An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT DEOCHA MEISCIÚLA (GENERÁLTA), 1924) Ar Aghaidh (CUID II. CEADUCHAN.)

62 1924

ACHT DEOCHA MEISCIÚLA (GENERÁLTA), 1924

CUID I.

TRATHANNA COISCITHE.

Leathanú ar thráthanna coiscithe.

1. —(1) O am rithte an Achta so agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'éinne aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun í dhíol, ná aon áitreabh d'oscailt ná do chimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol, aon lá nách Satharn ná Domhnach ná Aoine an Chéasta ná Lá Nodlag ná Lá 'le Pádraig roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog tráthnóna, ná aon tSatharn roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog tráthnóna.

Ní bhainfidh an fo-alt so le haon duine ceadúnaithe is únaer no is léasaí amharclainne no halla ceoil no aon áit eile i gcóir caitheamh-aimsire puiblí.

(2) I gcás aon ghnó seachas díol deochanna meisciúla bheith ar siúl in aon áitreabh ceadúnaithe beidh an t-áitreabh san uile dúnta ar feadh na dtráthanna ina bhfuil sé coiscithe leis an alt so deoch mheisciúil do dhíol mara mbeidh an pháirt den áitreabh san ina ndíoltar na deocha meisciúla agus an chuid eile den áitreabh deighilte óna chéile ina ndéanamh.

(3) O am rithte an Achta so agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'éinne aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun í dhíol, ná aon áitreabh d'oscailt ná do chimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol, Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta ná Lá 'le Pádraig. Bainfidh an fo-alt so le tithe aoidheachta ach ná hoibreoidh sé chun cosc do chur le deoch mheisciúil do dhíol le lóistéir sa tigh aoidheachta le linn béile chun í ól leis an mbéile.

(4) O am rithte an Achta so agus dá éis sin ní leigfar éinne isteach in aon amharclainn, halla ceoil ná áit eile caitheamhaimsire atá ceadúnaithe chun deocha meisciúla dhíol ann tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog tráthnóna maran rud é—

(a) gur dhin sé roimh ré suíochán san amharclainn, sa halla ceoil no san áit caitheamh-aimsire puiblí sin do chur in áirithe, no íoc as, i gcóir an taibhdhirc no an tsiamsa bheadh ar siúl ann an uair sin; no

(b) go bhfuil sé ar fostú san amharclainn, sa halla ceoil, no san áit caitheamh-aimsire puiblí sin, no go bhfuil gnó aige le déanamh le duine ar fostú amhlaidh.

(5) O am rithte an Achta so agus dá éis sin, cé gur taistealaí bona fide duine do réir brí na Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905, ní thabharfidh san teideal do chun deoch mheisciúil do cheannach no d'fháil—

(a) idir a seacht a chlog ar maidin agus a haon a chlog san iarnóin aon Domhnach, ná

(b) aon uair Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta.

(6) Ní dhéanfidh éinní san alt so atharú na lagú ar na cirt atá ag sealbhóirí ceadúnaisí tithe aoidheachta agus tithe bidh laistigh de cheanntar Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath fén Hotels and Restaurants (Dublin) Act, 1910.

Leasú ar alt 29 den Licensing Act (Ireland), 1874.

2. —Leireofar alt 29 den Licensing Act (Ireland), 1874, agus beidh éifeacht aige, fé is dá gcuirtí i ndeire an ailt sin na focail “in any part of such house other than the part in which such sale usually takes place.”

Ceadúnaisí luath-dhúna.

3. —(1) O am rithte an Achta so agus dá éis sin, léireofar alt 2 den Licensing Act (Ireland), 1874, agus beidh éifeacht aige, fé is dá mb'é an tAcht so an Príomh-Acht dá dtagartar ann.

(2) An té a bhfuil ceadúnas luath-dhúna aige do réir brí alt 2 den Licensing Act (Ireland), 1874 (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a deonadh an ceadúnas san), déanfa sé an t-áitreabh le n-a mbaineann an céadúnas san do dhúna istoíche uair a'chluig níos luatha ná an ghnáth-uair a bhfuil sé coiscithe leis an Acht so deocha meisciúla do dhíol dá héis, agus bainfidh forálacha an Achta so leis an áitreabh san fé is dá mb'í an luath-uair sin an uair a bhfuil díol deochanna meisciúla dá héis coiscithe leis an Acht so.

Féadfidh Breitheamh Dúithche a ordú go ndéanfar áitreabh ceadúnaithe do dhúna láithreach.

4. —Tar éis iarratas scríbhte d'fháil ó Cheannphort no o Chigire don Ghárda Síochána, más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúithche, agus é ina shuidhe i gcóir aon cheanntair lasmuich de cheanntar Phóilíneacht Chathair Bhaile Atha Cliath, go bhfuil sé oiriúnach, chun síocháin agus ordú puiblí do chimeád, stad do chur láithreach le deocha meisciúla do dhíol in aon bhaile no sráidbhaile, féadfidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche a ordú go ndúnfar láithreach go deire an lae sin, no go ceann pé tréimhse níos giorra ná san is dó leis is leor, gach áitreabh atá ceadúnaithe chun deocha meisciúla do dhíol ann sa bhaile no sa tsráidbhaile sin.

Pionóisí mar gheall ar oscailt le linn tráthanna coiscithe.

5. —Gach pionós atá i bhfeidhm de thurus na huaire fén Acht so no fé aon Acht eile mar gheall ar dheocha meisciúla do dhíol no do thaisbeáint chun iad do dhíol no mar gheall ar iad do cheannach no mar gheall ar aon aitreabh d'oscailt no do chimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol no mar gheall ar bheith i láthair in aon áitreabh den tsórt san le linn aon tráthanna no amannta go gcoiscithear le haon Acht atá i bhfeidhm anois deocha meisciúla do dhíol le na linn, agus gach foráil reachtúil a bhaineann leis na pionóisí sin, dintar leis seo iad do shíne chó fada agus do chur i mbaint leis na hamannta go gcoiscithear leis an gCuid seo den Acht so no go gcoiscfar le haon ordú a déanfar fén gCuid seo den Acht so deocha meisciúla do dhíol le n-a linn.

Nithe ná bainfidh an tAcht so leo.

6. —Ní léireofar éinní sa Chuid seo den Acht so mar ní a bhaineann le deocha meisciúla do dhíol le lóistéirí, ná le deocha meisciúla do dhíol i mbáid phacáide, ná i gceantíní do réir aon Achta le n-a regleáltar an céanna, ná i gclub cláruithe mar a mínítear é leis an Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ná ní choiscfe sé deocha meisciúla do dhíol aon uair i stáisiún traenach, ar theacht ná ar imeacht do thraenacha, le paisnéirí atá tar éis taisteal no a bhfuil ticéadaí acu a thugann dóibh teideal chun taisteal ar na traenacha san faid nách lú ná deich míle go dtí an stáisiún traenach san no uaidh, ná ní choiscfe sé (ach amháin sa chás ina bhforáltar a mhalairt go soiléir) deocha meisciúla do dhíol le taistealaithe bona fide do réir brí na Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905.