An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. CLUBANNA.) Ar Aghaidh (CUID V. ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.)

62 1924

ACHT DEOCHA MEISCIÚLA (GENERÁLTA), 1924

CUID IV.

STILLEIREACHT NEA-DHLISTINEACH.

Srian le díol agus le seilbh abhar áirithe.

26. —(1) Einne a dhíolfidh, a cheannóidh, no a mbeidh ar seilbh aige, in aon líomatáiste no áit le n-a mbaineann an t-alt so de thurus na huaire, no a thabharfidh isteach in aon líomatáiste no áit den tsórt san, no a dhíolfidh le héinne sa líomatáiste no san áit sin, aon chaindíocht d'aon abhar le n-a mbaineann an t-alt so de thurus na huaire maidir leis an líomatáiste no leis an áit sin, agus san gan cead aige chuige sin a tugadh amach fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar céad púnt i gcás aon chionta ina dhiaidh sin.

(2) Má dhineann éinne, a mbeidh cead aige a tugadh amach do fén alt so, níos mó de sna habhair a luaidhtear sa chead ná mar a ceaduítear leis an gcead do dhíol no do cheannach, no má bhíonn san ar seilbh aige, no má dhineann sé é thabhairt isteach no é dhíol le duine, sa líomatáiste no san áit le n-a mbaineann an cead, tuigfar, chun críche an ailt seo, gur dhíol no gur cheannuig an duine sin, no go raibh ar seilbh aige, no gur thug sé isteach, sa líomatáiste no san áit sin, gan cead, an méid de sna habhair sin a bhí sa bhreis ar an méid a ceaduíodh leis an gcead.

(3) Ar chiontú éinne fén alt so féadfidh an chúirt, más oiriúnach léi é, a fhaisnéis go bhfuil fé gheallbhruide gach abhar ar dineadh an cionta ina thaobh agus na cásanna agus na hárthaí ina bhfuil an t-abhar san.

(4) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt ceada do thabhairt amach do dhaoine chun aon mhéid áirithe d'aon abhar le n-a mbaineann an t-alt so de thurus na huaire do dhíol, do cheannach, no do bheith ar seilbh acu, in aon líomatáiste no áit áirithe le n-a mbaineann an t-alt so de thurus na huaire no chun aon mhéid áirithe d'aon abhar den tsórt san do thabhairt isteach in aon líomatáiste no áit áirithe den tsórt san.

(5) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt rialacháin do dhéanamh ina leagfar amach na téarmaí agus na coiníollacha ar a dtabharfa sé ceada amach fén alt so agus féadfa sé socrú dhéanamh sna rialacháin sin chun na ceada san do thabhairt amach tré bhaill den Ghárda Síochána no (le toil an Aire Airgid) tré oifigigh máil, agus féadfa sé, leis, fé réir ceadú ón Aire Airgid, na táillí (ná raghaidh thar cúig scillinge ar gach cead) a éileoidh sé ar na ceada san do leaga amach.

(6) Bainfidh an t-alt so le pé líomatáistí agus áiteanna a cheapfidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú o am go ham agus bainfe sé le habhair dob fhéidir a úsáid mar thráthchoda de bhiotáille a stilleofí go nea-dhlistineach, pé abhair a cheapfidh an tAire le hordú o am go ham i dtaobh aon líomatáiste no áit áirithe.

(7) Seachtain ar a luíod sar a ndéanfa sé ordú chun an t-alt so do chur i mbaint le haon líomatáiste no áit no le haon abhar maidir le haon líomatáiste no áit, foillseoidh an tAire Dlí agus Cirt fé dhó ar a luíod i ngach páipéar fé leith de dhá pháipéar a léightear sa líomatáiste no san áit sin, fógra go bhfuil sé chun an t-ordú do dhéanamh.

Leasuithe ar an Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831.

27. —(1) Athghairmtear leis seo alt 18 den Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, o sna focail “and if any officer of excise having entered” go dtí deire an ailt, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná luighfidh aon aicsean in aghaidh aon oifigigh máil ná in aghaidh aon bhaill den Ghárda Síochána ar son ná i dtaobh aon ghnímh, ní no ruda a dhin sé agus é ag déanamh aon chuardaigh den tsórt a luaidhtear san alt san 18, más rud é go mbeadh an gníomh, an ní no an rud san dleathach dá mba fé údarás barántais chuardaigh a deonfí fé alt 17 den Acht san a déanfí é.

(2) Nuair a bheidh alt 19 den Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, á léiriú agus á chur i mbaint, folóidh an focal “room or place,” mar a húsáidtear san alt san é, agus tuigfar gur fholuigh sé riamh, aon tsaghas foirgnimh in aon chor, agus aon chlós, gáirdín, páirc, portach no píosa eile talmhan, agus aon uaimh no áit eile fé thalamh, nádúrtha no déanta, agus aon bhád, árthach, no déanmhacht eile ar uisce no ann no fé.

(3) Má dintar sealbhóir ceadúnais i gcóir mion-díol deochanna meisciúla do chiontú i gcionta i gcoinnibh alt 22, alt 23, no alt 24 (le n-a bhforchuirtear pionóisí mar gheall ar cheilt, seilbh no díol biotáille a stilleadh go nea-dhlistineach) den Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, geallbhruidfar an ceadúnas san, agus beidh sealbhóir an cheadúnais mí-cháilithe go bráth chun ceadúnas i gcóir mion-díol deocha meisciúla do bheith aige.

(4) Gach éinne a ciontófar i gcionta in aghaidh alt 30 (le n-a bhforchuirtear fíneáil deich bpúnt ar dhaoine a thugann fógra do lucht gan-fhiosaíochta i dtaobh oifigigh máil a bheith ag teacht) den Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, féadfar fíneáil caoga púnt do chur air in ionad na fíneála a luaidhtear san alt san, ach féadfar an fhíneáil caoga púnt san do luíodú fé alt 39 den Acht san.

(5) Einne a ciontófar i gcionta in aghaidh an Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, féadfar, in ionad é chur fé aon phionós a forchuirtear leis an Acht san no leis an alt so, é chur fé phríosúntacht maraon le daor-obair ar feadh téarma nách sia ná sé mhí i gcás an chéad chionta no ar feadh téarma nách sia ná dhá mhí dhéag i gcás aon chionta ina dhiaidh sin.