An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) Ar Aghaidh ( CUID 3 Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994 )

17 2008

An tAcht Deochanna Meisciúla 2008

CUID 2

Deochanna Meisciúla a Dhíol agus a Ól

Leasú ar alt 2 d’Acht 1927.

4 .— Leasaítear alt 2 (arna chur isteach le halt 25 d’Acht 1988 agus arna leasú le halt 3 d’Acht 2000 agus le halt 10 d’Acht 2003) d’Acht 1927—

(a) i bhfo-alt (1)(b), trí “faoi réir fho-ailt (1C) agus 1(D),” a chur isteach roimh “aon lá eile”,

(b) i bhfo-alt (1A), trí “Gan dochar d’fho-alt (1C), is” a chur in ionad “Is”, agus

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1B):

“(1C) Gan dochar d’fho-alt (1)(a), ní dleathach d’aon duine aon deoch mheisciúil a dhíol, lena hól in áit nach san áitreabh lena mbaineann (cibé acu an áitreabh lena ngabhann ar-cheadúnas nó eischeadúnas é nó nach ea), aon lá, mar a shonraítear anseo thíos, lasmuigh de na tráthanna arna sonrú amhlaidh ina leith—

(a) Lá Fhéile Pádraig: idir 12.30 p.m. agus 10.00 p.m.,

(b) aon Domhnach: idir 12.30 p.m. agus 10.00 p.m., agus

(c) aon lá seachas Lá Fhéile Pádraig nó Domhnach: idir 10.30 a.m. agus 10.00 p.m.

(1D) Ní dleathach d’aon duine aon deoch mheisciúil a dhíol, lena hól in áit nach san áitreabh lena mbaineann, is áitreabh is ábhar d’ordú díolúine ginearálta, aon lá i rith na tréimhse—

(a) dar tosach an lá sin ar a bhfuil sé dleathach, de bhun ordaithe den sórt sin, deoch mheisciúil a dhíol lena hól ar an áitreabh, agus

(b) dar críoch 10.30 a.m. an lá sin.”.

Leasú ar alt 4 d’Acht 1927.

5 .— Leasaítear alt 4 (arna leasú le halt 10 d’Acht 1960) d’Acht 1927—

(a) i bhfo-alt (1), trí “Faoi réir na bhforálacha eile den alt seo, féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúiche,” a chur in ionad “Féadfidh Breitheamh na Cúirte Dúithche,”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Ní dheonófar aon ordú díolúine ginearálta—

(a) i leith áitribh, mura rud é go raibh ordú díolúine ghinearálta i bhfeidhm i leith an áitribh an 30 Bealtaine 2008, nó

(b) le haghaidh aon trátha aon Domhnach nó Lá Fhéile Pádraig, Lá Nollag nó Aoine an Chéasta.”.

Ní dheonófar eischeadúnas nua miondíoltóra fíona ach amháin de bhun deimhnithe arna eisiúint ag an gCúirt Dúiche.

6 .— Ní dheonóidh na Coimisinéirí Ioncaim eischeadúnas nua miondíoltóra fíona do dhuine mura dtíolactar deimhniú dóibh a bheidh faighte ag an duine ón gCúirt Dúiche agus lena dtugtar teideal don duine chun eischeadúnas miondíoltóra fíona a fháil.

Forais ar a bhféadfaidh an Chúirt Dúiche diúltú deimhniú a thabhairt i leith eischeadúnas nua iomchuí.

7 .— (1) Féadfaidh an Chúirt Dúiche diúltú deimhniú a thabhairt do dhuine lena dtugtar teideal dó nó di eischeadúnas nua iomchuí a fháil i leith áitribh ar na forais seo a leanas—

(a) carachtar, mí-iompar nó neamhoiriúnacht an duine,

(b) neamhoiriúnacht nó míchaoithiúlacht an áitribh,

(c) mí-oiriúnacht an áitribh maidir le riachtanais daoine a chónaíonn sa chomharsanacht, nó

(d) leordhóthanacht líon láithreach na n-áitreabh ceadúnaithe den chineál céanna sa chomharsanacht.

