Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Comhairli Tuathcheanntair le n-a mbaineann an tAcht.)

55 1924


Uimhir 55 de 1924.


ACHT SOLÁTHAR SÍL, 1924.


ACHT CHUN DLEATHACHT DO THABHAIRT DO CHOMHAIRLÍ CONTAE DO SHOLÁTHAR PRÁTAÍ SÍL NO SÍOL-CHOIRCE NO PRÁTAÍ SÍL AGUS SÍOL-CHOIRCE AN 1adh LÁ DE MHÍ NA NODLAG, 1923, NO DÁ ÉIS SIN AGUS ROIMH AN 1adh LÁ DE MHÍ NA NODLAG, 1924, AGUS DO CHOMHAIRLÍ TUATHCHEANNTAIR ÁIRITHE DO DHÉANAMH AN CHÉANNA AN 1adh LÁ DE MHÍ NA NODLAG, 1921, NO DÁ ÉIS SIN AGUS ROIMH AN 1adh LÁ DE MHÍ NA NODLAG, 1922, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I gCÓIR ÍOC AGUS FÁIL AIRGID MAIDIR LEIS NA PRÁTAÍ SÍL AGUS LEIS AN SÍOL-CHOIRCE SIN, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[18adh Mí na Nodlag, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Dleathacht do thabhairt do chomhairlí contae do sholáthar prátaí síl no síol-choirce.

1. —(1) Má dhin no má dhineann comhairle contae an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1923, no dá éis sin, agus roimh an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, le cead ón Aire, prátaí síl no síol-choirce no prátaí síl agus síol-choirce do sholáthar chun iad do roinnt sa chontae sin no in aon chuid áirithe dhi, beidh sé dleathach don chomhairle sin aon chuid de sna prátaí síl no den tsíol-choirce sin do dhíol le haon tsealbhaire no saothrathóir tailimh sa chontae sin no sa chuid áirithe sin di (pe'ca aca é), agus má dhíol an chomhairle sin aon phrátaí síl no síol-choirce den tsórt san le haon tsealbhaire no saothrathóir den tsórt san roimh rith an Achta so tuigfar go bhfuil an díol san agus go raibh sé riamh dleathach agus éifeachtúil.

(2) Aon tsuim atá ag dul do chomhairle contae i dtaobh aon díolacháin a dineadh ar aon phrátaí síl no síol-choirce den tsórt san mar adubhradh íocfar í leis an gcomhairle sin, san am agus sa tslí ar ar haontuíodh am an díolacháin no; más rogha leis an gComhairle é, ina trí tráth-choda có-ionannacha a bheidh iníoctha ar an dátaí fé seach a cheapfidh an chomhairle chuige sin, agus i gceachtar cás aca féadfar í do bhailiú agus d'fháil sa tslí a húdaruítear leis an Acht so.

Saoirse o mhí-cháilíocht i gcásanna áirithe.

2. —Aon duine a dhin no a dhéanfidh ina dhiaidh seo marga chun aon phrátaí síl no síol-choirce den tsórt a luaidhtear sa chéad alt den Acht so do cheannach o chomhairle contae, ní bheidh sé ná ní tuigfar go raibh sé fé mhí-cháilíocht dá dheascaibh maidir le hé do thogha, do rogha, no do bheith mar bhall de chomhairle contae no ceanntair, no de bhórd caomhnóirí no de bhórd coimisinéirí baile.

Dleathacht do thabhairt d'orduithe, do rialacháin, etc., áirithe.

3. —Gach ordú agus rialachán a cheapfidh an tAire, gach cead a thabharfa sé uaidh agus gach rud a dhéanfa sé i dtaobh comhairle contae do sholáthar prátaí síl no síol-choirce no prátaí síl agus síol-choirce an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1923, no dá éis sin, agus roimh an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, no i dtaobh díolachán agus roinnt na bprátaí síl no an tsíol-choirce sin, tuigfar go bhfuilid agus go rabhadar riamh dleathach agus éifeachtúil chun gach críche.

