|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( SCEIDEAL 1 Ráitis a bheidh faoi Phribhléid Shrianta ) |
An tAcht um Chlúmhilleadh 2009
[EN] | ||
[EN] |
SCEIDEAL 2 Na Ceanglais Íosta i nDáil le Comhairle an Phreasa | |
[EN] | Alt 44. | |
[EN] | 1. Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bheidh i gComhairle an Phreasa. | |
[EN] | 2. Is iad príomhchuspóirí Chomhairle an Phreasa— | |
[EN] | (a) a chinntiú go gcosnófar saoirse an phreasa chun tuairimí a nochtadh, | |
[EN] | (b) leas an phobail a chosaint trína chinntiú go ndéanann an preas tuairisciú eiticiúil, cruinn agus fírinneach, | |
[EN] | (c) caighdeáin áirithe íosta eiticiúla agus gairmiúla a chothabháil i measc an phreasa, | |
[EN] | (d) a chinntiú go ndéantar príobháideacht agus dínit na pearsan aonair a chosaint. | |
[EN] | 3. Beidh Comhairle an Phreasa neamhspleách ag comhlíonadh a feidhmeanna di. | |
[EN] | 4. Beidh úinéir aon tréimhseacháin a scaiptear sa Stát nó i gcuid den Stát i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Chomhairle an Phreasa | |
[EN] | 5. (1) Is é 13 an líon stiúrthóirí a bheidh ar Chomhairle an Phreasa, a mbeidh— | |
[EN] | (a) 7 díobh ina stiúrthóirí (dá ngairtear “stiúrthóirí neamhspleácha leasa pobail” sa Sceideal seo) a bheidh ionadaitheach do leas an phobail, | |
[EN] | (b) 5 díobh ina stiúrthóirí a bheidh ionadaitheach do leasanna úinéirí agus foilsitheoirí tréimhseachán, | |
[EN] | (c) aon duine amháin acu ina stiúrthóir a bheidh ionadaitheach do leasanna iriseoirí. | |
[EN] | (2) Déanfar duine amháin de stiúrthóirí neamhspleácha leasa pobail Chomhairle an Phreasa a cheapadh mar chathaoirleach ar Chomhairle an Phreasa. | |
[EN] | 6. (1) Beidh na stiúrthóirí neamhspleácha leasa pobail— | |
[EN] | (a) ina ndaoine a bhfuil dea-cháil orthu i measc an phobail, | |
[EN] | (b) ina ndaoine atá neamhspleách— | |
[EN] | (i) ar leasanna úinéirí agus foilsitheoirí tréimhseachán, agus | |
[EN] | (ii) ar leasanna iriseoirí, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (c) ina ndaoine arna roghnú lena gceapadh mar stiúrthóirí neamhspleácha leasa pobail— | |
[EN] | (i) ag rolla daoine atá, i dtuairim an Aire, neamhspleách ar na leasanna dá dtagraítear i mír 5(1)(b) agus (c), | |
[EN] | (ii) de réir próisis roghnóireachta atá fógartha do dhaoine den phobal ar mhodh is dóigh leis an Aire a bheith leordhóthanach. | |
[EN] | (2) Déanfar na critéir chun daoine a roghnú lena gceapadh mar stiúrthóirí neamhspleácha leasa pobail a fhoilsiú ar cibé modh a chumasóidh do dhaoine den phobal iad a iniúchadh. | |
[EN] | 7. (1) Déanfar Comhairle an Phreasa a mhaoiniú as síntiúis arna n-íoc ag comhaltaí de Chomhairle an Phreasa arna ríomh de réir cibé rialacha a dhéanfaidh Comhairle an Phreasa chun na críche sin. | |
[EN] | (2) Ní ghlacfaidh Comhairle an Phreasa le bronntanais ná le maoiniú ó aon duine seachas síntiúis dá dtagraítear i bhfomhír (1). | |