(2) Féadfaidh an Chúirt Dúiche coinníoll a fhorchur, ar dheimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt, ar coinníoll é a bhaineann le córas teilifíse ciorcaid iata a shuiteáil, a úsáid nó a oibriú, nó le haon chumasc de na gníomhartha sin a dhéanamh, i leith an áitribh lena mbaineann agus, dá réir sin, má tharlaíonn aon mhainneachtain coinníoll den sórt sin a chomhlíonadh, bainfidh an mhainneachtain sin le dea-charachtar an cheadúnaí chun críocha an t-eischeadúnas iomchuí lena mbaineann a athnuachan faoi Acht 1986.

(3) Le linn don Chúirt Dúiche iarratas a éisteacht ó dhuine ar iarratas é chun deimhniú a thabhairt don duine lena dtugtar teideal dó nó di chuig eischeadúnas nua iomchuí i leith áitribh—

(a) féadfaidh Ceannfort an Gharda Síochána ar laistigh dá cheantar nó dá ceantar atá an t-áitreabh suite, agus

(b) féadfaidh aon duine a chónaíonn sa chomharsanacht,

agóid a dhéanamh in aghaidh an iarratais agus, chun na críche sin, féadfaidh sé nó sí láithriú agus fianaise a thabhairt.

(4) D’ainneoin na nAchtanna Ceadúnúcháin 1833 go 2004—

(a) ní fhéadfaidh an Chúirt Dúiche diúltú deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt ar an bhforas go bhfuil rogha aici diúltú amhlaidh ach amháin ar na forais a shonraítear san fho-alt sin, agus

(b) ní fhéadfaifh ach duine a thagann faoi réim mhír (a)(b) dfho-alt (3) i leith an iarratais lena mbaineann agóid a dhéanamh in aghaidh an iarratais.

(5) Chun críocha fheidhm alt 4 d’Acht 1986 maidir le haon athnuachan ar eischeadúnas miondíoltóra fíona, measfar maidir leis an gCeannfort den Gharda Síochána ar laistigh dá cheantar nó dá ceantar atá an t-áitreabh ceadúnaithe lena mbaineann suite gur duine é nó í a fhéadfaidh, de bhun fho-alt (6) den alt sin, agóid a dhéanamh in aghaidh athnuachan an cheadúnais sin.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hiarratas, arna dhéanamh ag duine ar dheimhniú a thabhairt don duine lena dtugtar teideal dó nó di eischeadúnas iomchuí nua a fháil i leith áitribh, ar ina leith a rinneadh an fógra faoin iarratas a sheirbheáil de réir Rialacha na Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) roimh thosach feidhme an ailt seo.

(7) San alt seo, ciallaíonn “ eischeadúnas iomchuí ”—

(a) eischeadúnas miondíoltóra biotáille,

(b) eischeadúnas miondíoltóra beorach, agus

(c) eischeadúnas miondíoltóra fíona.

Forálacha d’fhorlíonadh ailt 6 agus 7.

8 .— Chun críocha ailt 6 agus 7

(a) beidh ag an gCúirt Dúiche agus beidh infheidhmithe aici, i ndáil le heischeadúnas miondíoltóra fíona agus fara aon mhodhnuithe is gá, na cumhachtaí, na dlínsí agus na húdaráis go léir atá ag an gCúirt Dúiche agus atá infheidhmithe aici, i ndáil le heischeadúnas miondíoltóra biotáille, de bhun alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924 ach amháin aon chumhachtaí, dlínsí agus údaráis den sórt sin a mhéid arb infheidhme iad i leith eischeadúnas miondíoltóra biotáille a aistriú, agus

(b) beidh feidhm ag alt 10 (a cuireadh isteach le halt 9 d’Acht 1986) den Licensing Act (Ireland) 1874, i ndáil le heischeadúnas miondíoltóra fíona nua agus fara aon mhodhnuithe is gá, mar atá feidhm ag an alt sin 10 maidir le heischeadúnas miondíoltóra biotáille nua.

Leasú ar alt 3 d’Acht 1927.

