8 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 2008


AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (GÁINNEÁIL AR DHAOINE) 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Léiriú.

2 . Gáinneáil etc., ar leanaí.

3 . Gáinneáil ar leanbh, leanbh a ghabháil, etc., chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi.

4 . Gáinneáil ar dhaoine seachas leanaí.

5 . Sireadh nó tathant d’fhonn striapach a dhéanamh de dhuine ar a ndearnadh gáinneáil.

6 . Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

7 . Dlínse.

8 . Imeachtaí a bhaineann le cionta a dhéantar lasmuigh den Stát.

9 . Contúirt dhúbailte.

10 . Daoine den phobal a eisiamh ó imeachtaí.

11 . Anaithnideacht íospartach gáinneála.

12 . Leasú ar an Acht um Fhianaise Choiriúil 1992.

13 . Leasú ar Acht 2001.

14 . Leasú ar an Acht um Bannaí 1997.

15 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bannaí 1997

1997, Uimh. 16

An tAcht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998

1998, Uimh. 22

An tAcht um Fhianaise Choiriúil 1992

1992, Uimh. 12

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997

1997, Uimh. 4

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993

1993, Uimh. 20

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006

2006, Uimh. 15

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2007

2007, Uimh. 6

An tAcht um Chiontóirí Gnéis 2001

2001, Uimh. 18

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 2008


AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (GÁINNEÁIL AR DHAOINE) 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHT DO CHREAT-CHINNEADH AN 19 IÚIL 2002 1 ÓN gCOMHAIRLE MAIDIR LE GÁINNEÁIL AR DHAOINE A CHOMHRAC; DO THABHAIRT ÉIFEACHT, GO PÁIRTEACH, DO PHRÓTACAL NA NÁISIÚN AONTAITHE CHUN GÁINNEÁIL AR DHAOINE, GO hÁIRITHE AR MHNÁ AGUS AR LEANAÍ, A CHOSC, A CHUR FAOI CHOIS AGUS PIONÓS A GHEARRADH INA LEITH, AR PRÓTACAL É LENA bhFORLÍONTAR COINBHINSIÚN NA NÁISIÚN AONTAITHE IN AGHAIDH COIREACHTA EAGRAITHE TRASNÁISIÚNTA, A RINNEADH I NUA-EABHRAC AN 15 SAMHAIN 2000, AGUS DO CHOINBHINSIÚN CHOMHAIRLE NA hEORPA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT IN AGHAIDH GÁINNEÁIL AR DHAOINE A RINNEADH I VÁRSÁ AN 16 BEALTAINE 2005; CHUN NA gCRÍOCH SIN DO LEASÚ ACHTACHÁN ÁIRITHE; DO LEASÚ ALT 3 DEN ACHT UM CHIONTÓIRÍ GNÉIS 2001; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN.

[7 Bealtaine, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1998 ” an tAcht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998;

ciallaíonn “ Acht 2001 ” an tAcht um Chiontóirí Gnéis 2001;

ciallaíonn “leanbh” duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois;

ciallaíonn “ teacht i dtír ”—

(a) teacht i dtír ar shaothar,

(b) teacht i dtír gnéasach, nó

(c) teacht i dtír arb éard é orgán amháin nó níos mó de chuid duine a bhaint;

ciallaíonn “ teacht i dtír ar shaothar ”, i ndáil le duine (lena n-áirítear leanbh)—

(a) an duine a chur ag déanamh saothar éigeantach,

(b) a thabhairt air nó uirthi seirbhísí a thabhairt do dhuine eile, nó

(c) daor a dhéanamh den duine nó é nó í a chur faoi dhaoirse nó i riocht nó i staid den tsamhail chéanna;

ciallaíonn “ teacht i dtír gnéasach ”, i ndáil le duine—

(a) pornagrafaíocht a tháirgeadh ina gcuirtear an duine i láthair ina aonar nó ina haonar nó i dteannta daoine eile,

(b) a chur faoi deara go ngabhfaidh an duine do ghníomhaíocht ghnéasach chun pornagrafaíocht a tháirgeadh,

(c) striapach a dhéanamh den duine,

(d) cion a shonraítear sa Sceideal a ghabhann le hAcht 2001 a dhéanamh in aghaidh an duine; a chur faoi deara go ndéanfaidh duine eile cion den sórt sin in aghaidh an duine; nó a chur faoi deara go ndéanfaidh an duine cion den sórt sin in aghaidh duine eile, nó

