamh ar an bhfinné ag an éisteacht. | |
[EN] | (8) Déanfar fianaise a thabharfar trí nasc beo teilifíse ag an éisteacht a fhístaifeadadh. | |
[EN] | (9) Maidir le fístaifeadadh na fianaise nó, má thoilíonn an cúisí, maidir le leagan di faoi eagarthóireacht, tá sé inghlactha ag triail an chiona mar fhianaise ar aon fhíoras a mbeadh fianaise dhíreach ó bhéal inghlactha ina leith, mura rud é go bhfuil breitheamh na trialach den tuairim nach mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh. | |
[EN] | (10) Maidir leis na forálacha den ionstraim idirnáisiúnta iomchuí a bhaineann le héisteacht trí nasc beo teilifíse, a mhéid a bhaineann siad le stát iarrthach agus nach bhfuil siad ionchorpraithe san alt seo, tá éifeacht leo sa Stát, fairis na modhnuithe is gá, i ndáil le héisteacht faoin alt seo. | |
[EN] | (11) Aon fhinné a dhéanann ráiteas atá ábhartha sna himeachtaí agus arb eol dó nó di ina leith go bhfuil sé bréagach nó nach gcreideann sé ina leith go bhfuil sé fíor, tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear— | |
[EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
[EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (12) Féadfar imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (11) a thionscnamh, agus féadfar déileáil leis an gcion chun gach críche teagmhasaí mar chion a rinneadh, in aon áit sa Stát. | |
[EN] | (13) San alt seo ciallaíonn “fístaifeadadh” aon taifeadadh, ar aon mheán, óna bhféadfar íomhá ghluaiste a tháirgeadh agus folaíonn sé an fuaimrian a ghabhann leis, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin. | |
[EN] |
Iarraidh ar fhianaise trí nasc teilifíse lena húsáid lasmuigh den Stát. |
68 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hiarraidh go dtabharfaidh finné atá i láthair sa Stát fianaise trí nasc teilifíse in imeachtaí coiriúla os comhair cúirte nó binse i stát ainmnithe. |
[EN] | (2) Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh san iarraidh: | |
[EN] | (a) ainm, seoladh agus, más eol sin, náisiúntacht an fhinné; | |
[EN] | (b) an chúirt nó an t-údarás a dhéanann an iarraidh; | |
[EN] | (c) ainm an duine nó na ndaoine a sheolfaidh an éisteacht; | |
[EN] | (d) ráiteas i dtaobh cén fáth nach inmhianaithe don fhinné fianaise a thabhairt i bpearsa nó nach féidir leis nó léi déanamh amhlaidh; | |
[EN] | (e) dáta dóchúil na héisteachta. | |
[EN] |
Gníomhú tar éis iarraidh a fháil. |
69 .— Féadfaidh an tAire, má tá sé nó sí den tuairim— |
[EN] | (a) nach inmhianaithe don fhinné fianaise a thabhairt i bpearsa nó nach féidir leis nó léi déanamh amhlaidh, agus | |
[EN] | (b) go gcomhlíonann an iarraidh alt 68 , | |
[EN] | a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Dúiche breitheamh den Chúirt sin a ainmniú chun an finné a thoghairm chun bheith i láthair in ionad oiriúnach laistigh de dhúiche an bhreithimh chun éifeacht a thabhairt don iarraidh. | |
[EN] |
An fhianaise a ghlacadh. |
70 .— (1) Déanfaidh an breitheamh ainmnithe den Chúirt Dúiche an finné lena mbaineann a thoghairm chun fianaise a thabhairt trí nasc beo teilifíse in ionad oiriúnach laistigh den dúiche a bhfuil an breitheamh sannta chuici. |
[EN] | (2) Chun a chinntiú go gcomhlíontar an iarraidh, tá cumhachtaí na Cúirte Dúiche in imeachtaí coiriúla ag an mbreitheamh ainmnithe, lena n-áirítear cumhachtaí na cúirte sin— | |
[EN] | (a) i ndáil le freastal an fhinné a áirithiú, fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus iallach a chur ar an bhfinné fianaise a thabhairt nó doiciméid nó nithe eile a thabhairt ar aird, agus | |
[EN] | (b) faoi aon achtachán nó riail dlí a bhaineann le finnéithe a chosaint ar imeaglú. | |
[EN] | (3) Tabharfar an fhianaise de réir dhlíthe agus nósanna imeachta an stáit iarrthaigh a mhéid nach sáraíonn siad bunphrionsabail dhlí an Stáit. | |
[EN] | (4) Go háirithe, ní fhéadfar iallach a chur ar an bhfinné aon fhianaise a thabhairt nach bhféadfaí iallach a chur air nó uirthi í a thabhairt in imeachtaí coiriúla sa Stát nó sa stát ainmnithe. | |
[EN] | (5) Más gá é chun an finné a chosaint agus le comhaontú an údaráis iarrthaigh, féadfar an fhianaise a ghlacadh ar shlí seachas go poiblí. | |
[EN] | (6) Faoi réir fho-alt (7), seolfaidh breitheamh de chuid an stáit ainmnithe na himeachtaí go díreach, nó seolfar faoi stiúradh breithimh den sórt sin iad, de réir dhlíthe an stáit sin. | |
[EN] | (7) I gcás ina bhfuil an breitheamh ainmnithe den tuairim nach bhfuil glacadh na fianaise de réir bhunphrionsabail dhlí an Stáit, déanfaidh sé nó sí beart láithreach chun a chinntiú go gcomhlíontar na prionsabail sin. | |
[EN] | (8) Beidh cúnamh ó ateangaire ag an mbreitheamh ainmnithe agus ag an bhfinné, más gá sin. | |
[EN] | (9) Tar éis an fhianaise a ghlacadh, déanfaidh an breitheamh ainmnithe taifead ar an bhfianaise arna tabhairt ag an bhfinné a chur chuig an Aire lena tharchur chuig an údarás iarrthach, ar taifead é ina ndéanfar an méid seo a leanas a chur in iúl— | |
[EN] | (a) an dáta a glacadh an fhianaise agus an áit inar glacadh í, | |
[EN] | (b) ainm an fhinné, | |
[EN] | (c) ainm agus feidhm aon duine eile a bhí i láthair agus a bhí páirteach sna himeachtaí, | |
[EN] | (d) ar cuireadh an finné faoi mhionn, agus | |
[EN] | (e) na dálaí teicniúla faoinar tharla na himeachtaí. | |
[EN] | (10) Aon fhinné— | |
[EN] | (a) a dhéanann ráiteas atá ábhartha sna himeachtaí agus arb eol dó nó di ina leith go bhfuil sé bréagach nó nach gcreideann sé nó sí ina leith go bhfuil sé fíor, nó | |
[EN] | (b) nach dtugann fianaise agus oibleagáid air nó uirthi déanamh amhlaidh, | |
[EN] | tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear— | |
[EN] | (i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
[EN] | (ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
Fianaise trí nasc teileafóin lena húsáid lasmuigh den Stát | ||
[EN] |
Iarraidh ar fhianaise trí nasc teileafóin. |
71 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hiarraidh ó fhinné atá i láthair sa Stát fianaise a thabhairt trí nasc teileafóin in imeachtaí coiriúla os comhair cúirte nó binse i stát ainmnithe. |
[EN] | (2) Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh san iarraidh: | |
[EN] | (a) ainm, seoladh agus, más eol sin, náisiúntacht an fhinné; | |
[EN] | (b) an chúirt nó an binse a éistfidh an fhianaise; | |
[EN] | (c) an duine nó na daoine a sheolfaidh na himeachtaí; | |
[EN] | (d) ráiteas á rá go bhfuil an finné toilteanach fianaise a thabhairt trí nasc teileafóin sna himeachtaí; | |
[EN] | (e) dáta dóchúil na héisteachta. | |
[EN] |
Fianaise a ghlacadh. |
72 .— (1) Féadfaidh an tAire, má tá sé nó sí den tuairim go bhfuil an finné toilteanach fianaise a thabhairt trí nasc teileafóin sna himeachtaí lena mbaineann, a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Dúiche breitheamh den Chúirt sin a ainmniú chun an finné a thoghairm chun bheith i láthair in ionad oiriúnach laistigh de dhúiche an bhreithimh chun éifeacht a thabhairt don iarraidh. |
