An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923) Ar Aghaidh (CUID II. Claru.)

12 1923

ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923

CUID I.

Reacht-shaoirse.

Reacht-shaoirse na Dála.

1. —(1) Gach duine idir fireann agus buineann atá ina shaoránach de Shaorstát Éireann agus 'na bhfuil bliain is fiche slán aige agus ná fuil fé aon mhí-chumas dlí de dheascaibh an Achta so ná de dheascaibh éinní eile beidh sé i dteideal a chláruithe uair amháin mar dháil-toghthóir in aon dáilcheanntar i Saorstát Éireann agus in aon dáil-cheanntar amháin.

(2) Féadfar gach duine den tsórt san roimh-ráite do chlárú mar dháil-toghthóir in aon cheann de sna dáilcheanntair seo leanas, eadhon:—

(a) an dáilcheanntar ina mbeidh gnáth-chomhnuí air ar an dáta tástála; no

(b) an dáilcheanntar ina mbeidh sé i seilbh áruis ghnótha ar an dáta tástála; no

(c) an dáilcheanntar príomh-scoile ina mbeidh an phríomhscoil ina bhfuair sé céim nách céim oinigh, no, i gcás Príomh-scoile Bhaile Atha Cliath ina bhfuair sé céim den tsórt san roimh-ráite no inar bhuaidh sé scoláireacht bhunathachta, no, más bean an duine sin, inar bhuaidh sí scoláireacht nách scoláireacht bhunathachta.

(3) Cialluíonn an abairt “árus gnótha” san alt so talamh, foirgnimh no árus eile a sealbhuítear, i gcóir gnótha, gairme no céirde an duine atá le clárú agus nách lú ná deich bpúint a luach ionrátuithe, agus foluíonn sí cuid de thigh no d'fhoirgneamh eile.

I gcás aon árus gnótha den tsórt san do bheith gan luacháil ar leithligh do bheith déanta air tuigfar gurb é is luach ionrátuithe dho ná an méid is dó leis an oifigeach clárathachta ba luach ionrátuithe dho dá ndintí luacháil ar leithligh air.

(4) I gcás árus gnótha do bheith ar có-sheilbh ag beirt no níos mó, déanfar gach duine de sna có-shealbhóirí d'áireamh, chun crícheanna an Achta so, mar dhuine i seilbh an áruis, ach:—

(a) ní foláir gan luach iomlán an áruis ghnótha do bheith fé bhun an mhéide a gheofaí de bharr deich bpúint do mhéadú fé uimhir na gcó-shealbhóirí, agus

(b) ní bheidh thar beirt chó-shealbhóirí i dteideal a gcláruithe i dtaobh an aon áruis ghnótha amháin maran páirtithe iad atá ag gabháil go bona fide dá ngairm, dá gcéird no dá ngnó san árus gnótha.

(5) Dá mbeadh duine i dteideal a chláruithe fén bhfo-alt so mar dháil-toghthóir i mbreis agus aon dáilcheanntar amháin féadfa sé rogha do dhéanamh d'aon cheann de sna dáilcheanntair sin chun é do chlárú ann.

(6) Aon bhall d'fhórsa cosanta Shaorstáit Éireann a bheidh ar lán-tuarastal agus ina chomhnuí in aon bheairic no in aon fhoirgneamh no in aon áit eile is le Rialtas Shaorstát Éireann no a bheidh soláthruithe ag an Rialtas san, ní tabharfar déanamh do mar dhuine ina ghnáth-chomhnuí sa bheairic, sa bhfoirgneamh no san áit sin ná mar dhuine i seilbh an chéanna i gcóir a chéirde, a ghairme no a ghnótha laistigh de bhrí an ailt seo, ach, chun crícheanna an ailt seo, tuigfar gnáth-chomhnuí do bheith air, ar an dáta tástála, sa dáilcheanntar ina mbeadh gnáth-chomhnuí air ar an dáta tástála mara mbeadh a sheirbhís.

(7) Má dhineann aon bhall d'fhórsa cosanta Shaorstáit Éireann, sa bhfuirm a bheidh orduithe, ráiteas a fíorfar ar an gcuma a bheidh orduithe, go mbeadh gnáth-chomhnuí air i ndáilcheanntar áirithe ar an dáta tástála mara mbeadh a sheirbhís, beidh an ráiteas san ina fhianaise dho-chlaoite ar an ní sin do bheith amhlaidh mara dtabharfar fianaise ina choinnibh sin.

(8) Einne bheidh ar fostú tuarastail i dtigh, i gcuid de thigh no in aon árus eile, ní tabharfar déanamh do mar dhuine i seilbh an chéanna dá chionn san i gcóir a chéirde, a ghairme no a ghnótha laistigh de bhrí an ailt seo.

(9) Einne is iostaí no othar in aon phríosún, gealtlann, tigh oibre, tigh do bhochtaibh, no aon fhúndúireacht eile den tsórt san, ní tabharfar déanamh do dá chionn san mar dhuine ina ghnáth-chomhnuí sa chéanna ná mar dhuine i seilbh an chéanna laistigh de bhrí an ailt seo.

Toghthóirí Seanaid.

2. —Gach duine idir fireann agus buineann atá ina shaoránach de Shaorstát Éireann agus 'na bhfuil deich mbliana fichead slán aige agus ná fuil fé aon mhí-chumas dlí pe'ca de dheascaibh an Achta so no de dheascaibh éinní eile é, beidh sé i dteideal a chláruithe mar thoghthóir Sheanaid sa dáilcheanntar ina bhfuil sé cláruithe mar Dháil-toghthóir.

Ceart vótála an duine chláruithe.

3. —(1) Gach duine a bheidh cláruithe mar Dháil-toghthóir do dháilcheanntar ar bith, faid a bheidh sé cláruithe amhlaidh beidh sé i dteideal vótála i ngach toghachán Dála don dáilcheanntar san, agus fós chun vótála sa dáilcheanntar san i ngach Referendum.

(2) Gach duine a bheidh cláruithe mar thoghthóir Sheanaid i ndáilcheanntar ar bith, faid a bheidh sé cláruithe amhlaidh beidh sé i dteideal vótála sa dáilcheanntar san i ngach toghachán Seanaid.

Forálacha i dtaobh mí-cháilíochtanna.

4. —(1) Ní cuirfear éinne as teideal a chláruithe, ná as teideal chun vótáil mar thoghthóir Dála no Seanaid, ná as teideal chun vótáil i Referendum, toisc fóirithin na mbocht no déarc eile a bheith glactha aige féin no ag duine éigin eile 'na bhufil sé freagarthach ina choimeád suas.

(2) Éinne atá fé aon mhí-chumas dlí ná leigeann é do chlárú no ná leigeann do vótáil mar thoghthóir Dála ná Seanaid, ná vótáil i Referendum, ní bronnfar air le héinní dá bhfuil san Acht so aon cheart chun a chláruithe ná chun vótála mar sin ach amháin mar a foráltar ann go soiléir.

(3) Ní cuirfear éinne as teideal chun vótáil in aon toghachán mar thoghthóir Dála no Seanaid toisc é do bheith i bhfostuíocht ar díoluíocht ag iarrthóir no thar ceann iarrthóra sa toghachán san chó fada agus is fostuíocht dleathach í.

Ní clárófar ná ní vótálfaidh póilíní.

5. —Ní féadfar aon bhall ar lán-tuarastal d'aon fhórsa Póilineachta do chlárú mar thoghthóir Dála ná Seanaid, ná ní fhéadfaidh a leithéid vótáil in aon toghachán Dála ná Seanaid ná i Referendum.

An lá tástála.

6. —An 15adh lá de Dheire Foghmhair, 1922, an lá tástála i gcóir an chéad chláir a hullamhófar fén Acht so agus an 15adh lá de Shamhain an lá tástála i gcóir gach cláir ina dhiaidh sin.

Aos toghthóra do dhéanamh amach.

7. —Chun crícheanna an Achta so, áireofar mar aos do dhuine an t-aos a bheidh aige—

(a) An 15adh lá de Dheire Foghmhair, 1922, i gcás an chéad chláir a hullamhófar fén Acht so.

(b) An 15adh lá de Shamhain, eadhon, an lá tástála, i gcás aon chláir i ndiaidh an chéad chláir.