9 .— Leasaítear alt 3 (arna leasú le halt 4 d’Acht 2000) d’Acht 1927 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Faoi réir fho-alt (1B), i gcás go mbeidh gnó neamhcheadúnaithe á sheoladh in aon áitreabh lena ngabhann eischeadúnas, déanfaidh sealbhóir an cheadúnais a chinntiú—

(a) tráth nach déanaí ná cothrom bliana dháta thosach feidhme alt 9 den Acht Deochanna Meisciúla 2008

(i) nach ndéantar deochanna meisciúla a thaisealbhadh lena ndíol ná a dhíol in áit ar bith ach amháin i gcuid den áitreabh ceadúnaithe—

(I) atá deighilte ina déanmhas ón gcuid eile den áitreabh le balla nó le bacainn den tsamhail sin,

(II) nach mbeidh rochtain ar fáil uirthi ag daoine den phobal ón gcuid eile den áitreabh ach amháin trí dhoras, geata nó geata casta, nó ar mhodh rochtana eile den tsamhail sin,

(III) nach gcaithfidh daoine den phobal dul tríthi chun rochtain a fháil ar an gcuid eile den áitreabh, agus

(IV) nach seoltar aon chuid den ghnó neamhcheadúnaithe inti ach amháin aon deoch neamh-mheisciúil a thaisealbhadh lena díol nó a dhíol (lena n-áirítear íoc as aon earra is deoch den sórt sin) ar deoch neamh-mheisciúil í atá á taisealbhadh freisin lena díol agus á díol, agus i rith na n-uaireanta céanna, sa chuid eile den áitreabh,

agus

(ii) gur áit ag cuntar nó pointe díola atá suite laistigh den chuid dá dtagraítear i bhfomhír (i) an t-aon áit laistigh den áitreabh ag a bhféadfaidh daoine den phobal íoc as deoch mheisciúil,

(b) tráth nach déanaí ná bliain ó thosach feidhme alt 9 den Acht Deochanna Meisciúla 2008, nach ndéanfar deoch mheisciúil seachas fíon a thaisealbhadh lena dhíol ná a dhíol ach amháin i gcuid den áitreabh a bhfuil cosc ar dhaoine den phobal rochtain a fháil uirthi, ar shlí nach féidir deoch mheisciúil den sórt sin a dhíol le daoine den phobal ar bhonn féinseirbhíse.

(1B) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1A)—

(a) i ndáil le haon áitreabh is ábhar do cheadúnas arna dheonú faoi Chuid IV den Acht Deocha Meisciúla 1943, nó

(b) i ndáil le haon áitreabh arb é an t-aon ghnó neamhcheadúnaithe a sheoltar ann na nithe seo a leanas a thaisealbhadh lena dhíol nó a dhíol—

(i) deochanna neamh-mheisciúla,

(ii) oighear,

(iii) milseogra,

(iv) toitíní, tobac, todóga agus lasáin, agus

(iv) cibé tráchtearraí eile (más ann) a fhorordófar i rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1C) chun críche na fomhíre seo.

(1C) Faoi réir fho-alt (1D), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun tráchtearraí a fhorordú chun críche fhomhír (v) de mhír (b) d’fho-alt (1B).

(1D) Ní fhorordóidh an tAire tráchtearra faoi rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1C) mura deimhin leis an Aire go bhfoghabhann an tráchtearra le deochanna meisciúla a thaisealbhadh lena dhíol nó a dhíol agus go bhfuil baint aige leis an gcéanna.

(1E) Gach rialachán a dhéanfar faoi fho-alt (1C) leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh sé ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(1F) Aon duine a sháraíonn fo-alt (1A), tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €100,000 a chur air nó uirthi.

(1G) Aon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (1F) beidh sé nó sí, ar gach lá tar éis é nó í a chiontú sa chion sin a leanfaidh sé nó sí d’fho-alt (1A) a shárú i ndáil leis an áitreabh lena mbaineann an cion sin, ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,000 a chur air nó uirthi.

(1H) San alt seo, ciallaíonn ‘ féinseirbhís ’ i ndáil le deoch mheisciúil a thaisealbhtar lena díol nó a dhíoltar in aonáitreabh, aon mhodh díola lena gceadaítear do dhuine den phobal earra de dheoch mheisciúil arna thaisealbhadh nó arna dhíol amhlaidh a sholáthar dó nó di féin sula n-íocfaidh sé nó sí as an earra.”.

Leasú ar alt 5 d’Acht 1927.