[EN] | (2) Sula nglacfar an fhianaise, iarrfar ar an bhfinné a dhaingniú go bhfuil sé nó sí toilteanach an fhianaise a thabhairt trí nasc teileafóin. | |
[EN] | (3) Tá feidhm ag alt 70 i ndáil le fianaise a ghlacadh faoin alt seo trí nasc teileafóin mar atá feidhm aige i ndáil le fianaise a ghlacadh faoin alt sin trí nasc teilifíse. | |
Fianaise a chuardach | ||
[EN] |
Fianaise a chuardach in áit i stát ainmnithe. |
73 .— (1) Más dealraitheach do bhreitheamh ag suí de chuid aon chúirte— |
[EN] | (a) go bhfuil imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh nó go bhfuil imscrúdú coiriúil á dhéanamh, agus | |
[EN] | (b) go bhféadfar fianaise chun críocha na n-imeachtaí nó an imscrúdaithe a fháil in áit i stát ainmnithe, | |
[EN] | féadfaidh an breitheamh, de réir na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí, litir a eisiúint (“litir iarrata”) ina n-iarrtar cúnamh maidir leis an bhfianaise a fháil. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó duine atá arna chúiseamh nó arna cúiseamh in aon imeachtaí den sórt sin atá arna dtionscnamh iarratas a dhéanamh ar litir iarrata. | |
[EN] | (3) Cuirfear an litir iarrata chucu seo a leanas— | |
[EN] | (a) an tÚdarás Lárnach lena tarchur chuig an údarás cuí, nó | |
[EN] | (b) i gcásanna práinneacha, go díreach chuig an údarás sin. | |
[EN] | (4) D’ainneoin fho-ailt (1) go (3), i gcás imeachtaí mar gheall ar chion a bheith arna dtionscnamh nó cion a bheith á imscrúdú, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí litir iarrata a eisiúint agus a tharchur go díreach chuig an údarás cuí. | |
[EN] | (5) Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa litir iarrata— | |
[EN] | (a) ráiteas á rá go bhfuil an fhianaise ag teastáil chun críche imeachtaí coiriúla nó imscrúdaithe choiriúil agus go dtabharfar ar ais chuig an údarás cuí í nuair nach mbeidh sí ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin, mura rud é go gcuireann an t-údarás a mhalairt in iúl, | |
[EN] | (b) faisnéis a bhaineann le cineál agus le suíomh na fianaise lena mbaineann, | |
[EN] | (c) tuairisc ghearr ar an iompar arb éard é an cion lena mbaineann, agus | |
[EN] | (d) aon fhaisnéis eile atá ar fáil agus a d’fhéadfadh cabhrú leis an údarás cuí an litir iarrata a chomhlíonadh. | |
[EN] | (6) Maidir le fianaise a gheofar de bhua an ailt seo, ní dhéanfar, gan toiliú an údaráis chuí a fháil, í a úsáid chun aon chríche seachas an chríoch a cheadaítear leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí nó a shonraítear sa litir iarrata. | |
[EN] | (7) Nuair nach bhfuil aon fhianaise den sórt sin ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin (nó chun aon críche eile a bhfuarthas an toiliú sin ina leith), déanfar í a thabhairt ar ais don údarás cuí mura rud é go gcuireann an t-údarás in iúl nach gá í a thabhairt ar ais. | |
[EN] | (8) In aon imeachtaí a bhaineann leis an gcion— | |
[EN] | (a) aon fhianaise (seachas fianaise dhoiciméadach) a airbheartaíonn— | |
[EN] | (i) a bheith faighte de thoradh iarrata faoin alt seo, agus | |
[EN] | (ii) a bheith arna deimhniú ag an údarás cuí nó thar ceann an údaráis chuí mar fhianaise den sórt sin, | |
[EN] | tá sí inghlactha gan a thuilleadh fianaise, agus | |
[EN] | (b) aon fhianaise dhoiciméadach a airbheartaíonn— | |
[EN] | (i) a bheith faighte amhlaidh, agus | |
[EN] | (ii) a bheith arna deimhniú amhlaidh, | |
