An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. CAIN PHROFID CORPORAIDE.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Rialacha a cuirfar leis na Rialacha a bhaineann le Sceideal C.)

27 1924

ACHT AIRGID, 1924

CUID V.

ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.

Cánacha ar urúsanna rialtais Briotáineacha áirithe agus ar urúsanna cathrachtúla Briotáineacha áirithe.

37. —(1) Ní oibreoidh alt 47 den Finance (No. 2) Act, 1915 (a bhaineann le saoirse o cháin d'urúsanna rialtais Briotáineacha áirithe) chun capital ná ús aon urúis díobh súd dá dtagartar ann do shaora o aon cháin fé n-a bhféadfí é chur mara mbeadh an t-alt san mar atá sé oiriúnuithe, sé sin, faid a bheidh na hurúsanna san dá gcuid féin, chun tairfe dhóibh féin, ag daoine go bhfuil buan-chomhnaí no gnáth-chomhnaí ortha sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann.

(2) Ní oibreoidh alt 63 den Finance Act, 1916 (a bhaineann le saoirse o cháin d'urúsanna cathrachtúla Briotáineacha áirithe) chun capital ná ús aon urúis díobh súd dá dtagartar ann do shaora o aon cháin fé n-a bhféadfí é chur mara mbeadh an t-alt san mar atá sé oiriúnuithe, sé sin faid a bheidh na hurúsanna san dá gcuid féin, chun tairfe dhóibh féin, ag daoine go bhfuil buanchomhnaí no, más géilliúnaigh Briotáineacha iad, gnáth-chomhnaí ortha sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann.

(3) Bainfidh an t-alt so—

(a) maidir le diúitéthe báis, le cás ina dtuitfidh maoin tar éis bháis dhuine a éagfidh an 1adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin; agus

(b) maidir le cáin ioncuim agus le barra-cháin, le haon bhliain airgeadais a thosnóidh an 6adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin.

Chun airgead a bheidh dlite ar scór cánacha agus diúitéthe do bhaint amach.

38. —(1) Gach suim a bheidh dlite ar scór cánach no diúité atá fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim anois no a cuirtar leis an Acht so, no a cuirfar le haon Acht eile a rithfidh an tOireachtas, fén gcúram agus fén mbainistí roimhráite, agus fós gach fíneáil, pionós, no gheallbhruid fé n-a raghfar mar gheall ar aon cháin no diúité den tsórt san, tuigfar gur fiacha iad atá alite don Aire Airgid chun tairfe don Phrímh-Chiste agus beid iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncuim agus féadfar (gan dochar d'aon mhódh eile chun iad do bhaint amach) dul chun dlí mar gheall ortha agus iad do bhaint amach le haicsean, no le himeacht oiriúnach eile, ar agra an Phríomh-Aturnae in aon chúirt leorúdaráis.

(2) Ag gabháil le hairgead a bheidh dlite don Phrímh-Chiste no iníoctha leis no dlite no iníoctha chun tairfe dho, beidh, agus tuigfar go raibh riamh, gach ceart, príbhléid, agus tosaíocht atá go dtí so ag gabháil le fiacha atá dlite don Choróin.

Oiriúnú ar achtacháin a bhaineann le bannaí.

39. —(1) O am rithte an Achta so agus dá éis, mar chó-líona ar gach foráil, atá in aon Acht le n-a mbaineann an t-alt so agus le n-a n-iarrtar no le n-a n-udaruítear dul fé bhannaí, is leor dul fé bhannaí leis an Aire Airgid, agus gach luadh no tagairt, atá in aon Acht le n-a mbaineann an t-alt so, do bhanna fé n-ar chuathas fén Acht san no dá réir léireofar é agus raghaidh sé in éifeacht mar ní a fholuíonn luadh no tagairt do bhanna den tsórt chéanna fé n-ar chuathas leis an Aire Airgid.

(2) Gach banna fé n-ar chuathas roimhe seo fé aon Acht no do réir aon Achta le n-a mbaineann an t-alt so (maraon le bannaí fé n-ar chuathas leis na Coimisinéirí Ioncuim de bhua alt 18 den Acht Airgid, 1923 ( Uimh. 21 de 1923 ) agus gach banna fé n-a raghfar ina dhiaidh seo leis an Aire Airgid de bhua an ailt seo, féadfar iad d'fheidhmiú le himeachta ar agra an Phríomh-Aturnae in aon chúirt leor-údaráis.

(3) Baineann an t-alt so le gach Acht do rith Páirlimint na Ríochta Aontuithe agus a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann an 31adh lá de Mhárta, 1923, agus a bhain le haon cheann de sna cánacha no de sna diúitéthe a luaidhtear san Acht Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923) , no sa Sceideal a ghabhann leis, no a bhain le bainistí aon chánacha no diúitéthe den tsórt san.

Maolú ar an oblagáid seicréideachta i gcásanna áirithe.

40. —An oblagáid i dtaobh seicréideachta a forchuirtar le haon achtachán i dtaobh cánach le n-a mbaineann ordú a dhin an Seanascal fé Acht na gCánach Dúbalta (Faoiseamh), 1923 (Uimh. 8 de 1923) , ní choiscfe sí agus tuigfar nár choisc sí riamh dátáin do nochta d'oifigeach údaruithe do Rialtas Thuaiscirt Éireann, pé cinn is gá a nochta dho chun go bhféadfar faoiseamh do thabhairt do réir na socruithe a daingníodh leis an ordú san.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

41. —Gach cáin agus diúité a forchuirtar no a buanuítear leis an Acht so dintar leis seo iad do chur fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim.

Mínithe ar Achtanna Custuim agus ar Achtanna Cánach Ioncuim.

42. —(1) San Acht so agus i ngach Acht eile de chuid an Oireachtais a bhaineann leis na custuim, ciallóidh agus folóidh an focal “na hAchtanna Custum” gach Reacht Briotáineach a bhaineann leis na custuim, chó maith leis an Acht so agus le gach Acht eile de chuid an Oireachtais a bhaineann leis na custuim.

(2) San Acht so agus i ngach Acht eile de chuid an Oireachtais a bhaineann le hioncum dúithche ciallóidh agus folóidh an focal “na hAchtanna Cánach Ioncuim” gach Reacht Briotáineach a bhaineann le cáin ioncuim, chó maith leis an Acht so agus le gach Acht eile de chuid an Oireachtais a bhaineann le hioncum dúithche.

Athghairmeanna.

43. —(1) Dintar leis seo na hachtacháin iomdha a háirítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

(2) Beidh éifeacht ón 12adh lá de Bhealtaine, 1924, ag an athghairm a dintar leis an alt so ar an Safeguarding of Industries Act, 1921, agus na hathghairmeanna eile a dintar leis an alt so beidh éifeacht acu an 6adh lá d'Abrán, 1924, agus as san amach, sa mhéid go mbaineann na hachtacháin athghairmthe le cáin ioncuim no le barra-cháin, agus beidh éifeacht acu an 1adh lá d'Abrán, 1924, agus as san amach, sa mhéid go mbaineann na hachtacháin athghairmthe le haon cháin eile no le haon diúité.

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

44. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I. den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Cánach Ioncuim, agus léireofar Cuid II. den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, agus sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil léireofar í mar éinní amháin leis na Reachta Briotáineacha agus leis na hAchtanna de chuid an Oireachtais a bhaineann le diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le cáin ioncuim no le barra-cháin do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1924, agus beidh éifeacht aige ón lá san amach, agus sa mhéid ná fuil sé bunoscionn leis na téarmaí atá ann tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le haon cháin eile no le haon diúité do theacht i bhfeidhm an 1adh lá d'Abrán, 1924, agus beidh éifeacht aige ón lá san amach.