An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. MARC NAISIUNTA I gCOIR IME.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Gléasra agus Meaisínteacht in Uachtarlanna Cláruithe agus i Stáisiúin ina ndeighiltear Uachtar.)

58 1924

ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1924

CUID V.

ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.

Bainne agus uachtar neaghlan.

39. —(1) Einne a dhéanfas aon bhainne no uachtar atá salach, truaillithe, no stáluithe, no aon bhainne no uachtar atá in árthach salach, do thairisgint no d'fhreastal d'uachtarlainn no do stáisiún ina ndeighiltear uachtar no d'aon áit ina n-úsáidtear bainne no uachtar chun aon tora déiríochta dhéanamh chun é dhíol, beidh sé cíontach i gcionta fén alt so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(2) Einne dhéanfas aon bhainne no uachtar atá salach, truaillithe, no stáluithe, no aon bhainne no uachtar atá in árthach salach, do ghlaca chun é úsáid in uachtarlainn no i stáisiún ina ndeighiltear uachtar no in aon áit ina n-úsáidtear bainne no uachtar chun aon tora déiríochta do dhéanamh chun é dhíol, no éinne a ghlacfas a leithéid chun é dhíol, no a úsáidfas no a dhíolfas é, in aon áit no o aon áit acu san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(3) Gach éinne bheas ciontach i gcionta fén alt so féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar cúig púint i gcás an dara cionta agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás an tríú cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

(4) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh le n-a leagfar amach na módhna ina ndéanfar amach ce'ca tá bainne no uachtar sláluithe no truaillithe no ná fuil.

Scrúdú agus somplú bainne agus uachtair.

40. —(1) Féadfidh aon chigire (ach an t-údarás i scríbhinn a bheas aige mar chigire den tsórt san do thaisbeáint má iarrtar san air) dul isteach, ar gach tráth réasúnta, in aon uachtarlainn no stáisiún ina ndeighiltear uachtar no in aon áit ina n-úsáidtear bainne no uachtar i ndéanamh aon tora déiríochta chun é dhíol agus féadfa sé aon bhainne no uachtar a gheobhfar san uachtarlainn, sa stáisiún, no san áit sin do scrúdú agus féadfa sé aon tsomplaí d'aon bhainne no uachtar den tsórt san, no d'aon tsalachar sa bhainne no san uachtar san no in aon árthach ina bhfuil an bainne no an t-uachtar san, do thógaint agus d'aistriú gan íoc asta.

(2) Féadfidh aon chigire (ach an t-údarás i scríbhinn a bheas aige mar chigire den tsórt san do thaisbeáint má iarrtar san air) no aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána, aon uair, aon bhainne no uachtar do scrúdú agus é á iompar go dtí aon uachtarlann no stáisiún ina ndeighiltear uachtar no aon áit ina n-usáidtear bainne no uachtar i ndéanamh aon tora déiríochta chun é dhíol, no le linn é bheith á sheachada in aon áit acu san, agus féadfa sé somplaí d'aon bhainne no uachtar den tsórt san, no d'aon tsalachar sa bhainne no san uachtar san no in aon árthach ina bhfuil an bainne no an t-uachtar san, do thógaint agus d'aistriú gan íoc asta.

(3) Einne go bhfuil fios aige ar ainm an té no ar nithe eile i dtaobh an té a sholáthruíos aon bhainne no uachtar den tsórt san, a scrúduíodh no a hiniúchadh fén alt so, má dhiúltuíonn sé don ainm sin no do sna nithe eile sin d'innsint d'aon chigire áirithe no d'aon bhall áirithe de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(4) Gach éinne a choiscfas no a bhacfas aon chigire no aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta i gcoinnibh an ailt seo agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(5) Gach éinne bheas ciontach i gcionta fén alt so féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Im salach.

41. —(1) Einne a dhéanfas aon im atá salach de dhíol, no do thairisgint no do thaisbeáint no do chonsighniú chun é dhíol, no do shóinseáil no do mhalairtiú, no é fháil, tré cheannach, tré shóinseáil no tré mhalairtiú, chun é ath-dhíol—

(a) mar bhia do dhaoine no chun é úsáid i monarchain ime no i monarchain margairín, no

(b) chun é úsáid in aon áitreabh ina ndintar aon bhia do dhaoine chun é dhíol,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

(2) Má gheibheann agus nuair a gheobhaidh aon chigire aon im salach in aon mhonarchain ime, monarcha margairín no áitreabh eile ina ndintar aon bhia do dhaoine chun é dhíol, an té a mbíonn an gnó sa mhonarchain no san áitreabh san ar siúl aige beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin maran féidir do a thaisbeáint chun sástachta don chúirt i dtaobh an ime sin—

(a) ná rabhthas chun é mheasca, é ath-oibriú, ná chun aon déanamh eile thabhairt do, ná chun é úsáid chun crícheanna déantóireachta sa mhonarchain no san áitreabh san, agus

(b) ná rabhthas chun é easportáil ná é chonsighniú chun é easportáil ón monarchain no ón áitreabh san, agus

(c) ná rabhthas chun é dhíol ná é thairisgint ná é chonsighniú chun é dhíol mar im sa mhonarchain no san áitreabh san ná ón monarchain no ón áitreabh san.

(3) Einne bheas ciontach i gcionta fén alt so, féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt má sé an chéad chionta aige é agus fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint i gcás an dara cionta agus fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás an tríú cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

Brí agus úsáid an fhocail “uachtarlann.”

42. —(1) O thosach feidhme Cuid III. den Acht so agus dá éis sin ciallóidh an focal “uachtarlann” aitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no gur deonadh agus go bhfuil i bhfeidhm ina chóir ceadúnas fén alt so.

(2) Más rud é agus nuair is rud é, i rith trí mblian o am rithte an Achta so, gur ceart don Aire san do dhéanamh mar gheall ar na nithe speisialta a bhaineas leis an gcás féadfa sé ceadúnas do dheona, d'únaer chláruithe aon áitreibh áirithe atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta, chun an focal “uachtarlann” d'úsáid i dtaobh an áitreibh sin, agus féadfar aon cheadúnas den tsórt san do dheona fé réir pé coiníollacha agus i gcóir pé aimsir (nách sia ná trí bliana o am rithte an Achta so) is dó leis an Aire is ceart agus féadfar é athghairm pé uair is dó leis is ceart.

(3) Einne a dhéanfas, tar éis dáta a hordófar, agus gan ceadúnas atá i bhfeidhm agus a deonadh chuige sin fén alt so do bheith aige, aon ainm no tuairisc d'úsáid i dtaobh aon áitreibh i Saorstát Éireann a húsáidtear i gcóir déanamh ime, cáise, margairín, cáise mhargairín, no meascáin ime agus bainne no i gcóir gnótha mhórdhíola in aon earra acu san, agus ná fuil cláruithe i gclár na n-uachtarlann, agus gur ainm no tuairisc í adeir, a chialluíos no a mheabhruíos gur uachtarlann an t-áitreabh san no go bhfuil sé cláruithe i gclár na n-uachtarlann, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint má sé an chéad chionta aige é agus fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche púnt i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

“Im uachtarlainne” do thabhairt ar im.

43. —(1) O thosach feidhme Cuid III. den Acht so agus dá éis sin, má tugtar “im uachtarlainne” ar aon im a díolfar no a tairgfar, a taisbeánfar, no a consighneofar chun é dhíol i Saorstát Éireann no a heasportálfar as Saorstát Éireann, déanfar (lasmuich den eisceacht a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) an tuairisc sin do ghlaca mar thuairisc trádála a chialluíos gur dineadh an t-im in áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no atá i gceadúnas atá i bhfeidhm agus a deonadh fén Acht so chun an focal “uachtarlann” d'úsáid, agus nár dineadh an t-im sin do mheasca ná é ath-oibriú ina dhiaidh sin.