10 .— Leasaítear alt 5 (a cuireadh isteach le halt 11 d’Acht 2003) d’Acht 1927—

(a) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “ ordú díolúine speisialta ”, trí “, nó sealbhóir ceadúnais amharclainne,” a chur isteach i ndiaidh “ar-cheadúnais”,

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Maidir le hordú díolúine speisialta—

(a) beidh ann na coinníollacha seo a leanas:

(i) nach ndíolfar deoch mheisciúil ag an teagmhas, ag an dálas nó ag an rince lena mbaineann an t-ordú le linn na n-uaireanta an chloig a shonraítear san ordú le daoine seachas na daoine atá i láthair ag an teagmhas;

(ii) nach ligfear daoine den phobal, seachas daoine atá i láthair amhlaidh, isteach sa chuid den áitreabh ina bhfuil deoch mheisciúil á soláthar nó á hól de bhun an ordaithe;

(iii) go seoltar an teagmhas, an dálas nó an rince de réir na bhforálacha iomchuí den mhíniú ar ‘ócáid speisialta’ i bhfo-alt (1);

(iv) go mbeidh, i gcás ócáide speisialta nach dtagann faoi réim mhír (a)(ii) den mhíniú ar ‘ócáid speisialta’ i bhfo-alt (1), córas teilifíse ciorcaid iata ag oibriú ar an áitreabh lena mbaineann i gcúrsa na hócáide speisialta;

(v) i gcás ina bhfuil fomhír (iv) infheidhme ach nach bhfuil córas teilifíse ciorcaid iata arna shuiteáil san áitreabh lena mbaineann, go ndéanfar córas teilifíse ciorcaid iata a shuiteáil ann chun críocha na fomhíre sin; agus

(vi) maidir le haon duine a dhéanann, i leith an teagmhais, an dálais nó an rince, seirbhís slándála a sholáthar mar mhaoirseoir dorais, de réir bhrí alt 2(1) den Acht um Sheirbhísí Slándála Príobháidí 2004, go mbeidh sé nó sí ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar cheadúnas a cheanglaítear faoin Acht sin chun seirbhís den sórt sin a sholáthar;

agus

(b) féadfaidh cibé coinníollacha eile a bheith ann is cuí leis an gCúirt.

(4A) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfomhíreanna (i) go (vi) de mhír (a) d’fho-alt (4) dochar do ghinearáltacht mhír (b) den fho-alt sin.”,

(c) i bhfo-alt (5), trí “(lena n-áirítear cúiseanna i ndáil leis an ord poiblí a choimeád)” a chur isteach i ndiaidh “ar chúiseanna a bheidh sonraithe”, agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Ní dheonóidh an Chúirt ordú díolúine speisialta i leith aon áitribh mura deimhin léi—

(a) go gcomhlíonann an t-áitreabh na caighdeáin um shábháilteacht ó dhóiteán faoin Acht um Rialú Foirgníochta 1990 is infheidhme i leith an áitribh sin, agus

(b) go seolfar an ócáid speisialta ar mhodh—

(i) nach trúig chiotaí ná núise míchuí do dhaoine a chónaíonn sa cheantar, nó

(ii) nach gcruthóidh bagairt mhíchuí ar an ord poiblí ná ar shábháilteacht an phobail sa cheantar.”.

Leasú ar alt 21 d’Acht 1927.

11 .— Leasaítear alt 21 d’Acht 1927—

(a) i bhfo-alt (1), trí “bainfidh siad” a chur in ionad “ní bhainfid”, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí “Faoi réir fho-alt (1), san” a chur in ionad “San”.

Leasú ar alt 30 d’Acht 1988.

12 .— Leasaítear alt 30 d’Acht 1988 tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ aoischárta ”:

“ciallaíonn ‘ buidéal nó coimeádán ’ buidéal nó coimeádán, is cuma cé acu—

(a) atá an buidéal nó an coimeádán ar oscailt nó gan oscailt, agus

(b) atá aon chuid dá raibh, nó gach dá raibh, sa bhuidéal nó sa choimeádán ólta nó atá cuid dá bhfuil, nó gach dá bhfuil, ann á hól nó á ól,

agus folaíonn sé a bhfuil sa bhuidéal nó sa choimeádán;”.

Leasú ar alt 36A d’Acht 1988.

13 .— Leasaítear alt 36A (arna chur isteach le halt 13 d’Acht 2000) d’Acht 1988, i bhfo-alt (2), i mír (a), trí “nach lú ná 2 lá agus nach mó ná” a chur in ionad “nach mó ná”.

Ailt 37A, 37B agus 37C nua a chur isteach in Acht 1988.

14 .— Leasaítear Acht 1988 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 37:

“Cumhacht chun deoch mheisciúil atá i seilbh duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois a urghabháil, etc.

37A.— (1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás go gcreideann comhalta den Gharda Síochána le cúis réasúnach—

(a) go bhfuil duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois in áit iomchuí ina aonar nó ina haonar nó go bhfuil duine eile ina theannta nó ina teannta,

(b) go bhfuil buidéal nó coimeádán ina bhfuil deoch mheisciúil i seilbh an duine iomchuí nó an duine atá ina theannta nó ina teannta, agus

(c) go bhfuil an deoch mheisciúil sin (cibé acu go hiomlán nó go páirteach) ólta nó á hól ag an duine iomchuí, nó go bhfuil sé beartaithe ag an duine iomchuí í a ól, san áit iomchuí sin nó in áit iomchuí eile.

(2) I gcás go bhfuil feidhm ag an alt seo, féadfaidh an comhalta—

(a) míniú a lorg ar an duine iomchuí nó, de réir mar is cuí, ar an duine atá ina theannta nó ina teannta, maidir le gach ceann nó le haon cheann de na nithe lena mbaineann an chreidiúint iomchuí, agus

(b) ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh, má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an duine sin míniú den sórt sin a thabhairt nó má thugtar míniú den sórt sin agus i gceachtar cás go bhfuil an chreidiúint iomchuí fós ag an gcomhalta:

(i) a iarraidh ar an duine sin a bhfuil an buidéal nó an coimeádán ina sheilbh nó ina seilbh é a thabhairt láithreach don chomhalta (nó do chomhalta eile den Gharda Síochána atá i dteannta an chomhalta) agus, an tráth céanna a dhéantar an iarraidh, rabhadh a thabhairt don duine sin i ngnáthchaint go bhféadfadh go leanfadh sé as mainneachtain nó diúltú déanamh de réir na hiarrata go ndéanfaí an buidéal nó an coimeádán a urghabháil nó é nó í a ghabháil, nó iad araon (nó focail sa chiall chéanna);

(ii) má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an duine sin déanamh de réir na hiarrata, an buidéal nó an coimeádán a urghabháil, a choinneáil agus a thabhairt leis nó léi gan bharántas, agus úsáid á baint, más gá, as cibé forneart atá réasúnach sna himthosca;

(iii) a iarraidh ar an duine iomchuí a ainm nó a hainm, a sheoladh nó a seoladh agus a aois nó a haois a sholáthar don chomhalta.

(3) Más rud é—

(a) go mainníonn nó go ndiúltaíonn duine déanamh de réir iarrata arna déanamh ag an gcomhalta faoi fhomhír (i) nó (iii) de mhír (b) d’fho-alt (2), nó

(b) go bhfuil forais réasúnacha ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil an t-ainm, an seoladh nó an aois a sholáthraítear don chomhalta, i gcomhlíonadh iarrata arna déanamh ag an gcomhalta faoi fhomhír (iii) de mhír (b) d’fho-alt (2), bréagach nó míthreorach,

féadfaidh an comhalta an duine sin a ghabháil gan bharántas.

(4) Aon duine—

(a) a mhainníonn nó a dhiúltaíonn déanamh de réir iarrata arna déanamh ag an gcomhalta faoi fhomhír (i) nó (iii) de mhír (b) d’fho-alt (2), nó

(b) i gcomhlíonadh airbheartaithe iarrata arna déanamh ag an gcomhalta faoi fhomhír (iii) de mhír (b) d’fho-alt (2), a sholáthraíonn don chomhalta ainm, seoladh nó aois atá bréagach nó míthreorach,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi.

(5) I gcás go bhfuil buidéal nó coimeádán tugtha don chomhalta nó do chomhalta eile den Gharda Síochána, nó go bhfuil an comhalta nó an comhalta eile sin tar éis buidéal nó coimeádán a urghabháil, a choinneáil nó a thabhairt leis nó léi, de bhun an ailt seo, déanfaidh an comhalta—

(a) an buidéal nó an coimeádán a dhiúscairt ar cibé slí is cuí leis nó léi, agus

(b) taifead i scríbhinn a dhéanamh agus a choimeád, nó a chur faoi deara é a dhéanamh agus a choimeád, ar mhodh, dáta agus áit na diúscartha sin.

(6) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'oibriú fhorálacha eile an Achta seo ná na nAchtanna um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994 agus 2003.

