An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Deochanna Meisciúla a Dhíol agus a Ól ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 Fíneálacha Áirithe sna hAchtanna Ceadúnúcháin 1833 go 2004 a Mhéadú )

17 2008

An tAcht Deochanna Meisciúla 2008

CUID 3

Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994

Leasú ar alt 4 d’Acht 1994.

18 .— Leasaítear alt 4(4) d’Acht 1994 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “buidéal nó coimeádán”:

“ciallaíonn ‘ buidéal nó coimeádán ’ buidéal nó coimeádán, is cuma cé acu—

(a) atá an buidéal nó an coimeádán ar oscailt nó gan oscailt, agus

(b) atá aon chuid dá raibh, nó gach dá raibh, sa bhuidéal nó sa choimeádán ólta nó atá cuid dá bhfuil, nó gach dá bhfuil, ann á hól nó á ól,

agus folaíonn sé a bhfuil sa bhuidéal nó sa choimeádán, ach ní fholaíonn sé buidéal nó coimeádán le haghaidh substainte atá i seilbh an duine lena mbaineann chun críche seachas chun an duine sin nó aon duine eile a chur ar meisce;”.

Ailt 8A agus 8B nua a chur isteach in Acht 1994.

19 .— Leasaítear Acht 1994 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 8:

“Cumhacht chun orduithe a thabhairt do dhaoine atá i seilbh substaintí meisciúla, etc.

8A.— (1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás go gcreideann comhalta den Gharda Síochána le cúis réasúnach—

(a) go bhfuil duine in áit iomchuí ina aonar nó ina haonar nó go bhfuil daoine eile ina theannta nó ina teannta,

(b) go bhfuil buidéal nó coimeádán ina bhfuil substaint mheisciúil i seilbh an duine iomchuí, agus

(c) go bhfuil an duine iomchuí ag gníomhú san áit sin, nó go bhfuil an duine iomchuí agus roinnt de na daoine atá ina theannta nó ina teannta, nó iad go léir, ag gníomhú san áit sin, ar mhodh—

(i) is bun le himní réasúnach maidir le sábháilteacht daoine nó sábháilteacht maoine nó maidir le coimeád na síochána poiblí, nó

(ii) is cúis, nó is bun le himní réasúnach gur dóigh dó a bheith ina chúis, le crá agus núis do dhuine eile nó do dhaoine eile nó le cur isteach ar sheilbh shíochánta an duine eile sin nó na ndaoine eile sin agus ar theachtadh ag an duine eile sin nó ag na daoine eile sin ar a chuid, ar a cuid nó ar a gcuid, maoine, de réir mar a bheidh.

(2) I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, féadfaidh an comhalta—

(a) míniú a lorg ar an duine iomchuí maidir le gach ceann nó le haon cheann de na nithe lena mbaineann an chreidiúint iomchuí, agus

(b) ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh, má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an duine iomchuí míniú den sórt sin a thabhairt nó má thugtar míniú den sórt sin agus i gceachtar cás go bhfuil an chreidiúint iomchuí fós ag an gcomhalta:

(i) a iarraidh ar an duine iomchuí an buidéal nó an coimeádán a thabhairt láithreach don chomhalta (nó do chomhalta eile den Gharda Síochána atá i dteannta an chomhalta) agus, an tráth céanna a dhéantar an iarraidh, rabhadh a thabhairt don duine iomchuí i ngnáthchaint go bhféadfadh go leanfadh sé as mainneachtain nó diúltú déanamh de réir na hiarrata go ndéanfaí an buidéal nó an coimeádán a urghabháil nó é nó í a ghabháil, nó iad araon (nó focail sa chiall chéanna);

(ii) má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an duine iomchuí déanamh de réir na hiarrata, an buidéal nó an coimeádán a urghabháil, a choinneáil agus a thabhairt leis nó léi gan bharántas, agus úsáid á baint, más gá, as cibé forneart atá réasúnach sna himthosca;

(iii) a ordú don duine iomchuí agus, más cuí, do chuid de na daoine atá ina theannta nó ina teannta, nó dóibh go léir, scor de bheith ag gníomhú ar an tslí dá dtagraítear i mír (c) d’fho-alt (1);

(iv) a ordú don duine iomchuí agus, más cuí, do chuid de na daoine atá ina theannta nó ina teannta, nó dóibh go léir, imeacht láithreach as an áit ar mhodh sítheach nó ordúil;

(v) a iarraidh ar an duine iomchuí a ainm nó a hainm agus a sheoladh nó a seoladh a thabhairt don chomhalta.

(3) Más rud é—

(a) go mainníonn nó go ndiúltaíonn duine déanamh de réir iarrata arna déanamh ag an gcomhalta faoi fhomhír (i) nó (v) de mhír (b) d’fho-alt (2),

(b) go mainníonn nó go ndiúltaíonn duine déanamh de réir ordacháin arna thabhairt ag an gcomhalta faoi fhomhír (iii) nó (iv) de mhír (b) d’fho-alt (2), nó

(c) go bhfuil forais réasúnacha ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil an t-ainm nó an seoladh a tugadh don chomhalta, i gcomhlíonadh iarrata arna déanamh ag an gcomhalta faoi fhomhír (v) de mhír (b) d’fho-alt (2), bréagach nó míthreorach,

féadfaidh an comhalta an duine sin a ghabháil gan bharántas.

(4) Aon duine—

(a) a mhainníonn nó a dhiúltaíonn déanamh de réir iarrata arna déanamh ag an gcomhalta faoi fhomhír (i) nó (v) de mhír (b) d’fho-alt (2), nó

(b) i gcomhlíonadh airbheartaithe iarrata arna déanamh ag an gcomhalta faoi fhomhír (v) de mhír (b) d’fho-alt (2), a sholáthraíonn ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach don chomhalta,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi.

(5) Is cion é ag aon duine, gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach, mainneachtain déanamh de réir ordacháin arna thabhairt ag an gcomhalta faoi fhomhír (iii) nó (iv) de mhír (b) d’fho-alt (2).

(6) Aon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (5) dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €1,000 a chur air nó uirthi.

(7) I gcás go bhfuil buidéal nó coimeádán tugtha don chomhalta nó do chomhalta eile den Gharda Síochána, nó go bhfuil an comhalta nó an comhalta eile tar éis buidéal nó coimeádán a urghabháil, a choinneáil agus a thabhairt leis nó léi, de bhun an ailt seo, déanfaidh an comhalta—

(a) an buidéal nó an coimeádán a dhiúscairt ar cibé slí is cuí leis nó léi, agus

(b) taifead i scríbhinn a dhéanamh agus a choimeád, nó a chur faoi deara é a dhéanamh agus a choimeád, ar mhodh, dáta agus áit na diúscartha sin.

(8) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'oibriú fhorálacha eile an Achta seo ná an Achta um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 2003.

(9) San alt seo—

ciallaíonn ‘ buidéal nó coimeádán ’ buidéal nó coimeádán, is cuma cé acu—

(a) atá an buidéal nó an coimeádán ar oscailt nó gan oscailt, agus

(b) atá aon chuid dá raibh, nó gach dá raibh, sa bhuidéal nó sa choimeádán ólta nó atá cuid dá bhfuil, nó gach dá bhfuil, ann á hól nó á ól,

agus folaíonn sé a bhfuil sa bhuidéal nó sa choimeádán;

ciallaíonn ‘ creidiúint iomchuí ’, i ndáil le comhalta den Gharda Síochána, creidiúint an chomhalta dá dtagraítear i bhfo-alt (1);

ciallaíonn ‘ duine iomchuí ’ an chéad duine a luaitear i mír (a) d’fho-alt (1);

ciallaíonn ‘ áit iomchuí ’ áit seachas áit a úsáidtear mar theaghais phríobháideach.

Cumhacht chun dul isteach in áit chun críocha alt 8A, etc.

8B.— Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána dul isteach, gan bharántas, in áit seachas áit a úsáidtear mar theaghais phríobháideach má tá forais réasúnacha ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil—

(a) na nithe a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d’fho-alt (1) d’alt 8A, nó

(b) na nithe a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d’fho-alt (1) d’alt 37A (arna chur isteach le halt 13 den Acht Deochanna Meisciúla 2008),

ag tarlú san áit sin.”.

Leasú ar alt 23A d’Acht 1994.

20 .— Leasaítear alt 23A (arna chur isteach le halt 184 d’Acht 2006) d’Acht 1994—

(a) i bhfo-alt (5)(c)—

(i) i bhfomhír (i), trí “le comhalta den Gharda Síochána ag stáisiún sonraithe de chuid an Gharda Síochána nó le duine sonraithe eile ag áit shonraithe” a scriosadh agus “de réir an fhógra” a chur ina ionad, agus

(ii) i bhfomhír (ii), trí “amhlaidh” a scriosadh agus “de réir an fhógra” a chur ina ionad,

(b) i bhfo-alt (7), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) glacfar leis an íocaíocht de réir an fhógra agus déanfaidh an duine a ghlacann leis an íocaíocht admháil a eisiúint ina leith,”,

agus

(c) i bhfo-alt (8), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) In ionchúiseamh i leith ciona muirir sheasta toimhdeofar an méid seo a leanas go dtí go suífear a mhalairt, is é sin le rá—

(i) go bhfuiltear tar éis fógra iomchuí faoin alt seo a sheirbheáil, nó gur cuireadh faoi deara é a sheirbheáil, agus

(ii) nach ndearnadh íocaíocht de bhun an fhógra iomchuí faoin alt seo agus an fógra, arna chomhlánú go cuí in éineacht leis an íocaíocht (mura rud é go bhfuil foráil san fhógra maidir le híocaíocht a dhéanamh gan an fógra a bheith in éineacht léi).”.

Leasú ar alt 23B d’Acht 1994.

21 .— Leasaítear alt 23B (arna chur isteach le halt 184 d’Acht 2006) d’Acht 1994, i bhfo-alt (2), trí “tar éis fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil go pearsanta ar an duine ina luafar na nithe a shonraítear in alt 23A(5) nó a chur faoi deara é a sheirbheáil amhlaidh.” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“tar éis dó nó di—

(i) fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil go pearsanta ar an duine ina luafar na nithe a shonraítear in alt 23A(5) nó a chur faoi deara é a sheirbheáil amhlaidh, nó

(ii) a chur in iúl don duine go seirbheálfar an fógra sin air nó uirthi leis an bpost.”.

Fíneálacha áirithe in Acht 1994 a mhéadú.

22 .— Déantar gach foráil d’Acht 1994 a luaitear i gcolún (1) de Sceideal 2 a leasú de réir mar a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin.