|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (An tAcht um Chnuas-Mhuinisin agus Mianaigh Fhrithphearsanra 2008) | Ar Aghaidh ( CUID 2 Cnuas-Mhuinisin agus Buaimíní Pléascacha ) |
An tAcht um Chnuas-Mhuinisin agus Mianaigh Fhrithphearsanra 2008
[EN] | ||
[EN] |
CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta | |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1 .— (1) Féadfar an tAcht um Chnuas-Mhuinisin agus Mianaigh Fhrithphearsanra 2008 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire, le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. | |
Léiriú. |
2 .— (1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | |
[EN] | ciallaíonn “ cnuasmhuinisin thréigthe ” cnuasmhuinisin nó fomhuinisin phléascacha, cibé acu a ullmhaíodh iad lena n-úsáid nó nár ullmhaíodh, nár úsáideadh agus a fágadh taobh thiar nó a dumpáladh, agus nach bhfuil faoi rialú an pháirtí a d’fhág taobh thiar iad nó a dhumpáil iad a thuilleadh; | |
[EN] | ciallaíonn “ feiste frithláimhseála ” feiste a bheartaítear mar fheiste chun mianach a chosaint agus is cuid den mhianach, nó atá nasctha leis an mianach nó i gceangal leis nó leagtha faoi agus a ghníomhachtaítear nuair a dhéantar iarracht baint den mhianach nó é a chorraí ar shlí eile d’aon turas; | |
[EN] | ciallaíonn “ mianach frithphearsanra ” mianach atá deartha le go bpléascfaidh láithreacht, gaireacht nó tadhall duine é agus ar féidir dó duine amháin nó níos mó a éagumasú nó a mharú nó díobháil a dhéanamh do dhuine amháin nó níos mó; | |
[EN] | ciallaíonn “ Coinbhinsiún um Mianaigh Fhrithphearsanra a Chosc ” an Coinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú, a rinneadh in Osló an 18 Meán Fómhair 1997, agus a bhfuil an téacs de, sa Bhéarla, leagtha amach mar áis tagartha i Sceideal 2; | |
[EN] | ciallaíonn “ stát de chuid an Choinbhinsiúin um Mianaigh Fhrithphearsanra a Chosc ” stát (seachas an Stát) a dhearbhaítear le hordú faoi alt 8 a bheith ina Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún um Mianaigh Fhrithphearsanra a Chosc; | |
[EN] | ciallaíonn “ cnuasmhuinisean ” gnáthmhuinisean atá deartha chun fomhuinisin phléascacha a scaipeadh nó a scaoileadh, ar fomhuinisin iad a bhfuil meáchan gach ceann díobh faoi bhun 20 cileagram, agus folaíonn sé na fomhuinisin phléascacha sin ach ní fholaíonn sé na nithe seo a leanas: | |
[EN] | (a) muinisean nó fomhuinisean atá deartha chun fléaranna, deatach, piriteicnic nó lóchán a scaoileadh, nó muinisean atá deartha go heisiach le haghaidh róil aerchosanta; | |
[EN] | (b) muinisean nó fomhuinisean atá deartha chun éifeachtaí leictreacha nó leictreonacha a thabhairt; | |
[EN] | (c) muinisean a bhfuil, d’fhonn éifeachtaí limistéir neamh-idirdhealaitheacha, agus na contúirtí a thagann ó fhomhuinisin nár pléascadh, a sheachaint, na tréithe seo a leanas go léir aige: | |
[EN] | (i) go bhfuil líon is lú ná 10 bhfomhuinisean pléascach i ngach muinisean; | |
[EN] | (ii) gur mó ná 4 chileagram meáchan gach fomhuinisin phléascaigh; | |
[EN] | (iii) go bhfuil gach fomhuinisean pléascach deartha chun aon chuspóir sprice amháin a aimsiú agus dul i ngleic léi; | |
[EN] | (iv) go bhfuil gach fomhuinisean pléascach feistithe le meicníocht féinscriosta leictreonach; | |
[EN] | (v) go bhfuil gach fomhuinisean pléascach feistithe le gné fhéin-díghníomhachtach leictreonach; | |
[EN] | ciallaíonn an “ Coinbhinsiún ar Chnuas-Mhuinisin ” an Coinbhinsiún ar Chnuas-Mhuinisin, a rinneadh i mBaile Átha Cliath an 30 Bealtaine 2008, agus a bhfuil an téacs de, sa Bhéarla, leagtha amach mar áis thagartha i Sceideal 1; | |
[EN] | ciallaíonn “ stát de chuid an Choinbhinsiúin ar Chnuas-Mhuinisin ” stát (seachas an Stát) a dhearbhaítear le hordú faoi alt 5 a bheith ina Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún ar Chnuas-Mhuinisin; | |