[EN] | tá sí inghlactha, gan a thuilleadh fianaise, mar fhianaise ar aon fhíoras atá luaite inti ar fíoras é a mbeadh fianaise ó bhéal inghlactha ina leith. | |
[EN] | (9) San alt seo, ciallaíonn “ údarás cuí ”— | |
[EN] | (a) cúirt nó binse a fheidhmíonn dlínse choiriúil san áit i stát ainmnithe ina bhfuil an fhianaise dá dtagraítear sa litir iarrata le fáil, nó | |
[EN] | (b) aon chomhlacht nó údarás eile atá aitheanta ag rialtas an stáit sin mar an údarás cuí chun an litir a ghlacadh. | |
[EN] |
Fianaise a chuardach lena húsáid lasmuigh den Stát (ginearálta). |
74 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), tá feidhm ag an alt seo maidir le hiarraidh ar chúnamh maidir le fianaise a fháil chun críocha imeachtaí coiriúla, nó imscrúdaithe choiriúil, i stát ainmnithe, i gcás ina bhfuil cumhacht ann faoi aon achtachán barántas a eisiúint chun áit a chuardach i leith ciona arb éard é an t-iompar is cúis leis an iarraidh. |
[EN] | (2) Níl feidhm ag an alt seo maidir le hiarraidh den sórt sin ó bhallstát mura rud é go bhfuil an gníomh inphionóis— | |
[EN] | (a) faoi dhlí an stáit agus faoi dhlí an bhallstáit le príosúnacht ar feadh tréimhse uasta 6 mhí ar a laghad, nó | |
[EN] | (b) faoi dhlí an Stáit le príosúnacht den sórt sin agus faoi dhlí an bhallstáit de bhua a bheith ina shárú ar na rialacha dlí a bhfuil ionchúiseamh á dhéanamh ina leith ag na húdaráis riaracháin agus i gcás ina bhféadfadh an cinneadh a bheith ina chúis le himeachtaí os comhair cúirte a bhfuil dlínse aici go háirithe in ábhair choiriúla. | |
[EN] | (3) Níl feidhm ag an alt seo maidir le hiarraidh den sórt sin ó stát ainmnithe (seachas ballstát) mura rud é go bhfuil an t-iompar is cúis leis an iarraidh inphionóis faoi dhlí an Stáit agus faoi dhlí an stáit sin araon. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), féadfaidh an tAire, más tá sé nó sí den tuairim go bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis an iarraidh, an iarraidh agus aon doiciméid a ghabhann léi agus aon doiciméid ghaolmhara a chur chuig Coimisinéir an Gharda Síochána chun socrú a dhéanamh go gcomhlíontar an iarraidh. | |
[EN] | (5) I gcás iarrata ó stát ainmnithe, ní fhéadfaidh an tAire dul ar aghaidh de réir fho-alt (4) mura rud é go dtabharfaidh an t-údarás iarrthach dearbhú á rá— | |
[EN] | (a) nach ndéanfar aon fhianaise a sholáthrófar mar fhreagra ar an iarraidh a úsáid, gan toiliú a fháil roimh ré ón Aire, chun aon chríche seachas an chríoch a cheadaítear leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí nó a shonraítear san iarraidh, agus | |
[EN] | (b) go dtabharfar an fhianaise ar ais nuair nach mbeidh sí ag teastáil a thuilleadh chun na críche a shonraítear amhlaidh (nó chun aon chríche eile a bhfuarthas an toiliú sin ina leith), mura rud é go gcuireann an tAire in iúl nach gá í a thabhairt ar ais. | |
[EN] | (6) Ní rachaidh comhalta den Gharda Síochána isteach in aon áit de bhun na hiarrata gan toiliú an áititheora a fháil nó gan an dul isteach sin a bheith údaraithe le barántas faoin alt seo. | |
[EN] | (7) Mura rud é go bhfuil an fhianaise a lorgaítear i seilbh an Gharda Síochána cheana féin, déanfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire, ar chóip den iarraidh agus d’aon doiciméid a ghabhann léi nó d’aon doiciméid ghaolmhara a thabhairt ar aird, iarratas a dhéanamh chuig an mbreitheamh den Chúirt Dúiche don dúiche ina bhfuil an áit lena mbaineann suite ar bharántas faoi fho-alt (8). | |
