An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III.—BANC NAISIÚNTA NA TALMHAN, TEORANTA.) Ar Aghaidh (CUID V.—GENERALTA.)

42 1923

ACHT TALMHAN, 1923

CUID IV.—CLARU ÁITIÚIL AR THEIDIL.

Rialacha i dtaobh clárú dhéanamh tar éis gabháltaisí do mhalairtiú.

57. —(1) Féadfar rialacha do dhéanamh fé alt a ceathair déag is cheithre fichid den Acht Chlárathacht Áitiúil Teideal (Éirinn), 1891 (dá ngairmtear Acht 1891 sa Chuid seo den Acht so) rialacha le n-a regealálfar an nós-imeachta a cleachtfar i gcúrsaí clárú do dhéanamh ar thailte le n-a ndeighleálfar fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le malairtiú gabháltaisí, agus rialacha le n-a leagfar amach pé modh clárathachta agus le n-a ndéanfar ar aon achtachán a bhaineann le clárú pé oiriúnuithe no atharuithe is gá chun na forálacha roimhráite do chur in éifeacht.

(2) Ní bhainfidh Alt a trí déag is cheithre fichid d'Acht 1891 (a bhaineann le conus a cuirfar an Ciste Arachais) le cailliúint a thiocfidh as éinní do dhéanamh i bhfeidhmiú na bhforálacha roimh-ráite den Acht so ná i bhfeidhmiú na rialacha a déanfar fén alt so.

Comhacht chun tailte do chlárú fé theideal mhaoluithe no shealbhach.

58. —(1) Sa chás nár dineadh clárú ar únaereacht tailimh ’na bhfuil sé oblagáideach fé Acht 1891 é do chlárú, féadfidh Coimisiún na Talmhan no Coimisinéirí Oibreacha Puiblí na hÉireann na mion-innste orduithe do thabhairt do Chlárathóir na dTeideal i dtaobh an tailimh sin cho maith le hainm an duine a chífar dóibh a bheith i seilbh an tailimh sin, agus leis sin déanfidh an t-údarás clárathachta an duine sin do chlárú mar únaer don talamh san fé theideal mhaoluithe no shealbhach.

(2) An chéad chlárú a déanfar ar aon duine mar lán-únaer no mar pháirt-únaer fé theideal shealbhach, beidh an éifeacht chéanna aige a bhíonn ag an gcéad chlárú a dintar ar dhuine mar lán-únaer no mar pháirt-únaer fé Acht 1891, ach amháin ná déanfidh clárú fé theideal shealbhach difir ná dochar d'fheidhmiú aon estáit, cirt ná leasa atá i gcoinnibh teidil an chéad únaera chláruithe no a luíoduíonn é, no a bheidh ar bith no a fhéadfadh eirghe agus an chéad chlárú san á dhéanamh.

(3) An chéad chlárú a déanfar ar aon duine mar lán-únaer no mar pháirt-únaer fé theideal mhaoluithe beidh an éifeacht chéanna aige a bhíonn ag an gcéad chlárú a dintar ar dhuine mar lán-únaer no mar pháirt-únaer fé Acht 1891, ach amháin ná déanfidh clárú fé theideal mhaoluithe difir ná dochar d'fheidhmiú aon estáit, cirt ná leasa a chífar ón gclár a bheith saor o éifeacht clárathachta.

(4) Féadfidh an t-únaer cláruithe agus pé daoine eile a bheidh orduithe a iarraidh ar an údarás clárathachta aon uair an lánteideal chun na dtailte do dhéanamh amach, agus na hualaí atá ortha agus na cirt agus an cál atá ag daoine chucha d'iontráil ar an gclár, pé méid díobh nár dhin clárú na húnaereachta, fé theideal shealbhach no mhaoluithe, difir ná dochar dóibh, agus leis sin déanfidh an t-údarás clárathachta na hualaí, na cirt agus na cálanna san d'fháil amach agus d'iontráil ar an gclár, agus cuirfe sé ar neamh-ní ar an gclár an clárú fé theideal mhaoluithe no shealbhach, agus leis sin beidh ag an gclárú an éifeacht chéanna a bhíonn ag an gclárú a dintar ar lán-únaer no ar pháirt-únaer fé Acht 1891.

Ar scrúdú aon iarratais áirithe, má fachtar nách féidir ach clárú fé theideal mhaoluithe do dhéanamh, féadfar clárú fén dteideal san do dhéanamh.

(5) Féadfar rialacha fé Acht 1891 do dhéanamh chun intinn an ailt seo do chur in éifeacht agus isé rud a chialluíonn an focal “orduithe” san alt so ná orduithe leis na rialacha san. Ní bheidh táillí oifige len-íoc as an gcéad chlárú a déanfar ar aon teideal fén alt so.