(e) a chur faoi deara ar shlí eile go ngabhfaidh an duine d’aon ghníomh gnéasach, mígheanasach nó graosta, nó go mbeidh sé nó sí páirteach ann;

ciallaíonn “gáinneáil a dhéanamh”, i ndáil le duine (lena n-áirítear leanbh)—

(a) an duine a fháil, a earcú, a iompar nó a thearmannú, nó

(i) an duine a aistriú chuig duine eile,

(ii) an duine a shuíomh i gcoimeád, faoi chúram, faoi cheannas nó faoi rialú duine eile, nó

(iii) an duine a sheachadadh ar shlí eile ar dhuine eile,

(b) a chur faoi deara go dtiocfaidh duine isteach sa Stát nó go n-imeoidh sé nó sí amach as an Stát nó go dtaistealóidh sé nó sí laistigh den Stát,

(c) duine a ghlacadh i gcoimeád nó duine a ghlacadh—

(i) faoi chúram nó faoi cheannas, nó

(ii) faoi rialú,

(d) cóiríocht nó fostaíocht a sholáthar don duine.

Gáinneáil etc., ar leanaí.

2 .— (1) Aon duine a dhéanann gáinneáil ar leanbh chun teacht i dtír a dhéanamh ar an leanbh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine—

(a) a dhíolann leanbh, a thairgeann nó a thaisealbhann leanbh chun é nó í a dhíol, nó a iarrann go ndéanfar tairiscint chun leanbh a cheannach, nó

(b) a cheannaíonn leanbh nó a dhéanann tairiscint chun leanbh a cheannach,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Aon duine a chuireann faoi deara cion faoi fho-alt (1)(2) a dhéanamh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(4) Aon duine a fhéachann le cion faoi fho-alt (1), (2)(3) a dhéanamh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht saoil, nó príosúnacht ar feadh téarma is giorra ná sin, a chur air nó uirthi, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil a chur air nó uirthi.

(6) San alt seo ní fholaíonn “teacht i dtír” teacht i dtír gnéasach.

Gáinneáil ar leanbh, leanbh a ghabháil, etc., chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi.

3 .— Leasaítear alt 3 (arna leasú le halt 6 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2007) d’Acht 1998—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Aon duine a dhéanann gáinneáil ar leanbh chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh ar an leanbh beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht saoil, nó príosúnacht ar feadh téarma is giorra ná sin, a chur air nó uirthi, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil a chur air nó uirthi.

(2) Aon duine a dhéanann na nithe seo a leanas—

(a) teacht i dtír gnéasach ar leanbh, nó

(b) leanbh a ghlacadh nó a choinneáil, nó saoirse phearsanta linbh a shrianadh, chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(i) príosúnacht saoil, nó príosúnacht ar feadh téarma is giorra ná sin, a chur air nó uirthi, agus

(ii) de rogha na cúirte, fíneáil a chur air nó uirthi.”

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Aon duine a chuireann faoi deara go ndéanfaidh duine eile cion faoi fho-alt (1) nó (2), beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht saoil, nó príosúnacht ar feadh téarma is giorra ná sin, a chur air nó uirthi, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil a chur air nó uirthi.

(4) Aon duine a fhéachann le cion a dhéanamh faoi fho-alt (1), (2) nó (3), beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht saoil, nó príosúnacht ar feadh téarma is giorra ná sin, a chur air nó uirthi, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil a chur air nó uirthi.

(5) San alt seo—

ciallaíonn ‘ leanbh’ duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois;

ciallaíonn ‘ teacht i dtír gnéasach’ , i ndáil le leanbh—

(a) a iarraidh ar an leanbh gabháil do striapachas nó do tháirgeadh pornagrafaíochta leanaí, nó an leanbh a aslú nó a chomhéigniú chun gabháil do striapachas nó do tháirgeadh pornagrafaíochta leanaí,

(b) striapach a dhéanamh den leanbh nó an leanbh a úsáid chun pornagrafaíocht leanaí a tháirgeadh,

(c) cion a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chiontóirí Gnéis 2001 a dhéanamh in aghaidh an linbh; a chur faoi deara go ndéanfaidh duine eile cion den sórt sin in aghaidh an linbh; nó a iarraidh ar an leanbh cion den sórt sin a dhéanamh in aghaidh duine eile, nó an leanbh a aslú nó a chomhéigniú chun cion den sórt sin a dhéanamh in aghaidh duine eile,

