An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. OIRIUNU ACHTACHAN AGUS CO-SHOCRUITHE.) Ar Aghaidh (CUID V. ILGHNEITHEACH.)

20 1923

ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1923

CUID IV.

ARACHAS SLAINTE NAISIUNTA DO CHUR I mBAINT LE SAIGHDIUIRI GEARR-SHEIRBHISE.

Síntiúisí ar son Saighdiúirí.

20. —(1) Chun sochair den tsórt a luaidhtear sa Chuid seo den Acht so do sholáthar do shaighdiúirí le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ar feadh téarma a seirbhíse agus tar éis fille thar n-ais dóibh ar a ngnáth-shaol, íocfaidh an tAire Cosanta leis na Coimisinéirí Arachais as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas, suim cheithre phingne agus leath-phingne sa tseachtain ar son

(a) gach saighdiúra a bhí no a bheidh ina bhall de Chumann Cheaduithe Éireannach no Briotáineach ar dháta a liostála;

(b) gach saighdiúra ná raibh ina bhall de Chumann Cheaduithe ar dháta a liostála ach, toisc comhnaí do bheith air i Saorstát Éireann sarar liostáladh é, a shocróidh ar bheith, agus a bheidh, ina bhall de Chumann Cheaduithe i Saorstát Éireann, no, toisc comhnaí do bheith air sa Bhreatain Mhóir sarar liostáladh é, a shocróidh ar bheith agus a bheidh ina bhall de Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta), ach go socróidh sé amhlaidh agus go ndéanfaidh ball den Chumann no den Chiste sin de laistigh de thrí mhí tar éis rithte an Achta so no tar éis dáta a liostála, pe'ca aca is déanaí.

(2) Na suimeanna seachtainiúla de cheithre phingine agus leath-phingne is iníoctha fén bhfo-alt deiridh sin, tosnófar ar iad d'íoc

(a) ón ladh lá d'Abrán, 1922, i gcás saighdiúra do liostáil roimh an dáta san agus a bhí ina bhall de Chumann Cheaduithe Éireannach no Briotáineach ar dháta a liostála;

(b) ó dháta a liostála i gcás saighdiúra do liostáil tar éis an ladh lá d'Abrán, 1922, agus a bhí no a bheidh ina bhall de Chumann Cheaduithe Éireannach no Briotáineach ar dháta a liostála;

(c) ón 3adh lá d'Iúl, 1922, no ó dháta a liostála, pe'ca aca is déanaí, i gcás saighdiúra do liostáil roimh rith an Achta so agus ná raibh ina bhall de Chumann Cheaduithe Éireannach no Briotáineach ar dháta a liostála ach go ndéanfar de go cuibhe ball de Chumann Cheaduithe i Saorstát Éireann no de Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) do réir an fho-ailt deiridh sin;

(d) ó dháta a liostála i gcás saighdiúra a liostálfaidh tar éis rithte an Achta so agus ná beidh ina bhall de Chumann Cheaduithe Éireannach ná Briotáineach ar dháta a liostála ach go ndéanfar de go cuibhe ball de chumann Cheaduithe i Saorstát Éireann no de Chiste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta) do réir an fho-ailt deiridh sin.

(3) Déanfar amach ar pé cuma a shocróidh na Coimisinéirí Arachais agus an t-Aire Cosanta eatorra féin cadé an méid daoine 'na ndéanfar íocaíochtanna ar a son fé sna forálacha roimhe seo den alt so, agus na suimeanna a íocfar fé sna forálacha san íocfar iad leis na Coimisinéirí Arachais ar pé cuma agus ar pé dátaí i ngach bliain a réiteóidh na Coimisinéirí Arachais agus an t-Aire Cosanta eatorra.

(4) Saighdiúir do liostáladh roimh aois a shé bliana déag, ní bhainfidh an t-alt so leis go dtí go sroisfidh sé an aois sin, agus ar shroisint na h-aoise sin do bainfidh an t-alt san leis fé mar a liostálfí é ar shroisint na haoise sin do.

(5) In ainneoin éinní contrárdha do sna hAchtanna, aon tsaighdiúir do bhí no a bheidh ina Shíntiúsaire Taisce ar dháta a liostála agus ná ceanglóidh le Cumann Ceaduithe i Saorstát Éireann laistigh de thrí mhí tar éis an dáta san no, i gcás saighdiúra do liostáladh roimh rith an Achta so, laistigh de thrí mhí tar éis rithte an Achta so, áireófar é mar dhuine do scuir de bheith ina dhuine fé árachas ar dháta a liostála ach ar a scur ón arm, no ar fháil bháis do má fhaghann sé bás agus é ina shaighdiúir, áireófar é arís mar dhuine a bhí ina Shíntiúsaire Taisce, agus an farasbarr do bhí i gcreidiúint dá chuntas i gCiste na Sintiúisí Taisce ar dháta a liostála cuirfear thar n-ais é i gcreidiúint dá chuntas sa Chiste sin.

Saighdiúirí d'áireamh mar shíntiúsairí fostuithe.

21. —Aon tsaighdiúir go n-íocfaidh an t-Aire Cosanta ar a shon suim cheithre pingne agus leath-phingne sa tseachtain fé fhorálacha na coda so den Acht so, déanfar, gan dochar do sna hatharuithe seo a leanas, é d'áireamh mar shíntiúsaire fostuithe go dtí go scuirfear ón arm é:—

(a) Na suimeanna a íocfaidh an t-Aire Cosanta gach seachtain áireofar iad chun gach críche mar íocaíochtanna síntúisí do réir an ráta fostaíochta.

(b) Beidh sé i dteideal sochair Mháithreachais ach ní beidh sé i dteideal sochair Bhreoiteachta, Dí-nirt náSanatorium

(c) Marar dhuine fé árachas é ar dháta a liostála, áireofar mar dháta a theacht fé árachas an dáta ar ar liostáladh é mar shaighdiúir no, má liostáladh é roimh rith an Achta so, an dáta ar ar thosnuigh na suimeanna seachtainiúla ar bheith iníoctha ag an Aire Cosanta ar a shon fén gCuid seo den Acht so.

(d) Cuirfear i gcreidiúint don Chumann Cheaduithe no don Chiste dar ball é suim is có-mhé d le cúig phingne agus leath-phingne in aghaidh gach síntiúis sheachtaine a bheidh íoctha, agus áireofar suim is có-mhéid léi a bheith caithte ar shochair, agus íocfar dá réir an cothrom ceart di as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas.

Luíodú sochar i gcás daoine i dteideal pinsean mar gheall ar dhíneart.

22 —Féadfaidh na Coimisinéirí Arachais rialacháin do dhéanamh—

(a) chun luíodú do dhéanamh, pé méid agus ar feadh pé a msir is dó leo is riachtanach, ar mhéid an tsochair Bhreoiteachta no Dhí-nirt 'na mbeidh aon duine-fé-árachas i dteideal chuige mar gheall ar a árachas fé sna hAchtanna, sé sin, duine do thug seirbhís uaidh ina shaighdiúir agus gur deonadh do, ar a scur ón arm, pinsean mar gheall ar dhí-neart d'eirigh do de dheascaibh a sheirbhíse;

(b) chun sochar Breóiteachta no Dí-nirt do réir an ráta nea-luíoduithe d'íoc, go dtí go socró ar éileamh aon duine den tsórt san chun pinsin, agus chun aon tsuimeanna a íocadh sa mbreis ar an gceart do dheascaibh na luíoduithe sin d'fháil thar n-ais tré luíodú do dhéanamh ar aon tsochair a bheidh iníoctha ina dhiaidh sin, no tré iad do stopa ar feadh tamaill;

(c) chun aon tsochar Breoiteachta no Dí-nirt a íocadh i ndearmhad le saighdiúir i rith tréimhse a sheirbhíse idir an chéad lá d'Abrán, 1922, agus dáta rithte an Achta so, chun é sin d'fháil thar n-ais, tré luíodú do dhéanamh ar aon tsochair a bheidh iníoctha ina dhiaidh sin, no tré iad a stopa ar feadh tamaill; agus

(d) i dtaobh aon nithe eile a eireoidh fén gCuid seo den Acht so.

Forálacha i dtaobh riaráiste.

23. —Nuair a beifear ag áireamh riaráiste sintiúisí chun cricheanna na n-Achtanna ní áireofar aon riaráiste d'fhás i rith aon tréimhse i n-ar dineadh, de bhua na Coda so den Acht so, luíodú ar shochar Breoiteachta agus Dí-nirt an duine i gceist, no é do chur as teideal chun an tsochair sin.

Síntiúisí a tuigfear a bheith íoctha san am cheart.

24. —Aon tsíntiús a íocfar fén gCuid seo den Acht so in aghaidh aon tseachtaine roimh rith an Achta so tuigfear chun gach críche gur íocadh é sa tseachtain le n-a mbaineann sé.

Baint agus mínithe

25. —(1) Ní bhaineann an Chuid seo den Acht so ach le saighdiúirí a liostáladh i gcóir tréimhse nách sia ná dhá mhí dhéag no a liostáladh roimh an ladh lá de Bhealtaine, 1923, ar feadh tréimhse seirbhíse a chríochnóidh ar an ladh lá de Bhealtaine, 1924, no roimhe sin.

(2) Sa Chuid seo den Acht so

cialluíonn an focal “saighdiúir” ball d'Fhórsaí Armtha Shaorstáit Éireann, pé grád atá aige,

foluíonn an focal “liostáil” duine do theacht chun bheith ina bhall ar aon tslí de sna Fórsaí Armtha roimh-ráite agus léireofar focail den chineál chéanna dá réir sin,

foluíonn an focal “scur” éirghe ar aon tslí as na Fórsaí Armtha roimh-ráite agus léireofar focail den chineál chéanna dá réir sin.

(3) Gach ceist no conspóid i dtaobh ce'ca tá duine ina shaighdiúir no ná fuil do réir brí na Coda so den Acht so, no i dtaobh an dáta ar ar liostáladh an saighdiúir no ar ar scuireadh é, reiteóidh an t-Aire Cosanta iad agus ní bheidh dul thar a bhreith.