|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID 15 Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta ) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Aisghairm agus Cúlghairm ) |
TODO
[EN] | ||
[EN] |
CUID 16 Comhionannas Fostaíochta | |
[EN] |
Leasú ar alt 41 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998. |
82 .— Leasaítear alt 41 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2): |
[EN] | “(1) 12 chomhalta ar a laghad agus 16 chomhalta ar a mhéid arna gceapadh ag an Aire a bheidh san Údarás— | |
[EN] | (a) a gceapfar duine amháin acu mar chathaoirleach an Údaráis, agus | |
[EN] | (b) nach mbeidh, maidir leis an líon a cheapfar aon tráth áirithe, an difear idir líon na bhfireannach díobh a cheapfar agus líon an mbaineannach díobh a cheapfar ach 2.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 47 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998. |
83 .— Leasaítear alt 47 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad fho-alt (4): |
[EN] | “(4) Is é a bheidh mar chóram do chruinniú den Údarás— | |
[EN] | (a) má tá 12 chomhalta nó 13 chomhalta arna gceapadh, 6 chomhalta, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, 7 gcomhalta.”. |