34 1923

Uimhir 34.


ACHT AOIS-LIÚNTAS AGUS PINSEAN, 1923.


ACHT CHUN SOLÁTHAR DO DHÉANAMH CHUN DAOINE ÁIRITHE I SEIRBHÍS SHAORSTÁIT ÉIREANN DO CHUR AR AOIS-LIÚNTAS, AGUS PINSIN, LIÚNTAISÍ, AGUS AISCÍ D'ÍOC LEO NO MAR GHEALL ORTHA, AGUS CHUN ÚDARÁS DO THABHAIRT CHUN PINSIN, LIÚNTAISÍ, AGUS AISCÍ D'ÍOC LE DAOINE ÁIRITHE BA BHAILL DE CHONSTÁBLACHT RÍOGA NA hÉIREANN, AGUS CHUN AN DLÍ A BHAINEAS LE CUR AR AOIS-LIÚNTAS AGUS LE hÍOC PINSEAN I SAORSTÁT ÉIREANN DO LEASÚ AGUS DO LEATHANÚ. [8adh Lúnasa, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Suidheamh daoine a haistríodh o roinn phuiblí fé Dháil Éireann.

1. —(1) Má dhineann an tAire Airgid, laistigh de shé mhí tar éis rithte an Achta so, a dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh go raibh ar seilbh ag aon duine, roimh an 11adh lá d'Iúl, 1921, oifig sa tSeirbhís Shíbhialta a bunuíodh fé údarás Dháil Éireann agus, tar éis fónamh go leanúnach sa tSeirbhís Shíbhialta san, gur haistríodh é díreach o oifig sa tSeirbhís Shíbhialta san chun oifige i Seirbhís Shíbhialta an Rialtais Sheadalaigh a bhí ann le déanaí no Rialtais láithrigh Shaorstáit Éireann, tuigfar, chun crícheanna na nAchtanna Aois-líuntas, an duine sin do bheith ceaptha chun oifige i mbuan-tSeirbhís Shíbhialta Shaorstáit Éireann agus do bheith ag fónamh sa tSeirbhís sin ar dháta a cheaptha chun oifige sa tSeirbhís Shíbhialta a bunuíodh fé údarás Dháil Éireann agus ón dáta san amach, bíodh nách ar an gcuma a horduítear le hAlt 17 den Acht Aois-liúntas, 1859, a ceapadh é agus a soláthruíodh a thuarastal no a luach saothair.

(2) Le haon deimhniú a dheonfidh an tAire Airgid fén bhfo-alt san roimhe seo féadfar a ordú go ndéanfar, tar éis bháis no tar éis imeacht as an seirbhís phuiblí don duine le n-a mbainfidh an deimhniú san agus le linn bheith ag áireamh méid an aoisliúntais no aon liúntais no aisce eile a féadfar a dheona don duine sin no dá ionaduithe pearsanta dleathacha fé sna hAchtanna Aois-liúntas, oiread blian (a luadhfar sa deimhniú san) do chur mar bhreis ar an méid blian a fhónaig an duine sin agus is dó leis an Aire Airgid is ceart tar éis aois agus faid seirbhíse an duine sin do chur i bhfáth chó maith le nithe eile ina chás a bhaineann leis an scéal, ach gan an bhreis sin do dhul in aon chás thar cúig bliana: Ar choiníoll i gcomhnaí ná beidh teideal ag éinne, de bhua deimhniú fén alt so, chun aon liúntas ná aisce is mo ná an liúntas no an t-aisce maximum a bheidh orduithe do réir dlí de thurus na huaire.

(3) I ngach deimhniú a dheonfidh an tAire Airgid fén alt so neosfar an dáta ar ar dineadh an duine le n-a mbaineann an deimhniú san do cheapa chun oifige sa tSeirbhís Shíbhialta a bunuíodh fé údarás Dháil Éireann.

(4) Más gá, fé Alt 12 no Alt 28 den Acht Aois-liúntas, 1834, a dhéanamh amach cad ba mheán-tuarastal no meán-sochar oifige do dhuine 'na dtabharfar deimhniú ina thaobh fén alt so, agus an tréimhse gur chóir go n-áireofí an mheánacht san ar a feadh fé sna hailt sin, gur chuid di roinnt den aimsir a bhí an duine sin ag fónamh sa tSeirbhís Shíbhailta a bunuíodh fé údarás Dháil Éireann, áireofar an mheánacht san ar feadh tréimhse dar tosach an dáta ar ar haistríodh an duine sin chun Seirbhíse Síbhialta Shaorstáit Éireann in ionad na tréimhse a horduítear leis na hailt sin.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “an tSeirbhís Shíbhialta a bunuíodh fé údarás Dháil Éireann” an tSeirbhís Shíbhialta a cuireadh ar bun mar an gcéad uair fé údarás na Dála a bunuíodh ina Rialtas do Shaorstát Éireann ag na baill a toghadh do dháilcheanntair in Éirinn agus a tháinig le chéile mar an gcéad uair i bPáirlimint a comóradh i dTigh an Ard-Mhéara i mBaile Atha Cliath an 21adh lá d'Eanair, 1919, Seirbhís Shíbhialta a coinníodh suas ina dhiaidh sin fé údarás na Dála san agus fé údáras a comharba an Dáil a bunuíodh ar an gcuma gcéanna ag baill a toghadh ar an gcuma gcéanna agus a tháinig le chéile mar an gcéad uair i bPáirlimint a comóradh sa Tigh Ard-Mhéara san roimhráite an 16adh lá de Lúnasa, 1921.

Ath-shuidheamh daoine a briseadh as an Seirbhís Shíbhialta ar chúiseanna polaitíochta.

2. —(1) Má dhineann an tAire Airgid, laistigh de shé mhí tar éis rithte an Achta so, a dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh gur thárla d'aon duine áirithe, roimh an 11adh lá d'Iúl, 1921, gur éirigh sé no gur briseadh é as Seirbhís Shíbhialta Ríocht Aontuithe na Breatain Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí agus gur dineadh é d'ath-shuidheamh i Seirbhís Shíbhialta Shaorstáit Éireann laistigh de shé mhí tar éis rithte an Achta so, agus gur hath-shuidheadh amhlaidh é toisc gur ar chúiseanna polaitíochta amháin a dhin sé eirighe-as no a briseadh é mar adubhradh, féadfidh an tAire Airgid, leis an Deimhniú san, a ordú go ndéanfar, le linn tréimhse seirbhíse an duine sin d'áireamh chun crícheanna na nAcht Aois-liúntas, an tréimhse idir an dáta ar ar eirigh no ar ar briseadh an duine sin mar sin as Seirbhís Shíbhialta na Ríochta Aontuithe róimhráite agus an dáta ar ar dineadh é d'ath-shuidheamh mar adubhradh, go ndéanfar í do chur leis an tréimhse seirbhíse 'na bhfuil teideal ag an duine sin ar aon tslí eile chun í d'áireamh fé sna hAchtanna san.

(2) Má dhineann an tAire Airgid, laistigh de shé mhí tar éis rithte an Achta so, a dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh gur thárla d'aon duine áirithe, roimh an 11adh lá d'Iúl, 1921, gur éirigh sé no gur briseadh é as Seirbhís Shíbhialta Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí agus, mara mbeadh a dhroch-shláinte, go ndéanfí é d'ath-shuidheamh i Seirbhís Shíbhialta Shaorstáit Éireann toisc gur ar chúiseanna polaitíochta amháin a dhin sé eirighe as no a briseadh é mar adubhradh, féadfidh an tAire Airgid a ordú leis an Deimhniú san go n-íocfar leis an duine sin, agus éifeacht do bheith ag an íocaíocht san ó pé dáta a ceapfar leis an Deimhniú san ach gan é do bheith roimh an 1adh lá d'Abrán, 1922, an t-aois-liúntas 'na mbeadh teideal ag an duine sin chuige fé sna hAchtanna Aois-liúntas dá n-imeodh sé as oifig mar gheall ar dhrochshláinte ar an dáta ar ar dhin sé éirighe-as no ar ar briseadh é mar adubhradh no ar pé dáta ina dhiaidh sin (nách déanaí ná an ladh lá d'Abrán, 1922) a ceapfar leis an Deimhniú san tar éis staid a shláinte i rith na tréimhse tar éis eirighe as do no tar éis a bhriste do chur i bhfáth.

(3) Más gá, fé Alt 12 no Alt 28 den Acht Aois-liúntas, 1834, a dhéanamh amach cad ba mheán-tuarastal do dhuine 'na dtabharfar Deimhniú ina thaobh fén gcéad fho-alt den alt so, agus, an tréimhse gur chóir go n-áireofí an mheánacht san ar a feadh fé sna hailt sin, gur chuid di aon aimsir roimh an dáta ar ar dineadh an duine sin d'ath-shuidheamh i Seirbhís Shíbhialta Shaorstáit Éireann, áireofar an mheánacht san ar feadh tréimhse dar tosach dáta an ath-shuidhimh sin in ionad na tréimhse a horduítear leis na hailt sin.

Ath-shuidheamh balla de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath do briseadh mar gheall ar Chúiseanna polaitíochta.

3. —(1) Má dhineann an tAire um Ghnóthaí Dúithche, laistigh de thrí mhí tar éis rithte an Achta so, a dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh gur thárla d'aon bhall áirithe de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath

(a) gur éirigh sé no gur briseadh é as an bhfórsa roimh an 11adh lá d'Iúl, 1921, agus

(b) gur hath-shuidheadh é sa bhfórsa tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus laistigh de thrí mhí tar éis rithte an Achta so, agus

(c) gurb é cúis gur hath-shuidheadh amhlaidh é mar gur ar chúiseanna polaitíochta amháin a dhin sé eirigheas no a briseadh é mar adubhradh,

tuigfar go raibh an ball san den phóilíneacht san as láthair ar saoirse gan págh ar feadh na tréimhse idir a eirighe-as no a bhrise agus a ath-shuidheamh mar sin agus chun na gcrícheanna a bhaineann le méadú págh agus le pinsean beidh sé i dteideal an tréimhse sin do chur le pé tréimhsí seirbhíse, roimh an eirighe-as no an brise sin agus tar éis an ath-shuidhimh sin, 'na mbeidh teideal aige ar aon tslí eile chun iad d'áireamh chun na gcríoch san.

(2) Chun crícheanna Alt 19 (2) d'Ordú Pinseana Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, 1922, tuigfar go raibh ag fónamh mar bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath an 1adh lá de Mheadhon Fhoghmhair, 1918, aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath d'eirigh no a briseadh as an bpóilíneacht san roimh an 1adh lá de Mheadhon Fhoghmhair, 1918, agus 'na dtabharfar Deimhniú ina thaobh fén alt so.

(3) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt san alt so bainfidh forálacha Ordú Pinseana Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, 1922, le gach ball de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath 'na dtabharfar Deimhniú ina thaobh fén alt so ar an gcuma gcéanna ina mbainfidís leis dá mbeadh sé ag fónamh mar bhall den phóilíneacht san i dtosach feidhme an Orduithe sin ach, in ionad na tréimhse a horduítear in Airtiogal 19 den Ordú san, gurb í tréimhse gur laistigh di a fhéadfidh ball den phóilíneacht san, dá ráinig bheith ina bhall di roimh an 1adh lá d'Iúl, 1919, an fógra san a thabhairt a horduítear leis an Airtiogal san, ná tréimhse an dá mhí a leanfidh dáta an Deimhnithe sin.

(4) Más gá, chun crícheanna pinsin, a dhéanamh amach cad ba mheán-tuarastal do bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath 'na dtabharfar Deimhniú ina thaobh fén alt so agus, an tréimhse gur chóir go n-áireofí an mheánacht san ar a feadh, gur chuid di an aimsir no roinnt den aimsir a tuigfar de bhua an ailt seo an duine sin do bheith as láthair ar saoirse gan págh, áireofar an mheánacht san ar feadh tréimhse a thosnuigh ar bheith caithte don aimsir a tuigeadh mar sin é do bheith as láthair ar saoirse gan págh.

Deonfar Pinsin &c. do bhaill den Roinn Taighde um Chuirpthigh, &c.

4. —(1) Má dheimhníonn an tAire um Ghnóthaí Dúithche i dtaobh aon duine atá no a bheidh fé aon díth de dheascaibh créachta

(a) go raibh an duine sin nuair a fuair sé an chréacht san ina bhall de chó-ghléasa le n-a mbaineann an t-alt so;

(b) gur le linn bheith ag có-líona a dhualgais mar bhall den tsórt san agus gan mór-fhaillí ná mí-íompar uaidh féin a fuair an duine sin an chréacht san; agus

(c) gur dineadh roimh dháta an deimhnithe sin an duine sin do scur as an gcó-ghléasa san toisc é do bheith neamh-infheadhma ann feasta do réir an dochtúra;

féadfidh an tAire roimhráite, má cheaduíonn an tAire Airgid é, pinsean no aisce créachta agus, más fear pósta é, pinsean breise do dheona don duine sin, díreach mar é siúd a fhéadfí a dheona don duine sin, fé Ailt 1 agus 2 den Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) , dá mba oifigeach no saighdiúir é (pe'ca aca is gá sa chás)‘na bhféadfí pinsean no aisce créachta no pinsean breise do dheona dho fé sna hailt sin.

(2) Má dheimhníonn an tAire um Ghnóthaí Dúithche, i dtaobh aon duine a marbhuíodh no a marbhófar no a fuair no a gheobhaidh créacht agus a fuair no a gheobhaidh bás laistigh de thrí bliana tar éis an chréacht san d'fháil agus gurb í an chréacht san an t-éinní amháin fé ndéar a bhás

(a) go raibh an duine sin nuair a marbhuíodh é no a fuair sé an chréacht san, ina bhall de chó-ghléasa le n-a mbaineann an t-alt so; agus

(b) gur le linn bheith ag có-líona a dhualgais mar bhall den tsórt san agus gan mór-fhaillí ná mí-iompar uaidh féin a marbhuíodh an duine sin no a fuair sé an chréacht san;

féadfidh an tAire roimhráite, ná cheaduíonn an tAire Airgid é, liúntaisí agus aiscí do dheona do bhaintrigh, do chloinn, do chúram no do leath-chúram an duine sin, díreach mar iad súd a fhéadfí a dheona don bhaintrigh, don chloinn, don chúram no don leath-chúram san fé Alt 7 den Acht Arm-Phinsean, 1923 , dá mbeadh an duine sin ina oifigeach no ina shaighdiúir (pe'ca aca is gá sa chás) 'na bhféadfí fén alt san liúntas no aisce do dheona dá bhaintrigh, dá chloinn, dá chúram no dá leathchúram.

(3) Gach pinsean a deonfar fén alt so tosnóidh sé ar an dáta ar ar dineadh no ar a ndéanfar an té dá ndeonfar é do scur as an gcó-ghléasa go raibh no go bhfuil sé ina bhall de, agus gach liúntas a deonfar fén alt so tosnóidh sé ó dháta báis an té 'na mbeidh an liúntas san iníoctha ina thaobh no o dháta ina dhiaidh sin a cheapfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche in aon chás áirithe.

(4) Bainfidh Ailt 5, 10, 11, 12, 13 agus 14 den Acht Arm-Phinsean, 1923, agus gach rialachán a dhéanfidh an tAire Cosanta fé Alt 6 den Acht san, bainfid le pinsin, liúntaisí agus aiscí a deonfar fén alt so ar an gcuma go mbainid na hailt agus na rialacháin sin le pinsin, liúntaisí, agus aiscí a deontar fén Acht san ach go gciallóidh an focal “Aire” sna hailt sin 5, 10, agus 11 an tAire um Ghnóthaí Dúithche agus go bhfolóidh an focal “Aireacht um Chosaint” san Alt san 12 an Aireacht um Ghnóthaí Dúithche.

(5) Baineann an t-alt so leis na có-ghléasanna armtha san a dhin an tAire um Ghnóthaí Dúithche, roimh rith an Achta so, a bhunú go speisialta chun órdathacht do chimeád no chun daoine no maoin do chosaint agus dá ngairmtear fé seach, an Roinn Taighde um Chuirpthigh, Fórsa Cosanta na Saoránach, agus an Fórsa Cosnamhach.

(6) Chun ráta aon phinsin chréachta no pinsin bhreise no méid aon liúntais no aisce a bheidh le deona fén alt so d'áireamh tuigfar go raibh ag an té dá ndeonfar an céanna, no ag an té gur ina thaobh a deonfar an céanna, an chéim sin sna forsaí a dheimhneoidh an tAire is mó deabhramh leis an gcéim a bhí ag an duine sin sa chó-ghléasa dar bhall é.

(7) Gach focal agus abairt a húsáidtear san alt so agus a húsáidtear san Acht Arm-Phinsean, 1923 , leis, 'siad bríonna atá leo san alt so ná na bríonna atá leo fé seach san Acht san, ach go gcialluíonn an focal “créacht,” nuair a húsáidtear é i dtaobh baill de chó-ghléasa le n-a mbaineann an t-alt so, aon chréacht no díobháil a fuair an ball san agus é ag có-líona a dhualgais.

Deonfar pinsin, &c., do bhaill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, a dhin eirighe-as no a briseadh mar gheall ar a mbáidh le hEirinn.

5. —(1) Féadfidh an tAire Airgid o am go ham le hOrdú a údarú go ndeonfar pinsin, liúntaisí, no aiscí do dhaoine d'éirigh no a briseadh as Constáblacht Ríoga na hÉireann an ladh lá d'Abrán, 1916, no ina dhiaidh sin, agus roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus 'na ndeimhneofar fé lámhaibh na nAirí um Ghnóthaí Dúithche agus um Airgead gurbh í a mbáidh le hEirinn fé ndeár a n-eirighe-as no a mbrise, agus le haon ordú den tsórt san féadfa sé rátaí agus scálaí na bpinsean, na liúntaisí, no na n-aiscí sin, agus na coiníollacha fé n-a n-íocfar an céanna, do rialú agus do cheapa, agus féadfa sé, le haon Ordú den tsórt san, na pionóisí do leaga amach mar gheall ar aon chalaois i dtaobh aon iarratais ar aon phinsean, liúntas, no aisce den tsórt san.

(2) Ní thiocfidh i ngníomh aon Ordú a déanfar fén alt so mara ndéanfar ná go dtí go ndéanfar é do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas, agus é do mhola le rún a rithfidh Dáil Éireann, agus ag breithniú aon rúin den tsórt san di breithneoidh Dáil Éireann go cuibhe aon mhola a bheidh déanta roimh ré ag Seanad Éireann i dtaobh an Orduithe sin.

(3) Ní bheidh teideal ag éinne chun aon phinsean, liúntas ná aisce d'fháil fén alt so mara mbeidh airgead vótálta ag an Oireachtas chun é d'íoc.

Leasú ar Acht na bPinsean (Méadú), 1920, maidir le pinsin mhúinteoirí.

6. —(1) Chun a dhéanamh amach cá mhéid é an méadú pinsin 'na mbeidh teideal chuige, fé Acht na bPinsean (Méadú), 1920, ag aon phinsinéir le n-a mbaineann an t-alt so, tuigfar gur roimh an 4adh lá de Lúnasa, 1914, agus nách ina dhiaidh sin a dineadh an méadú a dineadh ar phinsean an phinsineura san le Rialacha Pinseana na Múinteoirí Eireannacha, 1914.

(2) Siad pinsinéirí le n-a mbaineann an t-alt so ná pinsinéirí atá, ar dháta rithte an Achta so, ag fáil pinsin fé Acht na Múinteoirí Scoile Náisiúnta (Éirinn), 1879, agus le n-a mbaineann Alt 1 d'Acht na bPinsean (Méadú), 1920.

(3) Aon mhéadú pinsin 'na mbeidh pinsinéir ina theideal de bhua an ailt seo tiocfa sé in éifeacht agus beidh sé iníoctha ón ladh lá d'Abrán, 1922.

(4) Ní bheidh aon mhéadú pinsin iníoctha de bhua an ailt seo i gcóir aon tréimhse a bheidh an pinsinéir gan bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann.

(5) Féadfidh an tAire Airgid, i dteanta na nithe a luaidhtear in Alt 4 d'Acht na bPinsean (Méadú), 1920, rialacháin do dhéanamh fén alt san chun a dhéanamh amach, chun crícheanna Cuid II. de Sceideal an Achta san, cá mhéid an méadú a déanfar ar oifig-shochar inphinsin aon phinsineura le n-a mbaineann an t-alt so.

Féadfar Cistí Bhórd na gCeanntar gCumhang d'fhógairt ina gciste puiblí.

7. —(1) Féadfidh an tAire Airgid a chinne le hordú aon uair tar éis rithte an Achta so, gur ciste puiblí, chun crícheanna an Achta Aois-liúntas, 1892, na cistí atá ar chur Bhórd na gCeanntar gCumhang.

(2) Má rithtear sa tSiosón so den Oireachtas Acht a scuirfidh Bord na gCeanntar gCumhang, bainfidh an t-alt so le haon chistí atá, no a bhí aon uair roimh scur Bord na gCeanntar gCumhang, ar chur an Bhúird sin.

Comhacht chun Ioncum na Breataine Móire no Thuaiscirt Éireann d'fhógairt ina chiste phuiblí.

8. —(1) Má dintar réiteach chuige sin le Rialtas na Breataine Móire no le Rialtas Thuaiscirt Éireann, féadfidh an tAire Airgid a chinne le hordú gur ciste puiblí, chun crícheanna an Achta Aois-liúntas, 1892, ioncum na Breataine Móire no ioncum Thuaiscirt Éireann (fé mar a bheidh).

(2) Le rialacháin a dhéanfidh an tAire Airgid fén Acht Aoisliúntas, 1892, agus fé alt 7 den Acht Aois-liúntas, 1909, féadfar, más gá é agus sa mhéid gur gá é do réir an réitigh dá dtagartar sa bhfo-alt roimhe seo, forálacha an Achta Aois-liúntas, 1892, d'atharú maidir leis an gcuma ina roinnfar na méideanna a bheidh le n'íoc as cistí agus cuntaisí defriúla.

Ní bheidh dul thar breith an Aire Airgid.

9. —Ní bheidh dul thar breith an Aire Airgid ar aon cheist a eireoidh i dtaobh baint aon ailt den Acht so le héinne no i dtaobh méid aon liúntais no aisce fén Acht so, no i dtaobh áireamh aon tseirbhíse i gcóir an liúntais no an aisce sin.

Gearr-Theideal.

10. —(1) Féadfar an tAcht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1923, do ghairm díobh so le chéile: Ailt 1, 2, 8, 9, agus 10 den Acht so agus na hAchtanna Aois-liúntas 1834 go 1919.

(2) Léifear Ailt 1, 2, 8, 9 agus 10 den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1919.