|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. STILLEIREACHT NEA-DHLISTINEACH.) | Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. CIONTAI A BREACFAR AR CHEADUNAISI.) |
ACHT DEOCHA MEISCIÚLA (GENERÁLTA), 1924
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA. | |
[EN] |
Srian le díol biotáille metilithe. |
28. —(1) Coiscthear leis seo biotáille mhetilithe do dhíol idir a naoi a chlog istoíche Dé Sathairn agus a naoi a chlog ar maidin an Luain ina dhiaidh sin. |
[EN] | (2) Coiscthear leis seo biotáille mhetilithe do mhion-díol le héinne— | |
[EN] | (a) ná fuil fios a ainme agus a sheola ag an díoltóir cheana no ná fuil deimhniú aige ortha o dhuine éigin is aithnid do cheana, no | |
[EN] | (b) ná deir cad chuige go dteastuíonn an bhiotáille sin uaidh | |
[EN] | (3) Déanfidh gach mion-díoltóir biotáille metilithe le linn aon mhéid den bhiotáille sin do mhion-díol do na nithe seo síos do bhreaca i leabhar a chimeádfa sé ina chóir sin— | |
[EN] | (a) ainm agus seola an cheannathóra; | |
[EN] | (b) na crícheanna a ndubhairt an ceannathóir gur theastuigh an bhiotáille ina gcóir; | |
[EN] | (c) an méid biotáille a díoladh amhlaidh; | |
[EN] | (d) dáta an díola. | |
[EN] | (4) Féadfidh aon oifigeach máil no constábla póilíneachta aon uair scrúdú dhéanamh ar an leabhar a bheidh á chimeád ag miondíoltóir biotáille metilithe do réir an fho-ailt sin roimhe seo agus sleachta thógaint as, agus chuige sin féadfa sé dul isteach in áitreabh aon mhion-díoltóra den tsórt san. | |
[EN] | (5) Gach éinne dhíolfidh aon bhiotáille mhetilithe— | |
[EN] | (a) aon tráth a bhfuil sé coiscithe leis an alt so í dhíol le n-a linn, no | |
[EN] | (b) le héinne a bhfuil sé coiscithe leis an alt so biotáille mhetilithe do dhíol leis, no | |
[EN] | (c) gan na mion-innste a horduítear leis an alt so do bhreaca i leabhar den tsórt roimhráite, | |
[EN] | agus gach éinne a chuirfidh bac ar aon oifigeach máil no ar aon chonstábla póilíneachta agus é ag feidhmiú na gceart atá aige chun scrúdú dhéanamh agus sleachta thógaint fén alt so, beid ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ar an slí achmair féadfar fíneáil nách lú ná deich bpúint agus nách mó ná céad púnt do chur ortha. | |
[EN] | (6) Má díoltar aon bhiotáille mhetilithe in áitreabh miondíoltóra biotáille metilithe tuigfar chun crícheanna an ailt seo gurb é an mion-díoltóir sin féin a dhíol í. | |
[EN] | (7) San alt so foluíonn an focal “constábla póilíneachta” aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus aon bhall den Ghárda Síochána. | |
[EN] |
Pionós mar gheall ar bhiotáille mhetilithe d'ól. |
29. —Gach éinne ólfidh aon bhiotáille mhetilithe beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar é chur fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí. |
[EN] |
Méadú fíneála fé Achtanna a bhaineann le ceadúchán agus le stilléireacht neadhlistineach. |
30. —Gach aon fhíneáil no pionós eile airgid a forchuirtar le haon cheann de sna Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905, no leis an Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, leis an Spirits (Ireland) Act, 1854, leis an Spirits (Ireland) Act, 1855, no leis an Spirits (Ireland) Act, 1857, no a húdaruítear le haon Acht acu san a fhorchur, beid méaduithe, ar dháta rithte an Achta so agus dá éis sin, agus méaduítear leis seo iad chun bheith chó mór fé dhó leis na méideanna a luaidhtear fé seach sna hAchtanna san. |
[EN] |
Athghairmeanna. |
31. —Dintar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid adeirtar sa tríú colún den Sceideal san. |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú agus luadh. |
32. —(1) Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar Codacha I. II. agus V. den Acht so mar éinní amháin leis na Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905, agus féadfar na hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1924, do ghairm de sna Codacha san agus de sna hAchtanna san le chéile. | |
[EN] | (3) Léireofar Cuid III. den Acht so mar éinní amháin leis an Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, agus féadfar Achtanna Clárú na gClub, 1904 agus 1924, do ghairm den Chuid sin agus den Acht san le chéile. |