[EN] | 8. (1) Beidh údarás ag Comhairle an Phreasa gearáin maidir le hiompar a comhaltaí a ghlacadh, a éisteacht agus a chinneadh. | |
[EN] | (2) Ceapfaidh Comhairle an Phreasa duine (dá ngairtear “Ombudsman an Phreasa” san Acht seo) chun gearáin arna ndéanamh chuig Comhairle an Phreasa maidir le hiompar a comhaltaí a imscrúdú, a éisteacht agus a chinneadh. | |
[EN] | 9. (1) Maidir leis na nósanna imeachta chun gearán chuig Ombudsman an Phreasa a imscrúdú, a éisteacht agus a chinneadh— | |
[EN] | (a) déanfar socrú leo, i gcás gur cuí sin, chun an ní a réiteach ar shlí dhlúsúil neamhfhoirmiúil idir an gearánach agus an comhalta de Chomhairle an Phreasa ar ina leith a rinneadh an gearán, | |
[EN] | (b) déanfar socrú leo le haghaidh cinnidh ó Ombudsman an Phreasa ar an ní, i gcás go bhfuil teipthe ar gach iarracht réasúnach arna déanamh de réir chlásal (a) i ndáil leis an ní, | |
[EN] | (c) déanfar socrú leo le haghaidh an comhalta de Chomhairle an Phreasa ar ina leith a rinneadh an gearán do dhéanamh gníomh leigheasta arb éard é aon cheann nó gach ceann de na gníomhartha seo a leanas: | |
[EN] | (i) cibé comhaltaí de Chomhairle an Phreasa, a ordóidh Ombudsman an Phreasa, d’fhoilsiú bhreith an Ombudsman i cibé foirm agus ar cibé modh a ordóidh sé nó sí; | |
[EN] | (ii) ceartúchán ar fhíorais mhíchruinne nó ar fhaisnéis mhíchruinn a bhaineann leis an ngearánach a fhoilsiú ar mhodh a thabharfaidh suntasacht chuí don cheartúchán san fhoilseachán lena mbaineann; | |
[EN] | (iii) tarraingt siar a fhoilsiú i ndáil leis an ábhar a ndearnadh gearán ina leith; nó | |
[EN] | (iv) cibé gníomh eile is cuí leis an Ombudsman sna himthosca. | |
[EN] | (2) Féadfar achomharc a dhéanamh chuig Comhairle an Phreasa maidir le cinneadh ó Ombudsman an Phreasa i ndáil le gearán. | |
[EN] | (3) I gcás go dtionscnófar achomharc i gcoinne chinneadh Ombudsman an Phreasa, is iad stiúrthóirí Chomhairle an Phreasa a chinnfidh é. | |
[EN] | (4) Maidir le cinneadh ó Chomhairle an Phreasa ar achomharc i gcoinne cinnidh ó Ombudsman an Phreasa, foilseoidh cibé comhaltaí de Chomhairle an Phreasa a ordóidh stiúrthóirí Chomhairle an Phreasa é agus sin i cibé foirm agus ar cibé modh a ordóidh siad. | |
[EN] | 10. Glacfaidh Comhairle an Phreasa cód caighdeán ina sonrófar na caighdeáin nach foláir cloí leo, agus na rialacha agus na cleachtais nach foláir do chomhaltaí Chomhairle an Phreasa a chomhlíonadh, lena n-áirítear— | |
[EN] | (a) caighdeáin agus cleachtais eiticiúla, | |
[EN] | (b) rialacha agus caighdeáin trína mbeartaítear cruinneas tuairisceoireachta a chinntiú i gcás gur dóigh go ndéanfaí difear do dhea-chlú duine, agus | |
[EN] | (c) rialacha agus caighdeáin trína mbeartaítear a chinntiú nach dtarlóidh imeaglú ná ciapadh daoine agus gon-urramófar príobháideacht, ionracas agus dínit an duine. |