7 1923

Uimhir 7.


ACHT PRÍMH-CHISTE (Uimh. 1), 1923.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN t-AONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE, NAOI gCÉAD, A TRÍ FICHEAD AGUS MÍLE, NAOI gCÉAD, A CEATHAIR FICHEAD. [28adh Márta, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

£692,914 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1923.

1. —Féadfaidh an t-Aire Airgid suim Sé Chéad Míle Dhá Mhíle déag is Cheithre Fichid Míle Naoi gCéad agus Cheithre Púint déag do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus é do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle, naoi gcéad, a trí fichead.

£14,099,174 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste chun seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1924.

2. —Féadfaidh an t-Aire Airgid suim Cheithre Milleoin déag Naoi Míle déag is Cheithre Fichid Míle Céad agus Cheithre Púint déag is Trí Fichid do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus é do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonfar i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle, naoi gcéad a ceathair fichead.

Comhacht an Aire Airgid chun iasacht d'fháil.

3. —(1) Féadfaidh an t-Aire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Cheithre Milleoin déag Seacht gCéad Míle is Dhá Mhíle dhéag is Cheithre Fichid Míle agus Ocht bPúint is Cheithre Fichid d'fháil ar iasacht ó aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire Airgid ar chreidiúint na suimeanna roimhráite agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an t-Aire Airgid pé urúsanna ar a mbeidh an ráta úis sin agus a bheidh do réir na gcoiníollacha san i dtaobh aisig, fuaiscailte no aon ní eile is oiriúnach leis do bhunú agus do thabhairt amach.

(2) Cuirfear mar mhuirear ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis bun-airgead agus ús aon urúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus na costaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhartha amach na n-urús san.

(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfear é i leith chúntais an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Ceartuithe leis an Stát-Chiste Briotáineach

4. —Cuirfear ar an bPrímh-Chiste no a thora fáis muirear agus íoc pé suime no suimeanna is gá chun na ceartuithe do dhéanamh leis an Stát-Chiste Briotáineach go bhfuil forálacht 'na gcóir in Alt 5 den Ordú um an Rialtas Sealadach (Aistriú Feidhmeanna), 1922, agus in Airtiogal 74 de Bhun-reacht Shaorstáit Éireann.

Gearr-Theideal.

5. —Féadfar Acht an Phrímh-Chiste (Uimh. 1), 1923, do ghairm den Acht so.