(2) Má tugtar “im uachtarlainne” no éinní deabharthach leis sin ar aon im nár dineadh in áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann no atá i gceadúnas atá i bhfeidhm agus a deonadh fén Acht so chun an focal “uachtarlann” d'úsáid no ar aon im a dineadh san áitreabh san agus, ina dhiaidh sin, a meascadh no a hath-oibríodh no a tugadh isteach in aon áitreabh (nách áitreabh atá cláruithe no nách gá a chlárú ach de bhua fo-alt (4) d'alt 7 den Sale of Food and Drugs Act, 1899) atá cláruithe no is gá a chlárú fé sna Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907, no in aon áitreabh a húsáidtear chun tora déiríochta do dhéanamh, no chun déanamh do thabhairt do, chun é dhíol agus ná fuil cláruithe i gclár na n-uachtarlann no ná fuil i gceadúnas atá i bhfeidhm agus a deonadh fén Acht so chun an focal “uachtarlann” d'úsáid déanfar (lasmuich den eisceacht a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) é ghlaca mar thuairisc bhréagach trádála ar an im sin do réir brí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911, agus bainfidh forálacha, na nAchtanna san, ar a n-áiritear na forálacha peannaideacha, leis an gcás dá réir sin.

(3) Ní bhainfidh éinní san alt so ná ní chuirfe sé cosc le “im uachtarlainne” do thabhairt ar im a tabharfar isteach i Saorstát Éireann má bhíonn ag gabháil leis an bhfocal san focal no focail a chuirfas in úil go soiléir gur im é a tugadh isteach i Saorstát Éireann no im nár dineadh i Saorstát Éireann: Ach ní bhainfidh an fo-alt so le him a tabharfar isteach, díreach no nea-dhíreach, o aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann agus a heasportálfar as Saorstát Éireann ina dhiaidh sin.

(4) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar an focal “im uachtarlainne” do bheith á chur i bhfeidhm má cuirtar i bhfeidhm é do réir brí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911.

(5) Tiocfidh an t-alt so i ngníomh ar dháta a hordófar.

(6) Ní bhainfidh an t-alt so le haon im a bheas i bpacáiste a consighneofar agus a cuirfar ar aghaidh tré Shaorstát Éireann o aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann go haon áit eile den tsórt san agus ná deighleálfar leis ar aon tslí eile i Saorstát Éireann.

Mionscrúdú somplaí.

44. —(1) Einne thógfas sompla d'aon bhainne, uachtar no abhar eile, fé chomhacht a bronntar air chuige sin leis an Acht so, má theastuíonn uaidh go mionscrúdófaí an sompla san d'fhonn cúiseamh a dhéanamh i gcionta fé aon alt den Acht so, bainfidh na forálacha so leis an scéal agus déanfar dá réir, sé sin le rá:—

(a) isé an Mionscrúdóir a cheapfidh an tAire fén alt so a dhéanfidh no is fé n-a stiúrú a déanfar an mionscrúdú;

(b) an té a thóg an sompla roinnfe sé an sompla ina thrí codacha agus cuirfe sé fé ndeár gach cuid acu san do mharcáil, do shéalú, agus do cheangal suas, agus déanfa sé dhá chuid de sna codacha san do sheachada no do chur tríd an bpost go dtí an Mionscrúdóir sin agus an chuid eile sin do sheachada no do chur tríd an bpost go dtí an té a mbeifar chun é chúiseamh no, maran fios an uair sin cé hé an duine sin, go dtí únaer no consighneoir an bhainne, an uachtair no an abhair eile as ar tógadh an sompla;

(c) nuair a gheobhaidh sé codacha de shompla a cuireadh chuige chun iad do mhionscrúdú fén alt so, déanfidh an Mionscrúdóir sin no cuirfe sé fé ndeár go ndéanfar fé n-a stiúrú mionscrúdú ar cheann de sna codacha den tsompla san a cuireadh chuige amhlaidh, agus coinneoidh sé an chuid eile;

(d) cuirfidh an Mionscrúdóir sin go dtí an tAire deimhnithe ar dúbláid, sa bhfuirm orduithe, ar thora gach mionscrúduithe a dhéanfa sé no a déanfar fé n-a stiúrú do réir an ailt seo;

(e) sara mbunóidh sé aon chúiseamh i gcoinnibh éinne i dtaobh aon bhainne, uachtair no abhair eile ar mionscrúduíodh sompla dhe fén alt so, déanfidh an tAire ceann de sna deimhnithe-ar-dúbláid roimhráite do sheachada no do chur tríd an bpost go dtí an té a beifar chun a chúiseamh;

(f) le linn éisteacht aon chúisimh i gcionta fé aon alt den Acht so i dtaobh aon bhainne, uachtair, no abhair eile ar mionscrúduíodh sompla dhe fén alt so, má tugtar i láthair scríbhinn atá in ainm bheith ina cheann de sna deimhnithe-ar-dúbláid roimhráite beidh sí ina fianaise prima facie ar na nithe adeirtar sa deimhniú san;

(g) má bhíonn an cúisitheoir no an cosantóir in aon chúiseamh den tsórt roimhráite mí-shásta le deimhniú an Mhionscrúdóra san beidh aige, ar íoc na táille orduithe, teideal chun an chuid den tsompla a choinnigh an Mionscrúdóir sin mar adubhradh do chur fé mhionscrúdú ag prímh-cheimiceoir na Saotharlann Stáit agus chun deimhniú d'fháil ón bprímh-cheimiceoir sin ar thora an mhionscrúduithe sin.

(2) Féadfidh an tAire duine oiriúnach do cheapa chun bheith ina Mhionscrúdóir chun crícheanna an ailt seo agus, fé réir ceada ón Aire Airgid, na téarmaí agus na coiníollacha a bhainfas le n-a cheapa chun na hoifige sin agus le n-a shealbhaíocht ar an oifig sin do leaga amach.

(3) Gheobhaidh an Mionscrúdóir sin pé luach saothair a cheapfidh an tAire Airgid.

Comhairle chomhairlitheach.

45. —(1) Tar éis dul i gcomhairle le pé cóluchtaí agus daoine is dó leis is mó a sheasuíos ar son na leasanna uile agus fé seach le n-a mbaineann an scéal, déanfidh an tAire, le hordú, comhairle chomhairlitheach do chur ar bun chun comhairle agus cúnamh do thabhairt don Aire i dtaobh éinní bhaineas le rialacháin do dhéanamh fé fhorálacha an Achta so no leis na forálacha san d'fheidhmiú ar aon tslí eile, no i dtaobh aon nithe eile bhaineas le gnó na déiríochta.

(2) Beidh an chomhairle chomhairlitheach san có-dhéanta de pé daoine a ainmneoidh an tAire o am go ham, tar éis dul i gcomhairle mar adubhradh, chun bheith ina mbaill di agus isí tréimhse a choinneoidh gach duine acu a bhallraíocht ná go ceann dhá bhlian o dháta a ainmnithe, ach amháin i gcás éag no eirghe-as do roimhe sin, ach féadfar é ath-ainmniú.

(3) Cruinneoidh an chomhairle chomhairlitheach san aon uair a ghairmfidh an tAire le chéile iad agus fós ar pé ócáidí eile ar a socróidh an chomhairle o am go ham.

(4) Féadfidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, íocaíochtaí dhéanamh le baill den chomhairle chomhairlitheach san agus de choistí dhi, pé méid a cheadóidh an tAire Airgid, in aisíoc costaisí taistil agus in íoc liúntais cothuithe.

Rialacháin ghenerálta.

46. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no atá á ordú no a hordófar, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh meas no bailiú táillí gan aontú ón Aire Airgid.

(2) Féadfidh aon rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so baint a bheith acu le roinnt nithe iomdha a mbronntar le hailt difriúla den Acht so comhacht chun rialacháin do dhéanamh ina dtaobh.

(3) Aon rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith chun na rialacháin sin do chur ar nea-mbrí, beidh na rialacháin sin gan brí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fé sna rialacháin sin.

Cosaint maidir le comhachta fé Achtanna eile.

47. —Na comhachta a bronntar ar an Aire leis an Acht so beid siad, agus feidhmeofar iad, gan dochar don Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907, ná don Aire Tionnscail agus Tráchtála no aon chigire a ceapadh fé sna Factory and Workshops Acts, 1901 to 1911, do dhéanamh feidhmiú ar aon chomhachta a bronntar leis na hAchtanna san.

Ciontaí.

48. —Féadfidh an tAire, mar chúisitheoir, no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

Costaisí.

49. —Sa mhéid a cheadóidh an tAire Airgid, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht.