23 1923

Uimhir 23.


ACHT UM SCRÚDÓIREACHT SCANNÁN, 1923.


ACHT CHUN FORÁIL DO DHÉANAMH I gCÓIR PICTIÚIRÍ CINEMATOGRAFACHA DO SCRÚDÚ GO hOIFIGIÚIL AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [16adh Iúl, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Oifig Scrúdóir Oifigiúil Scannán do bhunú.

1. —(1) Bunófar oifig Scrúdóir Oifigiúil Scannán.

(2) Beidh Scrúdóir Oifigiúil na Scannán ina chorporáid aon-fhir agus an ainm sin uirri agus síor-chomharbas agus séala aicí, agus fén ainm sin féadfa sí dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí léi.

Scrúdóir Oifigiúil do cheapa.

2. —(1) Déanfaidh an t-Aire chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so agus aon uair is gá é ina dhiaidh sin, duine oiriúnach do cheapa chun oifig an Scrúdóra Oifigiúla, a bheidh i seilbh oifige ar feadh pé aimsir agus ar pé téarmaí a cheapfidh an t-Aire le cead ón Aire Airgid.

(2) Gach éinne a ceapfar chun bheith ina Scrúdóir Oifigiúil fén Acht so gheobha sé pé tuarastal no táillí a shocróidh an t-Aire Airgid.

(3) Aon uair a bheidh an Scrúdóir Oifigiúil ar feadh tamaill gan bheith ábalta ar aire do thabhairt dá dhualgaisí, no a bheidh a oifig folamh, féadfidh an t-Aire duine oiriúnach do cheapa chun dualgaisí an Scrúdóra Oifigiúla fén Acht so do chó-líona faid a mhairfidh an neamh-ábaltacht no an folúntas san, agus gach éinne a ceapfar amhlaidh beidh aige, faid a mhairfidh an ceapa san, na comhachtanna uile a tugtar don Scrúdóir Oifigiúil fén Acht so agus as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas, gheobha sé pé luach saothair a ordóidh an t-Aire le cead ón Aire Airgid.

Bord Athchomhairc um Scrúdóireacht Scannán do bhunú.

3. —(1) Bunofar Bord Athchomhairc um Scrúdóireacht Scannán agus beidh sé co-dhéanta de naonúr Coimisinéirí 'na mbeidh duine acu ina Chathaoirleach.

(2) Beidh baill an Bhúird Athchomhairc in oifig go ceann chúig mblian o dháta a gceaptha agus, i ndeire aon téarma oifige den tsórt san, féadfar iad d'ath-cheapa.

(3) Déanfidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so agus aon uair is gá é ina dhiaidh sin, daoine oiriúnacha do cheapa chun bheith ina mbaill den Bhord Athchomhairc.

(4) Aon uair a bheidh aon fholúntas i mballraíocht an Bhúird Athchomhairc de dheascaibh ball d'fháil bháis, do theacht fé mhí-cháilíocht no d'eirghe as roimh dheire a théarma oifige, ceapfidh an t-Aire duine oiriúnach chun an folúntas san do líona ach an duine a ceapfar amhlaidh ní bheidh sé i seilbh oifige ach ar feadh a mbeidh gan caitheamh de théarma oifige an bhaill gur de dheascaibh é d'fháil bháis, do theacht fé mhícháilíocht no d'eirghe as a tháinigh an folúntas.

(5) Déanfidh an t-Aire o am go ham fé mar a bheidh gá leis duine de bhaill an Bhúird Athchomhairc d'ainmniú chun bheith ina Chathaoirleach ar an mBord san.

(6) Ceathrar ball den Bhord Athchomhairc i láthair i bpearsain a dhéanfidh quorum chun athchomhairc d'éisteacht agus an bhreith a thabharfidh móráireamh a mbeidh i láthair de sna baill isí is breith don Bhord Athchomhairc, ach más lú ná ceathrar an móráireamh san no más ina dhá leath chothroma do sna baill a bheidh i láthair, aith-éistfar an t-athchomhairc i láthair seachtar ball ar a luíod den Bhord Athchomhairc, agus an bhreith a thabharfidh móráireamh na mball a bheidh i láthair na haith-éisteachta san isí is breith don Bhord Athchomhairc ach, ar dhéanamh na haith-éisteachta san más dhá leath chothroma do sna baill a bheidh i láthair daingneofar breith an Scrúdóra Oifigiúla.

