|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) | Ar Aghaidh ( CUID 3 Mianaigh Fhrithphearsanra ) |
An tAcht um Chnuas-Mhuinisin agus Mianaigh Fhrithphearsanra 2008
[EN] | ||
[EN] |
CUID 2 Cnuas-Mhuinisin agus Buaimíní Pléascacha | |
Orduithe. |
5 .— Chun críocha an Achta seo, féadfaidh an tAire, le hordú, aon stát a shonraítear san ordú a ainmniú mar stát de chuid an Choinbhinsiúin Cnuas-Mhuinisean, agus beidh ordú den sórt sin ina fhianaise gur stát de chuid an Choinbhinsiúin Cnuas-Mhuinisean an stát sin. | |
Cionta. |
6 .— (1) Faoi réir alt 7, aon duine a dhéanfaidh cnuasmhuinisean nó buaimín pléascach— | |
[EN] | (a) a úsáid, | |
[EN] | (b) a fhorbairt nó a tháirgeadh, | |
[EN] | (c) a fháil, | |
[EN] | (d) a shealbhú nó a choinneáil, nó | |
[EN] | (e) a aistriú chuig duine eile, | |
[EN] | beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
[EN] | (2) Faoi réir alt 7, aon duine a chuideoidh le duine, nó a spreagfaidh nó a aslóidh duine, chun cion faoi fho-alt (1) a dhéanamh, beidh sé nó sí ciontach i gcion. | |
[EN] | (3) Tá feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le gníomh a dhéantar lasmuigh den Stát más rud é, maidir leis an ngníomh— | |
[EN] | (a) gur ar bord loinge Éireannaí a dhéantar é, | |
[EN] | (b) gur in aerárthach atá cláraithe sa Stát a dhéantar é, nó | |
[EN] | (c) gur comhalta d’Óglaigh na hÉireann a dhéanann é. | |
Iompar ceadaithe. |
7 .— (1) Níl feidhm ag alt 6 maidir leis na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) fáil, sealbhú, úsáid, coinneáil nó aistriú cnuasmhuinisin nó buaimín phléascaigh ag comhalta d’Óglaigh na hÉireann de réir údarú faoi fho-alt (2) atá i bhfeidhm, nó | |
[EN] | (b) cnuasmhuinisean nó buaimín pléascach a shealbhú, a choinneáil nó a aistriú— | |
[EN] | (i) ag comhalta d’Óglaigh na hÉireann i gcúrsa a dhualgas nó a dualgas— | |
[EN] | (I) chun an dochar a bhaint as an gcnuasmhuinisean nó as an mbuaimín pléascach sin, nó | |
[EN] | (II) chun an cnuasmhuinisean nó an buaimín pléascach sin a scriosadh sa todhchaí, | |
[EN] | (ii) ag comhalta den Gharda Síochána— | |
[EN] | (I) le linn dó nó di aon chumhacht a thugtar don chomhalta sin le dlí chun cnuasmhuinisean nó buaimín pléascach a urghabháil agus a choinneáil i dtaca le haon imeachtaí coiriúla, nó | |
[EN] | (II) d’fhonn an cnuasmhuinisean nó buaimín pléascach sin a sheachadadh ar Óglaigh na hÉireann lena scriosadh, nó | |
[EN] | (iii) ag aon duine eile arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Aire le barántas i scríbhinn, i gcúrsa dhualgais an duine sin d’fhonn an cnuasmhuinisean nó buaimín pléascach sin a sheachadadh ar Óglaigh na hÉireann lena scriosadh. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Cosanta, i gcomhairle leis an Aire, trí fhógra i scríbhinn, a údarú do Cheann Foirne Óglaigh na hÉireann— | |
[EN] | (a) faoi réir fho-alt (3), líon sonraithe cnuasmhuinisean nó buaimíní pléascacha a fháil, a choinneáil nó a aistriú chun go ndéanfaidh Óglaigh na hÉireann teicníochtaí a fhorbairt maidir le cnuasmhuinisin nó buaimíní pléascacha a aimsiú, a imréiteach nó a scriosadh, nó oiliúint sa chéanna, nó frithbhearta cnuasmhuinisean a fhorbairt, nó | |
(b) a cheadú d’Óglaigh na hÉireann líon sonraithe cnuasmhuinisean nó buaimíní pléascacha a aistriú chuig údarás iomchuí stáit de chuid an Choinbhinsiúin ar Chnuas-Mhuinisin chun iad a scriosadh. | ||
(3) Ní rachaidh an líon cnuasmhuinisean nó buaimíní pléascacha a shonrófar i bhfógra faoi mhír (a) d’fho-alt (2) thar an líon íosta is fíor-riachtanach chun na gcríoch a luaitear sa mhír sin. | ||
(4) Faoi réir fho-alt (5), níl feidhm ag alt 6(2) maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a dhéanann aon duine: | ||
(a) i gcúrsa a dhualgas nó a dualgas le linn d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe oibríochtaí a phleanáil agus a sheoladh dár thug an Stát díorma de na Buan-Óglaigh de réir alt 2 den Acht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2) 1960 agus dár thug stát nach stát de chuid an Choinbhinsiúin ar Chnuas-Mhuinisin pearsanra freisin; nó | ||
(b) le linn oibríochtaí a phleanáil nó a sheoladh in éineacht le stát nach stát de chuid an Choinbhinsiúin ar Chnuas-Mhuinisin agus é nó í ag comhlíonadh dualgas mar ionadaí míleata nó ag líonadh ceapacháin nó postaithe lasmuigh den Stát, lena n-áirítear iasachtaí chuig aon eagraíocht idirnáisiúnta, de réir alt 3(1)(a) den Acht Cosanta (Leasú) 2006. | ||
(5) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (4) mar ní a cheadaíonn do dhuine, i gcúrsa na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin, a iarraidh go sainráite go n-úsáidfear cnuasmhuinisin i gcásanna a bhfuil rogha na muinisean a úsáidfear faoina rialú go heisiach. |