(d) a iarraidh ar an leanbh gabháil d’aon ghníomh gnéasach, mígheanasach nó graosta, nó a bheith páirteach ann nó an leanbh a aslú nó a chomhéigniú chun an céanna a dhéanamh, nó

(e) a iarraidh ar an leanbh breathnú ar aon ghníomh gnéasach, mígheanasach nó graosta nó an leanbh a aslú nó a chomhéigniú chun an céanna a dhéanamh d’fhonn an leanbh a thruailliú nó a chorbadh,

agus forléireofar ‘teacht i dtír gnéasach a dhéanamh’ dá réir sin;

ciallaíonn ‘gáinneáil a dhéanamh’, i ndáil le leanbh—

(a) an leanbh a fháil, a earcú, a iompar nó a thearmannú, nó—

(i) an leanbh a aistriú chuig duine eile,

(ii) an leanbh a shuíomh i gcoimeád, faoi chúram, faoi cheannas nó faoi rialú duine eile, nó

(iii) an leanbh a sheachadadh ar shlí eile ar dhuine eile,

(b) a chur faoi deara go dtiocfaidh an leanbh isteach sa Stát nó go n-imeoidh sé nó sí amach as an Stát nó go dtaistealóidh sé nó sí laistigh den Stát,

(c) an leanbh a ghlacadh i gcoimeád nó an leanbh a ghlacadh—

(i) faoi chúram nó faoi cheannas, nó

(ii) faoi rialú,

(d) cóiríocht nó fostaíocht a sholáthar don leanbh.”.

Gáinneáil ar dhaoine seachas leanaí.

4 .— (1) Maidir le duine (dá ngairtear an “gáinneálóir” san alt seo) a dhéanann gáinneáil ar dhuine eile (dá ngairtear “an duine ar a ndearnadh gáinneáil” san alt seo), seachas leanbh nó duine lena mbaineann fo-alt (3), chun teacht i dtír ar an duine ar a ndearnadh gáinneáil, beidh sé nó sí ciontach i gcion más rud é, le linn gáinneáil a dhéanamh, nó chun gáinneáil a dhéanamh, ar an duine ar a ndearnadh gáinneáil, go ndearna an gáinneálóir—

(a) comhéigniú nó bagairt ar an duine ar a ndearnadh gáinneáil, é nó í a fhuadach nó forneart a úsáid thairis sin ina aghaidh nó ina haghaidh,

(b) meabhlú ar an duine ar a ndearnadh gáinneáil nó calaois ina aghaidh nó ina haghaidh,

(c) droch-úsáid a bhaint as a údarás nó a húdarás nó leas a bhaint as soghontacht an duine ar a ndearnadh gáinneáil go feadh méid a d’fhág nach raibh aon rogha réadach nó inghlactha eile aige nó aici seachas dul faoi gháinneáil,

(d) comhéigniú nó bagairt ar aon duine ar faoina chúram nó faoina cúram, nó faoina cheannas nó faoina ceannas, nó faoina rialú, a bhí an duine ar a ndearnadh gáinneáil de thuras na huaire, nó forneart a úsáid thairis sin ina aghaidh nó ina haghaidh, d’fhonn iallach a chur ar an duine sin ceadú don gháinneálóir gáinneáil a dhéanamh ar an duine ar a ndearnadh gáinneáil, nó

(e) aon íocaíocht nó aon cheart, leas nó sochar eile a thabhairt d’aon duine, ar faoina chúram nó faoina cúram, nó faoina cheannas nó faoina ceannas, nó faoina rialú, a bhí an duine ar a ndearnadh gáinneáil de thuras na huaire, mar mhalairt ar an duine sin do cheadú don gháinneálóir gáinneáil a dhéanamh ar an duine ar a ndearnadh gáinneáil.

(2) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, ní cosaint é don chosantóir a shuíomh gur thoiligh an duine ar ina leith a rinneadh an cion go ndéanfaí aon cheann de na gníomhartha arb iad an cion iad.

(3) Aon duine a dhéanann gáinneáil ar dhuine ar a bhfuil mallachar meabhrach chun teacht i dtír ar an duine, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(4) Aon duine—

(a) a dhíolann duine eile, a thairgeann nó a thaisealbhann duine eile chun é nó í a dhíol nó a iarrann go ndéanfar tairiscint chun duine eile a cheannach, nó

(b) a cheannaíonn duine eile nó a dhéanann tairiscint chun duine eile a cheannach,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) Aon duine a chuireann faoi deara cion faoi fho-alt (1), (3) (4) a dhéanamh beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(6) Aon duine a fhéachann le cion faoi fho-alt (1), (3), (4) (5) a dhéanamh beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(7) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht saoil, nó príosúnacht ar feadh téarma is giorra ná sin, a chur air nó uirthi, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil a chur air nó uirthi.

(8) San alt seo, tá le “mallachar meabhrach” an bhrí chéanna atá leis san Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993.

Sireadh nó tathant d’fhonn striapach a dhéanamh de dhuine ar a ndearnadh gáinneáil.

5 .— (1) Más rud é, chun striapach a dhéanamh de dhuine ar a ndearnadh gáinneáil, go ndéanann duine (seachas an duine sin ar a ndearnadh gáinneáil) sireadh nó tathant ar dhuine eile, lena n-áirítear an duine sin ar a ndearnadh gáinneáil, in aon áit, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine (seachas an duine ar a ndearnadh gáinneáil agus ar ina leith a dhéantar an cion faoi fho-alt (1)) a ghlacann, nó a aontaíonn glacadh, le híocaíocht, ceart, leas nó sochar eile ó dhuine chun críche a luaitear i bhfo-alt (1), beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó téarma príosúnachta nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(4) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é don chosantóir a chruthú nárbh eol dó nó di, agus nach raibh aon fhoras réasúnach aige nó aici chun a chreidiúint, gur dhuine ar a ndearnadh gáinneáil an duine ar ina leith a rinneadh an cion.

(5) Maidir leis an alt seo, is alt é i dteannta, agus ní alt é in ionad, alt 7 d’Acht 1993 a mhéid a dhéanann duine ar a ndearnadh gáinneáil cion faoin alt sin nó a mhéid a dhéantar cion faoin alt sin i leith duine ar a ndearnadh gáinneáil.

(6) San alt seo—

ciallaíonn “ Acht 1993 ” an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993;

tá le “ sireadh nó tathant ” an bhrí céanna atá leis in Acht 1993;

ciallaíonn “ duine ar a ndearnadh gáinneáil ”—

(a) duine ar ina leith a rinneadh cion faoi fho-alt (1)(3) d’alt 4, nó

(b) leanbh ar a ndearnadh gáinneáil chun teacht i dtír a dhéanamh air nó uirthi.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

6 .— I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion, agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina aghaidh nó ina haghaidh, agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

Dlínse.

7 .— (1) I gcás ina ndéanann duine is saoránach Éireannach, nó ar a bhfuil gnáthchónaí sa Stát, gníomh in áit seachas an Stát, ar chion é faoi alt 2 4, nó faoi alt 3 (seachas fo-ailt (2A) agus (2B)) d’Acht 1998, dá mba sa Stát a rinneadh é, beidh sé nó sí ciontach i gcion, agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil, nó príosúnacht saoil, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) I gcás ina ndéanann duine gníomh i ndáil le saoránach Éireannach in áit seachas an Stát, ar chion é faoi alt 2 4, nó faoi alt 3 (seachas fo-ailt (2A) agus (2B)) d’Acht 1998 dá mba sa Stát a rinneadh é, beidh sé nó sí ciontach i gcion, agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil, nó príosúnacht saoil, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3) I gcás ina ndéanann duine comhcheilg le duine eile, nó duine eile a ghríosú, sa Stát, chun gníomh a dhéanamh in áit seachas an Stát, ar chion é faoi alt 2 4, nó faoi alt 3 (seachas fo-ailt (2A) agus (2B)) d’Acht 1998, dá mba sa Stát a rinneadh é, beidh sé nó sí ciontach i gcion, agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil, nó príosúnacht saoil, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(4) I gcás ina ndéanann duine is saoránach Éireannach nó ar a bhfuil gnáthchónaí sa Stát comhcheilg le duine eile, nó duine eile a ghríosú, in áit seachas an Stát, chun gníomh a dhéanamh in áit seachas sa Stát, ar chion é faoi alt 2 4, nó faoi alt 3 (seachas fo-ailt (2A) agus (2B)) d’Acht 1998, dá mba sa Stát a rinneadh é, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht saoil, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) I gcás ina ndéanann duine comhcheilg le duine eile, nó duine eile a ghríosú, sa Stát nó in áit seachas an Stát, chun gníomh a dhéanamh i ndáil le saoránach Éireannach in áit seachas an Stát, ar chion é faoi alt 2 4, nó faoi alt 3 (seachas fo-ailt (2A) agus (2B)) d’Acht 1998, dá mba sa Stát a rinneadh é, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil, nó príosúnacht saoil, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(6) I gcás ina ndéanann duine comhcheilg le duine is saoránach Éireannach nó ar a bhfuil gnáthchónaí sa Stát, nó é nó í a ghríosú, in áit seachas an Stát, chun gníomh a dhéanamh, ar chion é faoi alt 2 4, nó faoi alt 3 (seachas fo-ailt (2A) agus (2B)) d’Acht 1998, dá mba sa Stát a rinneadh é, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil, nó príosúnacht saoil, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(7) I gcás ina bhféachann duine le cion a dhéanamh faoi fho-alt (1), (2), (3), (4), (5) (6), beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht saoil, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(8) Chun críocha an ailt seo, measfar go bhfuil gnáthchónaí ar dhuine sa Stát más rud é—

(a) go raibh a phríomháit chónaithe nó a príomháit chónaithe aige nó aici sa Stát ar feadh na tréimhse 12 mhí díreach roimh an tráth a líomhnaítear go ndearnadh an cion,

(b) gur cuideachta an duine atá cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, nó

(c) i gcás aon chomhlachta chorpraithe eile, go bhfuil sé arna bhunú faoi dhlí an Stáit.

Imeachtaí a bhaineann le cionta a dhéantar lasmuigh den Stát.

8 .— Féadfar imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 7 a thionscnamh in aon áit sa Stát agus féadfar déileáil leis an gcion chun gach críche teagmhasaí mar chion a rinneadh san áit sin.

Contúirt dhúbailte.

9 .— (1) I gcás duine a bheith arna éigiontú nó arna héigiontú i gcion in áit seachas an Stát, ní shaothrófar imeachtaí ina aghaidh nó ina haghaidh mar gheall ar chion faoin Acht seo arb é atá ann an gníomh nó na gníomhartha líomhnaithe arb éard é nó iad an cion céadluaite.

(2) I gcás duine a bheith arna chiontú nó arna ciontú i gcion in áit seachas an Stát, ní shaothrófar imeachtaí ina aghaidh nó ina haghaidh mar gheall ar chion faoin Acht seo arb é atá ann an gníomh nó na gníomhartha arb éard é nó iad an cion céadluaite.

Daoine den phobal a eisiamh ó imeachtaí.

10 .— (1) In imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 2 4, nó faoi alt 3 (seachas fo-ailt (2A) agus (2B)) d’Acht 1998, nó mar gheall ar ghríosú nó ar chomhcheilg chun aon chion den sórt sin a dhéanamh, déanfar gach duine, seachas oifigigh don chúirt, daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis na himeachtaí agus cibé daoine eile (más ann) a chinnfidh breitheamh na cúirte, a eisiamh ón gcúirt le linn na n-imeachtaí.

(2) In imeachtaí lena mbaineann an t-alt seo déanfar an fíorasc nó an bhreith agus an phianbhreith (más ann) a fhógairt go poiblí.

Anaithnideacht íospartach gáinneála.

11 .— (1) I gcás ina gcúisítear duine i gcion faoi alt 2 4, nó faoi alt 3 (seachas fo-ailt (2A) agus (2B)) d’Acht 1998, aon duine a fhoilsíonn nó a chraolann aon fhaisnéis, lena n-áirítear—

(a) aon ghrianghraf d’íospartach líomhnaithe an chiona nó aon ghrianghraf ina dtaispeántar íomhá den íospartach, nó

(b) aon léiriú eile ar dhealramh fisiceach íospartach líomhnaithe an chiona, nó aon léiriúchán ina dtaispeántar íomhá dá dhealramh fisiceach nó dá dealramh fisiceach,

ar dóigh dó a chumasú íospartach líomhnaithe an chiona a shainaithint, beidh sé nó sí, faoi réir aon ordaithe faoi fho-alt (2), ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Féadfaidh breitheamh na cúirte ina dtionscnaítear imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 2 4, nó faoi alt 3 (seachas fo-ailt (2A) agus (2B) d’Acht 1998, i gcás ina measann sé nó sí gur gá é ar mhaithe leis an gceartas, a ordú go bhféadfar cibé faisnéis lena mbaineann fo-alt (1) a shonróidh sé nó sí san ordú, a fhoilsiú nó a chraoladh ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh sé nó sí san ordú.