 7) Féadfidh an Bord Athchomhairc gníomhú chun gach críche faid is ná beidh thar dhá fholúntas ina bhallraíocht.

(8) Ní fhéadfidh duine bheith ina bhall den Bhord Athchomhairc má bhíonn aige, díreach no nea-dhíreach, aon scar no leas in aon Chuideachta no gnó dar cuspóir no dar cuspóir dá gcuspóirí pictiúirí do thaisbeáint le cinematograf no le haon fhearas den tsórt san chun profíd a dhéanamh no pictiúirí do dhéanamh do b'fhéidir a thaisbeáint ar an gcuma san.

Oifigigh don Scrúdóir Oifigiúil agus don Bhord Athchomhairc do cheapa.

4. —(1) Ceapfidh an t-Aire chun bheith ina n-oifigigh don Scrúdóir Oifigiúil agus don Bhord Athchomhairc fé seach pé daoine is dó leis is gá chun crícheanna an Achta so ach a líon do bheith fé mar a cheadóidh an t-Aire Airgid, agus beidh na hoifigigh sin i seilbh oifige ar pé téarmaí agus tabharfar luach saothair dóibh do réir pé rátaí agus ar pé cuma a cheadóidh an t-Aire Airgid.

(2) As airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas isea íocfar tuarastail no luach saothair an Scrúdóra Oifigiúla agus a chuid oifigeach agus tuarastail no luach saothair oifigeacha an Bhúird Athchomhairc agus pé costaisí eile a bhainfidh le feidhmiú an Achta so agus a cheadóidh an t-Aire Airgid.

Ní taisbeánfar aon phictiúir go puiblí gan teisteas.

5. —(1) Ní taisbeánfar aon phictiúir go puiblí le cinematograf ná le haon inneal dá shamháil mara ndéanfidh ná go dtí go ndéanfidh an Scrúdóir Oifigiúil deimhniú ar iomláine an phictiúra san do bheith oiriúnach chun é do thaisbeáint go puiblí.

(2) Einne a thaisbeánfidh go puiblí le cinematograf no le haon inneal dá shamháil aon phictiúir a bheidh, no 'na mbeidh aon chuid de, gan deimhniú ón Scrúdóir Oifigiúil ar é do bheith oiriúnach le taisbeáint go puiblí, no éinne a leigfidh aon chinematograf no inneal eile is leis no atá ar aimsir aige d'úsáid chun aon phictiúir den tsórt san roimh-ráite do thaisbeáint go puiblí agus a fhios aige gur pictiúir den tsórt san é no éinne a leigfidh aon fhoirgneamh no aon talamh atá ar seilbh aige d'úsáid chun aon phictiúir den tsórt san roimh-ráite do thaisbeáint go puiblí le haon inneal den tsórt san roimh-ráite agus a fhios aige gur pictiúir den tsórt san é, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus má fachtar ciontach ar an slí achmair é féadfar fíneáil nách mó ná £50 do chur air agus má leanann sé den chionta do dhéanamh féadfar ina theanta san fíneáil nách mó ná £5 do chur air in aghaidh gach lae a leanfa sé den chionta do dhéanamh.

(3) Tiocfidh an t-Alt so i ngníomh i gceann sé mhí tar éis rithte an Achta so, no aon am roimhe sin a cheapfidh an t-Aire.

Ní foláir coiníollacha an teistis do chó-líona.

6. —(1) Aon phictiúir ná aon chuid de phictiúir 'na ndeonfidh an Scrúdóir Oifigiúil teisteas teoranta ina thaobh ní taisbeánfar é go puiblí le cinematograf ná le haon inneal dá shamháil in aon áit nár údaruíodh leis an teisteas san ná ar aon tslí a bheidh buniscionn leis na coiníollacha fé leith a áiríodh sa teisteas san ná i láthair éinne nách duine den aicme gur údaruíodh leis an teisteas san an pictiúir sin do thaisbeáint ina láthair.