[EN] | (8) Más rud é, tar éis an t-iarratas a fháil, gur deimhin leis an mbreitheamh go bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis an iarraidh agus gur dealraitheach dó nó di go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint gur gá dul isteach in aon áit chun an iarraidh a chomhlíonadh, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint chun an áit agus aon duine a gheofar inti a chuardach. | |
[EN] | (9) Maidir leis an mbarántas, déarfar ann, agus oibreoidh sé ar chaoi, go n-údaraítear do chomhalta ainmnithe den Gharda Síochána, agus cibé comhaltaí nó daoine eile, nó cibé comhaltaí agus daoine eile, a mheasfaidh an comhalta is gá, in éineacht leis nó léi— | |
[EN] | (a) dul isteach san áit atá ainmnithe sa bharántas, aon tráth nó tráthanna laistigh d’aon seachtain amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird i gcás ina n-iarrfar amhlaidh, agus forneart réasúnach a úsáid chuige sin más gá, | |
[EN] | (b) an áit sin agus aon duine a gheofar inti a chuardach, | |
[EN] | (c) rochtain a fháil ar aon ábhar a gheofar san áit sin, nó aon ábhar a gheofar i seilbh duine atá i láthair san áit sin, tráth an chuardaigh, agus é a scrúdú, a urghabháil, a thabhairt chun bealaigh agus a choinneáil, ar ábhar é— | |
[EN] | (i) a gcreideann an comhalta le réasún ina leith gur fianaise é ar an gcion lena mbaineann a dhéanamh nó ar shócmhainní nó ar fháltais ó iompar coiriúil sa stát ainmnithe nó ar a gcéannacht nó ar an áit ina bhfuil siad nó gur fianaise é a bhaineann leis na nithe sin, nó | |
[EN] | (ii) is gá a choinneáil chun an iarraidh a chomhlíonadh, | |
[EN] | (d) cóip a dhéanamh d’aon doiciméad arna urghabháil amhlaidh agus an chóip a thabhairt chun bealaigh, agus | |
[EN] | (e) cibé bearta eile a dhéanamh is dóigh leis an gcomhalta a bheith riachtanach chun aon ábhar den sórt sin a chaomhnú agus le nach mbainfí leis. | |
[EN] | (10) I gcás inarb é atá in ábhar dá dtagraítear i bhfo-alt (9), nó i gcás inarb é atá san áireamh san ábhar sin, ná faisnéis i bhfoirm neamhinléite, tá éifeacht leis an mbarántas mar ordú chun an t-ábhar a tháirgeadh, nó chun rochtain a thabhairt air, i bhfoirm atá inléite agus ina bhféadfar é a thabhairt chun bealaigh. | |
[EN] | (11) Maidir leis an mbarántas— | |
[EN] | (a) ní thugann sé aon cheart chun doiciméid atá faoi réir pribhléide dlíthiúla a scrúdú, a urghabháil, a thabhairt chun bealaigh nó a choinneáil, nó chun a chur faoi deara doiciméid den sórt sin a tháirgeadh nó rochtain a thabhairt orthu, agus | |
[EN] | (b) faoi réir mhír (a) agus fho-alt (14), tá éifeacht leis d’ainneoin aon oibleagáide eile maidir le rúndacht nó d’ainneoin aon sriain eile ar nochtadh faisnéise faoi aon achtachán nó riail dlí. | |
[EN] | (12) Féadfaidh comhalta, ag gníomhú dó nó di faoin mbarántas— | |
[EN] | (a) a cheangal ar aon duine atá i láthair san áit ina bhfuil an cuardach á dhéanamh a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh a thabhairt don chomhalta, agus | |
[EN] | (b) aon duine a ghabháil, ar duine é nó í— | |
[EN] | (i) a chuireann bac, nó a fhéachann le bac a chur, ar an gcomhalta le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a chomhall, | |
[EN] | (ii) nach gcomhlíonann ceanglas faoi mhír (a), nó | |
[EN] | (iii) a thugann ainm nó seoladh a bhfuil cúis réasúnach ag an gcomhalta ina leith chun a chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach. | |
[EN] | (13) Aon duine— | |
