An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II.—CEANNACH TALMHAN.) Ar Aghaidh (CUID IV.—CLARU ÁITIÚIL AR THEIDIL.)

42 1923

ACHT TALMHAN, 1923

CUID III.—BANC NAISIÚNTA NA TALMHAN, TEORANTA.

Cad leis go mbainfidh an Chuid seo den Acht so.

48. —Ní bhainfidh forálacha Cuid II. den Acht so, ach amháin mar a foráltar sa Chuid seo den Acht so, le haon tailte a cheannaigh comhar-chumann feirmeoireachta (dá ngairmtear Cumann sa Chuid seo den Acht so) no cólucht d'iontaobhaithe, le roimh-íocanna a dhin Banc Náisiúnta na Talmhan, Teoranta (dá ngairmtear an Banc sa Chuid seo den Acht so), agus atá, ar dháta rithte an Achta so, fé mhuirear aisíoc na roimh-íocanna san no aisíoc aon choda dhíobh.

Dílsiú i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha.

49. —Dílseoidh gach talamh a cheannuigh Cumann no cólucht d'iontaobhaithe, le roimh-íoc a dhin an Banc, má bhionn aon chuid den roimh-íoc gan íoc, dílseoidh sé i gCoimisiún na Talmhan an lá ceaptha ar an bpraghas a socrófar fé sna forálacha atá sa Chuid so den Acht so fé mar a dhílseodh, maidir le modh an dílsithe agus na nithe thiocfidh as, dá ndéanfí orduithe dílsiúcháin ina thaobh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ar an lá ceaptha, do réir connartha ceannaigh déanacha a dhéanfadh Coimisiún na Talmhan leis an gCumann no leis an gcólucht d'iontaobhaithe.

Eolas a éileoidh Coimisiún na Talmhan ar an mBanc.

50. —Tabharfidh an Banc i scríbhinn do Choimisiún na Talmhan mion-innste ar na tailte a ceannuíodh amhlaidh, ar an gcuid den airgead ceannaigh (más ann do) d'fhág an Cumann no an cólucht d'iontaobhaithe acu mar éarlais, ar an roimh-íoc a dhineadar chun na tailte sin do cheannach, ar an méid atá amuich acu mar gheall ar an roimh-íoc san, agus ar na leasanna uachtaracha agus na muirir eile (más ann dóibh) gur fútha a cheannuigh an Cumann no an cólucht d'iontaobhaithe na tailte, maraon le pé mion-innste eile a éileoidh agus a ordóidh Coimisiún na Talmhan, agus lóisteálfa siad le Coimisiún na Talmhan pé dintiúirí, scríbhinní agus mapaí is gá chun fírinne na mion-innste a soláthruíodh amhlaidh do chruthú.

Déanfidh Coimisiún na Talmhan fógraíocht i dtaobh na dtailte a tógfar.

51. —Foillseoidh Coimisiún na Talmhan o am go ham fógraí ina mbeidh mion-innste ar na tailte a ceannuíodh amhlaidh, agus ar na leasanna uachtaracha agus na muirir eile, maraon leis an muirear chun aisíoctha an roimh-íoca atá amuich ag an mBanc, gur fútha do ceannuíodh na tailte, agus leagfar amach sna fógraí sin an aimsir gur laistigh di a féadfar agus an cuma ina bhféadfar agóidí do chur i gcoinnibh na bhfógraí sin, mar gheall ar aon tailte áirithe d'aireamh ionta no d'fhágaint gan áireamh ionta no mar gheall ar aon leas uachtarach no muirear den tsórt san roimhráite d'fhágaint ar lár ionta no do mhíthuairisciú.

Chun an praghas ceannaigh do dhéanamh amach.

