43 1923

Uimhir 43.


ACHT UM DHÍOBHÁIL DO MHAOIN (LEASÚ), 1923.


ACHT CHUN AN tACHT UM DHÍOBHÁIL DO MHAOIN (CÚITEAMH), 1923 , DO LEASÚ AGUS DO LEATHANÚ.

[9adh Lúnasa, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Leasú ar an Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 .

1. —Déanfar an tAcht um Dhiobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923) (dá ngairmtear an Príomh-Acht anso feasta), do leasú agus leasuítear é leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(1) Cuirfear na focail agus na figiúirí “12adh lá de Bhealtaine 1923,” in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí “20adh lá de Mhárta, 1923,” i ngach áit ina bhfachtar an céanna sna hailt, na fo-ailt no na míreanna so a leanas den Phríomh-Acht, sé sin le rá:—

(a) i gclás (c) d'fho-alt (9) d'Alt 15,

(b) i bhfo-alt (10) d'Alt 15,

(c) in Alt 16,

(2) Cuirfear an focal “cheithre” in ionad an fhocail “trí” i ngach áit ina bhfachtar an céanna sna hailt agus na fo-ailt seo a leanas den Phríomh-Acht, sé sin le rá:—

(a) i bhfo-alt (1) d'Alt 2,

(b) in Alt 3,

(c) i bhfo-alt (1) d'Alt 15.

Gearr-Theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhíobháil do Mhaoin (Leasú), 1923 , do ghairm den Acht so.