|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Mianaigh Fhrithphearsanra ) | Ar Aghaidh ( CUID 5 Pionóis agus Forálacha Ilghnéitheacha ) |
An tAcht um Chnuas-Mhuinisin agus Mianaigh Fhrithphearsanra 2008
[EN] | ||
[EN] |
CUID 4 Airgead Poiblí a Infheistiú | |
Mínithe (Cuid 4). |
11 .— Sa Chuid seo— | |
[EN] | ciallaíonn “ comhpháirteanna ” comhpháirteanna a dearadh go sonrach lena n-úsáid i muinisin thoirmiscthe; | |
[EN] | ciallaíonn “ infheisteoir ” duine nó comhlacht atá freagrach as airgead poiblí, is le hAire den Rialtas, a infheistiú; | |
[EN] | ciallaíonn “ cuideachta mhuinisean ” cuideachta atá ag gabháil do mhuinisin thoirmiscthe nó do chomhpháirteanna toirmiscthe a mhonarú; | |
[EN] | ciallaíonn “ muinisean toirmiscthe ” cnuasmhuinisean, buaimín pléascach nó mianach frithphearsanra; | |
[EN] | ciallaíonn “ airgead poiblí ” airgead arna sholáthar ag an Oireachtas as an Lár-Chiste, nó as a thoradh fáis. | |
Dualgas infheisteoirí infheistíocht i gcuideachta mhuinisean a sheachaint. |
12 .— (1) Maidir le haon ní in aon achtachán lena n-údaraítear airgead poiblí a infheistiú, ní mheasfar aon infheistíocht, díreach nó neamhdhíreach, i gcuideachta mhuinisean a bheith á húdarú leis. | |
[EN] | (2) D’ainneoin aon achtacháin eile, féachfaidh infheisteoir, i gcomhlíonadh aon fheidhme a thugtar dó le haon achtachán nó faoi aon achtachán, le hinfheistíocht airgid phoiblí i gcuideachta mhuinisean a sheachaint. | |
[EN] | (3) Le linn dul i mbun an chuspóra a leagtar amach i bhfo-alt (2), beidh aird ag infheisteoir ar na hábhair a leagtar amach sa Chuid seo. | |
Infheistíocht dhíreach i gcuideachta mhuinisean. |
13 .— (1) Féachfaidh infheisteoir le hinfheistíocht dhíreach airgid phoiblí in urrúis chothromais nó i bhfiachurrúis arna n-eisiúint ag cuideachta mhuinisean a sheachaint. | |
[EN] | (2) I gcás go ndéantar airgead poiblí a infheistiú go díreach i gcuideachta, is cuideachta mhuinisean nó a thagann chun bheith ina cuideachta mhuinisean— | |
[EN] | (a) deimhneoidh an t-infheisteoir dó féin go bhfuil beartaithe ag an gcuideachta scor dá rannpháirtíocht i monarú muinisean nó comhpháirteanna toirmiscthe, nó | |
[EN] | (b) scarfaidh an t-infheisteoir lena infheistíocht sa chuideachta sin ar mhodh ordúil. | |
Infheistíocht neamhdhíreach i gcuideachta mhuinisean. |
14 .— (1) Déanfaidh infheisteoir infheistíocht airgid phoiblí i ngnóthais chomhinfheistíochta nó i dtáirgí infheistíochta a sheachaint mura rud é, tar éis dó gach dícheall a dhéanamh, gur deimhin leis an infheisteoir nach bhfuil dóchúlacht shuntasach ann go ndéanfar an t-airgead poiblí a infheistiú i gcuideachta mhuinisean. | |
[EN] | (2) I gcás go ndéantar airgead poiblí a infheistiú i ngnóthas comhinfheistíochta nó i dtáirge infheistíochta a dhéanann an t-airgead sin a infheistiú i gcuideachta, is cuideachta mhuinisean nó a thagann chun bheith ina cuideachta mhuinisean— | |
[EN] | (a) deimhneoidh an t-infheisteoir dó féin— | |
[EN] | (i) go bhfuil beartaithe ag an gcuideachta scor dá rannpháirtíocht i monarú muinisean nó comhpháirteanna toirmiscthe, nó | |
[EN] | (ii) go bhfuil beartaithe ag an ngnóthas comhinfheistíochta nó ag an táirge infheistíochta scaradh lena infheistíocht sa chuideachta, | |
[EN] | agus nach bhfuil dóchúlacht shuntasach ann go ndéanfaidh an gnóthas comhinfheistíochta nó an táirge infheistíochta airgead poiblí a infheistiú i gcuideachta mhuinisean athuair, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (b) a mhéid is féidir, agus aon oibleagáid chonarthach atá glactha air féin aige á cur i gcuntas, scarfaidh an t-infheisteoir lena infheistíocht sa ghnóthas comhinfheistíochta nó sa táirge infheistíochta sin ar mhodh ordúil. | |
Díorthaigh bunaithe ar innéacs airgeadais. |
15 .— Ní chuirfidh aon ní sa Chuid seo cosc ar infheisteoir conradh a dhéanamh i leith ionstraimí díorthacha airgeadais bunaithe ar innéacs airgeadais. |