[EN] | ciallaíonn “ bruscar cnuasmhuinisin ” cnuasmhuinisin ar theip orthu, cnuasmhuinisin thréigthe, fomhuinisin neamhphléasctha agus buaimíní neamhphléasctha; | |
[EN] | ciallaíonn “ scaoilteoir ” coimeádán atá deartha chun buaimíní pléascacha a scaipeadh nó a scaoileadh agus atá daingnithe d’aerárthach tráth an scaipthe nó an scaoilte; | |
[EN] | ciallaíonn “ buaimín pléascach ” gnáthmhuinisean, ar lú ná 20 cileagram a mheáchan, nach bhfuil uathghluaisteach agus a scaipeann nó a scaoileann scaoilteoir é chun go gcomhlíonfaidh sé a thasc, agus atá deartha chun go bhfeidhmeoidh sé trí lánán pléascach a mhadhmadh roimh nó ar imbhualadh nó dá éis; | |
[EN] | ciallaíonn “ fomhuinisean pléascach ” gnáthmhuinisean a scaipeann nó a scaoileann máthairmhuinisean é agus atá deartha chun go bhfeidhmeoidh sé trí lánán pléascach a mhadhmadh roimh nó ar imbhualadh nó dá éis; | |
[EN] | ciallaíonn “ cnuasmhuinisean ar theip air ” cnuasmhuinisean a caitheadh, a scaoileadh anuas, a lainseáladh, a teilgeadh nó a seachadadh ar shlí eile agus ar cheart go scaipfeadh sé nó go scaoilfeadh sé a fhomhuinisin phléascacha ach ar theip air déanamh amhlaidh; | |
[EN] | tá le “ eagraíocht idirnáisiúnta ” an bhrí chéanna atá leis in alt 1 den Acht Cosanta (Leasú) 2006; | |
[EN] | tá le “ Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe ” an bhrí chéanna atá leis in alt 1 den Acht Cosanta (Leasú) 2006; | |
[EN] | tá le “ long Éireannach ” an bhrí chéanna atá leis in alt 9 den Acht Loingis Thráchtála 1955; | |
[EN] | ciallaíonn “ mianach ” muinisean atá deartha lena leagan faoin talamh nó ar an talamh nó gar dó, nó faoi nó ar limistéar dromchla eile nó gar dó, agus atá le pléascadh trí dhuine nó feithicil a bheith ina láthair, i ngaireacht dó nó i dtadhall leis; | |
[EN] | ciallaíonn “ Aire ” an tAire Gnóthaí Eachtracha; | |
[EN] | ciallaíonn “ féin-díghníomhachtach ” muinisean a dhéanamh do-oibrithe go huathoibríoch trí ídiú do-aisiompaithe comhpháirte, ar nós cadhnra, atá riachtanach d’oibriú an mhuinisin; | |
[EN] | ciallaíonn “ meicníocht féinscriosta ” meicníocht uathfheidhmeach ionchorpraithe is meicníocht de bhreis ar phríomh-mheicníocht tionscanta an mhuinisin agus a áirithíonn scriosadh an mhuinisin ina bhfuil sí ionchorpraithe; | |
[EN] | folaíonn “ aistriú ” i ndáil le cnuasmhuinisin, buaimíní pléascacha nó mianaigh fhrithphearsanra, i dteannta gluaiseachta fisiciúla cnuasmhuinisean, buaimíní pléascacha nó mianach frithphearsanra, aistriú teidil chun cnuasmhuinisean, buaimíní pléascacha nó mianach frithphearsanra, nó aistriú rialaithe orthu, ach ní fholaíonn sé aistriú críche ina bhfuil bruscar cnuasmhuinisean nó mianaigh fhrithphearsanra shuite; | |
[EN] | ciallaíonn “ buaimín neamhphléasctha ” buaimín pléascach a scaipeadh, a scaoileadh nó a scaradh ó scaoilteoir ar shlí eile agus ar theip air pléascadh mar a beartaíodh; | |
[EN] | ciallaíonn “ fomhuinisean neamhphléasctha ” fomhuinisean pléascach a scaipeadh nó a scaoileadh ag cnuasmhuinisean, nó a scaradh uaidh ar shlí eile, agus ar theip air pléascadh mar a beartaíodh. | |
[EN] | (2) Chun críche an mhínithe ar “mianach frithphearsanra” i bhfo-alt (1), maidir le mianaigh atá deartha chun go ndéanfaidh feithicil, seachas duine, iad a mhadhmadh trí bheith ina láthair, i ngaireacht dóibh nó i dtadhall leo, agus atá feistithe le feiste frithláimhseála, ní mheasfar gur mianaigh fhrithphearsanra iad de bhrí amháin go bhfuil siad feistithe amhlaidh. | |
Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
3 .— Déanfar gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d’aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
Caiteachais. |
4 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |