|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2 Fianaise a Ghlacadh ) | Ar Aghaidh (CUID 6 Foirmeacha Eile Cúnaimh ) |
TODO
Caibidil 3 Fianaise maidir le céannú | ||
[EN] |
Mínithe (>Caibidil 3). |
76 .— Sa Chaibidil seo— |
[EN] | ciallaíonn “sampla colainne” aon cheann de na nithe seo a leanas: | |
[EN] | (a) sampla d’fhuil, de ghruaig, d’fhual nó de sheile, | |
[EN] | (b) ionga nó aon ábhar a fhaightear faoi ionga, | |
[EN] | (c) sváb ó aon pháirt den chorp, | |
[EN] | (d) lorg coise nó múnla dá shórt d’aon pháirt den cholainn, lena n-áirítear múnla déadach; | |
[EN] | ciallaíonn “fiaclóir” duine a bhfuil a ainm nó a hainm arna thaifeadadh de thuras na huaire i gClár na bhFiaclóirí arna choimeád faoi Acht na bhFiaclóirí 1985; | |
[EN] | ciallaíonn “dochtúir” duine a bhfuil a ainm nó a hainm arna thaifeadadh de thuras na huaire i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí arna bhunú faoi alt 26 d’Acht na Lia-Chleachtóirí 1978; | |
[EN] | ciallaíonn “fianaise maidir le céannú” méarlorg, lorg dearna nó grianghraf duine nó sampla colainne ó dhuine agus folaíonn sé aon taifid ghaolmhara; | |
[EN] | ciallaíonn “ altra ” duine a bhfuil a ainm nó a hainm arna thaifeadadh de thuras na huaire i gclár na n-altraí arna bhunú faoi alt 27 d’Acht na nAltraí 1985. | |
[EN] |
Fianaise maidir le céannú lena húsáid sa Stát. |
77 .— (1) I gcás inar dealraitheach do bhreitheamh d’aon chúirt— |
[EN] | (a) go bhfuil imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh nó go bhfuil imscrúdú coiriúil á dhéanamh, agus | |
[EN] | (b) go bhféadfar fianaise maidir le céannú chun críocha na n-imeachtaí nó an imscrúdaithe a fháil ó údarás i stát ainmnithe, | |
[EN] | féadfaidh an breitheamh litir a eisiúint (“litir iarrata”) ina n-iarrtar cúnamh maidir leis an bhfianaise a fháil. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó duine atá arna chúiseamh nó arna cúiseamh in aon imeachtaí den sórt sin atá arna dtionscnamh iarratas a dhéanamh ar litir iarrata. | |
[EN] | (3) Cuirfear an litir iarrata— | |
[EN] | (a) chuig an Údarás Lárnach lena tarchur chuig an údarás cuí, nó | |
[EN] | (b) i gcásanna práinneacha, go díreach chuig an údarás sin. | |
[EN] | (4) D’ainneoin fho-ailt (1) go (3), i gcás imeachtaí mar gheall ar chion a bheith arna dtionscnamh nó cion a bheith á imscrúdú, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí litir iarrata a eisiúint agus a tharchur go díreach chuig an údarás cuí. | |
[EN] | (5) Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa litir iarrata— | |
[EN] | (a) ráiteas á rá go bhfuil an fhianaise ag teastáil chun críche imeachtaí coiriúla nó imscrúdaithe choiriúil agus go dtabharfar ar ais chuig an údarás cuí í nuair nach mbeidh sí ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin, mura rud é go gcuireann an t-údarás a mhalairt in iúl, | |
[EN] | (b) tuairisc ghearr ar an iompar arb éard é an cion lena mbaineann, agus | |
[EN] | (c) aon fhaisnéis eile atá ar fáil agus a d’fhéadfadh cabhrú leis an údarás cuí an iarraidh a chomhlíonadh. | |
[EN] | (6) Maidir le fianaise a gheofar de bhua an ailt seo, ní dhéanfar, gan toiliú an údaráis chuí a fháil, í a úsáid chun aon chríche seachas an chríoch a shonraítear sa litir iarrata. | |
[EN] | (7) Nuair nach bhfuil aon fhianaise den sórt sin ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin (nó chun aon críche eile a bhfuarthas an toiliú sin ina leith), déanfar í a thabhairt ar ais don údarás cuí mura rud é go gcuireann an t-údarás in iúl nach gá í a thabhairt ar ais. | |
[EN] | (8) In aon imeachtaí, tá doiciméad a airbheartaíonn— | |
[EN] | (a) a bheith ina thuairisc ar ghlacadh na fianaise ar chéannú sa stát ainmnithe agus a bheith arna shíniú ag an duine a ghlac an fhianaise agus céim nó cáilíocht eile an duine sin a lua, nó | |