(2) Einne a dhéanfidh, le cinematograf no le haon inneal dá shamháil, aon phictiúir no aon chuid de phictiúir, gur deonadh teisteas teoranta ina thaobh ag an Scrúdóir Oifigiúil fén Acht so, do thaisbeáint go puiblí in aon áit nár údaruíodh leis an teisteas san no ar aon tslí a bheidh buniscionn leis na coiníollacha fé leith a áiríodh sa teisteas san no i láthair éinne nách duine den aicme gur údaruíodh leis an teisteas san an pictiúir sin do thaisbeáint ina láthair, no éinne a leigfidh aon chinematograf no inneal eile is leis no atá ar aimsir aige no aon talamh atá ar seilbh aige d'úsáid chun an taisbeáint sin roimh-ráite do dhéanamh agus a fhios aige gur taisbeáint den tsórt san é, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus má fachtar ciontach ar an slí achmair é féadfar fíneáil nách mó ná £50 do chur air agus má leanann sé den chionta do dhéanamh féadfar ina theanta san fíneáil nách mó ná £5 do chur air in aghaidh gach lae a leanfa sé den chionta do dhéanamh.

(3) Tiocfidh an t-Alt so i ngníomh i gceann sé mhí tar éis rithte an Achta so, no aon am roimhe sin a cheapfidh an t-Aire.

Cathin a dheonfidh an Scrúdóir Oifigiúil teistisí.

7. —(1) Einne gur mian leis taisbeáint puiblí do dhéanamh le cinematograf no le haon inneal dá shamhail ar aon phictiúir nár dheimhnigh an Scrúdóir Oifigiúil a bheith oiriúnach le taisbeáint go puiblí, féadfa sé ar an slí orduithe teisteas d'iarraidh ar an Scrúdóir Oifigiúil ar an bpictiúir sin do bheith oiriúnach le taisbeáint go puiblí.

(2) Aon uair a cuirfar fé bhráid an Scrúdóra Oifigiúla aon iarratas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin, deimhneoidh sé ar an slí orduithe an pictiúir le n-a mbaineann an t-iarratas do bheith oiriúnach le taisbeáint go puiblí, mara rud é gurb é a thuairim go bhfuil an pictiúir sin no cuid éigin de gan bheith oiriúnach le taisbeáint don phuiblíocht i gcoitinne toisc é do bheith nea-náireach, draosta no naomhaithiseach no toisc gur bhaolach go ndéanfadh sé prínsiobail a bheadh contrárdha don mhoráltacht phuiblí do chur ina luighe ar dhaoine no go millfadh sé an mhoráltacht phuiblí ar aon chuma eile dá dtaisbeánfí go puiblí é.

(3) Má dintar fén alt so iarratas do leaga fé bhráid an Scrúdóra Oifigiúla i dtaobh pictiúra agus gur dó leis ná fuil an pictiúir sin oiriúnach le taisbeáint don phuiblíocht i gcoitinne ach go bhfuil sé oiriúnach le taisbeáint go puiblí in áiteanna áirithe i Saorstát Éireann no ar shlite fé leith no i láthair aicmí áirithe daoine, deonfa sé teisteas ar an bpictiúir sin do bheith oiriúnach le taisbeáint go puiblí fé pé cosca agus coiníollacha (adéarfar sa teisteas) is dó leis an Scrúdóir Oifigiúil is gá chun taisbeáint an phictiúra don phuiblíocht do chosc ar an moráltacht phuiblí do mhille, sé sin, cosca agus coiníollacha i dtaobh na n-áiteanna no i dtaobh na slite fé leith ina bhféadfar an pictiúir do thaisbeáint no i dtaobh na n-aicmí daoine a féadfar a leigint isteach chun an pictiúir d'fheiscint

(4) Má dintar fén alt so iarratas do leaga fé bhráid an Scrúdóra Oifigiúla i dtaobh pictiúra agus gur dó leis ná fuil ach cuid den phictiúir sin gan bheith oiriúnach le taisbeáint go puiblí cuirfe sé in úil don duine a chur ar t-iarratas fé n-a bhráid ce'ca cuid an chuid sin agus féadfidh an duine sin ansan (a) an chuid sin do dheighilt ón bpictiúir agus do thabhairt suas don Scrúdóir Oifigiúil, agus cimeádfidh seisean aige féin é agus deonfa sé teisteas i gcóir an phictiúra gan an chuid sin ann, no (b) breith an Scrúdóra Oifigiúla do ghlaca mar dhiúltú do theisteas do dheona agus athchomharc do dhéanamh chun an Bhúird Athchomhairc ar an slí orduithe.

