An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. ARACHAS SLAINTE NAISIUNTA DO CHUR I mBAINT LE SAIGHDIUIRI GEARR-SHEIRBHISE.)

20 1923

ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1923

CUID V.

ILGHNEITHEACH.

Deire do chur leis an gCiste Cothromaíochta do Mhná.

26. —(1) Tuigfear Alt 2 d'Acht 1918 (a fhorálann bunú an Chiste Cothromaíochta do Mhná) do bheith gan éifeacht ón ladh lá d'Eanair, 1922, agus, nuair a beifear ag feidhmiú an chomhachta do bronnadh le hAlt 28 d'Acht 1913 chun Rialacháin do dhéanamh i dtaobh luachanna cúil do chur i gcreidiúint no d'atharú no do chur ar neamh-ní tabharfar aire d'fhorálacha an Ailt seo.

(2) Ní déanfar nea-dhleathach, de bharr éinní atá san Alt so, aon scéim ná rialacháin a dineadh go cuibhe, fén Alt san 2 d'Acht 1918, roimh rith an Achta so no laistigh de shé mhí ina dhiaidh sin, agus beidh lán-éifeacht ag aon scéim no rialachán a dineadh amhlaidh.

Cad déanfar le suimeanna neamh-éilithe sa chuntas díolachán stampaí.

27. —Pé cuid a ordóidh na Coimisinéirí Arachais de sna suimeanna a bheadh le cur isteach i bPrímh-Chiste an Arachais Sláinte Náisiúnta fé Alt 29 d'Acht 1918 (a fhorálann cad déanfar le suimeanna neamh-éilithe sa Chuntas Díolachán Stampaí), in ionad í do chur isteach sa Chiste sin cuirfear í chun creidiúna do Chumainn Cheaduithe do réir scéimeanna a dhéanfaidh na Coimisinéirí Arachais agus a cheadóidh an t-Aire Airgid, agus aon tsuimeanna a cuirfear i gcreidiúint do Chumann Cheaduithe fén Alt so úsáidfidh an Cumann iad, ar pé cuma a forálfar leis na scéimeanna, chun sochar aon bhalla den Chumann a bheidh i riaráiste agus le n-a mbainfidh na scéimeanna do chosc ar bheith ar stad no ar leanúint de bheith ar stad no chun a sochair do chimeád gan luíodú ortha, ach amháin pé luíoduithe a forálfar leis na scéimeanna a dhéanamh ortha.

(2) Tuigfear an t-Alt so do bheith i bhfeidhm agus éifeacht do bheith aige ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus leanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1923.

Oiriúnú ar Alt 54 d'Acht 1911.

28. —(1) Léireofar Alt 54 d'Acht 1911 agus beidh éifeacht aige fé mar a bheadh—

(a) na focail “Ciste Arachais na bhFórsaí Mileata (Socruithe Idirnáisiúnta)” in ionad na bhfocal “Navy and Army Insurance Fund” i pé áiteanna ina bhfuil na focail sin san Alt san; agus

(b) na focail “an t-Aire Airgid” in ionad na bhfocal “National Debt Commissioners” i pé áiteanna ina bhfuil na focail sin san Alt san; agus

(c) na focail “in which trustees are, for the time being, authorised by law to invest trust moneys” in ionad na bhfocal i bhfo-alt (3) dar tosach “which are for the time being” agus dar deire “1890 to 1909” (go huile).

(2) Pe méid de sna h-urrúsanna atá dílsithe i gCoimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta fén alt san 54 d'Acht 1911 le linn rithte an Achta so, agus a cruthófar, ar dhéanamh aon roinnte fén Acht so no ar aon tslí eile, a bheith ionchurtha i leith Shaorstáit Éireann féadfar é d'aistriú chun an Aire Airgid agus féadfaidh seisean é do ghlaca, agus nuair a glacfar amhlaidh é coinneóidh an t-Aire é do réir forálacha an Ailt sin 54.

An t-Acht Arachais Sláinte Náisiúnta (Buanú Arachais), 1921, do leanúint i bhfeidhm.

29. —Tuigfear an t-Acht Arachais Sláinte Náisiúnta (Buanú Arachais), 1921, do leanúint i bhfeidhm agus éifeacht do bheith aige ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus leanfa sé i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924.

Gearr-Theideal agus léiriú.

30. —Féadfar an t-Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1923 , do ghairm den Acht so agus léireofar í mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1921, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1923, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.