[EN] | (b) a bheith ina thaifead ar an bhfianaise arna choimeád ag an údarás cuí agus arna dheimhniú ag an údarás cuí nó thar a cheann, | |
[EN] | inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na nithe atá luaite ann. | |
[EN] | (9) San alt seo, ciallaíonn “ údarás cuí ” an t-údarás sa stát ainmnithe lena mbaineann ar dealraitheach don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ina leith go sealbhaíonn sé an fhianaise ar chéannú a iarradh nó go bhfuil an fheidhm aige a bhaineann leis an bhfianaise sin a fháil nó le socrú a dhéanamh chun í a fháil. | |
[EN] |
Fianaise maidir le céannacht lena húsáid lasmuigh den Stát. |
78 .— Beidh an méid seo a leanas san áireamh in iarraidh ar fhianaise maidir le céannú a fháil lena húsáid i stát ainmnithe— |
[EN] | (a) ráiteas á rá go bhfuil an fhianaise ag teastáil i dtaca le himeachtaí coiriúla, nó imscrúdú coiriúil, sa stát sin, agus | |
[EN] | (b) tuairisc ghearr ar an iompar arb éard é an cion. | |
[EN] |
Gníomhú tar éis iarraidh a fháil. |
79 .— (1) Féadfaidh an tAire an iarraidh a chur chuig Coimisinéir an Gharda Síochána i gcomhair an ghnímh is gá más deimhin leis nó léi— |
[EN] | (a) go gcomhlíonann sé alt 78 , | |
[EN] | (b) nach ndéanfar aon fhianaise maidir le céannú a thabharfar mar fhreagra ar an iarraidh a úsáid, gan toiliú an Aire, chun aon chríche seachas an chríoch a shonraítear san iarraidh, agus | |
[EN] | (c) maidir leis an bhfianaise— | |
[EN] | (i) go dtabharfaidh an t-údarás iarrthach ar ais í nuair nach mbeidh sí ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin (nó chun aon chríche eile a bhfuarthas an toiliú sin ina leith), mura rud é go gcuireann an tAire a mhalairt in iúl, nó | |
[EN] | (ii) go ndéileálfar léi de réir fho-ailt (10) agus (11). | |
[EN] | (2) Más rud é nach bhfuil, agus a mhéid nach bhfuil, an fhianaise maidir le céannú i seilbh an Gharda Síochána, féadfaidh an Coimisinéir a ordú do chomhalta den Gharda Síochána (“comhalta”) na nithe seo a leanas a chur in iúl don duine a bhfuil an fhianaise le soláthar aige nó aici— | |
[EN] | (a) cineál na fianaise, | |
[EN] | (b) go bhfuil sí á hiarraidh i dtaca le himeachtaí coiriúla, nó imscrúdú coiriúil, sa stát ainmnithe lena mbaineann, | |
[EN] | (c) nach bhfuil oibleagáid air nó uirthi an fhianaise a sholáthar, agus | |
[EN] | (d) go bhféadfar, más rud é nach dtoilíonn sé nó sí í a sholáthar, í a thabhairt i bhfianaise in aon imeachtaí sa stát sin. | |
[EN] | (3) Má thoilíonn an duine an fhianaise a sholáthar, féadfaidh an comhalta an fhianaise a ghlacadh nó a chur faoi deara í a ghlacadh, i gcomhlíonadh na hiarrata agus aon cheanglas arna sonrú i ndáil le glacadh na fianaise. | |
[EN] | (4) Má tá an duine a bhfuil an fhianaise maidir le céannú le tabhairt aige nó aici i bpríosún— | |
[EN] | (a) ní fhéadfar fianaise a ghlacadh faoin alt seo ach amháin i gcás ina mbaineann sí le cion seachas an cion ar ina leith atá an duine i gcoimeád, agus | |
[EN] | (b) féadfar aon fhianaise a sholáthraítear a ghlacadh sa phríosún nó in áit eile. | |
[EN] | (5) Maidir le sampla colainne arb éard é fuil, gruaig phúbasach, sváb ó oscailt colainne (seachas an béal) nó ó réigiún na mball giniúna, ní fhéadfaidh ach dochtúir nó altra é a thógáil faoin alt seo, agus ní fhéadfaidh ach fiaclóir nó dochtúir múnla déadach a thógáil amhlaidh. | |
[EN] | (6) Má éilíonn an t-údarás iarrthach amhlaidh, féadfaidh an Coimisinéir socrú a dhéanamh maidir le tástáil dlí-eolaíochta a dhéanamh ar sváb ó aon oscailt colainne nó ó réigiún na mball giniúna. | |
[EN] | (7) I gcás ina dtógfar sampla de ghruaig seachas gruaig phúbasach de réir an ailt seo— | |
[EN] | (a) féadfar an sampla a thógáil trí ribí a stoitheadh mar aon lena bhfréamhacha agus, a mhéid is indéanta le réasún, déanfar na ribí a stoitheadh ceann ar cheann, agus | |
