48 1923

Uimhir 48.


ACHT CHUN TOGHACHÁIN ÁITIÚLA DO CHUR AT ATH-LÓ (LEASÚ), 1923.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN ACHT CHUN TOGHACHÁIN ÁITIÚLA DO CHUR AR ATH-LÓ, 1922 .

[28adh Mí na Nodlag, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Leasú ar Uimh. 4 de 1922 .

1. —Leasófar an tAcht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1922 (Uimh. 4 de 1922) , agus leasuítear é leis seo tríd na focail agus na figiúirí “30adh lá de Mheán Fhomhair” do chur in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí “ladh lá d'Eanair” san áit ina bhfuil na focail agus na figiúirí deiridh sin i bhfo-alt (1) d'alt l agus i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Acht san.

Gearr-Theideal.

2. —Féadfar An tAcht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló (Leasú), 1923, do ghairm den Acht so, agus féadfar tagairt a dhéanamh don Acht so agus don Acht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1922 , i dteanta a chéile, mar na hAchtanna chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1922 agus 1923.