(6) An chomhacht atá ag an gCúirt no ag Coimisiún na Talmhan fé fho-alt (2) d'alt a ceathair déag ar fhichid d'Acht 1891, agus fé fho-alt (3) d'alt a dó den Acht Dlí Thalmhan (Éirinn), 1896, chun earráidí a dineadh i gclárú tailimh do cheartú, agus chun an clár agus an t-ordú dílsiúcháin no an fiat do cheartú más dó leo gur féidir an earráid do cheartú gan díobháil d'éinne, folóidh sí comhacht chun an dá shaghas ceartuithe sin do dhéanamh d'ainneoin díobháil do theacht as do dhuine éigin, ar pé téarmaí agus coiníollacha a chífar don Chuirt no do Choimisiún na Talmhan a bheith cothrom agus beidh cúiteamh sa díobháil sin ar cheann acu más gá é.

Combacht chun talamh a tógadh fé Achtanna na nOibrithe do chlárú fé theideal mhaoluithe no shealbhach.

59. —Sa chás gur dineadh aon uair talamh do thógaint fé Achtanna na nOibrithe (Éirinn), 1883 go 1919, déanfidh an t-údarás clárathachta, ar iarratas ar an gcuma orduithe o aon chólucht puiblí a dheabhróidh a bheith i seilbh an tailimh sin, an cólucht puiblí sin do chlárú mar únaerí don talamh san fé theideal shealbhach no mhaoluithe, agus na forálacha den Chuid seo den Acht so a bhaineann le daoine a clárófar amhlaidh fén alt san bainfid le clárú fén alt so.

Tar éis bháis d'únaer an talamh a haithdhíoladh leis do thuitim.

60. —D'ainneoin forálacha fo-ailt (6) d'alt a trí den Acht Talmhan Éireannach, 1903, gach talamh a haith-dhíoladh no a haith-dhíolfar ina dhiaidh seo le húnaer an tailimh sin fé fhorálacha an ailt sin, no a haith-dhíolfar le húnaer an tailimh sin fén Acht so beidh sé fé réir na bhforálacha de Chuid IV. d'Acht 1891 a bhaineann le talamh saor-choinneála cláruithe do thuitim chun daoine.

Clárú ar únaer ainmnithe.

61. —Sá chás ina ndéanfidh Coimisiún na Talmhan duine d'ainmniú chun bheith in'únaer ar ghabháltas fé sna comhachta a bronntar le fo-alt (1) (c) d'alt a ceathair déag is dachad den Acht Talmhan Éireannach, 1903, clárofar an duine sin mar únaer ar an ngabháltas fé réir pé éilithe agus muirir a bhainfadh le hestát no leas ionadaí pearsanta an únaera mhairbh, agus leis sin féadfidh na daoine eile na bhfuil cál acu chun na ngabháltaisí a iarraidh ar an údarás clárathachta ar an gcuma orduithe a chur fé ndeár go ndéanfar eolas do chur ar a n-éilithe agus iad do chlárú mar mhuirir ar an ngabháltas.

Comhacht do Choimisiún na Talmhan chun aith-dhíol sara gclárófar a dteideal.

62. —D'ainneoin aon fhorálacha ina choinnibh sin atá sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, in Achtanna Bhórd na gCeanntar gCumhang (Éirinn), no in Acht 1891, féadfidh Coimisiún na Talmhan aon tailte a dílsíodh ionta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, no mar chomharbaí do Bhórd na gCeanntar gCumhang in Éirinn, féadfid iad d'aith-dhíol gan a bheith cláruithe mar únaerí ortha fé Acht 1891.

Má éagann ceannathóir sara ndintar dílsiú ná clárú.

63. —(1) Más rud é, sara bhfeidhmítear ordú dílsiúcháin no fiat, go dtiocfidh an bás ar an duine gurb ann a cialluítear a dílsítear na tailte a luaidhtear san Ordú no sa bhFiat san, ní bheidh an tOrdú no an Fiat san gan brí dá dheascaibh sin, ach beidh sé éifeachtúil chun na tailte sin do dhílsiú, agus tuigfar go raibh sé riamh á ndílsiú, in ionadaí pearsanta an duine sin (tar éis a cheaptha) chun pé úsáidí agus ar pé iontaobhaisí a bheadh gearrtha amach do sna tailte sin dá mbeidís dílsithe sa duine sin díreach roimh bhás do.

(2) An chéad chlárú a déanfar ar thalamh 'na bhfuil sé oblagáideach fé Acht 1891 é do chlárú, beidh sé agus tuigfar go raibh sé riamh in' iontráil dleathach ar na tailte a dineadh ar an gclár fén Acht san, agus beidh san amhlaidh d'ainneoin an t-únaer a bheith marbh ar dháta an chéad chláruithe sin agus an té ’na mbeidh teideal aige chun na dtailte ar fháil bháis don únaer sin a fuair bás iontrálfar ar an gclár é mar únaer nuair a hiarriar san ar an údarás clárathachta.