[EN] | (b) ní dhéanfar níos mó ribí a stoitheadh ná mar a mheasfaidh an duine a bheidh ag tógáil an tsampla le réasún is gá chun go mbeidh sampla leordhóthanach ann chun críche tástála dlí-eolaíochta. | |
[EN] | (8) Déanfaidh an comhalta a ghlacfaidh an fhianaise maidir le céannú na sonraí seo a leanas a thaifeadadh: | |
[EN] | (a) an áit, an t-am agus an dáta ar glacadh í; | |
[EN] | (b) toradh aon tástála dlí-eolaíochta ar an bhfianaise; | |
[EN] | (c) aon sonraí iomchuí eile, lena n-áirítear aon sonraí arna sonrú ag an údarás iarrthach, | |
[EN] | agus beidh cóip den toiliú le glacadh na fianaise san áireamh sa taifead. | |
[EN] | (9) Déanfaidh an Coimisinéir aon fhianaise maidir le céannú— | |
[EN] | (a) atá i seilbh an Gharda Síochána, nó | |
[EN] | (b) a ghlacfar faoi fho-alt (3), mar aon le cóip den taifead a dhéantar faoi fho-alt (8), | |
[EN] | a chur chuig an Údarás Lárnach lena tarchur chuig an údarás iarrthach. | |
[EN] | (10) Nuair a bheidh an tÚdarás Lárnach ag tarchur na fianaise maidir le céannú agus an taifid chuig an údarás iarrthach déanfaidh sé, más rud é nach bhfuil feidhm ag fo-alt (1)(c)(i) agus faoi réir fho-alt (11), dearbhú a fháil á rá go ndéanfar an fhianaise, chomh maith leis an taifead ar aon anailís ar an bhfianaise, nó aon taifead eile a bhaineann léi, ar taifead é a dhéantar sa stát iarrthach, a dhíothú— | |
[EN] | (a) más rud é nach ndéantar an duine is ábhar don imscrúdú a ionchúiseamh, tar éis 12 mhí ón tráth a glacadh an fhianaise, mura rud é nach é is cúis leis an mainneachtain ionchúiseamh a dhéanamh ná gur éalaigh an duine nó nach féidir teacht air nó uirthi, | |
[EN] | (b) más rud é go ndéantar an duine a ionchúiseamh agus go n-éigiontaítear nó go scaoiltear saor é nó í nó go scoirtear de na himeachtaí, 21 lá ina dhiaidh sin, nó | |
[EN] | (c) má dhéantar an duine a ionchúiseamh agus a chur faoi réir ordaithe a fhreagraíonn d’ordú promhaidh nó d’ordú de chineál ordaithe phromhaidh faoi alt 1(1) den Probation of Offenders Act 1907, tar éis tréimhse 3 bliana ón tráth a dhéantar an t-ordú, mura rud é go gciontaítear an duine le linn na tréimhse sin i gcion faoi dhlí na tíre lena mbaineann a fhreagraíonn do chion inghabhála. | |
[EN] | (11) Féadfaidh an tAire, ar iarraidh a fháil ón údarás iarrthach agus tar éis dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, a ordú go ndéanfar aon tréimhse a luaitear i bhfo-alt (10) a fhadú ar chúis mhaith. | |
[EN] | (12) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “ cion inghabhála ” cion ar ina leith a fhéadfar, faoi aon achtachán nó de bhua aon achtacháin nó de bhua an dlí choiteann, duine láninniúlachta nár ciontaíodh roimhe a phionósú le príosúnacht ar feadh téarma 5 bliana nó le pionós is déine ná sin, agus folaíonn sé iarracht ar aon chion den sórt sin a dhéanamh; | |
[EN] | ciallaíonn “ toiliú ” toiliú i scríbhinn agus aon tagairt do thoiliú duine is tagairt í do na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) i gcás duine a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici, toiliú an duine sin, | |
[EN] | (b) i gcás duine nach bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici ach a mbeidh 12 bhliain d’aois slánaithe aige nó aici, toiliú an duine sin agus a thuismitheora nó a chaomhnóra nó a tuismitheora nó a caomhnóra, agus | |
[EN] | (c) i gcás linbh atá 10 mbliana d’aois nó 11 bhliain d’aois agus atá i gcoimeád mar gheall ar dhrochamhras ina leith go ndearna sé nó sí cion atá luaite i bhfo-alt (2) d’alt 52 (srian le himeachtaí coiriúla i gcoinne leanaí) d’Acht na Leanaí 2001, mar a cuireadh ina ionad le halt 129 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006, toiliú a thuismitheora nó a tuismitheora nó a chaomhnóra nó a caomhnóra. |