[EN] | (a) a chuireann bac, nó a fhéachann le bac a chur, ar chomhalta a bheidh ag gníomhú faoi údarás barántais faoin alt seo, | |
[EN] | (b) nach gcomhlíonann ceanglas faoi fho-alt (12)(a), nó | |
[EN] | (c) a thugann ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach do chomhalta, | |
[EN] | tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (14) Más rud é— | |
[EN] | (a) go ndearna rialtas stáit eile ábhar a sholáthar do roinn Rialtais nó d’údarás eile, nó gur soláthraíodh ábhar thar ceann rialtais stáit eile do roinn Rialtais nó d’údarás eile, agus | |
[EN] | (b) gur tugadh gealltanas nach n-úsáidfí an t-ábhar ach amháin chun críche áirithe nó chun críoch áirithe, | |
[EN] | ní hé is éifeacht d’ordú faoin alt seo ná a cheangal nó a cheadú an t-ábhar a thabhairt ar aird, nó rochtain a thabhairt ar an ábhar, chun aon chríche eile gan toiliú a fháil ón rialtas sin. | |
[EN] | (15) Maidir leis an gcumhacht chun barántas a eisiúint faoin alt seo, is cumhacht í gan dochar d’aon chumhacht eile a thugtar le reacht chun barántas a eisiúint chun aon áit nó duine a chuardach. | |
[EN] | (16) San alt seo— | |
[EN] | folaíonn “ fianaise ” fianaise ar shócmhainní nó ar fháltais ó iompar coiriúil sa stát ainmnithe lena mbaineann nó ar a gcéannacht nó ar an áit ina bhfuil siad nó fianaise a bhaineann leis na nithe sin; | |
[EN] | folaíonn “ ballstát ” Cónaidhm na hEilvéise. | |
[EN] |
Fianaise áirithe a chuardach lena húsáid lasmuigh den Stát. |
75 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), tá feidhm ag an alt seo maidir le hiarraidh ar chúnamh chun ábhar fianaiseach sonraithe nó ábhar fianaiseach de thuairisc shonraithe a fháil chun críocha imeachtaí coiriúla, nó imscrúdaithe choiriúil, i stát ainmnithe, i gcás ina bhfuil cumhacht ann faoi aon achtachán chun barántas a eisiúint chun áit a chuardach i leith ciona arb éard é an t-iompar is cúis leis an iarraidh. |
[EN] | (2) Níl feidhm ag an alt seo maidir le hiarraidh den sórt sin ó bhallstát mura rud é go bhfuil an gníomh inphionóis— | |
[EN] | (a) faoi dhlí an Stáit agus faoi dhlí an bhallstáit, le príosúnacht ar feadh tréimhse uasta 6 mhí ar a laghad, nó | |
[EN] | (b) faoi dhlí an Stáit le príosúnacht den sórt sin agus faoi dhlí an bhallstáit de bhua a bheith ina shárú ar na rialacha dlí a bhfuil ionchúiseamh á dhéanamh ina leith ag na húdaráis riaracháin agus i gcás ina bhféadfadh an cinneadh a bheith ina chúis le himeachtaí os comhair cúirte a bhfuil dlínse aici go háirithe in ábhair choiriúla. | |
[EN] | (3) Níl feidhm ag an alt seo maidir le hiarraidh den sórt sin ó stát ainmnithe (seachas ballstát) mura rud é go bhfuil an t-iompar is cúis leis an iarraidh inphionóis faoi dhlí an Stáit agus faoi dhlí an stáit sin araon. | |
[EN] | (4) Tá feidhm ag an alt seo freisin maidir le hiarraidh den sórt sin ó bhallstát ar iarraidh í a dhéantar i dtaca le hiarraidh faoi Chuid 4 ar fhianaise a chalcadh in imeachtaí i leith ciona a fhéadfar a phionósú sa stát sin le príosúnacht ar feadh téarma nach giorra ná 3 bliana. | |
[EN] | (5) Faoi réir fho-alt (6), féadfaidh an Aire, más tá sé nó sí den tuairim go bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis an iarraidh, an iarraidh agus aon doiciméid a ghabhann léi agus aon doiciméid ghaolmhara a chur chuig Coimisinéir an Gharda Síochána chun socrú a dhéanamh go gcomhlíontar an iarraidh. | |
[EN] | (6) Ní rachaidh an tAire ar aghaidh de réir fho-alt (5) mura rud é go dtugann an t-údarás iarrthach dearbhú á rá— | |
[EN] | (a) nach ndéanfar aon ábhar a thabharfar mar fhreagra ar an iarraidh a úsáid, gan toiliú a fháil uaidh nó uaithi roimh ré, chun aon chríche seachas an chríoch a cheadaítear leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí nó a shonraítear san iarraidh, agus | |
[EN] | (b) go dtabharfar an t-ábhar ar ais nuair nach mbeidh sé ag teastáil a thuilleadh chun na críche a shonraítear amhlaidh (nó chun aon chríche eile a bhfuarthas an toiliú sin ina leith), mura rud é go gcuireann sé nó sí in iúl nach gá é a thabhairt ar ais. | |
[EN] | (7) Ní rachaidh comhalta den Gharda Síochána isteach in aon áit de bhun na hiarrata gan toiliú an áititheora a fháil nó gan an dul isteach sin a bheith údaraithe le hordú faoin alt seo. | |
[EN] | (8) Mura rud é go bhfuil an t-ábhar a lorgaítear i gcoimeád an Gharda Síochána cheana féin, déanfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire, ar chóip den iarraidh agus d’aon doiciméid a ghabhann léi nó d’aon doiciméid ghaolmhara a thabhairt ar aird, iarratas a dhéanamh chuig an mbreitheamh den Chúirt Dúiche don dúiche ina bhfuil an t-ábhar fianaiseach suite ar ordú faoi fho-alt (10). | |
[EN] | (9) Más rud é, tar éis an t-iarratas a fháil, gur deimhin leis an mbreitheamh go bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis an iarraidh agus gur dealraitheach dó nó di go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go sealbhaíonn an duine atá ainmnithe san iarraidh an t-ábhar fianaiseach, féadfaidh an breitheamh ordú a dhéanamh faoi fho-alt (10). | |
[EN] | (10) Maidir le hordú faoin bhfo-alt seo— | |
[EN] | (a) ceanglófar leis ar aon duine ar dealraitheach don bhreitheamh go bhfuil an t-ábhar fianaiseach ina sheilbh aige nó ina seilbh aici— | |
[EN] | (i) é a thabhairt ar aird do chomhalta ainmnithe den Gharda Síochána ionas go bhféadfaidh sé nó sí é a thabhairt chun bealaigh, nó | |
[EN] | (ii) rochtain air a thabhairt don chomhalta, láithreach nó laistigh de thréimhse ama a shonrófar san ordú, | |
[EN] | (b) féadfar, má bhaineann an t-ordú le hábhar fianaiseach in aon áit agus tar éis do chomhalta den Gharda Síochána iarratas a dhéanamh, a cheangal leis ar aon duine ar dealraitheach don bhreitheamh go bhfuil sé nó sí i dteideal rochtain ar an áit a dheonú, go gceadóidh an duine sin don chomhalta dul isteach san áit chun rochtain a fháil ar an ábhar, | |
[EN] | (c) údaródar leis do chomhalta den sórt sin, más rud é, maidir leis an duine a gceanglaítear air nó uirthi amhlaidh cead a thabhairt chun dul isteach, nach ndéanann an duine sin amhlaidh— | |
[EN] | (i) dul isteach san áit, agus cibé comhaltaí nó daoine eile, nó cibé comhaltaí agus daoine eile, a mheasfaidh an comhalta is gá, in éineacht leis nó léi, ar an ordú a thabhairt ar aird má iarrtar amhlaidh air nó uirthi é agus, más gá, trí fhorneart réasúnach a úsáid, | |
[EN] | (ii) an áit agus aon daoine a bheidh i láthair inti a chuardach, | |
[EN] | (iii) rochtain a fháil ar aon ábhar fianaiseach a gheofar san áit nó atá ina sheilbh nó ina seilbh ag duine atá i láthair amhlaidh agus a gcreideann an comhalta ina leith gurb é an t-ábhar lena mbaineann é, agus ant-ábhar sin a scrúdú, a urghabháil, a thabhairt chun bealaigh agus a choinneáil, agus | |
[EN] | (iv) cibé bearta eile a dhéanamh is dealraitheach don chomhalta a bheith riachtanach chun an t-ábhar fianaiseach a chaomhnú agus le nach mbainfí leis. | |
[EN] | (11) I gcás inarb é atá san ábhar fianaiseach ná faisnéis i ríomhaire, tá éifeacht le hordú faoin alt seo mar ordú chun ant-ábhar a thabhairt ar aird, nó chun rochtain air a thabhairt, i bhfoirm atá inléite agus intuigthe nó i bhfoirm atá inathraithe go foirm inléite intuigthe agus i bhfoirm inar féidir é a thabhairt chun bealaigh. | |
[EN] | (12) Maidir le hordú den sórt sin— | |
[EN] | (a) a mhéid a chumhachtaítear leis go ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána doiciméad a thabhairt chun bealaigh nó go dtabharfar rochtain dó nó di ar dhoiciméad, údarófar dó nó di leis cóip a dhéanamh den doiciméad agus an chóip a thabhairt chun bealaigh, | |
[EN] | (b) ní thugtar aon cheart leis ar aon ábhar fianaiseach a thagann faoi réir pribhléide dlíthiúla a thabhairt ar aird, nó rochtain a fháil ar ábhar den sórt sin, agus | |
[EN] | (c) faoi réir mhír (b) agus fho-alt (17), tá éifeacht leis d’ainneoin aon oibleagáide eile maidir le rúndacht nó d’ainneoin aon sriain eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le reacht nó ar shlí eile. | |
[EN] | (13) Maidir le haon ábhar fianaiseach a thugann comhalta den Gharda Síochána chun bealaigh faoin alt seo, déileálfar leis de réir na hiarrata. | |
[EN] | (14) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche ag suí den Chúirt ordú faoin alt seo a athrú nó a urscaoileadh ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána nó ó aon duine lena mbaineann an t-ordú. | |
[EN] | (15) Féadfaidh comhalta atá ag cuardach áite agus é nó í údaraithe chuige sin le hordú faoi fho-alt (10)— | |
[EN] | (a) a cheangal ar aon duine a bheidh i láthair san áit ina bhfuil an cuardach á dhéanamh chun a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh a thabhairt don chomhalta, agus | |
[EN] | (b) aon duine a ghabháil gan bharántas, is duine— | |
[EN] | (i) a chuireann bac, nó a fhéachann le bac a chur, ar an gcomhalta le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a chomhall, | |
[EN] | (ii) a mhainníonn ceanglas faoi mhír (a) a chomhlíonadh, nó | |
[EN] | (iii) a thugann ainm nó seoladh a bhfuil cúis réasúnach ag an gcomhalta lena chreidiúint ina leith go bhfuil sé bréagach nó míthreorach. | |
[EN] | (16) Aon duine— | |
[EN] | (a) a chuireann bac, nó a fhéachann le bac a chur, ar chomhalta den Gharda Síochána le linn dó nó di a bheith ag gníomhú faoi údarás ordaithe faoin alt seo, | |
[EN] | (b) a mhainníonn ceanglas in ordú faoin alt seo a chomhlíonadh, nó | |
[EN] | (c) a thugann ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach do chomhalta, | |
[EN] | tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (17) Más rud é— | |
[EN] | (a) go ndearna rialtas stáit eile ábhar a sholáthar do roinn Rialtais nó d’údarás eile, nó gur soláthraíodh ábhar thar ceann rialtais stáit eile do roinn Rialtais nó d’údarás eile, agus | |
[EN] | (b) gur tugadh gealltanas nach n-úsáidfí an t-ábhar ach amháin chun críche áirithe nó críoch áirithe, | |
[EN] | ní hé is éifeacht d’ordú faoin alt seo ná a cheangal nó a cheadú an t-ábhar a thabhairt ar aird, nó rochtain a thabhairt ar an ábhar, chun aon chríche eile gan toiliú a fháil ón rialtas sin. | |
[EN] | (18) Maidir leis an alt seo, is alt é gan dochar d’alt 74. | |
[EN] | (19) San alt seo— | |
[EN] | folaíonn “ábhar fianaiseach” aon ábhar den sórt sin a bhaineann le sócmhainní nó le fáltais ó iompar coiriúil sa stát ainmnithe lena mbaineann nó lena gcéannacht nó leis an áit ina bhfuil siad; | |
[EN] | folaíonn “ ballstát ” Cónaidhm na hEilvéise. |