Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL )

24 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 2008


AN tACHT UM MÓTARFHEITHICLÍ (DLEACHTANNA AGUS CEADÚNAIS) (UIMH. 2) 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Feidhm ailt 3 go 5.

3 . Leasú ar Chuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

4 . Leasú ar Chuid II den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

5 . Leasú ar alt 21(3) d’Acht 1992.

6 . Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí) 1952

1952, Uimh. 24

An tAcht Airgeadais 1992

1992, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 1992

1992, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais 2008

2008, Uimh. 3

An tAcht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2008

2008, Uimh. 5

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961

1961, Uimh. 24

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 2008


AN tACHT UM MÓTARFHEITHICLÍ (DLEACHTANNA AGUS CEADÚNAIS) (UIMH. 2) 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA AIRGEADAIS (DLEACHTA MÁIL) (FEITHICLÍ) 1952 AGUS AN ACHTA AIRGEADAIS (UIMH. 2) 1992 I LEITH DLEACHTANNA NÓ CEADÚNAS ÁIRITHE ATÁ INTOIBHITHE NÓ INEISITHE FAOI NA hACHTANNA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[22 Nollaig, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí) 1952;

ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 1992;

ciallaíonn “Acht 2008” an tAcht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2008.

Feidhm ailt 3 go 5.

2 .— Tá feidhm ag ailt 3 go 5 maidir le ceadúnais arna dtógáil amach, faoi alt 1 d’Acht 1952 nó, de réir mar a bheidh, faoin bhforáil lena mbaineann d’Acht 1992, ar feadh tréimhsí dar tosach an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

Leasú ar Chuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

3 .— Leasaítear an Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chuid I (arna cur isteach le hAcht 2008) den Sceideal céadluaite.

Leasú ar Chuid II den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

4 .— Leasaítear Cuid II den Sceideal (arna leasú le hAcht 2008) a ghabhann le hAcht 1952—

(a) i mír 1 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “astaíochtaí CO2” (arna chur isteach le halt 5(a) d’Acht 2008):

“tá le ‘astaíochtaí CO2’ an bhrí chéanna atá leis in alt 130 (arna leasú le halt 78 den Acht Airgeadais 2008) den Acht Airgeadais 1992;”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 5:

“5. I gcás go ndeimhneoidh an t-iarratasóir ar cheadúnas faoi alt 1 den Acht seo don údarás ceadúnúcháin maidir leis an bhfeithicil ar ina leith a iarrtar an ceadúnas go ndearnadh í breis agus 30 bliain roimh thosach na tréimhse a bhfuil an ceadúnas á iarraidh ina leith, is é an ráta dleachta bliantúil, d'ainneoin Chuid I den Sceideal seo—

(a) €22 más rud é, ar leith ón mír seo, go mbeadh feidhm ag mír 1 de Chuid I den Sceideal seo maidir leis an bhfeithicil, agus

(b) €48 i leith aon fheithicle eile.”.

Leasú ar alt 21(3) d’Acht 1992.

5 .— Leasaítear alt 21 (arna leasú le hAcht 2008) d’Acht 1992 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3):

“(3) (a) Déanfar dleacht mháil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnas trádála arb é a bheidh ann—

(i) i gcás ceadúnais lena thaispeáint ar ghluaisrothar agus ar ghluaisrothar amháin, €51,

(ii) i gcás ceadúnais lena thaispeáint ar aon fheithicil eile agus uirthi sin amháin, €305.

(b) Déanfar dleacht mháil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnas trádála arna eisiúint in ionad ceadúnais trádála a cailleadh, a goideadh nó a díothaíodh, arb é a bheidh ann—

(i) i gcás ceadúnais lena thaispeáint ar ghluaisrothar agus ar ghluaisrothar amháin, €33,

(ii) i gcás ceadúnais lena thaispeáint ar aon fheithicil eile agus uirthi sin amháin, €74.”.

Gearrtheideal.

6 .— Féadfar an tAcht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) (Uimh. 2) 2008 a ghairm den Acht seo.