(7) San alt seo—

ciallaíonn ‘ creidiúint iomchuí ’, i ndáil le comhalta den Gharda Síochána, creidiúint an chomhalta dá dtagraítear i bhfo-alt (1);

ciallaíonn ‘ duine iomchuí ’ an chéad duine a luaitear i mír (a) d’fho-alt (1);

ciallaíonn ‘ áit iomchuí ’ áit seachas áit a úsáidtear mar theaghais phríobháideach.

Cumhacht chun dul isteach in áit chun críocha alt 37A, etc.

37B.— Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána dul isteach, gan bharántas, in áit seachas áit a úsáidtear mar theaghais phríobháideach má tá forais réasúnacha ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil—

(a) na nithe a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d’fho-alt (1) d’alt 37A, nó

(b) na nithe a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d’fho-alt (1) d’alt 8A (arna chur isteach le halt 19 den Acht Deochanna Meisciúla 2008) den Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994,

ag tarlú san áit sin.

Deoch mheisciúil a cheannach ar bhonn tástála.

37C.— (1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, i gcúrsa a dhualgais nó a dualgais mar chomhalta den sórt sin agus de réir treoirlínte arna n-eisiúint faoi fho-alt (4), duine atá 15 bliana d’aois ar a laghad ach faoi bhun 18 mbliana a chur isteach chuig áitreabh ceadúnaithe chun go gceannóidh an duine deoch mheisciúil ann más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin—

(a) gur thoiligh tuismitheoir nó caomhnóir an duine, i scríbhinn, lena chur nó lena cur isteach chuig an áitreabh sin chun na críche sin, agus

(b) gur deimhin leis an gcomhalta go ndearnadh, nó go ndéanfar, gach beart réasúnach chun nach ndéanfar dochar do leas an duine.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 32(3) (a cuireadh isteach le halt 13 den Acht Deochanna Meisciúla 2003) maidir le comhalta den Gharda Síochána in aon chás go gcuireann an comhalta duine isteach chuig áitreabh ceadúnaithe de réir fho-alt (1).

(3) Ní bheidh feidhm ag míreanna (a) agus (c) d’alt 33(1) maidir le duine in aon chás go gcuireann comhalta den Gharda Síochána an duine isteach chuig áitreabh ceadúnaithe de réir fho-alt (1) agus go ndéanann an duine, le linn dó nó di a bheith san áitreabh sin—

(a) deoch mheisciúil a cheannach, nó

(b) d’fhonn deoch mheisciúil a fháil nó d’fhonn go gceadófaí dó nó di í a ól, a chur i bhfios gur duine é nó í atá os cionn 18 mbliana d’aois,

de réir mar is gá sa chás.

(4) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána agus leis an Aire Sláinte agus Leanaí, treoirlínte a eisiúint ó am go ham i leith na nósanna imeachta atá le leanúint maidir le hoibriú praiticiúil an ailt seo, lena n-áirítear treoirlínte i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) toirmeasc a chur ar aon spreagadh gníomhach a thabhairt chun na hAchtanna Ceadúnúcháin 1833 go 2008 a shárú, amhail a thabhairt le fios go bréagach, cibé acu ó bhéal é nó trí aon doiciméad a thabhairt ar aird, go bhfuil duine os cionn 18 mbliana d’aois, agus

(b) an bonn ar dá réir a roghnófar áitreabh ceadúnaithe chun críocha fheidhm an ailt seo, cibé acu faoi threoir shuíomh an áitribh, gearán a bheidh faighte ag an nGarda Síochána maidir leis an áitreabh, líon agus chineál na sáruithe (más ann) ar na hAchtanna Ceadúnúcháin 1833 go 2008 a bhaineann leis an áitreabh, nó na cliantachta a bhíonn ag tarraingt ar an áitreabh, nó aon teaglama den chéanna.

(5) Beidh feidhm ag an alt seo freisin (lena n-áirítear treoirlínte a eiseofar faoi fho-alt (4)) i ndáil le club atá cláraithe faoi Achtanna Clárú na gClubanna 1904 go 2008 amhail is dá mba thagairtí do chlub den sórt sin tagairtí san alt seo (nó sna treoirlínte sin) d’áitreabh ceadúnaithe agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.”.

Leasú ar alt 9 d’Acht 2003.

15 .— Leasaítear alt 9(2)(a) d’Acht 2003 trí “nach lú ná 2 lá agus nach mó ná” a chur in ionad “nach mó ná”.

Rialacháin a bhaineann le deoch mheisciúil a dhíol, a sholáthar agus a ól.

16 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) lena dtoirmisctear nó lena sriantar ar dhuine fógraíocht nó cur chun cinn a dhéanamh maidir le díol nó soláthar dí meisciúla ar phraghas laghdaithe nó saor in aisce ar aon chainníocht dí meisciúla nó aon táirge nó seirbhís eile a cheannach,

(b) lena dtoirmisctear nó lena sriantar ar cheadúnaí deoch mheisciúil a dhíol le haon duine, nó a sholáthar don chéanna, ar phraghas laghdaithe nó saor in aisce ar an duine sin, nó aon duine eile, do cheannach aon chainníochta dí meisciúla nó aon táirge nó seirbhíse eile,

(c) lena dtoirmisctear nó lena sriantar ar dhuine aon rud a dhéanamh nó a cheadú, chun gnó an duine sin nó aon ócáid nó gníomhaíocht a bheidh ar siúl in áit seachas áit a úsáidtear mar áit chónaithe phríobháideach a chur chun cinn, a bheartaítear chun, nó ar dóigh dó, daoine san áit sin a spreagadh chun deoch mheisciúil a ól go hiomarcach.

(2) Le linn rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, beidh aird ag an Aire ar an ngá atá ann ól dí meisciúla go hiomarcach ag daoine a laghdú agus, gan dochar do ghinearáltacht an ghá sin, beidh aird aige nó aici go háirithe ar na nithe seo a leanas—

(a) an gá atá ann baol bagartha ar an ord poiblí ag eascairt as ól dí meisciúla go hiomarcach a laghdú,

(b) na priacail a bhaineann le sláinte agus a eascraíonn as ól dí meisciúla go hiomarcach, agus

(c) i gcás fógraíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (1), más deimhin leis an Aire maidir leis an meán a úsáidtear le haghaidh na fógraíochta, nó maidir le cineál na fógraíochta, nó maidir leo araon, go mbeartaítear leis nó leo, nó gur dóigh dó nó dóibh, ól dí meisciúla go hiomarcach a spreagadh, an gá atá ann fógraíocht den sórt sin a thoirmeasc nó a shrianadh.

(3) Féadfaidh sé a bheith sainráite i rialacháin a dhéanfar faoin alt seo go mbeidh feidhm acu faoi threoir ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) aicme nó aicmí áitribh cheadúnaithe;

(b) aicme nó aicmí áitribh neamhcheadúnaithe (seachas áiteanna cónaithe príobháideacha áitithe);

(c) aicme nó aicmí deochanna meisciúla; agus

(d) aicme nó aicmí fógraíochta.

(4) (a) Aon duine a sháraíonn rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, tá sé nó sí ciontach i gcion.

(b) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi mhír (a), dlífear—

(i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach nó ná €5,000 a chur air nó uirthi, nó

(ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €100,000 a chur air nó uirthi.

(5) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh sé ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(6) Chun críocha an ailt seo, folaíonn díol nó soláthar dí meisciúla ar phraghas laghdaithe nó saor in aisce—

(a) pointí bónais, pointí cárta dílseachta, nó aon sochar den tsamhail sin a dhámhachtain, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, d’aon duine, ag eascairt as an duine sin, nó aon duine eile, do cheannach dí meisciúla,

(b) aon phointí nó sochar den sórt sin a úsáid, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, chun deoch mheisciúil, nó aon táirge nó seirbhís eile, a fháil ar phraghas laghdaithe nó saor in aisce, agus

(c) pointí bónais, pointí cárta dílseachta, nó aon sochar den tsamhail sin ag eascairt as ceannach aon táirge nó seirbhíse, a úsáid, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, chun deoch mheisciúil a fháil ar phraghas laghdaithe nó saor in aisce.

(7) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le club atá cláraithe faoi Achtanna Clárú na gClubanna 1904 go 2008 amhail is dá mba thagairtí do rúnaí ar chlub den sórt sin tagairtí san alt seo do cheadúnaí agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.

Fíneálacha áirithe sna hAchtanna Ceadúnúcháin 1833 go 2004 a mhéadú.

17 .— Déantar gach foráil a luaitear i gcolún (2) de Sceideal 1, ar foráil í d’achtachán a luaitear i gcolún (1) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin, a leasú de réir mar a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin.