Ar Aghaidh (Cuid I. AN ARD-CHUIRT AGUS AN CHUIRT UACHTARACH.)

10 1924

Uimhir 10 de 1924.


ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924.


ACHT CHUN CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS DO BHUNÚ DO RÉIR BUNREACHT SHAORSTÁIT ÉIREANN AGUS CHUN CRÍCHEANNA A BHAINEAS LE FEABHASÚ RIARA CIRT. [12adh Abrán, 1924.]

DE BHRÍ go bhfuil sé riachtanach chun comhacht bhreithiúnais Shaorstáit Éireann d'fheidhmiú agus chun ceart do riara i Saorstát Éireann, cúirteanna puiblí do bhunú do réir na bhforálacha atá sa Bhunreacht chuige sin:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTAIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Roimh-fhocal.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar chun gach críche an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhm an Achta.

2. —Tiocfidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laethanta a ceapfar ina chóir sin le haon Ordú no Orduithe ón Ard-Chomhairle agus féadfar laetheanta difriúla do cheapa i gcóir tosach feidhm an Achta chun crícheanna difriúla ach gan aon lá dhíobh do bheith níos déanaí ná cúig mhí tar éis rithte an Achta so.

Míniú ar théarmaí.

3. —I léiriú an Achta so, mara bhfuil éinní san abhar no sa chó-théacs ina choinnibh, beidh leis na focail agus leis na habairtí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, no folóid, na bríonna so a leanas, sé sin le rá:—

Ciallóidh “Príomh-Chúirt Choiriúil” an breitheamh den Ard-Chúirt dá gceapfar mar dhualgas gníomhú mar Phríomh-Chúirt Choiriúil de thurus na huaire;

Ciallóidh “Coimisinéirí den Chuaird Ard-Chúirte” pé breithimh no daoine eile a hainmnití go dtí so i gCoimisiúin Ard-Shiosóin agus dá gceapfar feidhmiú do dhéanamh ar aon údarás síbhialta no coiriúil is féidir don Ard-Chúirt a fheidhmiú;

Ciallóidh “Cúirt den Chuaird Ard-Chúirte” Cúirt aon Choimisinéara den tsórt san den Chuaird Ard-Chúirte;

Ciallóidh “Cúirt Dúithche,” “Cúirt Chuarda,” “Ard-Chúirt” agus “Cúirt Uachtarach” na Cúirteanna Breithiúnais de Shaorstát Éireann a hainmnítear amhlaidh san Acht so;

Ciallóidh “i gcúrsaí gealtachta” i gcúrsaí cimeád pearsana agus estáití daoine gan meabhair, geilteanna agus daoine nách slán meabhair;

Ciallóidh “i gcúrsaí mion-aoiseach” i gcúrsaí bhárdacht mion-aoiseach agus cúram estáití mion-aoiseach;

Folóidh “talamh” gach tionóntachán agus ionoighreachta nea-chorportha chó maith le gach tionóntachán agus ionoighreachta corportha.