|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (An tAcht Deochanna Meisciúla 2008) | Ar Aghaidh ( CUID 2 Deochanna Meisciúla a Dhíol agus a Ól ) |
An tAcht Deochanna Meisciúla 2008
[EN] | ||
[EN] |
CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta | |
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme. |
1 .— (1) Féadfar an tAcht Deochanna Meisciúla 2008 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Ceadúnúcháin 1833 go 2008 a ghairm, le chéile, de na hAchtanna Ceadúnúcháin 1833 go 2004 agus d’alt 3, de Chuid 2 agus de Sceideal 1, a mhéid a leasaítear agus a leathnaítear na hAchtanna sin leo, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin. | |
[EN] | (3) Féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais 1924 go 2008 a ghairm, le chéile, de na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais 1924 go 1961 agus d’alt 8(a), a mhéid a leathnaítear na hAchtanna sin leis, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin. | |
[EN] | (4) Féadfar Achtanna Clárú na gClubanna 1904 go 2008 a ghairm, le chéile, d’Achtanna Clárú na gClubanna 1904 go 2004 agus d’ailt 14 agus 16, a mhéid a leasaítear agus a leathnaítear na hAchtanna sin leo, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin. | |
[EN] | (5) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire le hordú, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla. | |
Léiriú. |
2 .— San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1910 ” an Finance (1909-1910) Act 1910; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1927 ” an tAcht Deocha Meisciúla 1927; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1960 ” an tAcht Deocha Meisciúla 1960; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1962 ” an tAcht Deochanna Meisciúla 1962; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1986 ” Acht na gCúirteanna (Uimh. 2) 1986; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1988 ” an tAcht Deochanna Meisciúla 1988; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1994 ” an tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 2000 ” an tAcht Deochanna Meisciúla 2000; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 2003 ” an tAcht Deochanna Meisciúla 2003; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 2006 ” an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006; | |
[EN] | tá le “ eischeadúnas miondíoltóra beorach ” an bhrí a shanntar do “beer retailer’s off-licence” le hAcht 1910; | |
[EN] | ciallaíonn “ ceadúnas ” ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol, cibé acu a dheonaítear é ar dheimhniú ón gCúirt Chuarda nó ón gCúirt Dúiche a thabhairt ar aird nó gan é a thabhairt ar aird; | |
[EN] | ciallaíonn “ áitreabh ceadúnaithe ” áitreabh a bhfuil ceadúnas i bhfeidhm ina leith agus, i ndáil le ceadúnaí, ciallaíonn sé áitreabh ceadúnaithe an cheadúnaí; | |
[EN] | ciallaíonn “ ceadúnaí ” sealbhóir ceadúnais; | |
[EN] | ciallaíonn “ Aire ” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí; | |
[EN] | ciallaíonn “ eischeadúnas ” ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól in áit nach san áitreabh; | |
[EN] | ciallaíonn “ ar-cheadúnas ” ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól san áitreabh nó in áit nach san áitreabh; | |
[EN] | tá le “ eischeadúnas miondíoltóra biotáille ” an bhrí a shanntar do “spirit retailer’s off-licence” le hAcht 1910; | |
[EN] | tá le “ eischeadúnas miondíoltóra fíona ” an bhrí a shanntar do “wine retailer’s off-licence” le hAcht 1910. | |
Aisghairm. |
3 .— Aisghairtear fo-alt (2) (a cuireadh isteach le halt 4 d’Acht 2000) d’alt 3 d’Acht 1927. |