Ioc suimeanna áirithe atá dlite do chomhairlí tuathcheanntar áirithe.

4. —Má tá aon tsuim dlite ar aon duine ar dháta rithte an Achta so, ag aon chomhairle thuathcheanntair dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so i dtaobh prátaí síl no síolchoirce a dhíol an chomhairle sin leis an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, no dá éis sin, agus roimh an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, fé scéim a cheaduigh an tAire fén Acht Udarásanna Áitiúla (Slánaíocht), 1923 (Uimh. 49 de 1923) , chun an chomhairle sin do sholáthar prátaí síl no síol-choirce no prátaí síl agus síol-choirce, íocfidh an duine sin an tsuim sin le comhairle na contae ina bhfuil an tuathcheanntar san agus féadfidh an chomhairle chontae sin í do bhailiú agus d'fháil sa tslí a húdaruítear leis an Acht so.

Suimeanna is iníoctha fén Acht so le comhairlí contae d'fháil.

5. —(1) Maidir le haon tsuim a faisnéistear leis an Acht so a bheith iníoctha le comhairle contae, más duine atá rátuithe i gcóir an ráta dealbhais sa chontae sin an té go bhfuil an tsuim sin iníoctha aige, féadfidh an chomhairle í ghearra tré ráta speisialta a cuirfar leis agus a baileofar in éineacht leis an ráta dealbhais atá measta ar an tionóntachán go bhfuil an duine sin rátuithe ina thaobh mar adubhradh.

(2) Maidir le haon tsuim a faisnéistear leis an Acht so a bheith iníoctha le comhairle contae, maran duine atá rátuithe i gcóir an ráta dealbhais sa chontae sin an té go bhfuil an tsuim sin iníoctha aige, féadfar í ghearra tré ráta speisialta a bhuailfidh an chomhairle sin chun críche an ailt seo, ráta go mbeidh an duine sin rátuithe ina chóir agus a baileofar agus a féadfar a fháil ar an gcuma gcéanna agus sa tslí chéanna in ar féidir don chomhairle sin ráta dealbhais do bhailiú agus d'fháil.

Fáil suimeanna áirithe ar iasacht do dhéanamh dleathach.

6. —(1) Baineann an t-alt so le gach suim—

(a) a fuair no a gheobhaidh comhairle contae ar iasacht, le cead ón Aire, an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1923, no dá éis sin agus roimh an 1adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, chun prátaí síl no síol-choirce no prátaí síl agus síol-choirce de sholáthar chun iad do roinnt sa chontae sin no in aon chuid áirithe dhi, no

(b) a fuair comhairle aon tuathcheanntair, dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ar iasacht le cead ón Aire roimh rith an Achta so chun íoc do dhéanamh in aon fhiachas fé n-ar chuaidh an chomhairle sin do réir scéime a cheaduigh an tAire fén Acht Udarásanna Áitiúla (Slánaíocht), 1923 (Uimh. 49 de 1923) , chun an chomhairle sin do sholáthar prátaí síl no síolchoirce no prátaí síl agus síol-choirce.

(2) Gach suim le n-a mbaineann an t-alt so tuigfar, i dtaobh na comhairle do fuair ar iasacht í, gur go dleathach a fuair an chomhairle sin í, agus aisíocfidh an chomhairle sin í an 31adh lá de Mhárta, 1926, no roimhe sin, maraon le hús do réir an ráta ar ar haontuíodh.

(3) Tuigfar gach suim le n-a mbaineann an t-alt so agus an t-ús uirthi do réir an ráta roimhráite do bheith ina muirear, ón dáta ar ar fuaradh an tsuim sin ar iasacht, ar an ráta dealbhais is inghearrtha ar chontae no ar thuathcheanntar (pe'ca aca é) na comhairle a fuair an céanna ar iasacht.

Míniú.

7. —San Acht so cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar an tAcht Soláthar Síl, 1924 , do ghairm den Acht so.