An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 Airgead Poiblí a Infheistiú ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 An Coinbhinsiún ar Chnuas-Mhuinisin )

20 2008

An tAcht um Chnuas-Mhuinisin agus Mianaigh Fhrithphearsanra 2008

CUID 5

Pionóis agus Forálacha Ilghnéitheacha

Faisnéis a sholáthar.

16 .— (1) Féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine a bhfuil cúis aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil faisnéis nó doiciméid ag an duine sin atá ábhartha—

(a) maidir le forfheidhmiú Chuid 23 den Acht seo, nó

(b) maidir leis an Stát do chomhlíonadh oibleagáide faoi Airteagal 7 nó 8 den Choinbhinsiún Cnuas-Mhuinisean nó Airteagal 7 nó 8 den Choinbhinsiún um Mianaigh Fhrithphearsanra a Chosc,

an fhaisnéis nó na doiciméid a sholáthar don Aire laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra.

(2) (a) Déanfar fógra faoi fho-alt (1) a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm, agus féadfar é a sheirbheáil ar an duine nó a thabhairt dó nó di ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(i) trína sheachadadh ar an duine;

(ii) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin; nó

(iii) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, chuig an seoladh sin.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó.

(3) Aon duine—

(a) a mhainníonn déanamh de réir ceanglais faoi fho-alt (1), nó

(b) mar fhreagra ar an gceanglas sin, a sholáthraíonn go feasach nó go meargánta faisnéis nó doiciméid atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha don Aire,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Pionóis.

17 .— Aon duine atá ciontach i gcion faoi alt 69 den Acht seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €1,000,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Dliteanas i leith cionta arna ndéanamh ag comhlacht corpraithe.

18 .— (1) I gcás go ndéanann comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthaítear go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine ba stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den tsamhail sin de chuid an chomhlachta chorpraithe é nó í nuair a rinneadh an cion, nó duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion a rinne an comhlacht corpraithe.

(2) I gcás gurb iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a bhainistíonn gnóthaí comhlachta chorpraithe, tá éifeacht le fo-alt (1) amhail is dá bhfolódh “stiúrthóir” comhalta den chomhlacht corpraithe.

Forghéilleadh.

19 .— (1) I gcás go gciontaítear duine i gcion faoi alt 69, aon ní a úsáideadh chun an cion a dhéanamh, nó i dtaca leis an gcion a dhéanamh, forghéillfear don Stát é agus, más cnuasmhuinisean, buaimín pléascach nó mianach frithphearsanra an ní, déanfar é a sheachadadh ar Óglaigh na hÉireann lena scriosadh.

(2) I gcás go bhfuil cnuasmhuinisean, buaimín pléascach nó mianach frithphearsanra le seachadadh ar Óglaigh na hÉireann lena scriosadh faoi fho-alt (1), déanfaidh an chúirt, mura deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don duine ciontaithe na costais agus na caiteachais a íoc, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhóidh Óglaigh na hÉireann i ndáil leis an scriosadh sin a shocrú.

(3) Maidir le hordú i leith costas agus caiteachas faoi fho-alt (2), is ordú é i dteannta aon fhíneála nó pionóis a d’fhéadfadh an chúirt a fhorchur faoi alt 17 agus ní ina hionad nó ina ionad.