52. —Breithneoidh Coimisiún na Talmhan (ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha) gach agóid a dineadh go cuibhe, agus beidh ceart ann chun athchomharc do dhéanamh chun an Choimisineura Bhreithiúntais agus ní bheidh dul thar a bhreith sin. Más deimhin leis an gCoimisinéir Breithiúntais go raibh ag an gCumann no ag an gcólucht d'iontaobhaithe, roimh dháta rithte an Achta so, teideal maith chun na dtailte a ceannuíodh amhlaidh, agus san saor o ualaí lasmuich den mhuirear le n-ar cuireadh in áirithe go n-aisíocfí an roimh-íoc atá amuich ag an mBanc agus lasmuich d'aon leasanna uachtaracha no d'aon Bhlianachtaí Talamh-Cheannaigh, gheobha sé amach cadiad na leasanna uachtaracha a ghluaiseann as na tailte sin agus socróidh sé praghas fuascailte gach leasa uachtaraigh agus blianachta den tsórt san, agus gheobha sé amach, leis, an méid atá dlite mar gheall ar cholainn airgid (gan creidiúint a thabhairt i dtaobh na héarlaise, más ann di, a lóisteáil an Cumann no an cólucht d'Iontaobhaithe sa Bhanc) agus ús ar cuntas an mhuirir le n-ar cuireadh in áirithe go n-aisíocfí an roimh-íoc atá dlite don Bhanc, agus socróidh sé praghas na dtailte do réir pé suim is leor mar fhuascailt agus mar íoc i ngach leas uachtarach agus blianacht den tsórt san agus sa mhuirear le n-ar cuireadh in áirithe go n-íocfí an roimh-íoc atá dlite don Bhanc agus i pé costaisí a lomhálfa sé. Tar éis don Bhanc éarlais den tsórt roimhráite do lóisteáil le Coimisiún na Talmhan, íocfar ar an lá ceaptha, i mBannaí Talmhan 4½ per cent., an praghas a dineadh amach amhlaidh ach íocfidh an Stát an t-aonú cuid déag de.

Forálacha dtaobh éarlaisí o Chumann no o chólucht d'iontaobhaithe.

53. —Nuair a fágfar an éarlais ag Coimisiún na Talmhan súncálfa siad-san í agus íocfar an t-ioncum as na súncála san, sa mhéid ná teastóidh sé chun cúiteamh a dhéanamh le Coimisiún na Talmhan ar thráth-choda neamh-íoctha de bhlianachtaí ceannaigh (más ann dóibh) ar cuntas an roimh-íoca a dineadh fén gCuid seo den Acht so leis an gCumann no leis an gcólucht d'iontaobhaithe a chéad-fhág an éarlais ag an mBanc, íocfar é leis an gCumann san no leis an gcólucht san d'iontaobhaithe go dtí go n-úsáidfidh Coimisiún na Talmhan an éarlais ar a mhalairt de chuma no go dtí go n-aisíocfar é i bpáirt no go hiomlán leis an gCumann no leis an gcólucht d'iontaobhaithe fé sna forálacha so a leanas, eadhon:—

a) Aon uair sara ndeimhneofar an roimh-íoc do bheith aisíoctha, mara mbeidh Coimisiún na Talmhan sásta leis an urraíocht a dineadh ar an gcéanna, no má leigeadh do sna blianachtaí ceannaigh tuitim i riaráiste, beidh sé dleathach do Choimisiún na Talmhan an éarlais d'úsáid i bpáirt no go hiomlán i bhfuascailt pro tanta an roimh-íoca;

(b) Más deimhin le Coimisiún na Talmhan nách gá an éarlais mar urraíocht ar an roimh-íoc beidh sé dleathach aon tráth do Choimisiún na Talmhan an éarlais iomlán no cuid di d'aisíoc leis an gCumann no leis an gcólucht d'Iontaobhaithe a chéad-fhág an céanna ag an mBanc no le n-a gcomharbhaí dleathacha;

(c Nuair a deimhneofar gur aisíocadh oiread den roimh-íoc agus is ionann le luach na héarlaisí a fhanfidh ag Coimisiún na Talmhan, agus má bhíonn Coimisiún na Talmhan sásta leis an urraíocht ar an gcuid neafhuascailte den roimh-íoc, aisíocfar leis an gCumann no leis an gcólucht d'iontaobhaithe, a chéad-fhág an éarlais ag an mBanc, no le n-a gcomharbaí dleathacha, pé cuid den éarlais ná húsáidfar fé sna míreanna deiridh sin.

Coiníollacha athdhíolacháin leis na Cumainn.

54. —Fé réir na bhforálacha anso ina dhiaidh seo, tuigfar gur dhin gach Cumann no cólucht d'iontaobhaithe, a bhí ar an lá ceaptha i seilbh na dtailte a ceannuíodh agus a dílsíodh i gCoimisiún na Talmhan amhlaidh fé fhorálacha na Coda so den Acht so, tuigfar gur dhineadar connra ceannaigh déanach le Coimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha chun na tailte do cheannach uatha san ar phraghas is ionann agus deich n-aonú cuid déag den phraghas a socruíodh fé fhorálacha an ailt deiridh sin.

Beidh iníoctha ag an gCumann no ag an gcólucht d'iontaobhaithe le Coimisiún na Talmhan suim bhliantúil a háireofar do réir 4¾ per cent. den tsuim 'na dtuigfar an Cumann no an cólucht d'iontaobhaithe do bheith tar éis connra do dhéanamh chun na tailte do cheannach uirri, sé sin, ón lá ceaptha go dtí an chéad lá gála tar éis dílsiú na dtailte sa Chumann no sa chólucht d'iontaobhaithe, no go dtí go dtiocfidh stad agus críochnú ar an gcál atá ag an gCumann no ag an gcólucht d'iontaobhaithe chun na dtailte.

Chun an tsuim bhliantúil sin do bhaint amach beidh ag Coimisiún na Talmhan na cabhartha céanna atá acu chun tráthchoda neamh-íoctha de bhlianacht cheannaigh do bhaint amach.

Ar an lá gála ar a mbeidh an chéad thráth-chuid den tsuim bhliantúil sin iníoctha ag an gCumann no ag an gcólucht d'iontaobhaithe, beidh iníoctha acu le Coimisiún na Talmhan suim breise is ionann agus cion den tsuim bhliantúil sin, i gcóir na tréimhse idir an lá gála san agus an lá ar a mbeidh na céad dividenda eile iníoctha de bharr Bannaí Talmhan a tabharfar amach fén Acht so. Chun an tsuim bhreise sin do bhaint amach beidh ag Coimisiún na Talmhan na cabhartha céanna atá acu chun tráth-choda neamh-íoctha de bhlianacht cheannaigh do bhaint amach.

O am an phaiste talmhan do dhílsiú ionta agus ina dhiaidh sin agus chun gach críche, fé mar a bheadh sí ina híocaíocht ar cuntas blianachta ceannaigh isea deighleálfar le gach íocaíocht a dhéanfidh Cumann no cólucht d'iontaobhaithe tar éis an lae cheaptha ar cuntas na suime bliantúla is iníoctha le Coimisiún na Talmhan fén alt so.

Dílsiú na dtailte sna Cumainn.

55. —(1) Más deimhin le Coimisiún na Talmhan gur dineadh na tailte a ceannuíodh agus a dílsíodh i gCoimisiún na Talmhan amhlaidh do bhainistí sa cheart, ar shlite dea-fheirmeoireachta, agus go bhfuil an Cumann no an cólucht d'iontaobhaithe bunuithe sa cheart fé sna rialacha le n-a rialuítar Cumainn den tsórt san, no fén Dintiúir Iontaobhais le n-ar ceapadh na hiontaobhaithe sin agus le n-a raibh Coimisiún na Talmhan sásta, agus gur dhineadar a ngnóthaí do réir na rialacha no an dintiúra san, agus nár dhineadar agus nár cheaduíodar aon ghníomh 'na bhféadfí glana suas gnótha no scur do dhéanamh ar an gCumann no an cólucht d'iontaobhaithe d'fhógairt gnóbhriste no neamh-fhiach-acfuinneach, déanfar tar éis an lae cheaptha, na tailte do dhílsiú sa Chumann no sa chólucht d'iontaobhaithe le hordú dílsiúcháin no ar a mhalairt de chuma.

(2) Más rud é nách deimhin le Coimisiún na Talmhan gur có-líonadh na coiníollacha deiridh sin agus go bhfaisneoid san ar an gcuma orduithe, ansan stadfidh agus críochnóidh ar fad an cál a bhí ag an gCumann no ag an gcólucht d'iontaobhaithe chun na dtailte, agus coinneoidh Coimisiún na Talmhan na tailte, chó maith is dá mba tailte nea-thionóntuithe iad a dílseofí i gCoimisiún na Talmhan fé fhorálacha Cuid II. den Acht so.

Neambaint Ciste na gCostaisí.

56. —Na forálacha atá i gCuid I. den Acht so i dtaobh Ciste na gCostaisí, ní bhainfid le himeachta fén gCuid seo den Acht so.