(3) Is i scríbhinn a bheidh ordú faoin alt seo.

(4) Aon duine a sháraíonn ordú faoin alt seo, lena n-áirítear coinníoll in ordú den sórt sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “ craoladh ” cumarsáidí, fuaimeanna, síneacha, amharc-íomhánna nó comharthaí atá beartaithe lena nglacadh ag aon duine a tharchur, a leaschraoladh nó a leathadh, trí radaitheileagrafaíocht nó ar aon mhodh eile, nó trí radaitheileagrafaíocht i gcomhar le haon mhodh eile, cibé acu a ghlacann nó nach nglacann an duine sin na cumarsáidí, na fuaimeanna, na síneacha, na hamharc-íomhánna nó na comharthaí sin;

ciallaíonn “ foilsiú ” foilsiú chuig aon duine, agus folaíonn sé foilsiú ar an idirlíon.

Leasú ar an Acht um Fhianaise Choiriúil 1992.

12 .— Leasaítear an tAcht um Fhianaise Choiriúil 1992—

(a) sa mhíniú ar “cion gnéasach” (a cuireadh isteach le halt 16 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997) in alt 2—

(i) trí mhír (iv) (a cuireadh isteach le halt 7(2) den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006) a scriosadh, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e):

“(e) faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006;”

agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 12 (arna leasú le halt 10 d’Acht 1998):

“12.— Tá feidhm ag an gCuid seo—

(a) maidir le cion gnéasach,

(b) maidir le cion lena ngabhann foréigean nó bagairt foréigin ar dhuine,

(c) maidir le cion faoi alt 3, 4, 5 nó 6 den Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998,

(d) maidir le cion faoi alt 2 , 47 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008, nó

(e) maidir le cion arb éard é iarracht nó comhcheilg cion a luaitear i mír (a), (b), (c) nó (d) a dhéanamh, nó cabhrú nó neartú lena dhéanamh, nó comhairliú, cur faoi deara nó gríosú é a dhéanamh.”.

Leasú ar Acht 2001.

13 .— Leasaítear Acht 2001—

(a) in alt 3—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d’fho-alt (2):

“(a) i mír 2 den Sceideal (ionsaí gnéasach nó ionsaí mígheanasach), seachas cion is ionsaí gnéasach nó ionsaí mígheanasach ar dhuine a raibh, an tráth a rinneadh an cion, mallachar meabhrach air nó uirthi,”,

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (ii) d’fho-alt (2):

“(ii) maidir leis an duine atá ciontach sa chion—

(I) gur ábhar é nó í, de thuras na huaire, d’ordú de chuid na cúirte lena n-athchuirtear é nó í faoi bhannaí nó i gcoimeád go dtí go ngearrtar pianbhreith, nó

(II) nach ndearnadh aon phionós ar cuid de cailleadh saoirse go ceann tréimhse teoranta nó neamhtheoranta ama a ghearradh air nó uirthi maidir leis an gcion nó nach ndearnadh é nó í a chur faoi réir aon bhirt ar cuid de cailleadh saoirse den sórt sin.”, agus

(iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(4) San alt seo, tá le ‘mallachar meabhrach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 5 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993.”,

(b) in alt 12, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”,

(c) in alt 33, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(4) Féadfaidh oifigeach promhaidh agus leasa imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1) a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.”, agus

(d) sa Sceideal, tríd an mír seo a leanas a chur isteach:

“16A. Cion faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008 a mhéid a dhéantar an cion chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh ar dhuine.”.

Leasú ar an Acht um Bannaí 1997.

14 .— Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí 1997 tríd an mír seo a leanas a chur isteach:

“8A. Cion faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008.”.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

15 .— (1) Féadfar an tAcht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mí amháin tar éis é a rith.

1IO Uimh. L 203 an 1.8.2002, lch. 1