(5) Aon uair a dhéanfidh an Scrúdóir Oifigiúil fén alt so diúltú do theisteas do dheona breacfa sé síos an diúltú san ar an slí orduithe.

Ceart chun athchomharc do dhéanamh chun an Bhúird Athchomhairc.

8. —(1) Einne ná beidh sásta le breith a thug an Scrúdóir Oifigiúil le n-ar diúltuíodh do theisteas do dheona fén Acht so no le n-ar ceangladh aon chosca no coiníollacha de theisteas den tsórt san, féadfa sé athchomharc do dhéanamh ar an slí orduithe chun an Bhúird Athchomhairc i gcoinnibh na breithe sin agus ar éisteacht an athchomhairc sin féadfidh an Bord Athchomhairc daingniú, claochló no atharú do dhéanamh ar bhreith an Scrúdóra Oifigiúla.

(2) Nuair a déanfar fén alt so fógra athchomhairc do thabhairt tabharfidh an Scrúdóir Oifigiúil don Bhord Athchomhairc i scríbhinn na réasúin a bhí aige leis an mbreith a thug sé agus ’na mbeafar ag déanamh athchomhairc ina coinnibh agus nuair a íocfar na táillí orduithe tabharfa sé cóipeanna de sna réasúin sin do gach duine atá i dteideal teacht i láthair agus éisteacht d'fháil le linn éisteacht an athchomhairc sin.

(3) Ní bheidh comhacht ag an mBord Athchomhairc chun aon teisteas do dheona fén Acht so, ach chó luath agus is féidir é tar éis athchomhairc d'éisteacht cuirfid in úil don Scrúdóir Oifigiúil an bhreith a thugadar ar an athchomharc agus ansan déanfidh an Scrúdóir Oifigiúil teisteas do dheona no do chimeád siar do réir na breithe sin.

(4) Ní bheidh dul thar breith an Bhúird Athchomhairc.

Cad a chialluíonn pictiúir do thaisbeáint.

9. —Chun crícheanna an Achta so isé rud a chialluíonn pictiúir do thaisbeáint 'nar dheonaigh an Scrúdóir Oifigiúil teisteas ina thaobh fén Acht so ná an pictiúir sin do thaisbeáint le scannán a dineadh, díreach no nea-dhíreach, ón gclaonchló o n-ar dineadh an scannán le n-ar taisbeánadh an pictiúir sin don Scrúdóir Oifigiúil no o chlaonchló o n-ar dineadh díreach no nea-dhireach, an claonchló san is tuisce luaidhtear agus chó fada is théidheann crícheanna an Achta so ní hionann pictiúir do thaisbeáint le scannán a dineadh ar aon chuma eile agus an pictiúir 'nar tugadh an teisteas san ina thaobh do thaisbeáint.

Leasú ar an Acht Cinematografach, 1909.

10. —(1) Ní bheidh sé dleathach do Chomhairle aon Chontae, Contae-Bhuirge no Baile-Cheanntair, ná d'aon Choimisinéirí Baile tar éis rithte an Achta so aon choiníoll ná cosc do cheangal le haon chead a deonfar fén Acht Cinematografach, 1909, i dtaobh cineál no nádúir na bpictiúirí a taisbeánfar san árus le n-a mbaineann an cead san.

(2) Gach coiníoll no cosc do ceangladh, roimh rith an Achta so, le cead a deonadh ag Comhairle Chontae, Chontae-Bhuirge no Bhaile-Cheanntair no ag aon Choimisinéirí Baile fén Acht Cinematografach, 1909, i dtaobh cineál no nádúir na bpictiúirí a taisbeánfí san árus le n-a mbaineann an cead san, beidh sé gan brí o am rithte an Achta so agus beidh éifeacht ag an gcead san do réir mar a bheadh dá ndéanfí na coiníollacha agus na cosca san do bhuala amach as ar dháta rithte an Achta so.

Na táillí a éileoidh an Scrúdóir Oifigiúil agus an Bord Athchomhairc.

11. —(1) Eileofar, i dtaobh iarrataisí chun an Scrúdóra Oifigiúla, agus i dtaobh eisean do dheona no d'eiteach teistisí, agus i dtaobh gníomhartha eile a dhéanfa sé i gcó-líona a dhualgaisí fén Acht so, pé táillí a shocróidh an t-Aire o am go ham agus a cheadóidh an t-Aire Airgid.

(2) Eileofar, leis, i dtaobh athchomharcanna chun an Bhúird Athchomhairc agus i dtaobh gníomhartha a dhéanfidh an Bord Athchomhairc i gcó-líona a dhualgaisí fén Acht so, pé táillí a shocróidh an t-Aire o am go ham agus a cheadóidh an t-Aire Airgid.

(3) Ná táillí atá le héileamh fén alt so socrófar iad o am go ham i dtreo go dtiocfid chó geairid agus is féidir é do shuim bhliantúil do dhéanamh a bheidh dóthanach chun na tuarastail agus na costaisí eile a leanfidh oibriú an Achta so d'íoc.

Féadfidh an t-Aire rialacháin do dhéanamh.

12. —(1) Féadfidh an t-Aire um Ghnóthaí Dúithche le hordú o am go ham rialacháin do dhéanamh, agus iad d'atharú agus d'ath-ghairm tar éis a ndéanta, chun cuspóirí an Achta so do thabhairt chun éifeachta agus go mór mór chun treo do chur ar gach a mbaineann le stiúra oifig an Scrúdóra Oifigiúla, le hiarratáisí do chur fé n-a bhráid-sean, le hé do dheona teistisí, agus le hathchomhairc do chur fé bhráid an Bhúird Athchomhairc.

(2) Gach rialachán a dhéanfidh an t-Aire fén alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann gach Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh aon Tigh den dá Thigh ina dhiaidh sin, rún do rith chun an rialachán san do chur gan brí beidh an rialachán san gan brí dá réir, ach ní bhainfidh san o dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

(3) Más gá do réir aon rialacháin den tsórt san faisnéis do dhéanamh chun críche ar bith, aon duine a dhéanfidh an fhaisnéis sin agus a fhios aige í do bheith neamh-fhírinneach i dtaobh éinní tháchtaigh beidh se ciontach i mí-iompar.

(4) Le rialacháin a déanfar fén alt so féadfar a chur ar éinne a chuirfidh athchomharc fé bhráid an Bhúird Athchomhairc suim ná raghaidh thar £5 do chur síos mar éarlais agus an éarlais sin do chailliúnt más rud é ná héireoidh leis an athchomharc.

Mínithe.

13. —San Acht so, nuair a lomhálann no a éilíonn an có-théacs é—

Cialluíonn an focal “Scrúdóir Oifigiúil” an Scrúdóir Oifigiúil Scannán a ceapfar fén Acht so;

Cialluíonn an focal “Bord Athchomhairc” an Bord Athchomhairc um Scrúdóireacht Scannán a ceapfar fén Acht so;

Cialluíonn an focal “teisteas teoranta” teisteas a dheonfidh an Scrúdóir Oifigiúil fen Acht so agus ina mbeidh coiníoll no cosc i dtaobh na n-áiteanna no na slí fé leith ina bhféadfar no i dtaobh na ndaoine gur ina láthair a fhéadfar an pictiúir le n-a mbaineann an teisteas do thaisbeáint, agus cialluíonn an focal “teisteas generálta” aon teisteas den tsórt san ná beidh aon choiníoll ná cosc den tsórt san ann;

Foluíonn an focal “pictiúir” aon éifeacht radhairc a dintar le cinematograf no le hinneal dá shórt;

Cialluíonn an focal “go puiblí” ar aon taisbeántas, seó no siamsa 'na leigfar an phuiblíocht isteach chuige, pe'ca ar íoc é no gan íoc, agus foluíonn sé aon taisbeántas, seó no siamsa ná leigfar isteach chuige ach aicme áirithe den phuiblíocht a luadhfar i dteisteas teoranta;

Cialluíonn an focal “Aire” an t-Aire um Ghnóthaí Dúithche;

Cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a déanfar fén Acht so.

Gearr-Theideal.

14. —Féadfar an t-Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 , do ghairm den Acht so.